Pota Focal Intergaelic
tar | tua | tuair | tufar | tur
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag tuar athruithe bunúsacha predicting basic changes
" Beidh aird á tarraingt sna míonna atá romhainn, ní hamháin ar an chóimheas agus ar an iolrú a chleachtann na páistí seo sa seomra ranga, ach ar an chuntas polaitiúil ar a bunaíodh an stát, cuntas atá anois ag tuar athruithe bunúsacha i nádúr an Tuaiscirt é féin.
tuar prediction
" Cé go bhfuil cumas iomaíochta idirnáisiúnta na tíre ardaithe, agus is maith sin, idir 1999 agus 2000 níor ardaigh an fíorphá nó tuarastal a thugann daoine abhaile in Éirinn ach leath an mheánmhéid don Aontas Eorpach.
a thuar predict
" Bhí cáil nach beag ar The Doors mar gheall ar an nós a bhí acu a bheith spontáineach; níorbh fhéidir a thuar riamh cad go díreach a dhéanfadh an grúpa, agus Morrison go háirithe, le linn ceolchoirme.
ag tuar predicting
" Nuair a bhí sé ag éirí aníos i mBaile Átha Cliath ba mhinic a chuala sé daoine ag tuar bhás na teanga.
a thuar to predict
" Dár ndóigh, ní fhéadfaí gach uile ní a shocrú toisc nach bhféadfaí a thuar cé mhéid suíochán a bheadh ag na páirtithe i ndiaidh an olltoghcáin.
tuar omen
" Nuair a chonaic rí Éireannach é, bhuail taom bróin é agus dúirt sé gur tuar a bhí ann go raibh na Sasanaigh ag teacht agus go gcloífí a mhuintir.
ag tuar a ghrá di forecasting/measuring his love for her
" Bheadh sé ag tuar a ghrá di.
ag iarraidh tuar trying to predict
" Is cearrbhachas amach is amach é an margadh airgeadais agus bíonn na trádálaithe ag iarraidh tuar an ardóidh nó an ísleoidh luach airgeadra tíre amháin in aghaidh airgeadra tíre eile.
tá sé tuartha it is predicted
" Tharla na babhtaí is measa de El Niño go dtí seo i 1982-83 agus i 1997-98 agus tá sé tuartha ag lucht taighde go bhféadfadh babhta nua a bheith faoi lán seoil i mbliana.
a thuar predicted
" "Laetha deireanacha na síochána " a thuar an *Belfast Newsletter* an mhí seo caite, ach le faoiseamh ollmhór, tá mé sásta a rá nach dtáinig an *Armageddon* a raibh an *Newsletter* ag súil leis.
tuartha predicted
" Bhí an teilea-obair ar cheann de na hathruithe is mó a raibh daoine ag súil leis, ach níl an saol oibre claochlaithe faoi mar a bhí tuartha.
ag tuar predicting
" Táthar ag tuar an bháis don teanga leis na dea-dhaoine a shlógadh le chéile chun a ndícheall a dhéanamh ar son na teanga.
Táthar ag tuar toirní thunder is being forecast
" "Táthar ag tuar toirní," a dúirt Dónall.
táthar ag tuar it is being predicted
" Ar ndóigh, caithfidh muid fanacht go dtí an chéad olltoghchán eile, ach meastar go mbeidh seasamh láidir Trimble in éadan Shinn Féin ina chuidiú aige sa choimhlint leis an DUP agus táthar ag tuar go mbeidh an dá pháirtí aontachtacha cothrom i ndiaidh an toghcháin sin.
Má thig an tuar fán tairngreacht if the prediction comes through
" Má thig an tuar fán tairngreacht, buille mór síceolaíoch a bheas ann d'aontachtaithe nach mbeidh ábalta labhairt ar an mhóramh aontachtach níos mó.
ag tuar go muiníneach predicting confidently
" Nuair a foilsíodh torthaí an daonáirimh ó thuaidh an mhí seo caite, baineadh geit as náisiúnaithe a bhí ag tuar go muiníneach go dtitfeadh líon na bProtastúnach sna Sé Chontae faoi 50%.
b'fhéidir go dtiocfaidh tuar fá thairngreacht Hay perhaps Hay's prediction will come true
" Má bhíonn sé drámatúil mar ghníomh, b'fhéidir go dtiocfaidh tuar fá thairngreacht Hay.
ag tuar predicting
" Bhíothas ag tuar roimh an gcogadh go mbeadh na scórtha míle teifeach ag iarraidh éalú isteach san Iordáin ón Iaráic.
is deacair a thuar it is difficult to predict
" Ach is deacair a thuar céard atá i ndán don chanúint sna blianta atá romhainn, go mór mór mura bhfuil na gasúir sásta í a úsáid - óir is iad na páistí todhchaí gach teanga.
ag tuar predicting
" Tar éis an tsaoil nach é an sainmhíniú atá ar Chorcaíoch ar bheagán féinmhuiníne ná duine a cheapann go bhfuil sé chomh maith le duine ar bith eile! Cé go raibh fadhbanna ag na Corcaígh ag tús na bliana (chuadar ar stailc, in ainm Dé!) agus go raibh an t-ádh leo sa chluiche comhscóir i gcoinne Loch Garman, fós féin agus an t-am ag teacht níos gaire don Chraobh, bhí na húdair ag tuar go mbainfeadh Corcaigh barrthuisle as na Cait.
táthar ag tuar it is being predicted
" Mar táthar ag tuar go dtiocfaidh athrú ó bhonn ar dhlíthe leabhail an stáit seo laistigh de bhliain agus go mbunófar comhairle preas nua, dhá chinneadh a chabhródh go mór leis an saghas iriseoireachta a chleacht *Magill*.
a bhíothas a thuar which was being predicted
" Cuir i gcás go ndeachaigh Trimble chun tosaigh agus cur i bhfeidhm iomlán an Chomhaontaithe, a bhíothas a thuar ar an Mháirt, 21 Deireadh Fómhair, a chur os comhair an phobail aontachtaigh, cad é a bhí le cailleadh aige? Aithním na fadhbanna inmheánacha agus seachtracha a bhí ag David Trimble, ach dá ndéanfadh sé a leithéid, bheadh cruth eile ar fad ar an toghchán atá le theacht.
Táthar ag tuar it is predicted
" Táthar ag tuar i dtuarascáil de chuid an Banco de España (Banc na Spáinne) go dtitfidh na praghsanna dochreidte seo luath go leor, ós rud é go bhfuil luach rómhór ar na tithe i láthair na huaire.
tháinig an tuar fán tairngreacht the prediction was fulfilled
" Ba é a thuar Bertie Ahern ná gur praiseach a bheadh i dtorthaí an toghcháin ó thuaidh agus tháinig an tuar fán tairngreacht.
ní féidir a thuar it can't be predicted
" Tá leagan amach úr ag teacht don pholaitíocht aontachtach ach ní féidir a thuar cad é an crut a bheas air Ach sin an pholaitíocht.
a thuar to predict
" Bhí an ceart agam dar ndóigh ach níor theastaigh saineolaí chun an méid sin a thuar.
tuar prediction
" Lawrence, Ted Hughes, Dylan Thomas, Bob Dylan, Rimbaud, Mallarmé, Ungaretti, an t-aistriúchán, an mhatamaitic, an gréasán domhanda, Bill Gates, John Nash, deirfiúr Neitzsche, Bonnie Prince Charlie, Macpherson, Art Pepper, Prokofiev, JFK, *New Labour, the Bush family coup*, an tuar (a tháinig fán tairngreacht ar ball) go rachadh clann George Herbert Walker Bush chun cogaidh le clann Saddam Hussein, tionscal an *Holocaust* sna Stáit Aontaithe, an Siónachas agus an tacaíocht a fuair sé ó na frith-Ghiúdaigh, an Phalaistín, Edward Said, an Chaismír, Tarik Ali, Pablo Escobar, tógáil beostoic i Meiriceá Theas, an tsíocanailís, an t-oideachas tríú leibhéal, Camembert, Conrad, Camilla Parker Bowles, Lady Gregory, Colm Tóibín, Paul Muldoon, Heaney, an Oxford *English Dictionary*, J.
tuar prediction
" Lawrence, Ted Hughes, Dylan Thomas, Bob Dylan, Rimbaud, Mallarmé, Ungaretti, an t-aistriúchán, an mhatamaitic, an gréasán domhanda, Bill Gates, John Nash, deirfiúr Neitzsche, Bonnie Prince Charlie, Macpherson, Art Pepper, Prokofiev, JFK, *New Labour, the Bush family coup*, an tuar (a tháinig fán tairngreacht ar ball) go rachadh clann George Herbert Walker Bush chun cogaidh le clann Saddam Hussein, tionscal an *Holocaust* sna Stáit Aontaithe, an Siónachas agus an tacaíocht a fuair sé ó na frith-Ghiúdaigh, an Phalaistín, Edward Said, an Chaismír, Tarik Ali, Pablo Escobar, tógáil beostoic i Meiriceá Theas, an tsíocanailís, an t-oideachas tríú leibhéal, Camembert, Conrad, Camilla Parker Bowles, Lady Gregory, Colm Tóibín, Paul Muldoon, Heaney, an Oxford *English Dictionary*, J.
ag tuar predicting
" Bhí gach pobalmheas roimh an toghchán ag tuar go mbeadh an bua ag Mariano Rajoy, an t-iarrthóir ón Partido Popular (Páirtí an Phobail) agus an fear a bhí mar chomharba ar José María Aznar.
tuair omen, sign
" Bhreathnaigh mé go géar mórthimpeall orm, ag cuartú tuair éigin.
ag tuar predicting
" Agus de réir na bhfigiúirí is déanaí ón ESRI, mhéadaigh luach an ghnáth-thí anuraidh 13% nó €30,000 agus táthar ag tuar méadú 11% sa bhreis air sin an bhliain seo chugainn.
ag tuar bhás na Gaeilge predicting the death of Irish
" Cén fhís atá agat féin maidir leis an nGaeilge? Caithfear éirí as a bheith ag tuar bhás na Gaeilge.
sreang tuartha clothes-line
" Tá an teach dubh sin ann go fóill, toit ag éirí tríd an cheann tuí, agus éadach nite ag séideadh ar an sreang tuartha.
Tuar dóchais amháin one positive sign
" Tuar dóchais amháin, áfach, ná clann na n-imirceach nua atá ag teacht isteach sa tír seo le tamall de bhlianta agus atá ag teacht i gcónaí, go mbeidh siadsan ábalta an fód a sheasamh ar son na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha amach anseo! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
rinne Balor tuar agus tairngreacht Balor prophesied and foretold
" Seacht mbliana ó shin go díreach a rinne Balor tuar agus tairngreacht: go mbeadh an bua ag Mary Mac i dtoghchán na hUachtaránachta, fiú sula ndeachaigh sí isteach sa rás, sular thogh baicle Bhertie í mar iarrthóir agus sular fágadh Albert bocht ar an tseilf in aice leis an *Pedigree Chum*.
é a thuar to predict it
" Ní dhéanfadh duine ar bith é a thuar ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil Duais Turner níos fásta suas i mbliana.
a thuar to predict
" " Ach gan spreagadh ar bith a bheith ag Eircom infheistíocht a dhéanamh; gan fonn a bheith ar na rialtóirí iachall a chur ar Eircom páirc imeartha chothrom a chruthú agus gan é bheith ar chumas an Rialtais dul i ngleic leis an bhfadhb seo go héifeachtach, is féidir dhá rud a thuar: beidh post deacair ag Noel Dempsey idir seo agus an chéad toghchán eile agus beidh go leor de mhuintir na tuaithe fós ag feitheamh ar an leathanbhanda.
a thuar to predict
" D'fhéadfadh an troscán dul amach an fhuinneog - ní féidir leat aon rud a thuar.
rinneadh a thuar in was predicted
" Anuraidh rinneadh a thuar in eagrán mhí Eanáir de *Beo! *go mbuailfí buille tubaisteach ar an Uasal Ahern in 2004 agus go raibh gach seans ann ar deireadh thiar go dtitfeadh fear Dhroim Conrach ar a chlaíomh.
táthar ag tuar it is being predicted
" Ní léir go mbuafaidh na Glasaigh mórán suíochán breise agus táthar ag tuar leis gur lú neamhspleáigh a bheidh sa chéad Dáil eile.
le tuar agus tairngreacht a dhéanamh to make predictions
" Agus os ag caint dúinn ar na ba, bhí Balor ag grinniú phutóga bó ar na mallaibh le tuar agus tairngreacht a dhéanamh faoin bhliain atá romhainn amach.
ag tuar predicting
" Ní bhíodh cead againn geataí an chlochair a fhágáil!" Cé go bhfuil an Ghaeilge faoi bhrú ar Árainn Mhór sa lá atá inniu ann, agus go bhfuiltear ag tuar nach bhfuil todhchaí i ndán di mar theanga phobail ansin, deir Anna gur éirigh le hathbheochan na teanga i gceantair áirithe den oileán roimhe seo.
a thuar to predict
" Ach níl dóigh ar bith go bhféadfaí é sin a thuar ag an am sin.
tuar prediction
" Ansin rinne Balor Fáidh tuar agus tairngreacht agus dúirt: "Roghnaigh mé sibh as measc mhuintir dhúr na tíre seo nó aithníonn sibh sladmhargadh maith nuair a fheiceann sibh é, fiú i gceo na haislinge.
an té a thuarfadh the person who would predict
" (Conas a litrítear “KYOTO” arís?) Má fhaigheann Ryanair an conradh OSP i gCiarraí, nach bhfuil baol ann go mbeidh ar Iarnród Éireann gearradh siar ar an tseirbhís seo nó deireadh a chur léi i gceann cúpla bliain? Is cróga – nó b’fheidir amaideach – an té a thuarfadh go cinnte dátaí nó cinntí an rialtais seo faoi chúrsaí iompair.
Táthar ag tuar go forleathan it is being widely predicted
" Táthar ag tuar go forleathan i measc ardcheannasaíocht na hEaglaise Caitlicí go ndéanfaidh an Pápa Benedict cosaint láidir ar phrionsabail thraidisiúnta na heaglaise agus na Vatacáine.
táthar ag tuar it is being predicted
" Na laethanta seo, tá timpeall 750 milliún gluaisteáin agus leoraí sa domhan, agus táthar ag tuar go mbeidh 1.
Tuar dóchais a sign of hope
" Tuar dóchais do mhuintir Átha Cliath ab ea éacht na mionúr a thug Craobh Laighean leo tar éis an bua a fháil ar Chill Chainnigh agus Loch Garman.
rinne Balor tuar agus tairngreacht Balor made a prediction and prophecy
" Agus in aice leis, i mbloclitreacha móra tá scríofa *Up The Dubs*! Agus cad é atá scríofa ar an léarscáil seo in aice le príomhchathair Chorca Dhuibhne? Bhuel, ós rud é gur fear mór comhghéillte é Ó Caoimhnis, mar is eol do chách, agus ós rud é nach féidir an troid idir lucht an Daingin agus lucht Dingle a choinneáil ag gabháil mórán níos faide, rinne Balor tuar agus tairngreacht agus chruthaigh sé logainm úr a bheas inghlactha don dá thaobh: *Dingle Uí Chúis!* Do Mháire Ní Chlochráin, an bhean a chaith seal sa Roinn chéanna agus atá anois ag déileáil le cuótaí bainne, le coirce, le cruithneacht, le saill mhuice agus le feoil mhairt, tá bronntanas ar leith ag Balor ina shac Nollag – cúpla cloch meáchain de shiúcra candaí.
ag tuar predicting
" Meastar go n-ardóidh an figiúir seo go €16,000 faoin bhliain 2008 agus tá Banc Ceannais na hÉireann ag tuar gur gearr go mbeidh muid ar bharr na sraithe Eorpaí don chóimheas seo.
mar atá á thuar ag go leor eacnamaithe as a lot of economists are predicting
" Fadhb ollmhór a bheas ann amach anseo má chuireann an ECB leis an mhéadú seo agus má ardaíonn rátaí úis na tíre seo go 3%, fé mar atá á thuar ag go leor eacnamaithe.
ag tuar predicting
" Tá siad ag tuar má bhíonn trí mhórchomhairle náisiúnacha in iarthar na Sé Chontae, go mbeidh na comhairlí sin ábalta an comhoibriú trasteorann a chur chun tosaigh diaidh ar ndiaidh agus gur Éire Aontaithe *de facto* a bheas ann dá bharr roimh i bhfad.
tuar agus tairngreacht prediction and prophecy
" Níl fágtha anois de dheasghnátha bliantúla seo lár an gheimhridh ach go ndéanfaidh Balor Críonna Eagnaí Éigseach tuar agus tairngreacht faoi imeachtaí na bliana atá romhainn amach.
go dtiocfaidh an tuar fána dtairngreacht arís that their prophecy will be fulfilled again
" Má leanann an freasúra lena bhfaitíos agus mura dtosaíonn siad ag treabhadh a ngort féin, beag beann ar Shinn Féin, tá an baol ann go dtiocfaidh an tuar fána dtairngreacht arís.
ag tuar predicting
" Cé nár éirigh leo an SDLP a chloí go hiomlán i dtoghcháin Westminster, ní léir go ndearna dúnmharú Robert McCartney nó robáil Bhanc an Tuaiscirt an oiread damáiste dóibh is a bhíothas ag tuar go ndéanfadh.
a thuar to predict
" Ní féidir a thuar cad é mar a bheidh an gréasán iompair Éireannach i gceann deich mbliana eile, i 2025, ach tá mórán suime faoi láthair sa scéim chun droichead agus tollán a thógáil chun Baile Átha Cliath a cheangal leis an líne thapa iarnróid nua “Maglev” atá beagnach i bhfeidhm agus a cheanglóidh Albain, Manchain, Learpholl agus Londain le traenacha a bheidh ag taisteal ag 500 cileaméadar san uair.
inar thuar sí in which she predicted
" Go deimhin, scríobh sí tuarascáil i mí na Nollag 2004 inar thuar sí go dtarlódh rud éigin uafásach sa cheantar roimh i bhfad muna rachfaí i ngleic leis an chiapadh ciníoch ansin.
ag tuar rudaí dearfacha predicting positive things
" Ach in ainneoin go bhfuiltear ag tuar rudaí dearfacha don aerlasta, beidh deacrachtaí áirithe ann sna blianta atá romhainn.
a thuar predicting
" Maidir le tuarastal an stiúrthóra nua, deir Pádraig Ó Dálaigh ó Pháirc an Chrócaigh nach mbeidh sé leath chomh hard is atá na ráflaí a thuar.
ag tuar predicting
" “Táthar ag tuar anois go mbeidh milliún duine ag eitilt as Cnoc Mhuire taobh istigh de dhá bhliain.
a thuar to predict
" Agus déanfaidh mé an méid seo a thuar: beidh an líne ar fad as Inis go Cúil Mhuine i gContae Shligigh ar oscailt taobh istigh de chúig bliana.
Táthar ag tuar go forleathan it is being predicted on a widespread basis
" Táthar ag tuar go forleathan go mbeifear ag íoc $3.
Táthar ag tuar go forleathan it is being predicted on a widespread basis
" Táthar ag tuar go forleathan go mbeifear ag íoc $3.
a thuar to predict
" Ach is deacair a thuar cé chomh fada is a mhairfidh an eagraíocht muna ndéanann sí an saghas dul chun cinn atá ar intinn aici.
tuartha predicted
" Leis an mhéid athruithe foirne atá tuartha, níl dabht ar bith ach go gcaillfear cuid de mheabhair chorparáideach na rannóg éagsúil stáit.
mar a tuaradh as was predicted
" Cé gur éirigh leis an Tuaisceart tailte áirithe de chuid na stát scartha a ghabháil, ní raibh an Fhrithchónaidhm ag titim as a chéile mar a tuaradh.
tuar prediction
" Ba sa chomhthéacs sin a rinne ceann de mhór-bhancanna infheistíochta na hEorpa – Dresdner Kleinwort Wasserstein – an tuar go mbeadh Éire ar an chéad “dúradán” eile a thitfeas.
ag tuar predicting
" Is de bharr sin atá eacnamaithe ag tuar go dtiocfaidh lag trá ar an gheilleagar cé nach bhfuil éinne ag rá go dtarlóidh aon cheo go ró-thobann.
chomh héagsúil le dathanna tuair cheatha as different as the colours of a rainbow
" Mar an gcéanna, d’úsáid Vincent Van Gogh agus Edvard Munch péint ar bhealach a scaoil amach mothúcháin a bhí chomh héagsúil le dathanna tuair cheatha agus a thug doras isteach dúinn sa domhan céasta racánach inar mhair siad.
tuartha omens
" ” Maidir leis an todhchaí, is cinnte go bhfuil na tuartha go maith agus go bhfuil rath i ndán don phéintéir óg cumasach seo.
tuar dóchais sign of hope
" Nuair a bhíonn lucht na Gaeilge agus daoine nach iad ag lorg chomharthaí dóchais ó thaobh thodhchaí na Gaeilge de, is annamh nach n-úsáidtear fás na nGaelscoileanna mar an tuar dóchais agus an t-ábhar misnigh is mó.
Táthar ag tuar It is being predicted
" Táthar ag tuar nach gcaithfidh ach 36% den phobal a vóta sa toghchán an mhí seo, an ráta is ísle le 14 bliana.
ag tuar predicting
" Go deimhin, bhí an EEA ag tuar go mbeadh muid ar an cheathrú tír is measa san Eoraip ina leith seo.
ag tuar agus ag tairngreacht predicting and prophesising
" Léim sé siar ón tine, tháinig claochlú ar a ghnúis ghránna agus thosaigh sé ag tuar agus ag tairngreacht de réir mar a nochtadh rúin na bliana 2007 dó.
á thuar being predicted
" A bás a bheas á thuar agus a díothú a bheas á thairngreacht.
a bhí á thuar which was being predicted
" Ba é an cosc ar chaitheamh tobac in áiteanna poiblí an chéad bhuille, cé nach raibh an tionchar diúltach aige is a bhí á thuar ag na tábhairneoirí ag an am.
tuartha predicted
" Ó dheas i gcontae na reibiliúnaithe, táthar ag tógáil na líne idir Cathair Chorcaí agus Mainistir na Corann, agus is é mí Iúil 2008 an dáta oscailte atá tuartha di anois (moill eile: dhá bhliain ó shin, ghealladh 2007).
a thuarfadh which would predict
" Faraor, ní raibh cruinneog chriostail acu a thuarfadh dronga sráide nó daoine mire ag marú páistí, agus cá bhfios cad a dhéanfadh siad dá mbeadh a fhios acu cé mhéad duine a mharófaí go fealltach i Meiriceá gach bliain.
ag tuar predicting
" Táthar ag tuar go méadóidh an méid sin faoi dhó d’fheachtas 2008.
ar tuar dóchais é. which gives rise to hope.
" Críochnaímis le sampla den chineál seo taighde ar tuar dóchais é.
ag tuar predicting
" Gan choinne, bhris mé isteach air, ag tuar nach raibh Máirín as an áireamh fós.
ag tuar predicting
" Táthar ag tuar gur neamhnáisiúnaigh a bheas in 20% den daonra iomlán faoin mbliain 2020.
go bhféadfaí a thuar that it could have been foreseen
" ” Sárú na ndúshlánMás fíor go mbíonn sé deacair a thomhas céard iad na comhlachtaí a bhfuil an *X factor* acu san earnáil theilifíse, b’fhéidir go bhféadfaí a thuar go mbeadh rath ar Nemeton.
bhíothas ag tuar it was forecast
" Maidir leis an gcéad chiste a luadh, Fís agus Fuaim, bhíothas ag tuar ag am a bhunaithe go n-athródh sé an earnáil léirithe neamhspleách ó bhonn, an earnáil léirithe Ghaeilge ach go háirithe.
tuar agus tairngreacht a dhéanamh faoi chúrsaí reatha na hÉireann forecast currents events in Ireland
" Ní fear é Balor le seans a ligean thairis agus rug sé greim sceadamáin ar an taibhreamh tanaí agus thug a rogha di idir bás nó beatha nó tuar agus tairngreacht a dhéanamh faoi chúrsaí reatha na hÉireann mar a bheadh i mí na Samhna.
a thuar. to celebrate
" **Na buaiteoirí á dtuar**Is é an rud a chuir mé ag smaoineamh faoin eachtra seo ná gur nós é ag tús na bliana buaiteoirí na gcraobhchomórtas a thuar.
Táthar ag tuar it is predicted
" Táthar ag tuar go dtaitneoidh sé go mór le pobal Iowa – ar stát tuaithe é – agus is é Nua Hampshire, stát tuaithe eile, an áit a mbeidh an chéad bhabhta eile ar siúl.
Mar a bhíothas ag tuar, as was predicted
" Mar a bhíothas ag tuar, agus na vótaí caite, ba é an Democratic Unionist Party an páirtí ba mhó sa Tionól agus 36 suíochán bainte amach acu.
a thuar to predict
" Ach tá sé deacair a thuar cé acu an bhfuil an fhoireann imithe thar an a spriocdháta díola, nó an bhfuil speach fós inti.
tuar prediction
" Ní léir ach an oiread gur tháinig an tuar fán tairngreacht agus gur theip ar thurasóirí an baile a aimsiú.
go rabhthas ag tuar that it was being predicted
" Tharla sé go sciobtha go rabhthas ag tuar go mbeinnse, i measc daoine eile, ar thús cadhnaíochta.
Táthar ag tuar it is predicted
" Táthar ag tuar gurb í seo "bliain an bhua" ó thaobh na nDaonlathach de, ach ní chuirfinn McCain as an áireamh go dtí go bhfeicimid an dtabharfaidh na Daonlathaigh ar fad tacaíocht dá n-iarrthóir.
tuar na haimsire weather forecast
" 30 pm agus tar éis dom lóistín a fháil don oíche, ba go hoifig na n-oilithreach a bhí mo thriall le stampa a fháil ar mo phas oilithrigh agus le tuar na haimsire sna Piréiní a fháil don lá arna mhárach.
níor thuar éinne no one foretold
" “Ar aon chaoi” a dúirt sé, “níor thuar éinne go mbeadh briseadh ann faoi mar a tharla, tá sé fíoréasca agus muid ag breathnú siar”.
ag tuar prophesizing
" Bhíothas ag tuar rud mar seo ar ndóigh, i rith an tsamhraidh, agus bhí na margaí ag titim go mall réidh ar feadh tamaillín, ach tharla an claochlú ceart le linn mhí Dheireadh Fómhair.
Tuartha forecast
thuar to prophesize
" D’fhéadfaí é a thuar, áfach, dá mbeadh a fhios ag daoine an cineál córais airgeadais a bhí ann, agus cén chaoi ar bunaíodh é.
á dtuar being forecast
" Má chliseann sruth an gháis as an mBreatain, go sealadach féin, fiú amháin, an dtitfidh cúrsaí amach mar a bhfuil á dtuar ag an mBord Gáis? Tá seans ann nach dtitfidh, mar d'fhoilsigh an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh (GIF) tuarascáil, ag deireadh na bliana seo caite, ina bhfuil rabhadh tromchúiseach dúinn go léir ann.
Tuar Fuinnimh an Domhain the World Energy Outlook
" Sa tuarascáil sin, ‘Tuar Fuinnimh an Domhain’, dúirt Fatih Birol, arb é an príomheacnamaí leis an GIF é, gur féidir le ‘buaic na hola’ teacht chugainn chomh luath le 2020 mura ndéanfar infheistíocht ollmhór i mbonneagar thionscal na hola.
tuartha (had been) forecast
" Bhí gliondar orainn ár dtrealamh geimhridh a fáil réidh, go mór mór nuair a chuala muid an aimsir tuartha a bheith go maith.