Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
in uachtar on top
" Is é an toradh atá air sin ná go bhfuil seanscoilt an 20ú haois idir poblachtánaigh agus náisiúnaithe athmhúscailte, ach le difear mór amháin: is iad na poblachtánaigh atá in uachtar ó thaobh thacaíocht an phobail de.
an lámh in uachtar the upper hand
" Ó thuaidh, taispeánadh go raibh an lámh in uachtar ag an pholaitíocht.
an lámh in uachtar the upperhand
" Ag Coláiste Chiaráin a bhí an lámh in uachtar go luath sa chluiche agus an scór tar éis 14 nóiméad ná 2-2 i gcoinne 0-1.
in uachtar intinn an scrúdaitheora uppermost in the mind of the examiner
" Bhí eagla air go mbeadh sin in uachtar intinn an scrúdaitheora agus é ag cur scrúdú airsean.
an lámh in uachtar upper hand
" D'éirigh le hÁth Cliath an lámh in uachtar a fháil sa chluiche athimeartha agus Craobh na hÉireann a bhuachaint ina dhiaidh sin, ach bhí mothú láidir i measc imreoirí na Mí nárbh fhada go mbeadh an lámh in uachtar acu féin ar na *Dubs*.
uachtar a dhroma the top of his back
" Bhí fear agus bean lena thaobh amhail is dá mbeidís ag coinneáil a chloiginn díreach nó ag cuachadh pilliúr faoi uachtar a dhroma nó faoina mhuineál.
an lámh in uachtar the upper-hand
" Díreach tar éis do dhaoine an lámh in uachtar a fháil ar *Blaster*, thosaigh *Sobig.
uachtar reoite ice cream
" Díolann sé cáis agus uachtar reoite déanta as bainne gabhar, chomh maith le hispíní gabhar.
uachtar top
" Chuir sé an buidéal folamh isteach sa mhála lóin agus cheangail sé an mála d'uachtar an bhirt scolb agus d'ardaigh sé an beart scolb ar a ghualainn gur shiúil sé leis go cúramach.
an lámh in uachtar the upper hand
" Beidh cuimhne i gcónaí ar 2003 mar an bhliain ina bhfuair an DUP an lámh in uachtar ar an UUP agus ar cruthaíodh arís gurb é Sinn Féin páirtí náisiúnach na todhchaí.
ina bhfuil an Béarla in uachtar in which English has the upperhand
" Bhí ceisteanna ann faoin tionchar a d'fhéadfadh sé a imirt ar labhairt na Gaeilge san áit, agus an t-eastát poiblí eile atá ar an mbaile mar fhasach acu - eastát ina bhfuil an Béarla in uachtar.
an lámh in uachtar the upper hand
" Is cosúil nach timpiste a bhí ansin ach cuid de straitéis na hAstráile a thugann an lámh in uachtar dóibh go ceann blianta fada cuma cén toradh a bheas ar an scéal.
an lámh in uachtar ar the upper hand on
" Sna toghcháin dheireanacha, chóir a bheith go bhfuair John Hume an lámh in uachtar ar Ian Paisley.
ar dhath an uachtair cream-coloured
" Tá leacáin dhearga ar na díonta, tá na ballaí ar dhath an uachtair, agus tá duirleoga faoi do chosa.
an lámh in uachtar a fháil ar an UUP to gain the upper hand on the UUP
" D'éirigh leis an DUP an lámh in uachtar a fháil ar an UUP agus is iad atá ag labhairt anois thar ceann an phobail aontachtaí.
liopa uachtair docht stiff upper lip
" "An liopa uachtair docht", mar a deirtear sa Bhéarla - sin an nós atá acu.
an lámh in uachtar a fháil orm to get the better of me
" Bhí mé lag mar dhuine - bhí mé róghoilliúnach agus bhí sé éasca an lámh in uachtar a fháil orm.
ar an tseilf uachtair on the top shelf
" Tá seastán oíche díreach in aice na leapa, tá leabhair ar an tseilf uachtair agus steirió ar an cheann íochtair.
an lámh in uachtar the upper-hand
" Nuair a bunaíodh an Phríomhroinn, de bharr a gcuid saibhris bhí Man Utd in ann an lámh in uachtar a bheith acu bliain i ndiaidh bliana agus ní raibh gearán ag an lucht leanúna ina thaobh sin.
an lámh in uachtar the upper hand
" Roimhe seo, ba ag an IRA, ag an eite mhíleata, a bhí an lámh in uachtar agus Sinn Féin mar eagraíocht thacaíochta.
an lámh in uachtar the upper hand
" Is léir fosta gur cheart moltaí Thuarascáil Hanley a chur ar an mhéar fhada go dtí go bhfaighfimid an lámh in uachtar ar MRSA.
cé bheas in uachtar who will be on top
" Dealraíonn sé nach bhfuil aon athrú le theacht sa todhchaí luath ar aon nós maidir le cé bheas in uachtar ar leathanta deiridh an tsamhraidh.
in uachtar ó shin a leith in the ascendancy since then
" Chruthaigh Prang Santa Claus i gculaith dhearg, féasóg fhada agus bolg mór air, agus is é a íomhásan atá in uachtar ó shin a leith.
an lámh in uachtar the upper-hand
" An brainse feidhmitheach, an brainse reachtach agus an brainse dlíthiúil na trí cinn atá sa rialtas, agus trí smacht a choinneáil ar a chéile, cinntíonn siad nach bhfaigheann ceann amháin acu an lámh in uachtar ar cheann ar bith eile.
in uachtar in the ascendancy
" An Béarla in uachtar ======= ======= Tír inimirce a bhí i Meiriceá riamh.
an lámh in uachtar a fháil to get the upperhand
" D’imir formhór na foirne go fíormhaith agus ag leath ama bhí an chosúlacht ar an scéal go raibh deis iontach acu an lámh in uachtar a fháil.
an lámh in uachtar a fháil ar an ól to get the better of the drink
" D’éirigh le cuid acu an lámh in uachtar a fháil ar an ól tar éis troid dian ach bhí fulaingt agus crá ag baint leis ó thaobh a muintire gan trácht orthu féin.
an lámh in uachtar the upper hand
" Chuir sé agallamh ar dtús ar an Taoiseach, Parthalán Ó Hernia, agus d’fhiafraigh sé de cad chuige nár chuir sé a sheanchara dílis Liamó Fitzo ar an ticéad i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh, mar a gheall sé dó go sollúnta agus go poiblí agus go dotharraingtsiarach aimsir an olltoghcháin dheiridh: “Bhuel, a Bhaloir, *loike, ya know*, caithfidh mé mo chos is fearr a chur chun tosaigh chun an lámh in uachtar a fháil ar an dream eile, agus ní mór dúinn ar fad seasamh gualainn le gualainn, ár dtóin leis an ghaoth agus ár mbolg leis an fharraige chun ár gcloigeann a choinneáil os cionn uisce agus ár srón a fháil thar an líne ar dtús.
go raibh an lámh in uachtar le bheith ag Ciarraí that Kerry was going to have the upper hand
" Ach bhí an bua ag Ciarraí i gcluiche ceannais na sraithe náisiúnta i 1977 agus bhí imní ar lucht leanúna Átha Cliath go raibh an lámh in uachtar le bheith ag Ciarraí sa chraobhchomórtas cúpla mí ina dhiaidh sin.
a liopa uachtair her lower lip
" Luaitear níos mó ná uair amháin faoi Aisling, mar shampla, go bhfuil ribí dorcha gruaige ar a liopa uachtair agus samhlaítear cumhrán róis le Caoimhe.
lámh in uachtar upper hand
" D’ainneoin na n-ionsaithe, beidh lámh in uachtar ag Kevin Rudd san olltoghchán, de réir gach pobalbhreithe le bliain anuas.
fuair na páirtithe fríth-Ghaeilge an lámh in uachtar. the anti-Irish language parties got the upper hand.
" Ach, mar is dual don chluiche polaitiúil sa Tionól, fuair na páirtithe fríth-Ghaeilge an lámh in uachtar.
lámh in uachtar upper hand
" Le fada an lá, táimid ag éisteacht le scéalta mar gheall ar dhúshaothrú sa tionscal ceoil, ach faoi dheireadh, leis an réabhlóid dhigiteach agus an dul chun cinn sa teicneolaíocht, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar ag na ceoltóirí.
lámh in uachtar upper hand
" Tá an lámh in uachtar ag an teilifíseán sa teaghlach sa lá atá inniu ann.
fós in uachtar still more prevalent (in this context)
" Faoi 1750, bhí an Béarla ag teacht chun cinn sna bailte móra, ach bhí an Mhanainnis fós in uachtar in áiteanna eile.
uachtar cream
" Taos fuar-ardaithe sáithithe le cáis, uachtar agus uibheacha, mmmm.
an lámh in uachtar the upper hand
" Scéalta a bhaineann le traidisiún ársa scéalaíochta na hIndia a bhíonn á n-insint acu, ina bhfaigheann na maithe an lámh in uachtar ar na hoilc i gcónaí.
lámh in uachtar upper hand
" Le fiche bliain anuas, tá lámh in uachtar i ndiaidh a bheith ag na hAstrálaigh ar an mBreatain, ach amháin an iarraidh seo nuair a chríochnaigh siad chun deiridh ar an tsean-namhaid.
an lámh in uachtair the upper hand
" Bíonn scéal láidir i gcónaí mar chuid de gheamaireacht agus ‘an mhaith’ ag fáil an lámh in uachtair ar an olc.
lámh in uachtar upper hand
" D’éirigh le Washington an lámh in uachtar a fháil ar na Sasanaigh agus toghadh é ina chéad Uachtarán ar na Stáit Aontaithe.
an lámh in uachtar to gain control of
" Ba gheall le bua é an toradh ó thaobh foireann Átha Cliath de sa mhéad is gur éirigh leo rud a dhéanamh nár éirigh le Tiobraid Árann ná le Corcaigh a dhéanamh agus ba é sin Cill Chainnigh a chur faoi bhrú agus an lámh in uachtar a fháil orthu ar feadh tréimhsí suntasacha den chluiche.
gCúirt Uachtair Supreme Court
" Is mar gheall ar an mbua seo go raibh Sonia Sotomayor, bean de bhunadh Puerto Rico a d'fhás aníos i dtithíocht phoiblí sa Bhronx, Nua-Eabhrac, in ann suí breithimh i gCúirt Uachtair Mheiriceá a bhaint amach.
in uachtar on top, top dog
" Cé nach bhfuil an Ghaeilge in uachtar mar theanga an phobail in gach cuid den Ghaeltacht oifigiúil faoi mar atá léirithe in ‘Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007’, fós féin is ócáid an-speisialta Gaeltachta é a thugann daoine agus cumainn pheile de chuid Cumann Lúthchleas Gael atá ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta agus Bhreac-Ghaeltachta le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad na nGael.
an lámh in uachtar the upper hand
" Fuair páirtí an Congress an lámh in uachtar ar an BJP in olltoghchán 2004, ach ba ar éigin é, agus bhí an tír idir dhá cheann na meá ó shin.
uachtar reoite ice cream
" Cheapas Brí Chulainn le seo, slot machines, uachtar reoite, gaineamh, girseacha, grá aon lae 4th of July - an t-aon phíosa ceoil uirlise ó U2, gan focail, go bhfios dom.
uachtar reoite ice cream
" Fuair mé iPhone ar iompú na boise, gan mhoill dá laghad, agus tá uachtar reoite faighte in aisce agam dá bharr.
lámh in uachtar overcame
" Bíonn ar gach éinne ligint orthu, go maireann, ní hamháin an DDR, ach go bhfuair an Cumannachas an lámh in uachtar ar an gCaipitleachas! Spléachadh anseo: http://www.
huachtar cream
" Chuir mé an fíon bán goirt a bhí laghdaithe ón bpota sliogáin dhubha isteach ina mullach agus chríochnaigh mé an t-anlann le huachtar.
an lámh in uachtar the better, overcome
" Deir sé gurb é an fáth nár éirigh le Fear Manach an lámh in uachtar a fháil ar Ard Mhacha nach raibh na himreoirí sách maith i mbun chiceáil na liathróide, cé go raibh siad iontach á cur ar aghaidh trí bhíthin an phas láimhe.
lámh in uachtar upper hand
" An lámh in uachtar atá uaidh ar pheacacht nádúrtha an duine, sin an méid.
uachtar reoite ice cream
" Chaitheas deich nóiméad ar an rothar gan chos a bhrú ar throitheán! Baile álainn beag cuan is ea Sausalito, atá ag deireadh an bhóthair anuas ón droichead, a chaladh lán le luaimh, carranna luachmhara Gearmánacha ag tiomáint timpeall go mall, agus roinnte siopaí uachtar reoite a chuireas suaimhneas ar dhuine ar bith atá tar éis cúpla uair an chloig a chaitheamh ar sheandiallait.
uachtair upper
" Idir Dhá Cheann na Meá Rinne an rialtas reatha iarracht bille STA a thabhairt isteach i mí Lúnasa i mbliana, ach níl móramh acu sa teach uachtair, an Seanad.
in uachtar rule(d)
" Stair is Sanasaíocht Is Moslamaigh iad Imazighen an lae inniu ach ba phobal Críostaí iad is bhí siad in uachtar i dtuaisceart na hAfraice go dtí gur tháinig an áit faoi smacht na nArabach sa 7ú haois.
lámh in uachtar a fháil to get the better
" Céard é do mheas ar an gcor sa scéal scathamh ó shin, breith an Bhoird Phleanála in aghaidh an chomhlachta ar láimh amháin agus an géibheann a cuireadh ar Pat O Donnell ar na mallaibh? MÓS: Maidir linne i dtosach, níl muide anseo ag iarraidh bua, níl muide ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar éinne ná ní shin é atá i gceist againn.
sainaicmí uachtair upper castes
" Anuas air sin, níor ligeadh dóibh uisce a tharraingt as na humair iniompartha a fuarthas ó ghníomhaireachtaí idirnáisiúnta ar eagla go dtruailleofaí na sainaicmí uachtair dá n-ólfaidís uisce a raibh baint ag na Dalit leis.
lámh in uachtar the upper hand
" Cén fáth é sin? An mbaineann sé le dúchas, le cine, le dearcadh, le tuiscint nach bhfuil ag imreoirí sna contaetha eile? Tá imreoirí maithe ag contaetha eile gan amhras, ach teipeann orthu níos minice ná a chéile an lámh in uachtar a fháil ar na Ciarraígh.
lámh in uachtar upper hand
" Chun Craobh an Domhain a bhuachan i mbliana, b’éigean do Katie an lámh in uachtar a fháil ar dhornálaithe as na tíortha is mó ar domhan – An India, An Bhrasaíl, An Rúis, Na Stáit Aontaithe agus an tSín.
an lámh in uachtar get the better, overcome
" Muna mbíonn an-rath ar fheachtas José Serra idir seo agus sin, níl dabht ar bith faoi ach go mbeidh an lámh in uachtar ag Dilma Rousseff: na daoine a thug ‘vóta agóide’ do Marina Silva sa chéad bhabhta, níl baol ar bith go dtabharfaidh siad tacaíocht do José Serra.
lámh in uachtar upper hand
" Is ag Sgioba na hAlba a bhí an lámh in uachtar sa chéad leath mar is acu sin a bhí cóir na gaoithe.
in uachtar supreme
" Tá sé ráite ag cuid mhór daoine go mb’fhéidir gurb é seo an seans deiridh a bheas againn gníomh suntasach a dhéanamh leis an Ghaeltacht a tharrtháil mar phobal ina bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha in uachtar.
lámh in uachtar upper hand
" Agus 56% de na vótaí aici, fuair Rousseff an lámh in uachtar ar a céile comhraic, José Serra ó Pháirtí an Daonlathais Shóisialaigh Bhrasaíligh (PSDB.
lámh in uachtar victory
" Is ríléir don té atá eolach ar an gcaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus Iosrael go bhfaigheann “stát na nGiúdach” an lámh in uachtar beagnach i gcónaí.
in uachtar on top
" (ii) Go mba cheart leath den airgead a chaitear ar champaí samhraidh sa nGaeltacht faoi láthair a úsáid ar mhaithe le campaí (as baile) a eagrú do dhéagóirí ó Ghaelcholáistí agus ón gcuid sin de na meánscoileanna Gaeltachta, ina bhfuil an Ghaeilge in uachtar iontu.
fuair sé an lámh in uachtar ar he won against
" D'fhreastail sé ar an Seanad arís ó 1983 go dtí 1987 nuair a fuair sé an lámh in uachtar ar Coogan an iarraidh seo agus ar ais leis chun na Dála, ag gnóthú aireachta dó féin, Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus é i gceannas air nuair a bunaíodh Teilifís na Gaeilge (TG4 inniu) i 1996, beart a bhfuil sé an-mhórtasach as.
tá an lámh in uachtar ag have the upper hand
" 
Tá géarchéim geilleagair faoi lántseoil faoi láthair arís agus, arís eile, tá an lámh in uachtar ag baincéirí, amhantóirí, na forais airgeadais agus iad ag cur brú ar rialtais an fód a sheasamh amhail is nach bhfuil ann ach bealach amháin chun cinn.
láib uachtair dollops of cream
" ’Sé sin caife le dhá siúcra agus dhá láib uachtair.
in uachtar reigns
" Béarla atá in uachtar sa gceantar thart ar an gClochán Liath agus Ailt an Chorráin le fada an lá, mar atá i bhformhór na gceantracha atá sa Ghaeltacht oifigiúil.
ag fáil an lámh in uachtar orainn getting the better of us
" Anois, freagairt do cheiste, bealach na hIoruaidhe, bealach na Scigirí agus tíortha beaga eile atá ar cóimhéid linn ó thaobh daonra dhe agus atá beo agus atá ag fáil an lámh in uachtar orainn ar mhargaí! Chuir muide ceithre mhíle dhéag tonna bradán feilme ar fáil sa tír seo i mbliana.
an lámh in uachtar a fháil ar to overcome
" Bhí ar gach fear obair ar a chonlán féin de réir an traidisiúin agus an lámh in uachtar a fháil ar a chéile comhraic.
an lámh in uachtair ag had the upper hand
" Bhí an lámh in uachtair ag Facebook ó chianaibh leis an gcnaipe *"Like"* atá le feiceåil fud fad an idirlín ach anois is féidir aon ní a *“plus-one”*-áil.
in uachtar up
" Agus is cosúil nach dtig leis na rialtais an lámh in uachtar a fháil ar na margaí.
t-uachtar sin cream of the crop
" Teilgeann siad an t-uachtar sin gach oíche Dé Luain ar a hocht a chlog.
roinnt uachtair don éadan some face cream
" Thug mé uaim mo chuid féiríní beaga féin, braisléad práise le dearadh Ceilteach, agus roinnt uachtair don éadan, rud a bhailigh mé ón phoitigéir sular fhág mé Éirinn.
atá an láimh in uachtar ag an tart agus ag an ocras thirst and hunger are to the fore
" Is fánach an rud a chuirfeadh an lasair sa bharrach nuair atá an láimh in uachtar ag an tart agus ag an ocras.
an lámh in uachtar the upper hand
" Ar ndóigh, níorbh é an t-imeacht a d'eagraigh *Families Acting for Innocent Relatives* atá i gceist agam ach turas na mílte Ultach a fhad leis an Staid *Aviva* i mBaile Átha Cliath do chluiche leathcheannais Chorn *Heineken* ina bhfuair foireann rugbaí Chúige Uladh an lámh in uachtar ar Dhùn Èideann le háit a ghnóthú i gcluiche ceannais an chomórtais in éadan Chuige Laighean i *Twickenham*.
dar thug an lámh in uachtar don Iarthar which gave suzerainty to the West
" Gach uair a labhraíonn Ferguson fé fhréamhacha ár “sibhialtacht domhanda” nó fés na *“killer applications”* dar thug an lámh in uachtar don Iarthar nó fé bhorradh as cuimse na Síne, is maith is cuimhin liom an t-alt sin in aiste Nietzsche nuair a mhaíonn: *“What is history then other than the way in which the spirit of man takes in the events which are impenetrable to him, something in which only God knows whether there is a relationship holding it together, in which that spirit replaces an incomprehensible thing with something comprehensible, from the outside underwrites with his ideas of purposefulness a totality which really can be known only from within, and also assumes chance events, where a thousand small causes were at work.
in uachtar roimh an Drochshaol supreme before the Great Hunger
" Is cosúil gurb é an intinn a bhí ag an Donnabhánach go gcaithfeadh daoine an Ghaeilge a scaoileadh uathu le háit a dhéanamh don Bhéarla, an teanga a theastaigh le dul chun cinn a dhéanamh sa Ríocht Aontaithe! Trí dhiúltú do na logainmneacha a bhí ar bhéal na ndaoine, rinne an Donnabhánach a chuid féin, chun caidhp an bháis a bhualadh ar an nGaeilge sa gcuid mhór den tír ina raibh an Ghaeilge in uachtar roimh an Drochshaol.
an lámh in uachtar a fháil ar to overcome
" Chuaigh sé rite le Katie an lámh in uachtar a fháil ar an Rúiseach agus bhí an toradh éiginnte ag an deireadh.
an lámh in uachtar leis has the upper hand
" Riail daingean sa pholaitíocht is ea é go mbíonn buntáiste ag an sealbhóir i gcónaí, agus más ea, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar leis an Uachtarán Barack Obama, agus go n-éireoidh leis fanacht in oifig go ceann ceithre bliana eile, ach ní gá do dhuine ar bith, an tÉireannach san áireamh, breathnú siar rófhada i dtoghcháin uachtaránachta chun feiceáil nach ag an iarrthóir tosaigh i gcónaí a bhíonn an bua! Ach tá dúshlán faoi leith roimh na Poblachtánaigh i mbliana.
an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar churning up the sea
" Níor fhág sé téad tíre gan tarraingt nó maide rámha gan riar ag treabhadh na farraige, míolta móra mara ag déanamh ceoil sí agus soirbhis dó, dhá dtrian den long ag imeacht faoin toinn os cionn an trian a bhí ag imeacht os a cionn, slug slag ag an fhaoileán bhán ó thosach an bháid go dtí an deireadh, an gaineamh mín ag gabháil in íochtar agus an gaineamh garbh ag gabháil in uachtar agus eascanna á gcur in ascallaibh a chéile acu gur shroich sé cuan agus caladh ar Thoraigh.
an lámh in uachtar ag have the upper hand
" Tá 18 suíochán faoi chaibidil i mbliana, ach is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar ag na Daonlathaigh, agus na pobalbhreitheanna ag taispeáint go mbainfidh siad tuairim is 10 gcinn.
an lámh in uachtar a bheith acu they shall have control
" Is mór an tionchar a bhíonn ag cláir fógraí ar aeistéitic áite, gan amhras, ach an féidir chomh maith creimeadh áirithe a bhrath ar chaighdeán morálta na n-údarás poiblí a leanann beartais mar seo? Deir Hanno Rauterberg, a scríobhann don nuachtáin Gearmánach, Die Zeit, gur cineál deachtóireacht nua atá san fhógraíocht nach bhfuil duine ar bith ábalta a sheachaint agus, le himeacht aimsire, go nglacfar leis mar rud atá, ní hamháin ‘nádúrtha,’ ach go bhfuil sé de cheart ag fógróirí an lámh in uachtar a bheith acu ar spásanna poiblí.
a bheadh in uachtar which would be to the fore
" An Fhís 25 Bliain ó Shin ======== Sa bhfís a bhí againne, 25 bliain ó shin, nuair a cuireadh Teilifís na Gaeltachta ar an aer i Ros Muc, samhlaíodh dúinn gurb í an Ghaeilge a bheadh in uachtar i ndéantús na gclár don stáisiún teilifíse a bhí á éileamh againn.
Bhí an lámh in uachtar ag had command
" Bhí an lámh in uachtar ag Banc na Medici, clann baincéireachta a bhí i réim ar feadh an chuid is mó den aois sin agus a thug mórthacaíocht d’aos dána na linne.
is minic a bhíonn an lámh in uachtar ag Paloma orthu P. often gets the better of them
" Le cabhair óna cairde, an máistir scoile Ó Dónaill agus Marika, teifeach as an mBoisnia, is minic a bhíonn an lámh in uachtar ag Paloma orthu.
in uachtar on top
" Cé go raibh togha na Gaeilge ag mórán chuile dhuine sa Spidéal, bhí an Béarla in uachtar i measc mo aoisghrúpa sa sráidbhaile.
is gearr go raibh an greann in uachtar arís enjoyment soon overtook all other matters
" Shíl mé gur ceachtanna staire go maidin a bheadh ann ansin, ach faoi mar a tharlaíonn ag féilte go leor, is gearr go raibh an greann in uachtar arís.
an lámh in uachtar win, the upper hand
" Réiteach pragmatach nó teip pholaitiúil? An bhfaighidh Tadhg-an-dá-thaobhachas na polaitíochta an lámh in uachtar nó an mbeidh sé de mhisneach ag Teachtaí áirithe vótáil astu féin ar an gceist seo? Beidh le feiceáil.
an lámh in uachtar (don’t obtain) victory
" ”* Is léir do chách áfach nach bhfaigheann na haingil is uaisle an lámh in uachtar le linn reifrinn, agus sin a chúis gur cuireadh reifrinn ar ceal d’aon ghnó san Afraic Theas de chuid Mandela agus sa Ghearmáin tar éis 1945.
faigheann an lúcháir a fhaighim uathu sin an lámh in uachtar ar the joy I get from them overcomes
" Sa bhaile, tá clann agus cairde agam agus faigheann an lúcháir a fhaighim uathu sin an lámh in uachtar ar chogadh bréagach Stormont.
an lámh in uachtar a fháil to gain the upperhand
" Ach dáiríre, ní chóir iontas a bheith ar aon duine gur éirigh le Luimneach, an uair ba mhó nach raibh súil ag aon duine leis, an lámh in uachtar a fháil ar Thiobraid Árann: go rialta sna blianta siar rinne foirne Luimnigh an gaisce céanna.
ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile trying to best each other
" Ní maith liom go bhfuil daoine, saghas ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile.
gur cheart an lámh in uachtair a fháil air (he) ought to better him
" Mhol mé do “Cúige Uladh” gur cheart an lámh in uachtair a fháil air le freagra cliste ar mo phointe faoin schadenfreude thuasluaite.
fuair tionscnamh eile ó Chorcadorca an lámh in uachtar another project of C. bettered
" Cúpla bliain i ndiaidh dráma na Páise seo, fuair tionscnamh eile ó Chorcadorca an lámh in uachtar fiú ar aisteoireacht spleodrach D’Aughton.
an lámh in uachtar ‘have the clout’
" I gcás na hÉireann, áfach, is ar chainteoirí an Bhéarla ‘atá na brístí’, nó an lámh in uachtar.
boladh uachtar gréine uathu having a smell of suncream
" Bíonn na sluaite le feiceáil i rith an lae ag siúl suas síos sráideanna cúnga an Lido, cóin gelato ina nglaic acu, boladh uachtar gréine uathu agus iad ag triall ar an trá nó ar cheann den iliomad bialanna atá daite timpeall an oileáin.
an lámh in uachtar a fháil ar an olc overcome evil
" Ach tá an Afraic Theas de dhíth orainn go léir mar splanc dóchais, a léireoidh dúinn gur féidir an éagóir agus an bhrúidiúlacht a shárú agus gur féidir leis an daonnacht an lámh in uachtar a fháil ar an olc agus ar an dearg-ghráin – agus é sin a dhéanamh go mórchroíoch agus gan fuil a dhoirteadh.
in uachtar ar an mbileog at the top of the page
" É leagtha ar bhord, fráma air, é scríofa go slachtmhar, agus an scríbhinn seo a leanas in uachtar ar an mbileog: do Chór na bhFear, Blaenporth (Ceredigion) ó Chór Fear na nDéise, an 26ú Mí na Samhna 2013.
raibh an láimh in uachtar ag an teanga nua where the new language was top dog
" Chuir an oíche aimsir m'óige i gcuimhne dom nuair is tír gan Bhéarla a bhí sa mBreatain Bheag dar liom, ní hionann agus Éirinn, áit a raibh an láimh in uachtar ag an teanga nua.
an lámh in uachtar a fháil to obtain the upper hand
" Anuas ar sin, tá ceannaire na Rúise, Vladimir Putin, crua neamhghéilliúil agus tá sé mar sprioc ina chroí istigh an lámh in uachtar a fháil ar an Iarthar chomh minic agus is féidir.