Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
dtuarascáil report
" Tá an díospóireacht fós ag dul ar aghaidh faoi easpa infheistíochta sa chóras sláinte, agus bhí a rian le feiceáil i dtuarascáil a d'fhoilsigh an Institiúid do Shláinte Phoiblí le déanaí.
thuarascáil report
" Ní raibh suim ar bith ag na póilíní sa chéad ionsaí i 1995 ach idir an dá linn scríobh an Breitheamh MacPhearson a thuarascáil faoi dhúnmharú Steven Lawrence, an déagóir dubh as Londain, agus thug sé "institutionalised racism" ar an dearcadh a bhí ag na póilíní i gcásanna mar sin.
tuarascáil report
" Ach nach minic a tugadh faoi obair mar seo cheana, nach iomaí tuarascáil faoin Ghaeltacht agus faoin teanga atá ag bailiú deannaigh in oifigí stáit? "Creidim féin go gcuirfidh siad tuarascáil thairbheach faoi bhráid an Aire.
tuarascáil report
" Thosaigh an fiosrúchán faoi Harold Shipman i mí an Mheithimh anuraidh i Halla na Cathrach i Manchain agus ní bheidh sé críochnaithe go dtí earrach na bliana seo chugainn, 2003, nuair a fhoilseofar tuarascáil an chathaoirligh, Dame Janet Smith ((www.
tuarascáil report
" Thaispeáin tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh gá le feabhas a chur ar chóras riaracháin agus bainistíochta na bhfíneálacha, agus nach n-íocann daoine na fíneálacha mar go bhfuil a fhios acu gur féidir leo éalú gan iad a íoc.
thuarascálacha reports
" Tá an péire acu le feiceáil ar na milliúin caipéis rialtais, ar thuarascálacha agus ar phasanna.
tuarascáil bhliantúil annual report
" Foilsíonn gach foireann tarrthála tuarascáil bhliantúil agus cé nach raibh ainmneacha na ndaoine a tarrtháladh ann, bhí sé ait a bheith ag léamh faoin tarrthálaí ar tarrtháladh é féin.
thuarascáil report
" Cé gur fógraíodh sa dá chás nach bhfuarthas aon fhianaise de mhí-iompar i measc na nGardaí, níor foilsíodh ceachtar den dá thuarascáil.
Tuarascáil report
" Tá An Bille Comhionannais Teanga agus Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta foilsithe.
thuarascáil report
" Ach idir an dá linn scríobh an Breitheamh MacPhearson a thuarascáil faoi dhúnmharú Steven Lawrence, an déagóir dubh as Londain, agus thug sé "institutionalised racism" ar an dearcadh a bhí ag póilíní i gcásanna mar sin.
tuarascáil report
" An mhí seo caite, bhronn an tArd-Bhreitheamh Abhcóideach, Una McCrann, a tuarascáil ar chás de Róiste ar an Aire.
tuarascáil report
" Tugadh neart airde le tamall anuas orthu siúd a cháin tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, na moltaí atá inti agus an cinneadh a rinneadh Comhairle Feidhmiúcháin a cheapadh le gníomhartha a mholadh don Aire Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta.
tuarascáil report
" Le linn théarma an rialtais dheireanaigh d'fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe tuarascáil a dhamnaigh dlíthe leabhail na hÉireann.
Cháin tuarascáil na Náisiún Aontaithe the United Nations report criticized
" Íocaíochtaí arda ======= Cháin tuarascáil na Náisiún Aontaithe méid na suimeanna airgid atá á n-íoc de bharr cásanna clúmhillte sa stát seo.
dhá thuarascáil speisialta two special reports
" Tá an dlí á cur ag Éirinn ar an mBreatain faoi Choinbhinsiún OSPAR toisc nach bhfuil rialtas na Breataine sásta dhá thuarascáil speisialta faoin monarcha MOX ag Sellafield a nochtadh ina n-iomláine dúinn.
foilseofar dara tuarascáil an chathaoirligh the second report of the chairperson will be published
" Tá an fiosrúchán poiblí i Halla na Cathrach i Manchain i mbun oibre arís anois tar éis shos an tsamhraidh agus foilseofar dara tuarascáil an chathaoirligh, Dame Janet Smith, san Earrach 2003.
a fhoilsítear tuarascáil a report is published
" Chomh luath is a fhoilsítear tuarascáil a lochtann an PSNI, nochtar "fianaise" fá mhírún an IRA, bíodh sí fíor nó bréagach.
Thuarascáil report
" "An rud atá de dhíth orainn anois ná cur i bhfeidhm Thuarascáil Patten.
De réir tuarascála according to a report
" Ceist amháin a bheadh agam orthu ná seo: cén fáth a bhfuil RTÉ ag sárú a chuid rialacha féin lá i ndiaidh lae maidir le fógraíocht do pháistí? De réir tuarascála de chuid na Náisiún Aontaithe tá Éire ar cheann den dornán tíortha a chuireann srianta fógraíochta áirithe i bhfeidhm, mar dhea, maidir le cláracha do pháistí.
ar nós na dtuarascálacha is fearr like the best reports
" Ach cá bhfuil sé anois? "Ar an tseilf, ag bailiú deannaigh ar nós na dtuarascálacha is fearr!" a dúirt Mícheál go díomách (mar bhí sé féin ina Chathaoirleach ar an gcoiste a chuir le chéile é), agus fanfaidh sé ansin go dtí tar éis na comhdhála speisialta a bheas ar siúl an chéad mhí eile chun an cháipéis eile de chuid Chumann Luthchleas Gael a phlé.
tuarascála report
" De réir na tuarascála "Discrimination and the Irish Community in Britain", a d'fhoilsigh an Commission for Racial Equality (CRE) sa Bhreatain i 1997, tá ciapadh ciníoch in aghaidh na nÉireannach ina n-áit oibre réasúnta coitianta.
tuarascáil eatramhach interim report
" I measc na leabhar ba mhó díol in Éirinn in 2002, bhí tuarascáil eatramhach an Bhreithimh Flood, ar díoladh breis agus 25,000 cóip di.
tuarascáil report
" Ansin, d'éirigh an Rialtas an-ghnóthach agus iad ag cur in iúl don phobal go rabhadar ag iarraidh an ráta dífhostaíochta a laghdú; bunaíodh coimisiún a raibh sé mar aidhm aige tuarascáil a chur ar fáil faoin dífhostaíocht! Sea, ó bhuaigh Schröder an t-olltoghchán in athuair i mí Mheán Fómhair 2002, táthar fós ag caint faoin tslí is fearr leis an ngéarchéim eacnamaíoch a shárú.
tuarascáil report
" Chomh luath agus a bheidh tuarascáil an Bhreithimh Barron ullamh, bronnfaidh sé í ar an rialtas, a bhronnfaidh í ar an gComchoiste Dlí, Cirt, Comhionannais agus Cearta na mBan.
tuarascáil inmheánach internal report
" Sa tuarascáil inmheánach a réitigh an grúpa cuireadh béim ar leith ar iarrthóirí maithe a aimsiú don pháirtí do na toghcháin áitiúla an bhliain seo chugainn.
Tuarascáil Hamilton The Hamilton Report
" Níor foilsíodh Tuarascáil Hamilton go dtí Lúnasa 1994.
tuarascáil report
" Is spéisiúil freisin, sa tuarascáil is déanaí ar chúrsaí drugaí ó Rannóg Stáit Stát Aontaithe Mheiriceá, go gcáintear údaráis na tíre seo as gan a bheith ag déanamh dóthain leis an chósta a chosaint ó dhrugaí ag teacht isteach sa tír.
tuarascáil report
" Deirtear i dtuarascáil a d'fhoilsigh an Grúpa Straitéise Cánach le déanaí go bhfuil buntáiste ag an Eoraip thar Stáit Aontaithe Mheiriceá toisc nach bhfuil na dlíthe geallghlacadóireachta anseo chomh dian céanna.
tuarascála oifigiúla official report
" De réir na tuarascála oifigiúla "A Fresh Start for Gaelic" a tháinig roimh an pharlaimint i nDún Éideann i mí na Bealtaine anuraidh, tá níos lú ná 50,000 Gàidhligeoir sa tír anois, cuid mhaith acu aosta.
tuarascáil report
" ÉÓD: An gcuireann sibh tuarascáil ar fáil i ndiaidh bhur gcuairte? SF: Cuireann.
Foilsíodh tuarascáil le gairid a report was published recently
" Foilsíodh tuarascáil le gairid faoin gcaoi ar chlis ar an gcomhlacht árachais HIH in 2001 agus na cúiseanna a bhí leis.
thuarascáil report
" Tarraingíonn an plean aird ar thuarascáil choiste de chuid na Náisiún Aontaithe a foilsíodh le déanaí a deir nach raibh dóthain á dhéanamh ag an stát seo maidir le cearta eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha mhuintir na hÉireann a chosaint.
tuarascáil report
" " Mar gheall ar an easpa ama, bhí an tuarascáil féin (a cuireadh faoi bhráid an Rialtais i mí an Mhárta 2002) b'fhéidir níos giorra ná mar a theastaigh uathu í a bheith, ach ar a laghad tá sí ann anois mar phointe tosaigh d'aon fhorbairt eile.
tuarascála report
" De réir tuarascála de chuid an Choimisiúin, i 1996/97 bhí iascairí na hÉireann ag tuilleamh thart ar £13,890 sa bhliain, sin go mór faoi bhun mheánphá tionscail na linne, £17,000.
ag ullmhú tuarascála preparing a report
" Faoi láthair tá Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ag ullmhú tuarascála maidir le cearta sealúchais.
tuarascáil report
" Ach i dtuarascáil oifigiúil de chuid an Gharda Síochána, deirtear go rabhadar ag faire ar an Uasal McKevitt an oíche áirithe sin ina theach agus nár fhág sé é.
chuir sé tuarascáil faoi bhráid Chomhairle Craolacháin Thuaisceart Éireann he submitted a report to the Broadcasting Council for Northern Ireland
" Le gairid, chuir sé tuarascáil faoi bhráid Chomhairle Craolacháin Thuaisceart Éireann.
tuarascáil report
" Mar a dúradh i dtuarascáil an ghrúpa: "In the view of the group, if there is no statutory intervention on this point in the near future, it is only a matter of time before the deficiencies which now exist are addressed by way of judicial intervention, be it within our own courts or within the international arena.
tuarascáil report
" Táthar ag tuar i dtuarascáil de chuid an Banco de España (Banc na Spáinne) go dtitfidh na praghsanna dochreidte seo luath go leor, ós rud é go bhfuil luach rómhór ar na tithe i láthair na huaire.
tuarascála report
" Ag deireadh a tuarascála deir sí: "Léiríonn an staidéar seo an tionchar atá á imirt ag cainteoirí Béarla ar an nGaeilge sa phobal seo: sé sin, go méadaíonn láithreacht cainteoirí Béarla líon na líonraí ina labhraítear Béarla.
tuarascáil report
" Chuir Coimisiún na hEorpa tuarascáil ar fáil ar Charraig Mhaighin a léiríonn go sóiléir go raibh an Ráiteas faoin Tionchar ar an gComhshaol lochtach.
i dtuarascáil rúnda in a secret report
" Tá an tuairimíocht seo i measc na nithe scanrúla atá le léamh i dtuarascáil rúnda dár teideal *An Abrupt Climate Change Scenario and Its Implications for United States National Security.
a dtuarascáil their report
" Le breis agus bliain anuas bhí Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ag breathnú ar na hailt sa bhunreacht a bhaineann le cúrsaí sealúchais agus ag tús na míosa seo caite sheol an Príomh-Aoire Mary Hanafin a dtuarascáil.
tuarascáil report
" Cé go chuir an Breitheamh Taylor an milleán ar na póilíní maidir leis an tubaiste, níor tháinig an scéal iomlán amach agus dúirt muintir Learphoill gur "forcheilt" a bhí i gceist sa tuarascáil.
thuarascáil bhliantúil annual report
" "Nuair atá an tArm ag caitheamh amach saighdiúirí as marijuana a chaithamh, ní chuireann sé le creidiúint an Airm nach ndearna siad tada i dtaobh na beirte seo," arsa an tUasal McDonald ina thuarascáil bhliantúil, a foilsíodh ag deireadh mhí an Mheithimh.
tuarascálacha reports
" An mhí seo caitetuarascálacha mar é sna Stáit Aontaithe agus sa mBreatain agus ba é an scéal céanna go bunúsach a bhí iontu sin.
fhoilsiú thuarascáil an Bhreithimh Morris the publishing of Justice Morris' report
" I ndiaidh fhoilsiú thuarascáil an Bhreithimh Morris, d'fhógair an Coimisinéir Noel Conroy go raibh grúpa ar leith bunaithe aige le moltaí an bhreithimh a scrúdú.
Thiomnaigh siad a dtuarascáil bhliantúil they dedicated their annual report
" Thiomnaigh siad a dtuarascáil bhliantúil do Johnny Delaney, buachaill den lucht taistil, 15 bliana d'aois, a mharaigh beirt déagóirí in ionsaí ciníoch anuraidh.
tuarascáil report
" Ach, i dtuarascáil a d'ullmhaigh Brainse Coireachta agus Slándála an Gharda Síochána, a bronnadh ar an Taoiseach Bertie Ahern i 2002, deirtear gur airgead amú an £1.
moltar sa tuarascáil sin it is recommended in that report
" Tá measúnú seachtrach ar an scéim curtha faoi bhráid an Aire Iompair agus moltar sa tuarascáil sin go leanfar leis an maoiniú ar bhonn píolótach go ceann dhá bhliain eile.
Foilsíodh tuarascáil a report was published
" Foilsíodh tuarascáil coicís ó shin a mhol go méadódh an Astráil go mór an bhaint atá aici le NGP agus go mbeadh sí páirteach i gcúrsaí custaim, cúrsaí míleata agus cosaint teorann.
tuarascála report
" De réir tuarascála a d'ullmhaigh rúnaí ginearálta an Lucht Oibre, Mike Allen, dá mba rud é go mbeadh torthaí an olltoghcháin in 2006 ar aon dul le torthaí na dtoghchán áitiúil, ní hamháin nach mbuafadh an páirtí suíocháin bhreise ach tá gach seans ann go gcaillfidís cuid de na suíocháin atá acu.
tuarascálacha neamhspleácha independent reports
" Ach an bhfuil muid ag éileamh barraíocht ón Taoiseach agus ón Rialtas go ndéanfaidís cinneadh ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, seachas bheith á chur ar an mhéar fhada? Tá na roghanna éagsúla cíortha arís is arís eile ag fo-choistí comhaireachta agus ag tuarascálacha neamhspleácha agus tá sé in am anois cuid dá moltaí a chur i bhfeidhm.
tuarascálacha reports
" Cuireann na tuarascálacha agus na foirmeacha go léir strus orm.
tuarascálacha reports
" Tá réimse leathan seirbhísí ann don phobal, mar shampla, foirmeacha stáit i nGaeilge ar líne, treoracha chun an Fáinne a cheannach, eolas faoin Acht Teanga agus an bealach a bhaineann sé leatsa, agus is féidir tuarascálacha agus taighde na Comhdhála a íoslódáil freisin.
tuarascáil bhliantúil annual report
" ” Mearbhall maidir leis an bhForas ======= Tá Foras na Gaeilge i measc na n-eagraíochtaí atá cáinte aige ach, dár ndóigh, ní rud radacach é sin faoi láthair agus na conspóidí go léir atá ann maidir leis an bhForas (an tslí a bhfuil teipthe orthu aon tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú go dtí seo, mar shampla).
tuarascáil report
" Mháigh siad gur chuir tuarascáil an NRPB scaoll ar an phobal ach nach raibh fianaise nua ar bith le fáil inti.
tuarascálacha reports
" Tá réimse leathan seirbhísí ann don phobal, mar shampla, foirmeacha stáit i nGaeilge ar líne, treoracha chun an Fáinne a cheannach, eolas faoin Acht Teanga agus an bealach a bhaineann sé leatsa, agus is féidir tuarascálacha agus taighde na Comhdhála a íoslódáil freisin.
tuarascála report
" De réir tuarascála de chuid an bhrúghrúpa *Platform 11*, tá fadhbanna eile ag an meitreo freisin.
tuarascáil report
" Mar a dúradh sa tuarascáil *Discrimination and the Irish Community in Britain, *a d'fhoilsigh an *Commission for Racial Equality *(CRE) sa Bhreatain i 1997: *“Local conditions in other cities, such as continuing anti-Irish hostility in Liverpool, also need further investigation”.
ina chéad tuarascáil in his first report
" Rinne an Breitheamh Morris géarcháineadh ar iompar na nGardaí ina chéad tuarascáil a foilsíodh anuraidh, ach dá olcas é sin is cinnte go bhféadfadh na héisteachtaí atá ar siúl faoi láthair i bhfad níos mó damáiste a dhéanamh do chlú an fhórsa.
tuarascáil report
" Ag freagairt ceisteanna ó Theachtaí Dála Shinn Féin agus an Teachta Dála neamhspleách Finian McGrath, dúirt an tAire Dlí agus Cirt sa Dáil an mhí seo caite go raibh an Garda Síochána ag fanacht ar an PSNI teacht ar ais chucu agus, dá bhrí sin, nach raibh a dtuarascáil maidir le cás an Uasail Fullerton críochnaithe acu go fóill.
ina chéad tuarascáil in his first report
" Rinne an Breitheamh Morris géarcháineadh ar iompar na nGardaí ina chéad tuarascáil a foilsíodh anuraidh, ach dá olcas é sin is cinnte go bhféadfadh na héisteachtaí atá ar siúl faoi láthair i bhfad níos mó damáiste a dhéanamh do chlú an fhórsa.
tuarascáil report
" “Cén difríocht a dhéanfaidh cúpla uimhir bhreise sna seoltaí?” Rud nach ndúradh san fhógra le déanaí ná go raibh neart deacrachtaí aimsithe ag coiste saineolaithe na Roinne Cumarsáide féin (tá a dtuarascáil le feiceáil ar shuíomh gréasáin na Roinne).
tuarascáil report
" Tháinig an tuarascáil seo sna sála ar fhigiúirí a d’eisigh Fáilte Ireland a léiríonn go bhfuil an tóin ag titim as an earnáil siúl sléibhe anseo, de cheal aon réiteach ar fhadhbanna rochtana.
tuarascáil report
" “Cén difríocht a dhéanfaidh cúpla uimhir bhreise sna seoltaí?” Rud nach ndúradh san fhógra le déanaí ná go raibh neart deacrachtaí aimsithe ag coiste saineolaithe na Roinne Cumarsáide féin (tá a dtuarascáil le feiceáil ar shuíomh gréasáin na Roinne).
tuarascáil report
" Is dócha gur mar thoradh ar an *love-in *seo faoi anáil an Athair Seán Healy ó CORI, a mhol tuarascáil de chuid Fhianna Fáil i nGaillimh go ndéanfaí “athbhreithniú” ar an phuball corparáideach a bhíonn ag an pháirtí ag Rásaí na Gaillimhe.
tuarascáil report
" Ach ba é tuarascáil an Ghiúistís Lynch, a foilsíodh an samhradh dár gcionn, is mó a chuir alltacht ar dhaoine.
tuarascáil report
" Ag tús an tsamhraidh seo insíodh dúinn go hoifigiúil, i bhfoirm an dara tuarascáil ón mBreitheamh Morris, go raibh rud éigin lofa sa Gharda Síochána.
tuarascáil report
" Deir an tráchtaire Newton Emerson go bhfuil tuarascáil á foilsiú ag Ombudsman na bPóilíní i mbliana a mhaíonn go bhfuil ball den Mount Vernon UVF ciontach as corradh le 13 dúnmharú ach go bhfuil sé á chosaint ag Brainse Speisialta an PSNI mar gur brathadóir é.
tuarascáil bhliantúil annual report
" ” Mar léiriú ar a laghad costas atá i gceist, tugann Seán tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara dom.
roinnt tuarascálacha some reports
" Cé gur fhoilsigh muid roinnt tuarascálacha ar páipéar, is ar dlúthdhiosca a d’fhoilsigh muid a bhformhór, rud a bhí i bhfad níos saoire.
thuarascáil tionscnaimh initial report
" ” Más fíor do thuarascáil tionscnaimh an Choimisnéara Teanga é, ní hiad pobal na Gaeltachta is mó atá ag baint leasa as Oifig an Choimisinéara go dtí seo.
moltaí Thuarascáil Hanley the recommendations of the Hanley Report
" Is léir fosta gur cheart moltaí Thuarascáil Hanley a chur ar an mhéar fhada go dtí go bhfaighfimid an lámh in uachtar ar MRSA.
tuarascáil report
" Fiú ansin, ainneoin go raibh an tAire tar éis a admháil i scríbhinn do mhuintir Rossiter bliain roimhe go raibh tuarascáil ar an chás faighte aige ón Gharda Síochána, bhí sé de dhánacht aige a rá arís go poiblí nach bhféadfadh sé aon fhiosrú a chur ar bun go dtí go mbeadh tuarascáil faighte aige ó na Gardaí.
Tuarascáil report
" Chuir breis is céad duine gearán faoi bhráid an fhiosrúcháin agus tá 26 sagart luaite sa Tuarascáil.
Fiafraíodh sa tuarascáil it was asked in the report
" Fiafraíodh sa tuarascáil, mar shampla, an raibh aon bhaint ag aontumhacht na cléire leis an fhadhb.
tuarascáil report
" Fiú ansin, ainneoin go raibh an tAire tar éis a admháil i scríbhinn do mhuintir Rossiter bliain roimhe go raibh tuarascáil ar an chás faighte aige ón Gharda Síochána, bhí sé de dhánacht aige a rá arís go poiblí nach bhféadfadh sé aon fhiosrú a chur ar bun go dtí go mbeadh tuarascáil faighte aige ó na Gardaí.
tuarascála report
" De réir tuarascála ón Special European Union Programmes Body a tháinig amach ní ba luaithe i mbliana, tugadh le fios go raibh 72% de Chaitlicigh ina gcónaí sna 500 ceantar is mó díothachta ó thuaidh.
Tuarascáil Genesis the Genesis Report
" Bhí fadhbanna le Tuarascáil Genesis, go háirithe nuair a scríobh siad go mba cheart don tsraith a bheith ag cur íomhá *“sexy and cool”* chun cinn (an bhfaca siad bolg Glen Crowe le déanaí?) ach, cé nach raibh gach rud i gceart, ba cheart go nglacfaí le cuid de na moltaí.
De réir tuarascála according to a report
" De réir tuarascála a d’eisigh an comhlacht Deloitte le gairid, beidh pobal na hÉireann ag caitheamh ar an mheán 8% níos mó thar thréimhse na Nollag ná mar a caitheadh anuraidh.
tuarascálacha reports
" Tá litreacha príobháideacha agus oifigiúla ann, agus tuarascálacha, uainchláracha agus cuntais.
tuarascáil report
" uk)), mhol tuarascáil Lawrence i 1998, a foilsíodh tar éis dúnmharú déagóir dubh eile i Londain, Stephen Lawrence, gur chóir go mbeadh líne ghutháin éigeandála neamhspleách ann le cuidiú agus tacaíocht a thabhairt d'íospartaigh an chiaptha agus na n-ionsaithe ciníocha.
tuarascáil report
" Is í tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta, a foilsíodh sa bhliain 2002, an ceann is deireanaí de na cáipéisí seo.
i gcás iliomad tuarascálacha in the case of a great number of reports
" Ná bíodh sí ag bailiú deannaigh i gcoirnéal aduain de Dhún Aimhirgín, mar a tharla i gcás iliomad tuarascálacha cheana.
tuarascáil report
" Is í an tuarascáil “An Teaghlach” an deichiú ceann atá eisithe ag Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht.
tuarascálacha reports
" Tá litreacha príobháideacha agus oifigiúla ann, agus tuarascálacha, uainchláracha agus cuntais.
foilsiú thuarascáil an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin the publishing of the report of the Independent Monitoring Commission
" ” Ar an drochuair, níl rím idir spriocam *Beo!* agus foilsiú thuarascáil an Choimisiúin Neamhspleách Faireacháin (nó an IMC) – tá cúpla uair an chloig sa bhearna, ach *away liom*.
tuarascáil report
" 5 milliún ón rialtas leis na fiacha a ghlanadh ach in ionad tuarascáil Vantagepoint a thabhairt do na Gobharnóirí, mar a bhí socraithe, chuir an príomhoide an tuarascáil i bhfolach orthu.
chuir an príomhoide an tuarascáil i bhfolach orthu the principal hid the report from them
" 5 milliún ón rialtas leis na fiacha a ghlanadh ach in ionad tuarascáil Vantagepoint a thabhairt do na Gobharnóirí, mar a bhí socraithe, chuir an príomhoide an tuarascáil i bhfolach orthu.
tuarascáil report
" Cé gur dúradh sa tuarascáil sin gur cosúil nach raibh a fhios ag AWB go raibh breabanna á n-íoc acu, bunaíodh binse fiosraithe anseo, agus an t-iarbhreitheamh Terence Cole ina chathaoirleach air, leis an scéal a chíoradh.
i dTuarascáil Harris in the Harris Report
" Níl an pointe sin sroichte go fóill ach má leantar leis an phatrún atá le feiceáil i dTuarascáil Harris, ní fada go mbeidh.
thuarascáil report
" Is léir ó thuarascáil an Choimisinéara Teanga don bhliain 2005 go bhfuil an Stát fós ag imirt cluichí cama le muintir na Gaeilge agus go bhfuil drogall go fóill ar fhostaithe an Stáit freastal ar riachtanais agus ar chearta mhuintir na Gaeilge.
tuarascáil report
" Cuireann an brainse speisialta ceisteanna ort le linn na cuairte sin agus scríobhann siad tuarascáil fút.
ar ócáid sheolta a thuarascála on the occasion of the launch of his report
" Mar a dúirt an Coimisinéir Teanga ar ócáid sheolta a thuarascála, bhainfeadh na daoine seo an oiread céanna tairbhe as lá sa gharraí mar nach bhfuair siad a dhath ar a shon riamh.
thuarascáil report
" De réir thuarascáil an phaiteolaí stáit, cuireadh sé philéar san uasal Fullerton, sa chloigeann, sa mhuineál, ina lámh dheis, ina cholainn, agus ina cholpa clé.
tuarascáil report
" Scríobhadh an tuarascáil i gcomhair an Joint Intelligence Committee – an dream a raibh páirt lárnach i scéal/bréag Airm Ollscriosta Sadaam Hussein.
tuarascáil report
" Is dócha go bhfuil sé beagáinín mífhoighneach na laethanta seo de bharr eachtraí polaitiúla eile: chuir sé coimisiún ar bun chun na riachtanais fuinnimh a bheidh ann amach anseo a mheas, ach níor fhan sé lena dtuarascáil chun a thuairim féin, i bhfabhar an tionscail núicléach, a nochtadh.
tá roinnt tuarascálacha foilsithe a number of reports have been published
" Le sé seachtainí anuas, tá roinnt tuarascálacha foilsithe a bhaineann le deacrachtaí i bpobail dhúchasacha.
ar nós fhoilsiú thuarascálacha cigireachta na scoileanna such as the publishing of the school inspection reports
" Tá céimeanna dalba glactha aici i dtaca le trédhearcacht bíodh is go bhfuil cuid acu conspóideach go leor, ar nós fhoilsiú thuarascálacha cigireachta na scoileanna agus sraitheanna na dtorthaí scrúduithe.