Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
thuairimí bhallstáit na heagraíochta the opinions of the member states of the organization
" Tá Uachtarán na Stát Aontaithe George Bush ag iarraidh ar na Naisiúin Aontaithe teacht i gcabhair ar Mheiriceá anois tar éis dó neamhaird iomlán a thabhairt ar thuairimí bhallstáit na heagraíochta roimhe seo.
ár dtuairimí féin our own opinions
" Bíonn ár dtuairimí féin againn go léir.
daoine a dtuairimí polaitiúla their political opinions
" Ar ndóigh, tá sé de cheart ag daoine a dtuairimí polaitiúla a bheith acu – ach níl mise ag iarraidh aon bhaint a bheith agam leo.
chun a dtuairimí a nochtadh to express their opinions
" Tá na nuachtáin lán leis na scéalta seo agus cláracha raidió te bruite leo - daoine ag glaoch isteach chun a dtuairimí a nochtadh, go mórmhór i dtaobh an Uasail Uí Chatháin.
a dtuairimí a nochtadh to give their opinions
" Bhí imeacht ar siúl i mBaile Átha Cliath le gairid a thug deis do na páirtithe polaitíochta a dtuairimí a nochtadh ar ábhair éagsúla sna réimsí pobal, pleanáil teanga, polasaithe agus oideachas.
agus a thuairimí a nochtadh dúinn. and to give us his opinions.
" Ní raibh Dónal ábalta teacht isteach sa stiúideo le cabhrú leis an meascadh ach bhí sé sásta éisteacht leis an taifeadadh garbh agus a thuairimí a nochtadh dúinn.
a thuairimí his opinions
" Bíonn a thuairimí – a ndéanfadh cuid mhór daoine cur síos orthu mar sheasaimh nimhneacha – os ár gcomhair de shíor.
thuairimí nua new ideas
" Máthair an Mheatha Séard a tharla sa mhainistir ná gur tháinig ab úr chucu, ceannaire nua a bhí faoi thionchar Vatacán a Dó agus é lán de thuairimí nua.
dtuairimí opinions
" Bíonn seans ag eagraíochtaí neamhrialtais a dtuairimí féin faoi thuairisc an stáit a nochtadh chuig an gCoiste, leis, agus i ndiaidh scrúdú na dtuairiscí, eisíonn an Coiste conclúidí agus moltaí a dhíríonn aird ar bhuanna is ar theipeanna an stáit chonarthaigh maidir le cur i bhfeidhm an Chonartha.
do thuairimí your opinions
" Ba mhaith le léitheoirí Beo Ar Éigean do thuairimí a chluinstin faoi staid na tíre seo i ndiaidh an olltoghcháin.
ár dtuairimí our opinions
" Chuir cuid mhaith againn litreacha chuig: *Bobby Sands MP, House of Commons, Westminster* chun ár dtuairimí faoin daonlathas sa Bhreatain a chur in iúl.
thuairimí aineolacha uninformed opinions
" Soláthraíonn siad deiseanna do Thadhg an mhargaidh a thuairimí aineolacha a léiriú go poiblí agus cuirtear líomhaintí gan bhunús i leith lucht iarrtha tearmainn na mbád go rialta ar a gcláir.
a dtuairimí féin their own opinions
" B’fhéidir go ndéarfadh daoine, ‘tá an iomarca spóirt agaibh’, nó ‘bíonn an iomarca ceoil agaibh’, ‘bíonn an iomarca cainte agaibh’, tá a dtuairimí féin ag daoine, ach tríd is tríd, agus gan ach an tsracfhéachaint déanta go fóill, tá sé thar a bheith dearfach.
a dtuairimí a chur in iúl to make their opinions known
" An Dushlán ===== Tá aidhm ríthábhachtach ag an bpobal, ag bailte, agus ag tuismitheoirí an chloch is mó ar a bpaidrín agus a dtuairimí a chur in iúl don Rialtas agus an Roinn Oideachais.
De réir na dtuairimí a bhí á nochtadh according to the opinions expressed
" De réir na dtuairimí a bhí á nochtadh, d’fhéadfadh sé gur náisiúntóir agus aontachtóir, Caitliceach agus Protastún, Gaeilgeoir agus Béarlóir a bhí i gcomhluadar liom, seachas beirt phósta as Chrisnau, ealaíontóir agus fear gnó.
a dtuairimí polaitíochta their political view
" Tréigeann daoine eile an fód dúchais de dheasca na géarleanúna a imrítear orthu mar gheall ar a gcreideamh, a dtuairimí polaitíochta nó a gclaonadh gnéis.
ní beag é lion na dtuairimí atá ag daoine people have many opinions
" Is minic a bhíonn an ealaín ina ábhar féinairmeánach agus ní beag é lion na dtuairimí atá ag daoine faoin ghradam seo.
thuairimí pobal na Gaeltachta the people’s opinion
" “Tubaist chríocnaithe ab ea Acht na Gaeltachta 2012, a brúdh tríd an Oireachtas, gan aon aird ar thuairimí pobal na Gaeltachta ná ar thuairimí na saineolaithe, a bhfuil scil faoi leith acu i dtaobh pleanáil teanga.
thuairimí na saineolaithe the experts opinion
" “Tubaist chríocnaithe ab ea Acht na Gaeltachta 2012, a brúdh tríd an Oireachtas, gan aon aird ar thuairimí pobal na Gaeltachta ná ar thuairimí na saineolaithe, a bhfuil scil faoi leith acu i dtaobh pleanáil teanga.
mar gheall ar thuairimí a nocht siad over opinions that they expressed
" Tá an t-aisteoir Meiriceánach George Clooney, mar aon lena chomhaisteoirí Bill Murray agus Matt Damon, i ndiaidh iad féin a chur in achrann le bunaíocht Shasana mar gheall ar thuairimí a nocht siad ar na mallaibh faoi úinéireacht an tsaothair chlasaicigh – na fríosanna a tháinig ón Phartanón sa Ghréig.
a thuairimí aineolacha his ignorant opinions
" Ba mhórábhar é ar na cláir raidió idirchum freisin, agus cead a chinn ag Tadhg an mhargaidh a thuairimí aineolacha, fiú ciníocha, a nochtadh orthu.
meascán de thuairimí le fáil a mixture of opinions to be found
" Ní Lia Duine ná Tuairim ========== I measc daoine a bhfuil baint dhíreach acu leis an CLG tá meascán de thuairimí le fáil.
a dtuairimí frith-Sheimíteacha fuafara their hateful anti-Semitic opinions
" Bhí imní ar na heagrais dheireanacha seo go mbeadh cead a chinn ag séantóirí na huileloiscthe a dtuairimí frith-Sheimíteacha fuafara a fhoilsiú.
faoina thuairimí mar gheall ar chúrsaí spáis about his opinions regards matters relating to space
" Hugh Deasy, le gairid faoin mhisean agus faoina thuairimí mar gheall ar chúrsaí spáis.
dá dtuairimí faoi their opinions of
" Bhí Robert McMillen ag tabhairt cluaise don óige agus dá dtuairimí faoi choimheascar crua na laetha a chuaigh thart, tréimhse nach furasta d’óige na linne seo a bharraíocht anois.
i dtuairimí aos seandálaíochta in the opinions of the archaeological community
" Is spéis le Tony Birtill an t-athrú scéil a bhíonn ag titim amach i rith an ama i dtuairimí aos seandálaíochta na Breataine agus na hÉireann.