Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
go raibh moladh mór tuillte ag Altan that Altan deserved a lot of praise
" Thug sé sásamh chomh maith di roinnt blianta ó shin nuair a dúirt an fidléir cumasach Conallach Vincent Campbell léi gur mheas sé go raibh moladh mór tuillte ag Altan as an mhéid a bhí déanta acu do cheol an chontae.
Nach bhfuil sé tuillte againn? don't we deserve it?
" "Nach bhfuil sé tuillte againn?" ar siadsan leo féin, "agus an dua agus an saothar atá caite againn inár suí i mbun na leabhar le bliain anuas.
Nach bhfuil sé tuillte againn? don't we deserve it?
" "Nach bhfuil sé tuillte againn?" ar siadsan leo féin, "agus an dua agus an saothar atá caite againn inár suí i mbun na leabhar le bliain anuas.
tuillte deserved
" An teachtaireacht a bhí i gceist sa chás seo ná nach bhfuil pionós báis tuillte ag máthair óg gheal a dhúnmharaíonn a cuid páistí.
tuillte deserved
" Tá an méid sin tuillte ag an gcluiche is ársa agus is breátha dá bhfuil againn.
tuillte deserved
" Is é mo bharúil go bhfuair na daoine i mBostún Theas níos mó den mhilleán ná mar a bhí tuillte acu.
tuilleadh tacaíochta more support
" Tá sé in am do lucht na Gaeilge agus bainistíocht an stáisiúin féin tabhairt faoi fheachtas le tuilleadh tacaíochta a mhealladh don stáisiún.
a thuilleadh any more
" net/pg/) a chuir tús leis an ngluaiseacht chun leabhair a chur ar fáil ar ríomhairí agus is féidir teacht ar na mílte leabhar nach bhfuil cóipcheart orthu a thuilleadh ar an suíomh gréasáin atá ag an tionscadal.
tuillte earned
" Dá bhrí sin tá cúiteamh, is é sin íocaíocht, tuillte acu, dar leo.
tuillte deserved
" Tá moladh tuillte ag Conradh na Gaeilge as ucht a bheith sásta leanúint ar aghaidh ag ardú na ceiste ar feadh na mblianta agus gan mórán ag tabhairt airde ar a gcuid éileamh.
tuillte deserved
" An teifigh iad nó daoine ag lorg dídine? Ar chóir iad a ligint i dtír? An raibh an Astráil ag comhlíonadh a cuid dualgas? An raibh cáineadh tuillte ag an Astráil? An cúis náire a bhí ann? Má bhí tairbhe ar bith ag baint leis an scéal, dhírigh sé aird na meán ar an méid teifeach atá ar domhan - tuairim is 22 milliún, beagnach ceithre mhilliún acu ón Afganastáin, fiú sular thosaigh an cogadh is deireanaí ansin.
tuillte deserved
" Measann sé go bhfuil níos mó tuillte aige féin agus ag na damhsóirí eile ná mar atá á fháil acu agus cuireann sé isteach air gur gearradh siar go mór ar na *perks* (mar a thugann sé orthu) a bhí acu sna blianta tosaigh den seó, in ainneoin go bhfuil na sluaite ag tarraingt air go fóill.
ag teacht anuas ina thuillte raining really heavily
" " Le sin d'fhoscail an spéir agus thoisigh sé ag teacht anuas ina thuillte.
tuillte earned
" Labhair Uachtarán an CLG freisin agus dúirt go raibh buíochas mór tuillte ag na daoine a bhunaigh an Dublin Hurling Club agus mhol sé a gcuid iarrachtaí chun an cluiche a chaomhnú.
a thuilleadh anymore
" Obair dheonach a ghlaonn daoine eile air seo, agus is mar sin a thosaigh mé, ach ní obair atá ann domsa a thuilleadh ach pléisiúr.
tuillte deserved, earned
" Tháinig feabhas air sin an bhliain seo caite ach táim go láidir den tuairim go raibh sé tuillte go maith againn.
a thuilleadh any more
" Cé go bhfuil a sliocht fós ann, is beag atá fágtha dá dteanga, agus ní labhraítear í a thuilleadh ó lá go lá.
tuillte deserved
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag Breacadh? Mar go ndearnadh neamart sa réimse seo oideachais le fada.
a thuilleadh any longer
" D'éirigh leis é sin a dhéanamh mar gur rialaigh an Chúirt Bhunreachtúil i 1976 nach raibh sé de chead ag an stáisiún náisiúnta teilifíse, RAI (Radio Televisione Italiana) monaplacht a bheith aige i réimse na craoltóireachta náisiúnta a thuilleadh.
a fhorbairt tuilleadh to develop further
" Deirtear go bhféadfadh an CLG na milliúin euro a thuilleamh tré chluichí sacair agus rugbaí a cheadú agus go bhféadfaí an t-airgead sin a úsáid ansin chun an iomáint agus an pheil, agus an liathróid láimhe ar ceann de chluichí an chumainn í chomh maith le cluiche corr chomh fada le m'eolas, a fhorbairt tuilleadh.
tuillte earned
" "Tá an-mheas ag daoine ar TG4 agus tá an meas sin tuillte acu.
tuillte deserved
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead sin tuillte ag Aonad na Gaeilge? In ionad a rá go bhfuil an méid a chaitear tuillte ag an Aonad, déarfainn go bhfuil pobal na Gaeilge i dteideal soláthar ceart a fháil ón BBC mar chraoltóir seirbhíse poiblí; tá céadchodán suntasach de phobal Thuaisceart Éireann a bhfuil Gaeilge acu nó suim acu inti.
a thuilleann siad that they earn
" D'éirigh sí as a bheith ag múineadh trí bliana ó shin ach is ar éigean atá sí féin agus a fear céile Len Graham (amhránaí cáiliúil eile) ábalta maireachtáil ar an airgead a thuilleann siad.
tuillte deserved
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead sin tuillte ag Fios Feasa? Baineann tábhacht faoi leith le *multimedia *in aon phróiseas foghlama: is mar sin is fearr a thugann daoine daonna eolas isteach, agus is mar sin is fearr a choimeádaimid greim air.
tuillte deserved
" Ba iad na hionsaithe céanna sin - a d'fhág 23 oifigeach de chuid an NYPD agus 343 fear dóiteáin marbh - a chuir tús tobann leis na deacrachtaí geilleagair atá mar an phríomhchúis nach féidir na harduithe atá, dar le go leor, tuillte ag na hoibrithe sin a bhronnadh.
tuillte earned
" Gníomh maith fiúntach ann féin le déanamh, a déarfá, agus tá moladh tuillte ag na ceoltóirí agus na hamhránaithe ar fad a ghlac páirt sa tionscadal gan íocaíocht ar bith.
tuillte deserved
" Ar ndóigh, chreid formhór na ndaoine i Nua-Eabhrac go raibh pá níos fearr tuillte ag na laochra seo in éide.
laghdaítear an stoc a thuilleadh the stock is further reduced
" Leanann na hiascairí ar aghaidh ansin ag marú na n-iasc ag leibhéal atá ró-ard, agus laghdaítear an stoc a thuilleadh.
tuillte deserved
" Tugtar an t-uafás drochíde dóibh uaireanta nuair a dhéanann siad botún ach an té a léifeadh an leabhar seo seans go n-admhódh sé go bhfuil ómós níos fearr tuillte ag réiteoirí na tíre ná mar a fhaigheann siad de ghnáth.
tuillte deserved
" Ní hamháin go ndeir John nach raibh aon dul as aige ach an ceathrar a dhíbirt, admhaíonn sé go raibh an pionós céanna tuillte ag Gaillimheach eile ach nach raibh sé in ann a uimhir a fheiceáil ná é a aithint i measc an tslua imreoirí.
tuilleadh brú more pressure
" Ainneoin shéanadh na bpoblachtánach, meastar go bhfuil siad ag ullmhú gníomh tógtha muiníne, gníomh críochnaithe le tuilleadh brú a chur ar Rialtas na Breataine maidir le "dímhíleatú".
tuillte deserved
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag Aonad na Gaeilge? Tá dualgas reachtúil ar Ollscoil Luimnigh, mar aon le hollscoileanna eile, i leith chur chun cinn na Gaeilge (Acht na nOllscoileanna 1997 agus Acht Ollscoil Luimnigh (Díscor Choláiste Thuamhumhan) 1991).
tuillte deserved
" Cén fáth a bhfuil an t-airgead seo tuillte ag an Ghaeláras? Feidhmíonn An Gaeláras ag leibhéal an phobail, ar mhaithe leis an phobal agus, mar sin, is airgead é an maoiniú a fhaigheann muid a théann go díreach le leas an phobail a dhéanamh.
tuillte earned
" Tá buíochas tuillte ag an Athair Diarmuid Ó Péicín, Íosánach, a chuidigh le haird an phobail agus an rialtais a dhíriú ar an eagóir a bhí á déanamh ar Thoraigh agus na seirbhisí cuí a bhaint amach do phobal an oileáin.
a thuilleadh Béarla more English
" Tugann mórán den bhfostaíocht a thuilleadh Béarla isteach go dtí an nGaeltacht.
tuillte deserved
" Ar aon nós, agus le filleadh ar an ábhar atá idir chamáin, mar a déarfá (!), tá moladh agus buíochas lucht leanúna na hiomána tuillte ag muintir Uíbh Fhailí agus go speisialta ag muintir Bhiorra.
tuilleadh eolais more information
" Déanann sí cur síos ar ord reatha an lae ach, de réir mar a scairteann daoine ar an chlár ag tabhairt tuilleadh eolais ar ábhar nó ag tabhairt faoi dhuine de na haíonna, go minic is clár eile ar fad a bhíonn ann ón cheann a bhí beartaithe.
ag tuilleadh increasing
" D'fhéach aghaidheanna as an slua ar a chéile, ar an gcos, agus ansin ar aghaidheanna eile den daoscarshlua a bhí ag tuilleadh is ag cruinniú de réir a chéile.
tuilleadh cos scoite caite more severed legs
" Ní móide go n-aithneodh í dá mbeadh tuilleadh cos scoite caite thart ann ach nuair nach raibh ann ach í agus gan éinne eile den chomhluadar callánach ar leathchois bhí a fhios aige go gcaithfeadh sé gurb í a bhí ann.
tuilleadh soiléirithe more clarity
" Sna laetha atá le theacht, beidh Blair ag déanamh a dhíchill tuilleadh soiléirithe a fháil ón IRA ach ní dócha go bhfaighidh sé é.
a thuilleadh any more
" I ndiaidh cúpla lá san áit, áfach, tá na fuaimeanna áirithe seo mar chuid den fho-chomhfhios agus ní bhacann tú leo a thuilleadh.
a thuilleadh any more
" Ní leor an cur chuige seo a thuilleadh.
a thuilleadh any more
" Níl sé ann a thuilleadh ach tá go leor tithe tábhairne eile ann ar nós an Abbey ar an taobh ó thuaidh agus Chief O'Neill's.
tuillte deserved
" *An Chicago Tribune *a d'fhiafraigh ar dtús cá raibh an t-anlaith milis, mealltach, fáinne-chluaiseach, bairéadach sin Peatsaí Dan Mac Ruairí? *Pravda *na Rúise a thóg an cheist cá háit a raibh an boc eile milis, mealltach, col ceathrach, círéibeach sin ar bhreá leis a bheith ina fhorlámhaí ar an Chreag i Lár na Farraige móire suaite, Pól Mac Ruairí? *L'Osservatore Romano *a bhí ag iarraidh a fháil amach cá raibh an Pabhsae Gléigeal sin atá ina príomh-*idiot *preabach, praiticiúil, pragmatach ar Phobalscoil Thoraí, an tSiúr Máire Clár na Cáiréise? Fiafraíonn an nuachtán naofa an raibh sise ar scoil an lá sin nó, mura raibh, cá háit go díreach a raibh sí agus cad é a bhí ar siúl aici ann? Ceisteanna iad sin atá á gcíoradh anois ag tuairisceoirí na cruinne, ceisteanna a bhfuil a bhfreagraí tuillte ag lucht léite nuachtáin an domhain.
tuillte floods
" " As go brách leis an scódaí súgach ansin, suas fá chósta thiar na hÉireann, fríd na tuillte agus na stoirmeacha, fríd an anfa agus an doineann ar dlúthchuid iad de shamhradh gruama na hÉireann.
níor thuill siad cathaoirleacht they didn't earn a chairmanship
" Níl Caitliceach fán áit; Sinn Féin, an SDLP, Alliance féin, níor thuill siad cathaoirleacht ar choistí na comhairle.
tuillte deserved
" Roimh 9/11, ainmníodh na sráideacha, mar chomhartha ómóis, as oifigigh uaisle phoiblí nach raibh ónoir ní ba mhó tuillte acu, is oth liom a rá.
a thuilleadh orduithe more orders
" Ach faoi láthair níl muid ag tógáil a thuilleadh orduithe lena aghaidh.
go dtuillfidh sé that he'll earn
" Is féidir a bheith cinnte go dtuillfidh sé cuid mhaith airgid freisin ón mbrabús a dhéanfar ar an leabhar atá á scríobh ag beirt iriseoirí Mheiriceánacha ina thaobh faoi i láthair.
tuillte deserved
" €162,000 a fhaigheann Lá, €300,000 a fhaigheann *Foinse* (agus é tuillte go huile agus go hiomlán acu) faoi láthair.
tuilleadh fógraíochta more advertising
" Ach i ndeireadh báire beidh rath ar an nuachtán seo má thig leis 5,000 cóip a dhíol agus tuilleadh fógraíochta a shaothrú.
níl aon trácht a thuilleadh there's no mention anymore
" Ar an drochuair, áfach, níl aon trácht a thuilleadh ar fheabhas a chur ar an mbóthar iarainn idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh.
a thuilleadh any more
" Beag an seans go dtarlóidh sin ach oiread agus is dócha nach leor é a thuilleadh, ach is cinnte go mbeidh straitéiseoirí Shinn Féin ag bualadh le chéile leis an bhealach chun cinn a oibriú amach, a fhad is tá an DUP ag bualadh le Paul Murphy le leagan amach na hidirbheartaíochta a phlé.
tuillte deserved
" Agus ar ndóigh tá sé tuillte go maith aici; is parthas do thurasóirí í ar go leor bealaí agus tá neart ag muintir na tíre le bheith ag maíomh as.
tuillte earned
" Chomh maith leis sin, is féidir moltaí a chur faoina mbráid nó iad a mholadh más dóigh leat go bhfuil sé tuillte acu.
tuilleadh more
" B'fhearr liom tuilleadh a bheith ag dul don dream atá thíos agus gan an oiread sin a thabhairt dúinne atá go maith as.
a thuillim that I earn
" Caithfidh mé a admháil, áfach, i mo chás féin nach raibh mórán difir idir an pá a shaothraigh mé agus an t-airgead a thuillim ón obair a dhéanaim de ghnáth, an tsaorscríbhneoireacht.
ag iarraidh tuilleadh looking for more
" Páirc an Chrócaigh: ar chóir í a chur ar fáil do spóirt eile? Ceist amháin faoi sin: cén chaoi a bhféadfaí cead a thabhairt do lucht rugbaí imirt ansin nuair nach dtugann siad ómós cuí do "Amhrán na bhFiann"? Ticéid: an praghas ró-ard (aontaím) agus faigheann na daoine míchearta iad i mí Mheán Fómhair (níl tuairim agam cén chaoi); rud eile: cá mbíonn na "*genuine supporters*" go léir an chuid eile den bhliain? An GAA: an "Grab All Association" - céard a dhéanann siad leis an airgead go léir a thagann isteach ag na cluichí móra gach bliain? Agus tá siad ag iarraidh tuilleadh ón rialtas! Peil Ghaelach: an dtuigeann éinne na rialacha? An bhfuil rialacha ann? Sampla: cóirigh an mhinicíocht a ardaíonn imreoirí an liathróid den talamh go neamhdhleathach gan saorchic ina gcoinne.
ná mar a thuilleann múinteoir than a teacher earns
" Pé scéal é, is fear saibhir é an bainisteoir céanna mar íoctar tuarastal an-mhaith leis de réir mar a thuigim, i bhfad níos mó ná mar a thuilleann múinteoir, cuir i gcás, dá fheabhas é.
a thuilleadh any more
" "Ní raibh fáil a thuilleadh ar an dá albam agus, rud eile, níor eisíodh *Solas Gorm *riamh i bhfoirm dlúthdhiosca.
tuilleadh forbairtí more developments
" Tabharfaidh an bóthar seo torann, soilse agus tuilleadh forbairtí in éineacht leis.
tuilleadh forbartha more development
" Tá ag éirí thar na bearta leis an tionscadal sin agus ba mhaith leis an mBord tuilleadh forbartha a dhéanamh air.
tuillte deserved
" Dar ndóigh, chruthaigh sé seo teannas mór idir a bheirt acu; agus iad ag ceiliúradh cúig bliana is fiche le chéile, dúirt Jo go raibh an *croix de guerre *tuillte acu agus rinne Hopper armas di as *rolling pin *agus liach in onóir *"mutual domestic violence"*.
tuilleadh more
" Mar sin, le claochlú a chur ar mhana pháirtí an Taoisigh a chualamar cheana, b'fhéidir go bhfuil go leor déanta, ach tá tuilleadh le déanamh.
tuillte deserved
" Rugadh Éamonn Mac Gearailt i sráidbhaile beag i gContae Chiarraí darb ainm Caisleán an Chuain i l903 agus, cé nach raibh dearmad iomlán déanta air ina áit dhúchais, is beag duine taobh amuigh den cheantar sin a mbeadh aon tuairim aige go raibh sé ar dhuine de laochra móra spóirt na tíre, agus go bhfuil an gradam "laoch spóirt" tuillte go maith aige.
tuilleadh fiosruithe more enquiries
" Cén chaoi a bhfuil an t-eolas seo ar fáil inniu, cúig bliana is ceathartha i ndiaidh a bháis? Tar éis don chraoltóir raidió Weeshie Ó Fógartaigh an chéad nod a fháil agus é ag siúl timpeall Chaisleán an Chuain in 2001 go raibh laoch áitiúil spóirt ag muintir na háite sin, rinne sé tuilleadh fiosruithe agus ba léir dhó ansin gur duine ar leith é Éamonn Mac Gearailt.
tuillte earned, deserved
" Cén uair a thiocfadh leat a rá go bhfuil níos mó luacha ag baint le rud a laghdú ná mar atá le rud a mhéadú? Cé mhéad uair a chuala tú duine ag gearán faoi chanbhás lom spárálach, é ag rá nach bhfaca sé rud ar bith ann, go raibh an praghas áiféiseach agus go dtiocfadh le duine ar bith é a dhéanamh? An bhfuil an freagra faighte agat go foill? Is ea, tá mé ag caint faoi ghluaiseacht ealaíne a tharla sna seascaidí agus atá go fóill ábalta díospóireachtaí fíochmhara a spreagadh idir daoine faoin fhiúntas a bhaineann léi agus an t-aitheantas atá nó nach bhfuil tuillte aici.
tuillte earned
" Bhuel, nach bhfuil an áibhéil tuillte agam? Samhlaigh scannán dubh agus bán: strainséir ina sheasamh i ndoras, figiúr dorcha in aghaidh an tsolais amuigh agus a scáth sínte go fada síos ar urlár cúng éigin - mise, agus ar chúl dorais ag bun an phasáiste súile fhear an tí leata chomh mór gur beagnach bán ar fad iad, cluas greamaithe don adhmad, bodhraithe go tobann ag macalla an iarainn sna boinn agus mé ag coisíocht céim ar chéim chun tosaigh - chugat, a fhear na súl bán, faitíos chugat! Agus leis sin shiúil mé síos an pasáiste, ag comhaireamh na gcoiscéimeanna dom féin, a haon, fan tamall, a dó, chuaigh mé i bhfad scéil leis, a trí, bhain fad mór millteach fada as nó gur shroich an doras agus chnag, aon dó trí.
a thuilleadh any more
" Ar an taobh eile, níl aon chosaint acu ar fhórsaí an mhargaidh shaoir a thuilleadh.
tuillte deserved
" I bhfocail eile, má thugann tú leathmharú do dhuine ar pháirc na himeartha agus fionraí sé mhí tuillte agat dá bharr, mura bhfuil tú i do "*alien*" amach is amach beidh aithne agat ar dhuine éigin a bheas in ann cuidiú leat éalú ón bpionós atá ag dul duit.
tuillte go maith aici well-earned
" Is dócha, nuair a chuireann tú san áireamh an méid atá bainte amach aici, go bhfuil éalúchas mar seo tuillte go maith aici! *Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Ní Laighin.
a thuilleadh any more
" "Ní raibh mo sheanfhoirmle ag obair a thuilleadh," a deir sé, "Bhí mé ag obair agus ag obair gan bheith ag éisteacht liom féin - le mo chorp nó le mo mheon.
tuilleadh taitnimh more enjoyment
" Ach tiocfaidh feabhas ort agus, de réir mar a thiocfaidh, bainfidh tú tuilleadh taitnimh as bheith ag úsáid do chuid eolais.
Bímís ag tnúth le tuilleadh conspóide! Let's expect more controversy!
" Bímís ag tnúth le tuilleadh conspóide! *Is múinteoir scoile é Colm Mac Séalaigh a bhfuil cónaí air i mBaile Átha Cliath.
le tuilleadh iomaíochta a spreagadh to encourage more competition
" Bhí an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide agus an earnáil teileachumarsáide sna nuachtáin arís le linn mhí Eanáir nuair a ghlac an Coimisiún Eorpach le réiteach nua an rialtóra Éireannaigh le tuilleadh iomaíochta a spreagadh sa tionscal fóin phóca.
tuilleadh iomaíochta more competition
" Bhí an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide agus an earnáil teileachumarsáide sna nuachtáin arís le linn mhí Eanáir nuair a ghlac an Coimisiún Eorpach le réiteach nua an rialtóra Éireannaigh le tuilleadh iomaíochta a spreagadh sa tionscal fóin phóca.
tuillte deserved
" Dar ndóigh, ar nós gach conspóid dá leithéid, ligtear i ndearmad na hargóintí agus na heasaontais a luaithe is a thosaíonn an séasúr nua tar éis na Nollag, ach amháin, b'fhéidir, i measc imreoirí a cheapann go raibh an gradam tuillte acu ach nach bhfuair é.
tuillte earned
" Pioctar na smidiríní seacláide agus *marzipan *suas agus itear iad ansin - iad tuillte go maith acu, agus ag an lucht féachana! Stair chasta ======= Tá stair chasta ag an Eilvéis, cé gur tháinig na *cantons *(réigiúin leathneamhspleácha) le chéile ar bhonn comhcheangail le linn ré an impiriúlachais san Eoraip.
tuilleadh rochtana more access
" Is rud fíordhearfach é go bhfuil tuilleadh rochtana ag daoine ó aicmí éagsúla ar oideachas.
tuillte earned
" Moladh tuillte aici as seasamh siar ón vóta faoi dhíol thithe Eanach Mheáin mar go raibh comhairleoir polaitiúil dá cuid ar dhuine dóibh siúd a chuir tairiscint isteach.
a thuilleadh any more
" Níl na laincisí sin orthu a thuilleadh, áfach, agus tá ceisteanna á n-ardú go flúirseach acu anois.
a thuilleadh any more
" ” Nuair a bunaíodh RTÉ, ní raibh an tábhacht chéanna ag baint leis an scannánaíocht seo a thuilleadh, áfach, ach de bharr gníomh amháin a dhein Gael Linn, cinntíodh go bhfanfadh smacht ar chúrsaí teilifíse in Éirinn i lámha na nÉireannach.
tuillte deserved
" Tá scéal Vincent Coll ann, an fear a raibh an leasainm “Mad Dog” tuillte go maith aige.
a thuilleadh any more
" Ní féidir le duine ar bith a rá a thuilleadh gurb í an príomh-theanga labhartha í i measc an aoisghrúpa ar a dtugtar déagóirí.
a thuilleadh any more
" “An rud ba thábhachtaí faoin gcraoladh sin ná gur athraigh sé an díospóireacht ar fad, mar ní fhéadfaí an argóint a úsáid a thuilleadh nach bhféadfaí a leithéid a dhéanamh mar go raibh sé róchasta, róchostasach.
tuillte deserved
" Tá meon áirithe ann – síleann siad go bhfuil an t-airgead tuillte acu.
Níl faic na ngrást tuillte acu. They've earned nothing.
" Níl faic na ngrást tuillte acu.
a thuilleadh any more
" Dúradh go díreach le McDonald’s nach dtabharfaí tacaíocht dóibhsean a thuilleadh mura gceannóidís a gcuid glasraí san Astráil.
tuillte deserved, earned
" Is tré iarrachtaí na n-imreoirí idirchontae a chuirtear na cluichí sin i láthair an domhain mhóir agus tá aitheantas tuillte acu faoi mar a thuilleann ealaíontóirí agus lucht spóirt ghairmiúil, is é sin aitheantas i bhfoirm faoisimh nó liúntais cánach.
tuillte earned
" “Tá sé soiléir le blianta anuas,” a deir Ray Yeates, “go bhfuil Taibhdhearc na Gaillimhe i mbarr réime i saol amharchlainne na tíre, is cuma cé acu Gaeilge nó Béarla atá i gceist, agus go bhfuil clú tuillte ag aisteoirí mar Dhiarmuid de Faoite.
tuilleadh cigireachta more inspection
" Tá plean an Aire Sláinte go ndéanfaí tuilleadh cigireachta ar otharlanna agus go mbeadh orthu cuntais sláinteachais rialta a thabhairt, le moladh go mór.
tuilleadh creimthe more wearing away
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
tuilleadh láithreán uafáis more horror sites
" Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, beidh tuilleadh láithreán uafáis ag Robert Fisk le bheith ag tuairisciú uathu.
tuillte earned
" Tá cuid den phobal san Astráil míshásta gur thug póilíní na tíre eolas d’údaráis na hIndinéise a chuidigh leo naonúr Astrálach a ghabháil i mBali níos luaithe i mbliana agus drugaí ina seilbh ach tá daoine eile den tuairim go bhfuil cibé pionós a ghearrfar orthu tuillte go maith acu.
tuilleadh creimthe more wearing away
" Muna mbíonn, déanfaidh sé tuilleadh creimthe ar leibhéal muiníne an phobail sna daoine a bhfuil sé mar fhreagracht orthu dlí an Stáit seo a chur i bhfeidhm.
a thuilleadh any more
" Faoin am seo, bhí a fhios agam nach bhféadfainn é sin a dhéanamh liom féin a thuilleadh.
tuilleadh cuidithe more help
" Tá sé ag cuartú tuilleadh cuidithe lena chuid pleananna d’Erectus Dhoire 2006 a chur i gcrích.
thuilleann muid that we earn
" I bhfocail eile, d’achan €10,000 a thuilleann muid, caitheann muid €14,000.
a thuilleadh any more
" Ní bhíonn muid ag brabhsáil ar an idirlíon a thuilleadh ach ag dul sa tóir ar eolas faoi leith – agus tá an cur chuige sin ag scaipeadh go dtí ár ríomhairí féin agus gach saghas gléas leictreonach.
tuilleadh fianaise more evidence
" Bhí tuilleadh fianaise le fáil faoi seo trí seachtainí ó shin nuair a bhí na sluaite bailithe in aice thrá Cronulla i ndeisceart Sydney ag maslú “*wogs*”, “*Lebs*” agus an fáidh Mahamad agus ag ionsaí aon duine a cheap siad go raibh “cuma an Mheánoirthir” air.