Mar a dúirt mé, tá ár lámh i mbéal an mhadaidh mar go bhfuilimid ag brath ar an Eoraip agus ar an CAI ó mhí go mí an t-airgead a thabhairt dúinn na seirbhísí riachtanacha a choinneáil ag dul,
na tuarastail a dhíol do na haltraí, do mhúinteoirí, do ghardaí, do shaighdiúirí, do sheirbhísí poiblí agus, ach amháin go bhfuilimid ag fáil an airgid sin, b’fhéidir go mbeas muid cosúil leis an Ghréig.