Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tuisceanach go cúltúrtha culturally-sensitive
" I 1988, le suim an-bheag airgid síl ón rialtas i DC, chruthaigh Gomez an rud a bhí ag teastáil go géar ón chathair agus a cuid áitritheoirí is nua: clinic réamhbheireatais do mhná Laidineacha a mbeadh siad in acmhainn íoc as, le soláthraithe a mbeadh Spáinnis acu agus a chuirfeadh cúram a bheadh tuisceanach go cúltúrtha ar fáil.
léiritheoir tuisceanach an understanding producer
" Chomh maith leis sin bhí fonn orm albam aonair fidléireachta a thaifeadadh gan mórán tionlacain leis an mbéim ar an seancheol agus bhí áthas orm léiritheoir tuisceanach mar Harry Bradshaw a fháil i gcomhair an tionscadail seo.
tuisceanach understanding
" Tá an clú orm nár chuir easpa airgid stop ariamh liom … agus tá fear céile tuisceanach agam.
go tuisceanach wisely, with understanding
" Is ceart na nótaí sin a phiocadh amach (go cúramach) i dtosach agus ansin iad a úsáid go tuisceanach agus le blas chun beagán de chic a thabhairt don tiún.
níos tuisceanaí ar more understanding of
" Tá cuid acu ag iarraidh foghlaim faoi dhearcadh eile ar an saol (taitníonn na seanscéalta agus pisreoga leosan), cuid eile ag lorg eolais ar liricí amhrán nó píosaí filíochta - agus cuid eile ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim chun go mbeidh siad níos tuisceanaí ar na hÉireannaigh nuair a rachaidh siad chun na tíre ar saoire.
teagascóir níos tuisceanaí a more understanding teacher
" Bhíos i gcraiceann mo rangsa le linn don treoraí a bheith ag caint, agus is dóigh liom go ndearna an tráthnóna sin teagascóir níos tuisceanaí díom.
níos tuisceanaí more understanding
" Nach bhfuil sibh cúngaigeantach i dtaca leis an Ghaeilge?” “Shíl mé go raibh tusa níos tuisceanaí ná sin, a Bhaloir cháidh,” a d’fhreagair Súoráiste.
ar na léachtóirí is foighní agus tuisceanaí one of the most patient and understanding
" Ní háibhéil a rá go bhfuil sé ar na léachtóirí is foighní agus tuisceanaí a casadh orm agus mé ar an ollscoil.
ní fhéadfaidís a bheith níos tuisceanaí they couldn't have been more understanding
" “Caithfidh mé a rá go raibh na húdaráis, na sagairt a bhí ag breathnú inár ndiaidh, ní fhéadfaidís a bheith níos tuisceanaí agus níos deise ná mar a bhí siad linn (na daoine a d’fhág).
bean an-tuisceanach a very understanding wife
" Is dóigh go bhfuil an t-ádh orm go bhfuil bean an-tuisceanach agam, agus chomh maith leis sin, go bhfuil beirt mhac agam a bhfuil suim acu sa rud atá muid a dhéanamh.
an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach the Understanding Attractive Reporter
" Agus olltoghchán ar na bacáin is cúrsaí polaitíochta, níos mó ná rud ar bith eile, a bhí ag teacht idir Balor an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach agus codladh na hoíche le mí anuas.
an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach the Understanding Attractive Reporter
" An mhí seo a chuaigh thart thug Balor an Tuairisceoir Tuisceanach Tarraingteach cuireadh don Aire Talmhaíochta, Máire Ní Chochráin, cuairt a thabhairt air ina phluais chun babhla sú a chaitheamh ina chuideachta cois na tine.
níos tuisceanaí more understanding
" Bhí sé ag súil go roinnfeadh sí a gaois pholaitiúil leis i dtéarmaí simplí talmhaíochta – téarmaí a bheadh sothuigthe dó féin agus dá chuid léitheoirí – cionn is go bhfuil olltoghchán ar na bacáin, agus le go mbeadh sé rud beag fiú níos tuisceanaí agus níos tarraingtí fós mar thuairisceoir.
níos tuisceanaí, more understanding,
" Ós na cainteanna seo,” arsa Hoban, muid ag éisteacht go ríchúramach leis, “ is féidir liom a rá le gach éinne go raibh Ger níos sásta lena shaol agus lena ealaín ná mar a bhí riamh – níos compordaí le cúrsaí casta a shaoil ná mar a bhí riamh, níos tuisceanaí, níos ábalta déileáil leis.
tuisceanach understanding
" “Bíonn léiritheoirí tuisceanach mar caithfidh siad a bheith tuisceanach.
a cháil mar thuairisceoir tuisceanach his reputation as an understanding reporter
" Cúis mhórtais do Bhalor a cháil mar thuairisceoir tuisceanach agus mar fhiosraitheoir fáidhiúil, agus dá mbeadh barúil aige faoi na scéalta móra nuachta sular thit siad amach ar chor ar bith, ní bheadh tuairisceoirí an *Sindo* agus an *Star*, an *Mirror* agus an *Messenger of the Sacred Heart* ach in áit na leathphingne i gcomparáid lenár laoch.
scoláirí móra tuisceanacha great understanding scholars
" “Agus nuair a casadh scoláirí móra tuisceanacha air, Meiriceánaigh a bhformhór, thuig siadsan, nuair a bhí staidéar déanta acusan agus amhránaíocht dúchais as tíortha eile an domhain cloiste acu, dúirt siad leo féin, 'By dad, seo an *gold nugget*.
laoch tuisceanach understanding hero
" Ach caidé faoi Mharti Maranach Marbhánta Morrissey, laoch tuisceanach na gcomhfhreagraithe spóirt, a bhí ag cur agallaimh ar Phaddy ag an am agus a chinntigh go ndúirt Paddy an méid a dúirt sé faoi dhó agus faoi thrí go soiléir? Ba chuma gur ghlac Paddy go fonnmhar leis an bhonn ina dhiaidh sin agus gur chroch sé leis abhaile é go bródúil, bhí an méid a dúirt sé go borb agus go grod díreach i ndiaidh an bhabhta mar ábhar comhrá ag gach duine, a bhuíochas sin do Mharti Maranach Marbhánta Mearsmaointeach Morrissey.
é a chur in eagar ar bhealach tuisceanach edit it in an understanding way
" "Ní fheicfidh daoine an chuid is measa de mar gurbh éigean do Jim é a chur in eagar ar bhealach tuisceanach sa dóigh is nach múchfadh daoine a gcuid teilifíseán agus é ar siúl.
athchóiriú tuisceanach understanding renovation
" Rinneadh athchóiriú tuisceanach ar an áit le beannacht mhuintir Raheem agus is seoid álainn d'óstán búitíc é anois.
thuisceanach understanding
" ” Muintir Mhaith Rud amháin a chuireann ar chumas Ivana saol gníomhach gairimiúil agus saol teaghlaigh a bheith aici ná muintir thuisceanach chabhrach.
Tuisceanach understanding
" Is iomaí meancóg atá déanta ag Máire ó chuir sí hata an Tánaiste uirthi féin, ach ní thig le duine ar bith a chur ina luí ar Bhalor, an Tuairisceoir Tuisceanach, go raibh an ráiteas sin faoi na glasraí ina measc.
tuisceanach understanding
sách tuisceanach understanding enough
" An mbeidh an chéad uachtarán eile sách tuisceanach ar an dá thaobh ó thuaidh le go bhféadfaí tógáil ar an obair thábhachtach sin? Ba é buaicphoinnte a huachtaránachta, gan amhras, gur éirigh le Mary Mc Aleese, banríon na gcomharsan a mhealladh le cúpla lá a chaitheamh inár measc, níos túisce i mbliana.
go lom tuisceanach with understanding and honesty
" An bhfeicfidh sí arís go deo í? Scéal corraitheach a insítear, idir léaráidí agus théacs, go lom tuisceanach.
An Dornán Beag Tuisceanach the small discerning group
" An Dornán Beag Tuisceanach ========== An drogall seo maidir le dul i ngleic le nádúr an oilc agus a iarmhairtí, tá sé sonrach i ndomhan na scannánaíochta chomh maith.
sách tuisceanach understanding enough
" Má tá an Conradh le bheith freagrach as ‘ardú feasachta, cosaint teanga’ mar atá leagtha síos dóibh ag an bhForas, an mbeidh aon iachall orthu struchtúr na heagraíochta a dhéanamh níos feidhmiúla, nó an bhfágfar é mar atá sé, le neart craobhacha ar pháipéir ach fíorbheagán acu gníomhach? Tá súil agam go mbeidh an Conradh sách tuisceanach le leanúint leis an obair fíorthábhachtach a bhí ar bun ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus an tIontaobhas Ultach, go sonrach.
níos tuisceanaí dá chéile more understanding of each other
" Ar ndóigh, ní le fadhbanna sóisialta nó polaitiúla an Tuaiscirt a cuireadh aon cheann de na féilte seo ar bun, ach má chuidíonn siad le pobail a thabhairt níos cóngaraí dá chéile agus le hiad a bheith níos tuisceanaí dá chéile, ní holc an fothoradh é sin ar a gcuid oibre.
cabhair thuisceanach feidhmiúil practical and sensible assistance
" An Súsa Bán ===== Bunaíodh Féileacáin le cabhair thuisceanach feidhmiúil a chur ar fáil do theaghlaigh a dtagann páiste chun an tsaoil chucu marbh.
tuisceanach macríúil tomhasta understanding, princely, measured
" Mheas Balor go raibh fíor niamhrach dhiamhrach neamhaí ar ár dTaoiseach tuisceanach macríúil tomhasta, ach ní fios an log a dtitfidh céad chnap eile na firmiminte anuas ar neach dearóil daonna.