Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tubaisteach disastrous
" Ó thaobh oideachas na dTaistealaithe de, bhí an polasaí seo tubaisteach.
tubaisteach disastrous
" Tá deirfiúr aige freisin, La Niña, nuair a tharlaíonn fuarú neamhghnách san uisce, ach ní bhíonn sí siúd chomh tubaisteach.
thubaisteach disastrous
" Ní thig an locht a chur go hiomlán ar chúinsí lasmuigh den tír go bhfuil titim thubaisteach i ndiaidh tarlú sa ghnó seo - is féidir go leor den mhilleán a chur orainn féin.
tubaisteach tragic
" Rud tábhachtach faoi *So Others Might Live* ná nach cur síos brónach eile é ar an lá tubaisteach sin, 11 Meán Fómhair.
buille tubaisteach a disastrous blow
" Is dóigh liom gur buille tubaisteach a bheadh ann don Ghaeilge dá gcuirfí deireadh (mar atáthar ag moladh) le deontas labhairt na Gaeilge.
thubaistí disasters
" Bíonn sé ag canadh faoi rudaí dáiríre agus faoi thubaistí a bhain dó, ach fós féin éiríonn leis a bheith dearfach agus ceol a chur ar fáil a thógann an croí.
tubaisteach calamitous, tragic
" Léiriú níos fearr ======= B'fhéidir gur léiriú níos fearr ná aon staitisticí iad na comharthaí seo a bhfuil ceangal acu le 9/11 ar an dóigh ar chaill Staten Island i bhfad níos mó daoine ar an lá tubaisteach sin dhá bliain ó shin ná áit ar bith eile.
titim thubaisteach disastrous fall
" Ach le bheith fírinneach, an raibh rialtas riamh a chomhlíon a gheallúintí réamhthoghcháin uile!? Creidim féin gurb é an *Bertie Speak *thar aon rud eile is cúis leis an titim thubaisteach i leibhéal tacaíochta an phobail don *Teflon Taoiseach*.
tubaisteach disastrous
" Beidh titim éigin i vóta Fhianna Fáil ach ní bheidh sí tubaisteach.
tubaisteach disastrous
" Thuig Fianna Fáil go luath go raibh Fine Gael chun toghchán tubaisteach a bheith acu agus creideadh go bhféadfadh a leithéid de ráiteas tathant ar dhaoine a bhí i dtaithí ar vóta a chaitheamh do Fhine Gael, aistriú go Fianna Fáil.
go tubaisteach disastrously
" Ar ndóigh, is é an sruth seo a thugann aimsir atá cineálta go maith dúinn anseo in Éirinn agus in iarthar na hEorpa go ginearálta, agus má imíonn sé titfidh an meánteocht go tubaisteach - titim sé chéim in aghaidh na bliana go ceann deich mbliana.
tubaistí disasters
" Creideann scoláirí sa lá atá inniu ann gur freagra a bhí sa mhórbhéim seo a chuir muintir na meánaoiseanna ar phianta agus ar chéasadh Chríost ar na huafáis - an galar dubh agus mórán tubaistí eile - a bhí á gcrá féin.
himeachtaí tubaisteacha disastrous/tragic events
" Bhí mé ag éisteacht lá le caibidil raidió fá na himeachtaí tubaisteacha taobh amuigh de chlub oíche Anabel i mBaile Átha Cliath tamall gairid de bhlianta ó shin, nuair a maraíodh fear óg le linn scliúchais i ndeireadh na hoíche.
an t-ardú tubaisteach the disastrous increase
" An mac nó iníon fhásta ina chónaí lena thuismitheoirí, an cailín óg feistithe i mblaincéad ina luí ar Dhroichead Uí Chonaill nó an teaghlach ar liosta tithíochta an stáit - léiriú iad seo uilig ar díreach chomh mór agus atá an t-ardú tubaisteach i gcostas tithe tar éis fadhb agus cruachás a chothú sa stát seo.
tubaistí disasters
" Ach tá an rialtas ag leanstan ar aghaidh le príobháidiú an iarnróid faoi thalamh i Londain agus tá imní ar phaisinéirí agus an Rail, Maritime and Transport Union go mbeidh tuilleadh tubaistí ann dá thairbhe sin.
titim thubaisteach disastrous fall
" Tá an lucht gnó atá ag brath ar an turasóireacht ag cur is ag cúiteamh faoin titim thubaisteach atá tagtha ar an líon daoine atá ag tarraingt ar pháirteanna áirithe den tír an samhradh seo.
tubaisteach disastrous
" Ceaptar go mbeidh tionchar tubaisteach acu ar an gcaoi seo in áiteacha mar Pháirc Náisiúnta Kakadu taobh thoir de Darwin - áit a shroich siad in 2001.
thubaistí mara sea disasters
" Seachas an t-ábhar spéisiúil seo, an rud atá sáite i mo chuimhne faoin óstán ná go raibh folcadán in ionad cithfholcadáin i ngach seomra! Áit ghaofar ======= Le linn dúinn bheith i Nis, i dtuaisceart Eilean Leòdhais, thugamar cuairt ar Rubha Robhanais, an pointe is faide ó thuaidh sna h-Eileanan Siar (agus, táim ag rá leat, bhí sé gaofar!) Agus muid ag breathnú ar an Aigeán Atlantach sínte amach romhainn, smaoinigh mé ar na scéalta a bhí cloiste againn le cúpla lá anuas, faoi thubaistí mara, faoi na céadta duine óg agus iad ar an mbád bán go Meiriceá nó Ceanada, agus faoin tionchar a bhí ag a leithéid ar phobail bheaga na n-oileán.
go leibhéal tubaisteach to a disastrous level
" Bhí a iarbhean chéile ag fáil bháis den ailse nuair a d'fhill sé agus deir sé go ndeachaigh sé sin i bhfeidhm, "go leibhéal tubaisteach", ar gach duine.
buille tubaisteach a disastrous blow
" Buaileadh an buille tubaisteach ceart go leor air, i mí an Mheithimh, nuair a fógraíodh torthaí na dtoghchán áitiúil agus Eorpach, ach níor thit sé ar a chlaíomh.
tubaisteach disastrous
" Tá an treocht seo i bhfad níos measa i Sasana, tubaisteach beagnach.
tubaisteach disastrous
" Bheadh bás na Gaeilge chomh tubaisteach sin d'fhéiniúlacht phobal na hÉireann agus a bheadh imeacht in éag ainmhí nó planda dá thimpeallacht nádúrtha.
go tubaisteach disastrously
" Cé gur chlis go tubaisteach ar stailc ocrais na bliana 1981, ní teip gan toradh a bhí ann mar gur chlis fosta ar iarrachtaí Mhargaret Thatcher an ghluaiseacht phoblachtánach a cheangal le coiriúlacht.
tubaisteach disastrous
" Bheadh bás na Gaeilge chomh tubaisteach sin d'fhéiniúlacht phobal na hÉireann agus a bheadh imeacht in éag ainmhí nó planda dá thimpeallacht nádúrtha.
toradh tubaisteach disastrous outcome
" ” *Dúirt an Breitheamh Morris gur toradh tubaisteach a bheas ar an chreimeadh leanúnach atá ag teacht ar chúrsaí smachta sna Gardaí.
toradh tubaisteach disastrous outcome
" ” *Dúirt an Breitheamh Morris gur toradh tubaisteach a bheas ar an chreimeadh leanúnach atá ag teacht ar chúrsaí smachta sna Gardaí.
tubaistí disasters
" Féach na tubaistí go léir atá timpeall an domhain mar gheall ar ola, talamh agus airgead! A Mhuire, a mháthair, seinn port, abair amhrán, sil deoir, tabhair póg, réitigh do chás led' chomharsain más féidir.
de thairbhe na titime tubaistí because of the disastrous fall
" Is léir do dhuine ar bith a bhfuil ciall aige chomh tábhachtach is atá Oideas Gael don gheilleagar áitiúil agus, de thairbhe na titime tubaistí sa líon cuairteoirí san iarthar, is léir fosta cé chomh tábhachtach is atá turasóirí don gheilleagar faoin tuath sa réigiún.
titim thubaisteach disastrous fall
" Tharla titim thubaisteach ó shin a leith, áfach, sa mhéid is nach bhfuil caighdeán sásúil labhartha ach ag aon trian de dhaltaí na hÉireann anois.
buille tubaisteach disastrous blow
" Measann sé gur buille tubaisteach a bheadh ann don teanga dá mba rud é go gcuirfí a leithéid de pholasaí i bhfeidhm.
tubaisteach disastrous
" Níor léir ag an am chomh tubaisteach is a bhí an cath don Deisceart, ach le harm Lee, an ginearál ab fhearr sa Deisceart, deachaithe, chaill an Fhrithchónaidhm an-chuid cumhachta, agus ní raibh i ndán dóibh as sin amach ach cúlú.
tionchar tubaisteach disastrous effect
" Óir is é an tátal atá le baint as Tuarascáil Stern ná go mbeidh tionchar tubaisteach ag téamh domhanda ar gheilleagar na cruinne.
na moilleanna tubaisteacha the disastrous delays
" Tá Airbus sa teach téarnaimh fós tar éis na moilleanna tubaisteacha a cuireadh ar tháirgeadh a eitleáin ollmhóir, an A380.
titim thubaisteach a disastrous fall
" Deir sé gur cineál d'eisceacht í an Bhriotáinis; níl sé chomh fada sin siar ó bhí milliún duine ag labhairt na teanga sin ach tá titim thubaisteach tagtha ar líon na gcainteoirí le cúpla glúin anuas, agus measann Krauss, agus beagnach gach teangeolaí eile, go bhfuil a port seinnte.
cúpla tine thubaisteach a few disatrous fires
" Bhog ardchathair Virginia ansin i 1699 tar éis cúpla tine thubaisteach a scrios an seanbhaile.
stróc tubaisteach calamitous stroke
" Tá sé tráthúil mar go raibh an baol ann i mí Iúil 2006 go gcaillfí Ó Cairealláin, i ndiaidh do stróc tubaisteach é a bhualadh.
tubaisteach. disastrous.
" “Fostaíodh mé mar fhreastalaí in Renards, teach tábhairne agus club oíche ar Shráid Freidric Theas, timpeall an chúinne ón Language Centre, agus chuaigh agam aon oíche amháin a thabhairt ag obair mar fhreastalaí! Bhí mé tubaisteach.
Sa chás áirithe seo, theip go tubaisteach ar m'acrainm-se. In this particular case, my acronym failed abysmally
" Sa chás áirithe seo, theip go tubaisteach ar m'acrainm-se.
theip thubaisteach disastrous failure
" Ach ní mar a shíltear a bítear go minic agus tá na daoine céanna trína chéile i ngeall ar theip thubaisteach na nÉireannach sa bhFrainc.
ag meath go tubaisteach declining disastrously
" Thosaigh an Mhanainnis ag meath go tubaisteach sa naoú haois déag, go háirithe ó cuireadh dlús le tionscal na turasóireachta.
tubaisteach disastrous
" Shílfeá nach réiteodh an dá shaghas ceoil lena chéile in aon chor agus táim cinnte go mbeadh an meascán áirithe sin tubaisteach dá ndéanfadh duine éigin eile é.
scéalta tubaisteacha distastrous stories
" *CMA: Chualamar na scéalta tubaisteacha ó na Stáit Aontaithe faoi Bear Stearns, Fannie Mae, Freddie Mac agus faoi bhainc eile nach iad.
tubaisteach disastrous
" Tacaíonn sé leis an ionradh tubaisteach a rinneadh ar an Iaráic – ionradh a tharla mar gheall ar bhréaga na nuachoimeádach, cuir i gcás.
a bheadh ní ba thubaistí fós, which would be more disastrous still
" Is seoid é an cineál seo daonlathais Shíónaigh atá á scaipeadh ag Bush agus ag a chuid cairde ar fud an Mheánoirthir, nach ea? Cad chuige nach ndéanann na príomhmheáin plé oscailte ar an eolas atá san alt seo? Eolas tábhachtach is ea é a d’fhéadfaí a úsáid le cogaí a sheachaint; cogaí ar nós na coimhlinte gairide a bhí ar siúl sa tSeoirsia i rith an tsamhraidh seo, nó cogadh idir cumhachtaí núicléacha a d’fhéadfaí a bheith ar siúl amach anseo agus a bheadh ní ba thubaistí fós, b’fhéidir.
Chliseadh tubaisteach disastrous Collapse
" Ba é an amhantraíocht neamhrialaithe sin ba chúis le teip os cionn 5,000 banc ó Chliseadh tubaisteach Wall Street i 1929.
thubaisteach disastrous
" Bliain thubaisteach curtha isteach aici, ach d’fhéadfadh rudaí dul i bhfeabhas ó tharla í a bheith luaite go láidir mar chomharba ar Charlie McCreevy sa Bhruiséil.
tubaistí disasters
" Tá aird an domhain tarraingthe ar Réigiún Mór-Lochanna na hAfraice ag tubaistí éagsúla i gcaitheamh na mblianta.
tubaisteach disastrous
" B’fhéidir go bhfuil sé níos tábhachtaí a chinntiú anois, cuir i gcás, go mbeadh cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge mar chuid d’Aireacht eile - An Roinn Oideachais, Eolaíochta agus Gaeltachta b’fhéidir, cé go bhfuil go leor ann a chreideann gur buille tubaisteach eile a bheadh ann cúrsaí na teanga a chur faoi scáth Roinne a meastar nár léirigh ach doicheall don teanga le blianta fada.
go tubaisteach disastrously
" Tharla an rud ceannann céanna i gcás an rialaitheoir airgeadais, a chlis go tubaisteach i mbun a chúraim.
is tubaistí most disastrous
" Ba san Fhionlainn a bhí an cúlú is tubaistí ann.
is tubaisteach is disastrous
" San áit nach raibh cúinsí geilleagair is fógraíochta sách folláin le nuachtán amháin a bheathú, cad chuige go mbeadh muid ag dréim go mairfeadh dhá cheann agus na cúinsí airgeadais céanna imithe chun donais? Is minicí go dtagann scéala chugainn na laethanta seo faoi chomhlachtaí a bheith ag druidim, ach seo chugainn dhá thogra úra atá ag cur tús le gnó agus go deimhin ag dul in iomaíocht lena chéile agus iad lonnaithe i ngiorracht scread asail dá chéile! Dá olcas a bhí imeacht Lá Nua is an seanleagan de Foinse, is tubaisteach i bhfad é mura mbeadh ceachtar den dá nuachtán nua i mbun trádála cothrom an lae seo an bhliain seo chugainn.
tubaisteach disastrous
" Cé nach léir go bhfuil rud ar bith i bpáirt ag Foirceadal Wolfowitz agus Foirceadal Greenspan, ach amháin go raibh siad beirt araon tubaisteach do SAM, seo mar a mhínigh Atzmon é: “Let me tell you, the pattern is familiar, these wonderful people always try to save the world.
tubaisteach disastrous
" Tá sé seacht mbliana anois ó d’ionsaigh SAM an Iaráic, ach is iomaí tuairim fós faoi cad chuige a rinne siad é, agus cé atá freagrach as an gcinneadh tubaisteach sin.
tubaisteach disastrous
" “Buille tubaisteach eile don Ghaeilge,” a thugann urlabhraí Oideachais Fhianna Fáil, Willie O Dea, air ach maíonn an tAire Hayes nach bhfuil rún aige culú ar a chinneadh.
tubaisteach disastrous
" Lig an Roinn Oideachais thall do scoileanna ábhair roghnacha a dhéanamh de theangacha agus tháinig titim tubaisteach ar líon na ndaltaí a roghnaigh iad.
tubaisteach tragic
" Ba é dúnmharú an scannánaí agus an chriticeora Theo van Gogh ag fear óg Maracach sa bhliain 2004 íosphointe tubaisteach an aighnis go dtí seo, ach inniu féin, ní féidir leat nuachtán a oscailt gan tuairiscí a léamh faoin teannas idir Mhuslamaigh agus an chuid eile den tsochaí.
go tubaisteach disastrously
" D’fhógair sé i mí Aibreáin go gcuirfeadh sé siar aon scéim trádála astaíochta go dtí 2013 dá n-éireodh leis san olltoghchán, agus thit a thacaíocht sna pobalbhreitheanna go tubaisteach dá bharr.
tubaisteach disastrous
" Bhí saol tubaisteach go leor ag Ben Yehuda.
tubaisteacha disastrous
" ”* Ba cheart a rá ag an staid seo go bhfóireann sé do Bhlair béim a chur ar a bhain sé amach ó thuaidh i bhfianaise na gcogaí tubaisteacha san Iaráic agus san Afganastáin, a raibh lámh nach beag aige iontu.
tubaisteach disastrous
" Bhain sé an Turner Prize i 2004 le scannán faisnéise a rinne sé ar bhaile dúchais George W Bush in Texas agus ar an imshuí tubaisteach a chuir na póilíní ar an dream a bhain leis an haicme creidimh Davidian i Waco sa stát sin.
tubaistí disaster
" De bhrí go bhfuil a oiread sin tubaistí pearsanta bainteach leis an eachtra seo, níl achan duine den tuairim go bhfuil sé de cheart ag Deller leas a bhaint as an charr ar an tslí seo.
go tubaisteach disastrously
" Theip go tubaisteach airsean i dtoghchán na hEorpa agus sna toghcháin áitiúla agus níor éirigh a dhath níos fearr lena chomharba in olltoghchán na bliana seo (2016), ainneoin an méid fadhbanna a bhí ag an rialtas.
theip go tubaisteach failed miserably
" Óir is léir gur theip go tubaisteach ar an sprioc a leag an tAire amach sa Dáil an lá úd.
tubaisteach tragic
" ”* Ag an am sin, bhí go leor Meiricéanach báúil le Frainc na Muirthéachta, agus bhí imní ar Washington go dtarraingeodh an “taobhú paiseanta” seo an tír nua isteach i gcogadh tubaisteach i gcoinne na Sasanach.
tubaistí tragedies
" Sin an fáth go mbíonn tubaistí agus timpistí againn.
toradh tubaisteach disastrous result
" ” An toradh tubaisteach a bhí ar na hathruithe is ea nach bhfuil an státchóras in acmhainn na dualgaisí reachtúla agus bunreachtúla atá orthu, i dtaobh na Gaeilge, a chomhlíonadh.
go tubaisteach drastically
" Bhí suim riamh ag mo mháthair sa léitheoireacht agus, fiú, nuair a bhí na ‘family fortunes’ ag titim go tubaisteach, choinnigh sí na leabhair.
theip go tubaisteach failed spectacularly
" An tÚdarás – Cuid den Fhadhb nó den Réiteach? ======================== Is léir domsa, ón taighde a dheinim ó am go ham ar líon na gcainteoirí gníomhacha Gaeilge sa Ghaeltacht, gur theip go tubaisteach ar Údarás na Gaeltachta an Ghaeilge a chaomhnú, gan caint ar í a leathadh, mar phríomh-mheán cumarsáide sna ceantracha atá faoina chúram.
tubaistí éagsúla various disasters
" Táirge an Áir ======= Nuair a léitear breithiúnais Sachs, ní léir ar tháinig sé slán i ndáiríre as na tubaistí éagsúla a bhain dó roimis 1994 (Roimis an bhuamáil, imthreorannaíodh é i gcillín ar feadh 170 lá).
tubaistí uafásacha woeful disasters
" Is d’ainneoin cinnteacht seo lucht eolais agus údaráis a thiteann timpístí agus tubaistí uafásacha amach i ngach cearn den domhan, i réimsí geilleagair, tionscail, eolaíochta srl.
go tubaisteach disastrously
" Daille Polaiteoirí agus Pobail ============== Sna blianta beaga atá romhainn leanfaidh daoine i dtíortha an Iarthair ag ceannach táirgí tomhaltais fad is atá infheistíocht chaipitil ar bhonneagar ríthábhachtach ag titim go tubaisteach.
tubaisteach disastrous
" Dar leis an ADL, “botún” tubaisteach a bhí san ionsaí Iosraelach réamhbheartaithe ar an USS Liberty; “bréag mhór” is ea í an “stát Giúdach” a chur i gcomórtas le cinedheighilt na hAifrice Theas; agus níl sa taighde de chuid na n-ollúna Mearsheimer agus Walt i leith an bhrúghrúpa Iosraelaigh ach “ráiméis frith-Ghiúdach.
Teip thubaisteach a disastrous failure
" Teip thubaisteach don bhord stiúrtha ag aon chuideachta é má chliseann ar an chuideachta sin agus más gá éirí as a bheith ag trádáil.
cailleadh go tubaisteach died tragically
" Bronntar Corn Chormaic Mhic an Ailín ar na buaiteoirí in ómós d’iarpheileadóir Thír Eoghain a cailleadh go tubaisteach sa bhliain 2004.
phléasc go tubaisteach which burst tragically
" Shéid na rachmasóirí seo, a bhfuil sé mar ghnás acu dul i bhfiontar le hairgead daoine eile, bolgán sealúchais a phléasc go tubaisteach i 2008, agus a d'fhág daoine fud fad an domhain gan choigealtais, gan phoist, gan díon os a gcionn, agus gan dóchas.
go tubaisteach drastically
" Agus ar ndóigh, chonaiceamar le déanaí gur féidir le haigne an mhargaidh athrú go tubaisteach in aghaidh tír ar leith i gceann roinnt seachtainí.
chinneadh thubaisteach seo this disastrous decision
" Is beag gol nó gioscán fiacla a chluinfear ó ranna áirithe stáit faoin chinneadh thubaisteach seo mar sin.
Tá teipthe go tubaisteach ar has failed disastrously
" An Lucht Oibre sa gComhrialtas ================ Tá teipthe go tubaisteach ar an Lucht Oibre tionchar a imirt ar an gcomhrialtas.
fhalscaí thubaisteach disastrous bushfire
" Cuireadh deireadh le loscadh rialta talún an mhuintir dhúchais agus tharla an chéad fhalscaí thubaisteach taobh istigh de thréimhse ghairid dá bharr.
gcogadh tubaisteach disastrous war
" Tá Sinn Féin srianta ag dá rud: an bagáiste atá á iompar ag an bpáirtí ón gcogadh tubaisteach ó thuaidh, agus an seasamh frith-Eorpach a chuireann sa champa céanna iad leis na Tóraithe is faide ar dheis i Westminister.
scéal tubaisteach tragic story
" Tapaíodh an deis i mBaile na hAbhann chun tacú le clár faisnéise den scoth, a insíonn scéal tubaisteach Thuaisceart Éireann trí agallaimh le banghníomhaí polaitiúil géarintinneach.
gcogadh tubaisteach tragic war
" Bunaithe i 1997 ag beirt nuachoimeádach, William Kristol agus Robert Kagan, le “beartas eachtrach nua-Riagánach” a chur cinn, ní beag an fhreagracht a bhí ag an Tionscadal um Aois Mheiriceánach Nua (PNAC) as an gcogadh tubaisteach san Iaráic.
teipthe go tubaisteach ar failed drastically
" An Cur i gCoinne ======= Ní hionann sin le rá nach bhfuil ciall ag baint le sruthlíniú a dhéanamh ar an mhaoiniú a dhéantar ar na heagrais seo, ach go bhfuil teipthe go tubaisteach ar a raibh á mholadh.
go tubaisteach disastrously
" Thug Howard ‘polaitíocht an éada’ ar an dúnghaois seo agus chaill Latham an t-olltoghchán go tubaisteach.
méid tubaisteach, náireach a disastrous, shameful amount
ráta tubaisteach an bhoilscithe the desperate rate of inflation
" Cé gur chaith Ferguson cúpla bliain ag obair insa Ghearmáin ar ráta tubaisteach an bhoilscithe i ré Weimar, ní fear umhail ná ciúin é, rud a léiríodh arís le déanaí nuair a thug an *BBC* cuireadh dó Léachtaí Reith a thabhairt ar an dtéama *“the rule of law and its enemies”*.
dúnmharú tubaisteach the tragic murder
" Tá a fhios agam go dtabharfaidh dúnmharú tubaisteach David Black deis do chairde mo ghasúir a bheith anuas orm.
theip air go tubaisteach he failed disastrously
" Agus ainmniúchán an pháirtí faighte aige, sheas Mourdock san olltoghchán, ach tar éis dó a rá go poiblí gurb é toil Dé é go n-éigneofaí mná, theip air go tubaisteach agus bhain Daonlathach an suíochán, rud nár tharla in Indiana ó 1977 anuas.
i dtreo na heasláinte tubaistigh towards chronic ill health
" Aithníonn sí a sleamhnú i dtreo na heasláinte tubaistigh, bris a chuirfidh an saol tóin-in-airde orthu beirt.
de bharr titim thubaisteach due to the drastic fall
" Anois tá an *‘landlady’* buailte ag cruachás airgid, de bharr titim thubaisteach le cúig bhliain anuas san ioncam fógraíochta.
a chur isteach go tubaisteach ar who interfered disastrously with
" B’eisean, dar leo, an duine a chur isteach go tubaisteach ar na comhdhálacha príobháideacha a bhí ar siúl i gcónaí idir ceannaire Katanga, Moise Tshombe agus ceannairí an Rialtais Lárnaigh sa Chongó.
de dheascaibh chur isteach tubaisteach due to the disastrous interruption
" Roghnaíonn sé “*My Indian Red*” ó Danny Barker, agus tiomnaíonn sé an t-amhrán bríomhar seo do gach aon saoránach nach raibh in ann iad féin a ghléasadh i gceart i gcóir ceiliúradh *St Joseph’s Night* de dheascaibh chur isteach tubaisteach Katrina.
roinnt eile tubaistí oibre san Áis some other labour disasters
" Léiríonn scéal Rana Plaza, agus roinnt eile tubaistí oibre san Áis le bliain anuas, gur beag an t-athrú atá tagtha ar scéal na gcoinníollacha oibre sna críocha sin.
leis na tubaistí móra with those major tragedies
" Faraor, leis na tubaistí móra i mBostún agus i Newtown, ba dhaoine óga den chuid ba mhó iad na híospartaigh chomh maith.
thubaistí nádúrtha natural disasters
" Teitheann daoine áirithe óna dtíortha dúchais mar gheall ar thubaistí nádúrtha, beag beann ar cheist na hinscne.
na tubaistí dleathacha seo fé cheilt air conceals these legal tragedies
" Cuireann an tírghrá a fheictear i smior scríbhneoireacht Hogan na tubaistí dleathacha seo fé cheilt air áfach.
cás an-tubaisteach a very tragic case
" Nílim sásta gur féidir páiste a chur chun báis ar bhunús bagairt ó dhuine eile lámh a chur ina bás féin, bíodh gur cás an-tubaisteach, an-deacair atá anseo.
Is de bharr bás tubaisteach it’s as a result of the tragic death
" Is de bharr bás tubaisteach Savita Halappanavar a cuireadh an reachtaíocht le chéile, ach ait go leor, ní léir go sabhálfadh an reachtaíocht bean a bheadh sa chás céanna le Savita.
ceann de na heachtraí tubaisteacha one of the tragic incidents
" Is i gcúinsí mar seo a tharla ceann de na heachtraí tubaisteacha, nuair a mharaigh an forairdeallaí armtha George Zimmerman déagóir darb ainm Trayvon Martin in eachtra in Sanford, Florida i bhFeabhra 2012.
theip go tubaisteach ar na nuachtáin Ghaeilge the Irish newspapers failed miserably
" Ach cén seans go mairfidh Seachtain nuair a theip go tubaisteach ar na nuachtáin Ghaeilge a tháinig roimhe? Na Foilseacháin Sainspéise Seo ============ Seanscéal agus meirg air is ea na deacrachtaí atá ag nuachtáin chlóite ar bhonn domhanda.