Pota Focal Intergaelic
tuas | tura | ruas | sura | tras-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
d'aon turas deliberately
" Is léir anois go bhfuil a lán feisirí ag cailleadh trua do na feirmeoirí, go mór mhór nuair a chloiseann siad faoi 'leaba agus bricfeasta' (an leasainm a thugtar ar an chalaois a tharlaíonn nuair a thugann feirmeoirí caoirigh ar iasacht d'fheirmeoirí eile chun iad a chur i bhfolach ar chigirí) nó faoi fheirmeoirí a bheith ag thabhairt an ghalair do na caoirigh atá acu d'aon turas chun cúiteamh a fháil.
D'aon turas on purpose
" D'aon turas níor thug mé cuairt ar Thóstal na Gaeilge i nGaillimh go dtí go déanach oíche Dé hAoine, nuair a bhíos cinnte go mbeadh a gcuid ráite ag an bpainéal polaiteoirí a bhí á róstadh ag lucht an tóstail.
rinne siad turas ar they went around
" Anuas leo ansin agus rinne siad turas ar an seomra suí, seomra staidéir Nigel a bhí i gcúl an tí agus a raibh radharc álainn aige amach ar an gharradh.
d'aon turas on purpose
" D'ordaigh an breitheamh Geoffrey Eames i gCúirt Uachtarach Victoria go gcuirfí cosaint an chomhlachta ar ceal mar go raibh cáipéisí a bhain leis an gcás scriosta d'aon turas acu agus nach mbeadh triail fhéaráilte ann dá bharr.
turais phríobháidigh private tour
" Mar sin féin, le linn turais phríobháidigh ar an ionad, dúirt oifigigh gur cheart do bhunadh Nua-Eabhrac a bheith bródúil go bhfuil ionad cuimhneacháin den scoth agus den dearadh is déanaí ar leic an dorais acu.
turas aonair solo trip
" Ghlac Guinness World Records leis gurbh é an iarracht ba dheireanaí seo an chéad turas aonair timpeall an domhain i mbalún agus bhain sé amach curiarrachtaí eile freisin - an turas ab fhaide i mbalún agus an méid ab fhaide ama.
ar a leithéid de thuras on such a journey
" Ní dhéanfainn mo thurais féin a chur i gcomparáid go deo lena gceann siúd ach tuigim go maith nach mairfinnse go deo ar a leithéid de thuras.
Chuaigh an turas áirithe sin i bhfeidhm go mór uirthi that trip made a big impression on her
" Chuaigh an turas áirithe sin i bhfeidhm go mór uirthi.
turas trip
" Bhí leabhair as Gaeilge ann ó bhun go barr agus bhí mise sna flaithis! *Sa dara cuid den alt, a fhoilseofar an mhí seo chugainn, beidh cur síos ag Galt ar a chéad turas go hÉirinn.
thuras gnó business trip
" Lá amháin chuaigh mé ar thuras gnó go Nua-Eabhrac agus thug mé cuairt ar Shiopa Leabhar na hÉireann i Manhattan.
an turas seo this time
" Thug sé sé bliana an turas seo ag obair mar shagart agus ag múineadh i mbunscoileanna.
An turas seo this time
" An turas seo, áfach, tá a stáisiún bolscaireachta féin acu.
teacht slán óna thuras féin to survive his own journey
" Ar a laghad, d'éirigh le Jerry McAuley teacht slán óna thuras féin as Éirinn go Nua-Eabhrac.
thuras le treoraí guided tour
" Reilig Mheigiliteach na Ceathrún Móire a thugtar ar an áit, agus is féidir dul thart ar thuras le treoraí.
d'aon turas deliberately
" Feicimid uaireanta foirne agus imreoirí ag imirt go mímhacánta agus ag baint úsáide as imirt gharbh chun stop a chur leis an bhfoireann eile i slite nach bhfuil ceadaithe de réir rialacha nó go ndéantar "feall gairmiúil" d'aon turas ar imreoir eile sa chás go bhfuil baol ann go scóralfadh sé cúl.
d'aon turas on purpose
" D'fhág Máire na bearnaí sin d'aon turas agus bhí sé de rún aici pilleadh orthu nuair a bhí na ballaí déanta.
an Turas Mór Treoraithe the Great Guided Tour
" Nó, nuair a thagann na páistí isteach anseo, faigheann siad 'an Turas Mór Treoraithe' uaimse!" Freagracht eile atá air féin agus ar Sarah fosta ná ábhar Gàidhlig a chur in eagar do shuíomh gréasáin na Pàrlamaid ((www.
d'aon turas deliberately
" B'fhéidir go dtiocfaidh an fhírinne chun cinn lá éigin ina cás siúd ach is cosúil go bhfuil dearmad glan déanta ag muintir na hÉireann (d'aon turas, is dóigh) ar a cuid "gaiscí" sa linn snámha in Atlanta.
d'aon turas deliberately
" Mar sin, de réir mar atá saibhreas agus éagsúlacht chultúrtha á scrios ag na comhlachtaí móra ceirníní d'aon turas, tá géarghá le dlí a chuirfeadh iallach ar na stáisiúin raidió dóthain ama a chur ar fáil do na teangacha dúchasacha.
turais tours
" Tá sí ag teacht linn go Meiriceá gan mhoill ar feadh míosa! Ach cosúil le cuid mhór ceoltóirí traidisiúnta eile, b'fhearr linn go mbeadh na turais níos giorra ó seo amach, ach níor mhaith linn stad ar chor ar bith! AÓF: Céard iad na pleananna atá ag an ngrúpa ó thaobh turas de nó cathain a bheidh sibh ar ais faoi lán seoil arís, mar sin? MNM: Bhuel maidir leis na turais, tá ár sceideal ar fáil ar (www.
turas tour
" Mheall an teach níos mó ná 7,000 acu ina chéad séasúr anuraidh, agus bhí teach Paul McCartney mar chuid den turas fosta.
Thuras na Croise the Stations of the Cross
" Is cuimhin leis comhrá Gaeilge a bheith aige ar an 15 Lúnasa, 1933 le seanmhná in Óméith a bhí ag déanamh Thuras na Croise.
turas soiscéalach evangelical trip
" ) Turas go hÉirinn ======= Tar éis a cuid oibre misin i ngeiteo uafásach an Five Points, "ní taisme ar bith é gur go hÉirinn a thug a céad turas soiscéalach thar lear Nicholson," a scríobhann Murphy.
an turas seo this time
" Muna mbíonn ach bearna bheag idir na hiarrthóirí an turas seo bí cinnte go gcríochnóidh ceist na vótála leictreonaí sa gCúirt Uachtarach thall - faoi mar a tharlós sa tír seo.
turas polaitiúil agus pearsanta political and personal journey
" San agallamh seo le **Robert McMillen**, cuireann sí síos ar an turas polaitiúil agus pearsanta a rinne sí ó Ghaoth Dobhair go hallaí na cumhachta i mBeal Feirste.
d'aon turas deliberately
" Fiú más fíor go dtagann na céadta (nó na mílte) ban anall anseo d'aon turas chun leanbh a thabhairt ar an saol agus saoránacht a bhaint amach, nár cheart dúinn a bheith dall ar iarracht (nó straitéis) chomh huafásach, éadóchasach sin? Is féidir a bheith cinnte go mbeadh trua ag an gcuid is mó de mhuintir na hÉireann do bhean dá leithéid.
Ní mhaireadh an turas ó Learpholl go Londain ach trí huaire the journey from Liverpool to London used to only last three hours
" Ní mhaireadh an turas ó Learpholl go Londain ach trí huaire le British Rail, go dtí teacht i gcumhacht rialtas Thatcher i 1979.
turas paisinéara passenger journeys
" Tionscadal a thosaigh le dornán beag paisinéirí agus a chuir 305,000 "turas paisinéara" de anuraidh - is é sin le rá gur bhain suas le 20,000 duine úsáid leanúnach as i rith na bliana.
turas fíorshuimiúil fascinating tour
" Is turas fíorshuimiúil trí stair chóras faoi thalamh Nua-Eabhrac é leabhar Cudahy.
thuras na croise the stations of the cross
" * Seanbhean a bhíonn i bpáirt Maurya sa dráma sin go minic, ach tá máithreacha i bhfad níos óige feicthe agamsa a chuirfeadh Pietà Michaelangelo nó an tríú stáisiún déag de thuras na croise i gcuimhne, Muire an Mháthair, le corp stromptha a mic ina baclainn aici.
turas taiscéalta a voyage of discovery
" Ba rud an-tábhachtach é, measaim, go raibh turas taiscéalta i gceist leis an Ghaeilge, mar a dúirt mé cheana.
i ndiaidh turais gharbh after a rough trip
" Nuair a shroich mé Gleann Cholm Cille (i ndiaidh turais gharbh ar an mbus), bhain áilleacht na háite siar asam.
thuras treoraithe guided tour
" In úrscéal Elizabeth Gaffney, *Metropolis*, a foilsíodh le déanaí, tugtar an léitheoir ar thuras treoraithe trí dhomhan faoi choim Nua-Eabhrac, agus tá cur síos grinn ar an drong Éireannach mhícháiliúil sin, na *Whyos.
i ndiaidh turais gharbh after a rough trip
" Nuair a shroich mé Gleann Cholm Cille (i ndiaidh turais gharbh ar an mbus), bhain áilleacht na háite siar asam.
dhéanadh Seán an turas fada Seán used to make the long journey
" Ba chuma cén cineál aimsire a bhíodh ann, dhéanadh Seán an turas fada ar an bhus óna bhaile go dtí an rang Gaeilge.
d’aon turas deliberately
" Tá droch-chlú ar an éan in Albain fosta: cé go bhfuil siad ar “an liosta dearg” le haghaidh caomhnaithe, tugadh an nimh do dhá cheann acu d’aon turas anuraidh.
thuras seandálaíochta lae an archaeological day-trip
" I mí Lúnasa, chuaigh mé ar thuras seandálaíochta lae an-suimiúil agus taitneamhach thart ar an taobh theas d’Aird Uladh.
cúpla turas a few tours
" AÓF: Céard faoi do chuid ceoil féin? An bhfuil aon phleananna agat maidir leis sin? MNíE: Tá cúpla turas timpeall na hEorpa le Barry Kerr, Christy Leahy agus Donncha Moynihan ar na bacáin.
Chinn muid ar thuras a dhéanamh we decided to make a journey
" “Chinn muid ar thuras a dhéanamh ó Dhoire go dtí Í Cholm Cille, mar a rinne an naomh féin.
An turas seo this time
" An turas seo, beidh ceithre iarshaighdiúir déag a throid san Iaráic ag seasamh mar iarrthóirí, dáréag acu thar ceann an pháirtí Dhaonlathaigh.
d’aon turas deliberately
" Ní fios dár ndóigh an mí-éifeacht MI5 ba chúis leis seo, nó an d’aon turas nár tugadh an t-eolas don Bhrainse Speisialta.
costas an turais fholaimh ar ais the cost of the empty journey back
" Is cinnte go méadaíonn sé seo na costais a bhaineann le lasta eitleáin, más gá costas an turais fholaimh ar ais a chur san áireamh i gcostais iompair na nglasraí nó na mbláthanna nó na gcomhpháirteanna leictreonacha.
d’aon turas deliberately
"d’aon turas a tharlaíonn sé go ngearraim daoine amach as mo shaol.
d’aon turas deliberately
" Ní fios dár ndóigh an mí-éifeacht MI5 ba chúis leis seo, nó an d’aon turas nár tugadh an t-eolas don Bhrainse Speisialta.
thuras in aisce wasted journey
" I gcás mar sin, ba thuras in aisce é agus go minic b’éigean do theaghlaigh filleadh ar Éirinn gan cuairt ar bith a thabhairt ar phríosúnach.
turas treoraithe san áireamh guided tour included
" 50 le dul isteach, turas treoraithe san áireamh.
An turas seo, sheasadar uilig. This time, they all stood.
turais eagraithe organised tours
" Déanaim turais eagraithe a sheachaint de ghnáth, ach seachas carr a thógáil ar cíos, rud nach raibh mé in acmhainn a dhéanamh, ní raibh mórán de rogha agam ach áit a chur in áirithe ar thuras i Windhoek, príomhchathair na tíre.
ar thuras príobháideach on a private trip
" Tá sé ar thuras príobháideach go dtí an Nua-Shéalainn faoi láthair agus bhuail sé faoi dhó leis an aire gnóthaí eachtracha ansin, Winston Peters, ach ní fios cén toradh a bhí ar a gcuid cainteanna.
ar an turas seo on this trip
" Ní raibh sé i gceist agam dul go dtí an Astráil ar an turas seo in aon chor, ach nuair a shocraigh mo chairde dul ann, chinn mé féin ar sheal a chaitheamh in éineacht leo agus blaiseadh a fháil de shaol na hAstráile.
ag eagrú gach saghas turais organizing every kind of tour
" Tá an t-uafás comhlachtaí ann atá ag eagrú gach saghas turais timpeall na n-oileán seo.
turas féintiomáinte self-driven tour
" Rinne mé turas féintiomáinte ar Oileán Fraser, agus cé gur bhain mé ardtaitneamh as bheith ag tiomáint cois farraige i Land Cruiser, agus bheith ag campáil ar an trá, rith sé liom go gcaithfidh nach bhfuil an leibhéal ard turasóireachta ag déanamh mórán maitheasa don áit.
an turas ba ghiorra the shortest journey
" Mhair an turas ba ghiorra thart ar 6 huaire an chloig agus mhair an turas ab fhaide thart ar 20 uair an chloig.
ina rianaíonn sé a thuras pearsanta in which he marks out his personal journal
" Cín lae oilithrigh atá ann ina rianaíonn sé a thuras pearsanta ar an gconair cháiliúil seo.
a shaothróidh turais saor in aisce dóibh go dtí an Mhongóil, which will earn them free trips to Mongolia,
" Bhí sé i mo chinniúint go mbeadh orm leanúint ar aghaidh ag obair, mar tá go leor acu nach bhfuil suim acu in aon rud ach amháin bheith ag úsáid na dteangacha chun páipéir léannta a scríobh, a shaothróidh turais saor in aisce dóibh go dtí an Mhongóil, agus áiteacha mar sin.
ar thuras aonair; on a journey alone;
" Moltar do shléibhteoirí gan dul ar thuras aonair; má bhíonn timpiste agat, beidh tú leat féin.
chuaigh an turas sin i bhfeidhm orm, that trip made an impression on me,
" Ainneoin mo réamhthuairimí féin, chuaigh an turas sin i bhfeidhm orm, agus ag a dheireadh shocraigh mé cúpla leabhar Nua-Shéalannach a cheannach.
turas anama, a journey of the soul,
" Oileán draíochta, turas anama, tírdhreach Gaelach.
turas gairid báid a short boat trip
" Is féidir dul isteach in dhá uaimh eile agus turas gairid báid a dhéanamh thart le heas fada fíochmhar.
athchruthú turais the recreating of a trip
" An t-imeacht a bhí ar siúl ná athchruthú turais a dhéanadh an lucht siúil gach samhradh.
an turas seo this time
" Am éigin eile, b'fhéidir, ach caithfimid an turas seo a chríochnú inniu! Ó tharla Harlem díreach scoite againn, is íoróin bhreá é casadh ar ais ar an Greenway ag ciumhais na habhann arís, mar is í an chéad pháirc a fheiceann muid ná Thomas Jefferson Park.
turas trasatlantach transatlantic journey
" Maidir leis na maoir eitleáin ar na haerbhealaí cianaistir - a thugann do bhia agus do dheoch duit idir Baile Átha Cliath agus Nua-Eabhrac - de réir na rialacha, is cóir go mbeadh deis acu a scíth a ligean ar feadh lá nó dhó tar éis dóibh gach turas trasatlantach a chríochnú.
an lagar turais the jet-lag
" “Cad tuige a bhfuil tú ag gearán?” a d’fhiafraigh mé de Laoch na Litríochta i ndiaidh dó an lagar turais a chur de le cúpla bairille pórtair, agus seo mar a d’fhreagair sé: “Tá an fhéile sin imithe chun donais ar fad,” a d’fhreagair sé.
turas réchúiseach a laid-back journey
" Is féidir Ferry Landing a thrasnú ar bháidín farantóireachta - turas réchúiseach dhá nóiméad atá ann.
rian a thurais trace of his journey
" Chuaigh Taranaki chuig áit san iarthar, agus tá rian a thurais le feiceáil go fóill in abhainn an Whanganui.
ar thuras taiscéalaíochta on a journey of exploration
" Bhí sé ar thuras taiscéalaíochta thar cósta thoir na hAstráile ag an am.
turais thrasatlantacha farraige transatlantic sea trips
" Rinne mé turais thrasatlantacha farraige agus bhí an-am agam.
turas fada long journey
" I mí Iúil i mbliana déanfaidh an ceoltóir Donal Lunny an turas fada óna áit chónaithe na laethanta seo, Okinawa sa tSeapáin, go Dún na nGall, áit a mbeidh sé páirteach i gceithre cheolchoirm a bheas mar chuid de bhuaicphointí Fhéile an Earagail.
An turas seo, this time
" An turas seo, ón uair a thug Barack Obama móróráid ag coinbhinsiún an Pháirtí Dhaonlathaigh sa bhliain 2004, bhíothas ag caint faoi mar iarrthóir intofa.
Turas brónach a sad journey
ar thurais thaiscéalaíocha on exploration journeys
" De réir mar a bhí Phoenix ar snámh tríd an spás, bhí Mars Express ag tabhairt cluas le héisteacht dá raibh á tharchur ag an spásárthach agus ag bailiú amharcíomhánna tríd an chóras MELACOM – córas a úsáideadh roimhe seo agus na róbait Spirit agus Opportunity ar thurais thaiscéalaíocha ar Mhars.
dá thuras for his journey
" Má bhíonn déithe na comaitéireachta leis, ní chaithfidh sé ach $32 sa lá ar pheitreal dá thuras, ach má bhíonn an trácht ina aghaidh, d'fhéadfadh sé $50 sa lá a chaitheamh – ar pheitreal amháin! Den chéad uair riamh, mar sin, tá rud ar leith le feiceáil sna fógraí gluaisteán ar an teilifís (agus is cosúil gur fógraí gluaisteán iad a leathchuid de na fógraí teilifíse!).
turas taiscéalaíochta exploratory journey
" ”Bhí King ag plé leis an raidió ag an am, agus chinn sé ar iarratas a chur faoi bhráid an BBC le maoiniú a fháil chun clár a dhéanamh faoin turas taiscéalaíochta seo i Meiriceá.
turas contúirteach dangerous journey
" Arís, baineadh úsáid as báid nach raibh oiriúnach don turas contúirteach ón Indinéis agus, ar an drochuair, thit cuid acu as a chéile agus bádh go leor daoine.
a fhad is go ndéanann tú do chuid turas éagsúil as long as you do your various journies
" Tóg, mar shampla, na ticéid Travel 90 lenar féidir taisteal ar bhusanna difriúla a fhad is go ndéanann tú do chuid turas éagsúil ar fad laistigh de 90 nóiméad.
in aghaidh an turais per journey
" Roimhe seo, cheannaíteá leabhrán ticéad agus d’úsáidteá ticéad amháin in aghaidh an turais.
ar thuras bóthair nó iarnróid on a road or rail journey
" Is furasta taisteal go dtí an t-oileán álainn seo ar thuras bóthair nó iarnróid trí ghleannta is shléibhte sciamhacha maorga, agus feadh lochanna mórthaibhseacha iarthar na hAlban.
d'aon turas on purpose
" Ach faraor, tá dochar á dhéanamh don áit i rith an ama; damáiste atá á dhéanamh d'aon turas.
turas chun na leabharlainne trip to the library
" Tá am mar choinne ann: an rang snámha; an turas chun na leabharlainne nó na pictiúrlainne; an cúrsa spóirt nó ceoil; an ruathar laethúil scoile.
b'fhiú go mór an turas the tour was well worth it
" Thug an suth thart ar an choláiste muid agus b'fhiú go mór an turas a rinne muid nó ní raibh barúil dá laghad agam cén dóigh a n-oibríonn rudaí ar ollscoil.
turas oideachasúil educational trip
" D’íoc Open Society Institute de chuid George Soros as an turas oideachasúil sin.
Dialann turais a tour diary
"Dialann turais Thagair mé do dhialann idirlín a choinnigh Cathy tráth a raibh Dervish ar turas sna Stáit Aontaithe.
sé cinn de thurais six trips
" Chuir Cathy ionadh orm ansin nuair a d’fhiafraigh mé di, cé mhéad uair a bhí sí thar lear le bliain? Deir sí go mbíonn Dervish beagnach leath na bliana ag taisteal, tuairim is coicís an ceann ar sé cinn de thurais.
thuras samhlaíochtúil an imaginative journey
" Ceangail bhúr gcriosanna tárrthála, a cháirde, faoi choinne thuras samhlaíochtúil go béal Ifrinn, agus ar ais! Más gnáthlead iontach íogair, cúthalach é Oskar, is beag atá gnách faoi Eli, an cailín óg andraigíneach béal dorais.
turas snámha swim
" Is é an bealach ina dtugann Bilal faoi é féin a ullmhú don turas snámha seo a chuireann go mór le héifeacht an scannáin.
An turas seo this time round
" An Scoláireacht An turas seo, is beag seans go mbeidh conspóid ann.
thuras a trip
" Aisteach le rá, ní ar shaoire ó thuaidh atá dreamanna áirithe eachtrannach abhus ag smaoineamh, ach ar thuras siar go lár na tíre le breathnú ar fheiniméin nádúrtha annamha a thiteann amach an t-am seo bliana: glasú an láir agus líonadh Loch Eyre.
turas trip
" Ní chosnaíonn an turas fillte ach €5.
turas trip
" B’fhéidir gur chuala tú faoi ghiolc Lance Armstrong a tharraing míle go leith go Páirc an Fhionnuisce chun turas rothair a dhéanamh leis.
turais trips
" Tá comhlachtaí taistil go leor abhus agus i Nua-Ghuine Phapua a sholáthraíonn turais ann.
ar turas bóthair hits the road
" Imíonn Burt agus Verona ar turas bóthair, ar camchuaird chun áit a roghnú ina dtógfaí an leanbh - áit ina mbeidh cairde nó gaolta acu.
ar turas on a journey
" Cothaíonn Haneke an éiginnteacht chruthaitheach oscailte, a thugann ar turas sinn isteach i saol na ndaoine fírinneacha inchreidmheacha seo ar an scáileán romhainn.
turas trip
" Tá roinnt siopaí rothair timpeall an Embarcadero inár féidir le turasóirí rothair a thógáil amach ar cíos íseal, agus bhíos lánsasta mo phinginí a íoc le bheith ar ais sa diallait arís.
turas a trip
" Tugtar ar turas sinn anuas na cianta ón tréimhse roimh Chríost go dtí aimsir na Normannach.
thuras eolaíochta a scientific journey
" Bhí sé i gceannas ar thuras taiscéalaíochta i 2007 a chuaigh go grinneall na farraige dhá mhíle faoin Mol Thuaidh, agus cé go maíonn Chilingarov gur thuras eolaíochta ab ea é, léiríonn an bhratach Rúiseach a chuir sé ann go raibh níos mó ná an eolaíocht amháin ar a intinn aige.
turais tour
" A Líon a Laghdú ======= Is díol spéise do thurasóirí é an crogall inbhir i dtuaisceart na hAstráile agus soláthraíonn comhlachtaí éagsúla turais ar thalamh agus i mbáid leis an míol réamhstairiúil seo a fheiceáil.
Turas na Tarrthála the rescue mission
" Turas na Tarrthála ========= Ba as Gort an Chrainn > Gurtuchrane, in aice le Abhainn an Scáil i gCiarraí é, Tom Crean (1877-1938) agus roghnaigh Shackleton é, agus ceathrar eile, le dul ar turas tarrthála leis, 800 míle ó Elephant Island go hOileán South Georgia ar bord bád tarrthála, an James Caird.
turas trialach trial run
" - (c)“Tá branda ar leith uaim”: cuir blaisíní ar fáil dóibh ar laethanta áirithe nó lig dóibh “turas trialach” a dhéanamh.
thurais gearra short trips
" Ar dtús níor úsáideadh gluaisteáin ach do thurais gearra timpeall na gcathracha, ó nach raibh bóithre cearta faoin tuath.
turas an domhain a world trip
" Cinnte nár chuala mé féin fúthu go dtí go raibh mé féin agus m’fhear céile ag cur turas an domhain in áireamh tamall ó shin.