Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
nárbh fhéidir leo na maslaí a thuiscint they couldn't understand the insults
" Níl Béarla acu agus an rud maith faoi sin ná nárbh fhéidir leo na maslaí a thuiscint.
agus ár dtuiscint a mhúnlú and shape our understanding
" Sna suiteálacha *They're All the Same* (1991) agus *Same Difference *(1990) ardaíonn sé ceisteanna faoin tslí a dtig le teanga dul i bhfeidhm orainn agus ár dtuiscint a mhúnlú, sa chás seo íomhá meáin de bheirt a bhfuiltear in amhras orthu gur baill iad den IRA.
tuiscint understanding
" Ní bheidh iontas ar éinne, seachas, b'fhéidir, ar chorr-státseirbhíseach thall sa mBruiséal a bhíonn ag plé go teibí le saol oibre na mílte duine, gan aon tuiscint cheart aige ar thoradh a chuid ionstraimí reachtúla sna pobail bheaga iascaireachta atá scoite amach ón lárchumhacht.
ní síocháin go tuiscint there is no peace without understanding
" Agus i ndeireadh na dála, ní síocháin go tuiscint.
le meon na ndaoine a thuiscint to understand the way the people are thinking
" Is beag nach gcuirfeadh Howard de Valera i gcuimhne dhuit - ní gá dó ach breathnú isteach ina chroí féin le meon na ndaoine a thuiscint.
tuiscint don gcré understanding of the soil
" "Tá cúrsa againn ar gharraíodóireacht órgánach a bhuaigh an chéad áit in Éirinn; ba mhaith liom go bpréamhófaí an fheirmeoireacht orgánach sa dúthaigh seo fad is bheidh na scileanna ag na daoine ar conas prátaí a chur, tuiscint don gcré, don aimsir, don síolchur agus mar sin de.
ba mhian liom a thuiscint I wanted to understand
" Bhí mé an-tógtha leis na hamhráin thraidisiúnta agus ba mhian liom a thuiscint cad é a bhí siad ag rá.
tuiscint bhunúsach basic understanding
" Níl deireadh leis an scéal fós ná baol air, ach is léir cheana féin gur chóir súil ghéar a choinneáil ar chuid de na daoine atá i mbun gnó san Astráil agus go bhfuil gá ag cuid acu le tuiscint bhunúsach ar chúrsaí eitice.
ag léiriú easpa tuisceana showing lack of understanding
" Dar le Michael Duignan, an bainisteoir, bhí Coiste an Chontae ag léiriú easpa tuisceana agus easpa spéise san iomáint sa chontae.
tuiscint understanding
" Feiceann sé go bhfuil tuiscint aici ar dhathanna agus ar sholas nach bhfuil ag a bhean féin.
ár dtuiscint our understanding
" Tar éis do Howard Dean a léiriú nach leor comhluadar a chruthú ar an idirlíon chun tacaíocht a chinntiú taobh amuigh den chibirspás, b'fhéidir gur chóir dúinn glacadh leis nach n-athróidh an t-idirlíon ár sochaí ach gur féidir leis cabhrú linn ár dtuiscint ar an domhan a leathnú.
thuiscint na dteangeolaithe linguists' understanding
" An nóisean seo den litríocht a bheith ina réaltacht fhíorúil, bunaithe ar thuiscint na dteangeolaithe ar nádúr na dteangacha atá sé.
tuiscint understanding
" "Ar bhealach tá buntáiste againn ansin mar gheall go bhfuil tuiscint againn ar an margadh Béarla.
easpa tuisceana lack of understanding
" Easpa eolais, easpa tuisceana, díograis na hóige agus mar sin is cúis leis an drochbhail atá ar chuid mhaith peileadóirí a bhí ag imirt sna 1970í agus na 1980í luatha.
a d'fhéadfadh duine ar bith a thuiscint that anyone could understand
" Tá a fhios ag gach éinne a chuala Mairéad Ní Mhaonaigh riamh ag canadh as Gaeilge go bhfuil smacht agus brón ann, a d'fhéadfadh duine ar bith a thuiscint, fiú gan focal amháin Gaeilge bheith aige.
droichead tuisceana a bridge of understanding
" De réir an stiúrthóra, Ian Rowlands: "Tá barraíocht ráite faoin bhráithreachas Ceilteach gan smaoineamh ar bith bheith déanta ar an chiall atá leis - má tá aon chiall leis! Is iomaí míthuiscint a bhí ann idir Éire agus An Bhreatain Bheag agus tá súil againn go gcruthóidh an dráma seo 'droichead tuisceana'.
níos mó tuisceana more understanding
" Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir? Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.
níos mó tuisceana more understanding
" Níl seomra dorcha, trealamh téagartha ná saineolas grianghrafadóireachta riachtanach níos mó chun pictiúr measartha maith a thógáil, ach an forbairt í an teicneolaíocht nua seo ó thaobh na grianghrafadóireachta mar cheird? In ainneoin an eolais atá ag go leor againn mar gheall ar chlódóireacht dhigiteach, comhaid, dioscaí stórála agus araile, an bhfuil muid go fóill ag smaoineamh i dtéarmaí grianghrafadóireachta agus muid ag tógáil pictiúir? Tá argóint láidir ann a deir go bhfuil níos mó tuisceana againn anois agus níos mó smachta ar na híomhánna a chruthaíonn muid.
tuiscint ar ghnó business sense
" Ní heolaíocht roicéad é seo, mar a deir an Béarla: níl ann ach tuiscint ar ghnó.
mórán tuisceana much awareness
" "In ainneoin na fianaise seo, ní raibh mórán tuisceana ag dochtúirí nó ag an phobal ar an bhaol atá ann galar súl a fháil ó chaitheamh tobac," ar seisean.
tuiscint shimplí simple understanding
" Cheap mé nach mbeadh ach cúpla focal agam agus tuiscint shimplí ar an ngramadach.
tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil a great appreciation for the local music
"tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil agus is suimiúil uilig dul chun cainte leis chun stádas an cheoil sa cheantar a phlé.
tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil a great appreciation for the local music
"tuiscint thar na bearta ag Mick don cheol áitiúil agus is suimiúil uilig dul chun cainte leis chun stádas an cheoil sa cheantar a phlé.
Easpa tuisceana lack of understanding
" Cén fáth a raibh sé seo amhlaidh? “Easpa tuisceana ar an meán féin.
tuiscint dhomhain deep understanding
" Agus níl gá le haon tuiscint dhomhain ar chúrsaí teicneolaíochta nó rudaí casta ar nós cóid HTML chun iontráil nua a fhoilsiú ar bhlag – ní gach ach foirm bheag a líonadh isteach ar líne.
tuiscint dhomhain deep understanding
" Agus níl gá le haon tuiscint dhomhain ar chúrsaí teicneolaíochta nó rudaí casta ar nós cóid HTML chun iontráil nua a fhoilsiú ar bhlag – ní gach ach foirm bheag a líonadh isteach ar líne.
a thuiscint to understand
" Caithfidh tú a thuiscint nach bhfaca mé focal ar bith Gaeilge roimhe sin agus shíl mé go raibh an teanga marbh.
mar chúiteamh ar an easpa tuisceana. to make up for the lack of understanding.
" Mhínigh sé don lucht féachana nár thuig na sclábhaithe Afracacha an scála Eorpach agus gur chuir siad nótaí eile isteach mar chúiteamh ar an easpa tuisceana.
tuiscint pholaitiúil political understanding
" An chéad uair a bhí tuiscint pholaitiúil agam ar mo stádas sa domhan, b’in nuair a d’fhill mé ón gcéad lá ar scoil.
an tuiscint thochtmhar the deeply emotional understanding
" Níl fhios ag duine ar bith go díreach cén fáth a ndearna an seanmháistir na portráidí lán de mhachnamh seo ach léiríonn siad an tuiscint thochtmhar a bhí ag Rembrandt ar an saol céasta a bhí thart timpeall air.
tuiscint understanding
" “Chuir Harvard an stampa rubair ar an tráchtas – tá mé in amhras ar léigh duine ar bith é, fiú – ar chóras fuaime na Gaeilge, rud nach raibh tuiscint chomh maith sin air go dtí sin.
an saibhreas seo a thuiscint. to understand this richness.
" Agus b’fhéidir go gcabhródh sé le daoine atá ceolmhar ach atá taobh amuigh den traidisiún an saibhreas seo a thuiscint.
a thuiscint to understand
" Tugtar príomhtheach an Oireachtais ar an Seanad agus tá sé deacair a thuiscint cén fáth.
an ceol dúchasach a thuiscint. to understand the native music.
" Ábhar álainn don cheoltóir óg ar mian leis nó léi an ceol dúchasach a thuiscint.
a dtuiscint féin their own understanding
" ” Admhaíonn sé gur gá a bheith cúramach mar go bhfuil sé an-éasca a bheith róláidir faoi ach dar leis gurb é an bunscéal atá sa Léann Éireannach go bhfuil an ceart ag daoine a dtuiscint féin a fháil ar a saol dóibh féin.
níor ghnách le muintir na tuaithe tuiscint a léiriú the people of the countryside used not show appreciation
" Ag an am sin níor ghnách le muintir na tuaithe tuiscint a léiriú don mhionlach sin a chuaigh i mbun léinn.
tuiscint understanding
" Deirim sin toisc gur léirigh siad ina gcuid cluichí i mbliana go bhfuil bua fíorthábhachtach amháin acu agus is é sin tuiscint ar conas cluiche a bhuachaint agus iad faoi bhrú ag an bhfreasúra.
tuiscint understanding
" Thuig sé mo chás, ach ní raibh aon tuiscint ná meas aige ar scoláire eile a dúirt go raibh cluiche sacair aige ar an Satharn! Fuair an buachaill sin íde béil uaidh.
mórán tuisceana much understanding
" Toisc nach raibh mórán tuisceana agam ar rugbaí, cheapas go raibh an treoir seo craiceáilte, ach rinne mé an méid a dúradh liom a dhéanamh agus bhí na *lads* eile do mo mholadh.
ach is beag a ghoilleann an t-eolas agus an tuiscint seo orm. but this knowledge and understanding effect me little.
" Tuigim go ndearnadh feall mharfach ar an gcine daonna ar an láthair seo ach is beag a ghoilleann an t-eolas agus an tuiscint seo orm.
tuiscint understanding
" Measann sé gurb é lucht féachana TG4 ná “daoine a bhfuil oideachas orthu, daoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí na tíre agus daoine a bhfuil Gaoluinn acu nó tuiscint ar thábhacht na teanga”.
tuiscint domhain deep understanding
" Ach ní ag caint ar “fhís” i dtéarmaí teibí atá mé – is é an cineál físe atá ag Mac Murchú ná tuiscint domhain i dtaobh cé hé féin, céard é an jab atá le déanamh aige, cén treo ina bhfuil a chomhlacht ag dul agus cén cineál ainmhithe go díreach í an earnáil ina bhfuil sé ag saothrú.
ag teacht ar an tuiscint realising
" Bhí aghaidheanna dearga sa Chomhaireacht agus baill den Rialtas ag teacht ar an tuiscint go mbeadh orthu an t-athrú polasaí a chur ar athló go dtí an samhradh seo chugainn.
lena n-áilleacht a thuiscint. to understand, appreciate, their beauty
" Is gá breathnú orthu lena n-áilleacht a thuiscint.
Bhí orm teacht ar an tuiscint sin I had to understand that, get my head around that
" Bhí orm teacht ar an tuiscint sin leis an gceirnín a chríochnú.
tuiscint an-mhaith ar an tuiseal ginideach a very good understanding of the genitive case
" Tá stór focal thar a bheith leathan ag Des cheana féin agus tuiscint an-mhaith ar an tuiseal ginideach agus ar ghnéithe casta eile de chuid ghramadach na teanga.
tá tuiscint eadrainn there is an undertanding between us
" Mar sin, tá tuiscint eadrainn agus bím ag tabhairt cuiridh dóibh teacht isteach i mo spás pearsanta.
nach bhfuil tuiscint cheart aige ar an tsochaí Éireannach; who doesn't have a proper understanding of Irish society
" Cuireann sé soir mé go minic nuair a bhíonn daoine ag rá fúmsa gur *Yank *mé nach bhfuil tuiscint cheart aige ar an tsochaí Éireannach; gur duine ón taobh amuigh mé atá ag déanamh tráchtaireachta ar a bhfuil ag titim amach sa tír.
ar thuiscint agus ar labhairt na teanga. on understanding and speaking the language
" Ag an mBonnleibhéal, cuirtear an-bhéim ar thuiscint agus ar labhairt na teanga.
nuair a thángthas ar an tuiscint go raibh teipthe ar fhís de Valera when the realisation was arrived at the de Valera's vision had failed
" Aiste shuntasach is ea í mar go ndéantar plé suimiúil inti, ní hamháin ar an nGaeilge, ach ar an dóigh ar tháinig athrú íde-eolaíoch ar an Stát sna caogaidí nuair a thángthas ar an tuiscint go raibh teipthe ar fhís de Valera – is é sin, go raibh teipthe ar nóisean na hathbheochana agus ar an gcaomhnaitheacht.
tuiscint ghinearálta general understanding
" Tá an chaibidil an-ghearr, ach tá go leor eolais inti le tuiscint ghinearálta a thabhairt don léitheoir maidir leis na teangacha as ar eascair na teangacha Ceilteacha, an difríocht idir P-Ceilteach agus Q-Ceilteach (coincheap a raibh deacracht riamh agam leis) agus na tréimhsí stairiúla éagsúla a ndéantar tagairt dóibh agus an teanga á plé i gcomhthéacs acadúil.
tuiscint an-ghlé a very clear understanding
" Le linn na mblianta a chaith mé le RTÉ, fuair mé tuiscint an-ghlé ar fad ar cé chomh maith agus a d’éirigh leis an gcríochdheighilt: ní chuireadh an pobal mór suim rómhór i gcúrsaí an Tuaiscirt agus bhídis ag gearán go minic go mbíodh an iomarca béime á leagan againne ar a raibh ag titim amach ann.
easpa tuisceana agus breithiúnais lack of understanding and judgement
" Fear faille is ea Kenny, agus léirigh sé go bhfuil easpa tuisceana agus breithiúnais i gceist óna thaobhsan de mar gur shíl sé go mbeadh sé cuí teacht i dtír ar chruachás Ahern ar an 2 Aibreán agus rún a chur os comhair mhuintir na hÉireann nach bhfuil an dara suí sa bhuaile ann anois ach olltoghchán eile a ghairm.
thug sí le tuiscint she gave people to understand
" Go deimhin, in 2004 d’admhaigh an tAire Oideachais, Mary Hanafin, go raibh fadhb ar leith ann maidir leis an díolúine agus thug sí le tuiscint go raibh ciorclán á ullmhú ag an Roinn a leasódh an córas trína mbronntar an díolúine.
dá mhéad tuisceana atá agat ar rud, the more you understand something,
" Is cuma cad é atá i gceist, dá mhéad tuisceana atá agat ar rud, is ea is mó a bhaineann tú as.
tuiscint understanding
" Bíonn sé de nós ag an ealaíontóir a leithéid a dhéanamh: chomh luath agus a fhoghlaimíonn sé gach rud atá le foghlaim faoina ghairm nó faoina ealaín, tagann sé ar an tuiscint gur mhaith leis an ealaín sin a chur i láthair amhail is gur páiste é – gan ualach an domhain, nó dearcadh daoine eile nó tionchar múinteora a bheith ag dul i bhfeidhm air a shaothar, ach a bheith i mbun a ealaíne amhail is nach bhfuil aon duine ag amharc air.
tuiscint dhoiléir unclear understanding
" In ainneoin gur bhain mé céim amach sa tíreolaíocht in Éirinn, caithfidh mé a admháil nach raibh ach tuiscint dhoiléir agam ar gheografaíocht na hAstráile sular chuir muid fúinn abhus in Canberra, príomhchathair na tíre, sa bhliain 1973.
tuiscint understanding
" ***Buntáistí*: **De bharr a chúlra mar léachtóir i gColáiste tríú leibhéal, ba cheart go mbeadh tuiscint aige ar riachtanais mhúinteoirí.
tuiscint iomlán total understanding
" (Paragraf 6)Mar gheall ar nach bhfeiceann na bulaithe a gcuid íospartach, téann siad i mbun drochíde a thabhairt gan tuiscint iomlán a bheith acu maidir leis na himpleachtaí agus na hiarmhairtí a bhíonn i gceist ó thaobh an íospartaigh de nó an rian a fhágann an bhulaíocht ar a shaol.
tuiscint ní ba dhoimhne deeper understanding
" Bhí tuiscint ní ba dhoimhne agam ina dhiaidh sin ar cad a bhí agam i mo ghuth, i mo chuid amhránaíochta, i mo chuid ceoil.
thuiscint theoiriciúil theoretical understanding
" Deir Bláthnaid Ní Ghréacháin, iarchéimí agus Ardfheidhmeannach Gaelscoileanna Teoranta: “Shaibhrigh sé mo thuiscint theoiriciúil ar an-chuid ábhar agus bhain mé an-chuid as an gcúrsa.
ní mór a thuiscint it must be understood
" Cé gur tháinig feabhas an-mhór ar chúrsaí ardoideachais fad is a bhí an borradh eacnamúil i gceist, ní mór a thuiscint go rabhamar i bhfad chun deiridh roimhe sin agus nach bhfuil muid fós ar comhchéim leis na tíortha saibhre eile.
thuiscint to understand
" Ní thógann sé i bhfad ar Simon a thuiscint céard atá ar bun ag an bhfear óg.
tuiscint understanding
" Tugadh faoi deara luath go leor i stair an phopcheoil go dtaitníonn saghasanna ceoil ar leith le daoine a éisteann le bannaí ar leith agus dá bharr, ní haon léim mhór é ón tuiscint seo go dtí feidhmchlár cliste a mholann ceoil nua duit ar an mbunús sin.
cibé tuiscint whatever understanding
" Is cosúil go bhfuil an méid sin ama caite acu sna gluaisteáin mhóra agus sna cruinnithe olltábhachtacha is gur chaill siad cibé tuiscint a bhí acu ar an ghnáthshaol.
Tuiscint mheasartha a fair understanding
" Tuiscint mheasartha aige ar pholasaithe talmhaíochta na hEorpa fosta.
tuiscint bhunúsach basic understanding
" Cé go bhfuil RSS fite fuaite tríd an ngréasán, níl an tuiscint bhunúsach chéanna ag an saol mór air is atá acu ar r-phost.
tuiscint to understand
" Is deacair tuiscint cheart nó fiú barúil ar bith a bheith ag duine ar mhéid na suime sin.
tuiscint understood
" Tá 15 acu siúd ina dteangacha oifigiúla agus is iad an Béarla agus an Hiondúis an dá theanga is mó a bhfuil tuiscint orthu go forleathan.
tuiscint understanding
" Ciallaíonn sé seo go bhfuiltear ag cur leis an tuiscint atá ag an domhan ar fhadhbanna na bpobal dúchais.
tuiscint understanding
" Chuaigh mo spéis ann i dtreis nuair a tháinig an tuiscint chugam ar ball nárbh é amháin go raibh an-suim aige sa pheil Ghaelach, ach go raibh aithne phearsanta aige ar chuid d’fhoireann caide Chiarraí, Mícheál Ó Conaill ina measc.
thuiscint understand
" Elvis Presley and America - deacair a thuiscint cad atá á chanadh ag Bono ach cloisim é fós ag cumadh na bhfocal sa tsonlann.
tuisceana of understanding
" mobi/ga/Tony_Gregory) An Aigne Choiteann Mura léiríonn na díomuanna seo go léir go bhfuil an dá iarann déag sa teallach aici, b’fhéidir go léiríonn sé nach bhfuil tuiscint aici ar aigne an phobail? Is fianaise breise leis an easpa tuisceana sin an taobh a ghlac sí san fheachtas reifrinn i 2004 mar gheall ar shaoránacht.
tuiscint dúchais geo-cultural orientation
" Go tobann, d’fhéadfaí a rá, bhí an ceangal le sinsear, le saíocht, le stairsheanchas, le tuiscint dúchais na muintire, leis an slabhra dúchais ó ghlúin go glúin, briste.
tuiscint understanding
" Is dócha go mbaineann sé sin leis an am nuair a thosaigh mé ag tuiscint is ag ceistiú rudaí móra an tsaoil.
tuiscint understanding
" Is le bliain anuas atáim ag fáil tuiscint níos fearr ar seo, go mbíonn daoine aige baile agus tógann siad ana-aird agus ana-cheann do gach aon rud a bhíonn ar siúl agat.
thuiscint understand
" Léiríonn sé dúinn a dhódhéanta is atá sé rúndiamhair an tsaoil a thuiscint agus gur chóir dúinn an saol a ghlacadh mar atá.
thuiscint understand
" Ach níl fianaise ar bith níos láidre ná focail na ndaoine iad féin agus is trua nach bhfuil Gaeilge ag an Ollamh Belcham chun íobartaigh an Drochshaoil a thuiscint ina dteanga féin.
thuiscint understand
" com/watch/1587809-gerald-celente-the-greatest-depression-of-all-times-part-1-2) Le ciall a bhaint as an saol bunoscionn seo, caithfimid a thuiscint go bhfuil muid go léir faoi ionsaí ag an idé-eolaíocht is contúirtí don chine daonna.
thuiscint to understand
" B’é an chosaint a chuir an Roinn suas, go bhfuil a ndóthain Béarla ag na hoidí sna scoileanna Gaeltachta agus sna Gaelcholáistí leis na treoirlínte i mBéarla a thuiscint.
tuisceana of understanding
" An fhadhb atá ag Carr leis seo ná an easpa tuisceana, dar leis, a léiríonn na ríthe óga ar an gcaidreamh seo idir *YouTube* is a pobal.
tuiscint dhoiléir a faint idea
" Chonaic fear geal an liagán cáiliúil seo de chéaduair beagnach céad is ceathracha bliain ó shin, nuair nach raibh ach tuiscint dhoiléir ag na coilíneachtaí Eorpacha ar lár na hAstráile.
dtuiscint understanding
" Ach léiríonn dearcadh Fhine Gael faoi fhiúntas na Gaeilge sa chóras oideachas cé chomh fada as alt atá an Páirtí sin maidir lena dtuiscint ar an nuálaíocht.
tuisceana of understanding
" Ar an drochuair, níor cuireadh a dhóthain airgid sa phota ann agus theip air toisc easpa taighde agus tuisceana.
ar an tuiscint surmising, premise
" Is múnla gnó spéisiúil é Gruupy: cuireann siad margadh ar fáil chuile lá ar an tuiscint go mbeidh a dhóthain daoine ann chun a margadh a chomhlíonadh.
Le tuiscint so as to understand
" Ag cruinniú mullaigh de chuid an G20 ag tús 2010, is éard a bhí le rá ag uachtarán Mheiriceá, Barack Obama, faoi Lula ná: “Sin é an fear!” Le tuiscint cad is cúis leis an ngrá seo ar fad caithfidh muid dul siar sa stair, siar chuig an triomach a chéas drochthailte an stáit bhoicht Pernambuco in oirthuaisceart na tíre sna 1950í.
tuiscint understanding
" Molaim sin ar an tuiscint gurb é dúnghaois an Stáit an t-aos óg a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ar bhealach cruthaitheach agus feidhmiúil chomh minic agus is féidir.
tuisceana understanding
" Ach anois tá an-iomarca tuisceana ar algartam *Google* agus tá an t-inneall seo faoi ionsaí ag na seoltóirí turscair is na scrábaire scáileáin agus is minic nach bhfaightear aon eolas feidhmiúil go dtí an dtríú nó an ceathrú leathanach.
Tuiscint understanding
" - Tuiscint agus taithí: leis an Tuiscint agus taithí sin, thóg bunaitheoirí *Quora* gréasán a úsáideann an dá rudaí is tábhachtaí ar an idirlíon le deich mbliana anuas: sóisialtacht agus cuardach.
an-tuiscint great understanding
" ======================= Tá an-tuiscint ag an Teachta Bruton ar an gheilleagar.
tuiscint dá laghad the least idea
" An dtiocfadh?”** Enda: “Is léir nach bhfuil tuiscint dá laghad agatsa ar an modus operandi atá agamsa agus ar na cuingeacha a chuir mé orm féin le bheith i mo Thaoiseach.
tuiscint understanding
" Tá dhá rud ag teastáil ó réiteoir – tuiscint nádúrtha ar dhaoine agus ar imreoirí agus mioneolas ar na rialacha.
tuiscint shimplí shoineanta a simple innocent reading
" Faoi dheireadh na gcaogaidí, bhí bunús tacaíochta faoin pháirtí ar fud na tíre a bhí bunaithe ar dhearcadh maoth pobalach: thaobhaigh siad le cúis na poblachta le mórán briathra agus le beagán beart; bhí tuiscint shimplí shoineanta acu ar an tsaol faoin tuaith; mhaígh siad go raibh siad ag seasamh ar son lucht oibre na gcathracha – rud a raibh craiceann na fírinne air ón uair a thug siad faoi shlumaí suaracha Bhaile Átha Cliath a fheabhsú agus a ghlanadh sna tríochaidí.
gan tuiscint acu without understanding
" Na daoine atá ag cur na n-íocaíochtaí chun cinn ná daoine nach bhfuil uathu ach spriocanna gearrthréimhseacha a bhaint amach, gan tuiscint acu ar ná suim acu i rialacha nó rialacháin na heagraíochta.
tuiscint understanding
" Teastaíonn misneach agus tuiscint thar mar a theastaigh cheana.
thuiscint understand
" com> an-áisiúil chun do roghanna a thuiscint.
breis tuisceana more understanding
" D’inis sí óna chroi amach, agus an cur síos ar na hamhráin gur thug sé an amhránaíocht ar leibhéil eile dom féin go raibh an cnuasach seo aici agus ní raibh ceann ar bith acu ná raibh sí in ann cuntas a thabhairt faoi ghné éigint dhe, faoin tábhacht a bhain leis - agus gur thug sé sin breis tuisceana dom uirthi agus go raibh mé in ann dul níos faide leis.
mar áis tuisceana as an aid to understand
" Tógaim mo cheap nótaí agus m'fhoclóir beag Sínis-Géarmáinis amach mar áis tuisceana agus tósaímid ar chomhrá.
tuiscint de chineál some understanding
" Má léann tú an t-alt seo go rialta, tá súil agam go bhfuil tuiscint de chineál agat ar mo charachtar faoin am seo.
an tuiscint ann go forleathan a widespread understanding
" Is léir aiféala ar Sarkozy go bhfuil an tuiscint ann go forleathan gur uachtarán lucht an rachmais é.