Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Do réir mar a thuigim my understanding is
" Do réir mar a thuigim, chuaigh an léiritheoir Lelia Doolan ’ig RTÉ i dtosach leis an smaoineamh faoin gclár ach ní raibh aon spéis ag Montrose i scéal Bhernadette.
Tuigtear do understands
" Tuigtear do Cheyenne, ag coirm cheoil de chuid David Byrne, cé chomh mór is a ghoill teip ghrá an athar air, agus an t-anamghortú a chuir deireadh obann lena chuid ceoil féin.
Tuigfear do Roy Keane a mhíchéadfa RK’s upset is understandable
" Caint Roy ==== Tuigfear do Roy Keane a mhíchéadfa oíche theip na hÉireann ach cuimhnímis gur thacaigh sé ina chaint chéanna le lucht tacaíochta na foirne chomh maith.
tuigim do cheist I know what you’re saying
" Ba é m’athair mo thraenálaí ach tuigim do cheist mar ní thagann dornálaithe as ceantair flúirse de ghnáth.
De réir mar a thuigtear do as (D.) sees it
" De réir mar a thuigtear do Dhónall, bíonn drogall ar dhaoine aeracha na cathrach a spéis sa nGaeilge agus i saíocht traidisiúnta na hÉireann a léiriú de dheasca tuiscintí coiméadacha a bhíodh nasctha go haineolach leis an nGaeilge, rud nach bhfuil fíor a thuilleadh dar leis.
Tuigtear do chuile dhuine everyone knows
" Déanfaidh mise mo bhreithiúnas air chomh maith ach ní bheidh sé bunaithe ar chruinneas nó ar líofacht a chuid Ghaeilge ach ar an méid seo: an mbeidh sé de mhisneach aige moltaí a bhí déanta sa Staidéar Teangeolaíoch ar Staid na Gaeilge sa nGaeltacht a chur i bhfeidhm? Mar shampla, an mbeidh sé toilteanach glacadh leis na critéir theangeolaíocha a bhí molta sa staidéar sin? An mbeidh se sásta deireadh a chur leis an gcur i gcéill atá ar bun ag a Roinn, faoina gcuirfear airgead amú ar phleanáil teanga i gceantair sa nGaeltacht oifigiúil nach bhfuil rian ar bith den Ghaeilge fágtha iontu? An mbeidh sé sásta deireadh a chur le stádas Gaeltachta na n-eastát tithíochta ar imeall na Gaillimhe? Tuigtear do chuile dhuine nach bhfuil aon bhunús teangeolaíoch le stádas Gaeltachta a bheith ag eastáit tithíochta i dTír Oileáin agus i gCnoc na Cathrach.
Tuigtear do understands
" Tuigtear do Chiara Nic Gabhann go bhfuil scaifte ó thuaidh sásta dul i bhfiontar turasóireachta arbh fhéidir £20m.