Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
é a chur faoi bhráid an Uachtaráin to submit it to the President
" Mar shampla, de réir Alt 27 má chreideann móramh an tSeanaid agus an tríú cuid den Dáil gur chóir tuairim an phobail a lorg ar bhille a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis, tá ar a gcumas é a chur faoi bhráid an Uachtaráin.
Toghadh mé i mo Leas-Uachtarán I was elected Vice-President
" Cén ról atá agat féin san eagraíocht agus cén fhad atá tú sa phost? Toghadh mé i mo Leas-Uachtarán ag an chéad Ard-Chomhairle a bhí ag ÁdTF i 1993, agus tá an post sin agam fós.
Leas-Uachtarán na Spáinne the Spanish Vice-President
" Míníonn Rodrigo Rato, Leas-Uachtarán na Spáinne agus Aire Eacnamaíochta na tíre, go bhfuil praghas na dtithe ró-ard agus go bhfuil fadhbanna struchtúrtha bunúsacha, ar nós amhantraíochta, leis an talamh sna cathracha.
mhol an tUachtarán George Bush President George Bush proposed
" Ar an 24 Feabhra mhol an tUachtarán George Bush go ngearrfaí an soláthar airgid do na hiarshaighdiúirí agus do thithíocht phoiblí i mbuiséad na bliana 2005.
iar-uachtarán former president
" Creideann iar-uachtarán an CLG, Seosamh Mac Donncha, gur de bharr gur mhothaigh muintir na hÉireann ciontach as an Ghaeilge a thréigean, is cúis cuid mhór, i ngan fhios dóibh féin, gur thacaíodar chomh mór sin leis an CLG.
shéan an tUachtarán Bush President Bush denied
" Is éard a thugann an fórsa dá dtuarascáil ná gur shéan an tUachtarán Bush go raibh a leithéid de rud ann is athrú aeráide ó toghadh é ceithre bliana ó shin.
uachtarán president
" Thosaigh an Kelly Gang go neamhfhoirmeálta thart ar chúig bliana ó shin, timpeall an ama a ceapadh Jim Kelly mar eagarthóir ar *Time *agus Ed Kelly mar uachtarán ar American Express.
uachtarán an Ionaid Ioslamaigh president of the Islamic Centre
" Na cainteoirí is mó a chuaigh i gcion orm ná Armie Cerezo, banaltra as na hOileáin Fhilipíneacha, agus Jamal Iweida, uachtarán an Ionaid Ioslamaigh i mBéal Feirste.
leas-uachtarán vice-president
" Deir John Guerrera, ar leas-uachtarán de chuid an Irish Business Organization é, gur cheart do na grúpaí sóisialta Éireannacha sna Stáit Aontaithe na hÉireannaigh atá i Nua-Eabhrac a chur ar an eolas maidir leis an réimse seirbhísí agus sochar atá ar fáil dóibh.
chonacthas an t-uachtarán ar na scáileáin arís the president was seen on the screens again
" Níor glacadh le ceisteanna, agus níor pléadh mórán taobh amuigh de shlándáil, ach d'éirigh leis an tseift – chonacthas an t-uachtarán ar na scáileáin arís, agus mhéadaigh a rátálacha sásaimh go 47%.
d'admhaigh an t-uachtarán the president admitted
" San óráid ba dhéanaí d'admhaigh an t-uachtarán gur cheadaigh sé cúléisteacht gan teorainn, agus seo an fáth go bhfuiltear ag caint faoi ionchúiseamh agus táinseamh.
nuair a táinsíodh an tUachtarán Clinton when President Clinton was impeached
" I ndomhnach, fiú nuair a thiteann uachtaráin, fanann an rialtas féin ina sheasamh, mar a tharla nuair ab éigean don uachtarán Nixon éirí as oifig i 1974, agus nuair a táinsíodh an tUachtarán Clinton i 1999.
a mhol an t-uachtarán don Chomhdháil which the president proposed to Congress
" Céastar príosúnaigh de chuid na Stát Aontaithe anois, agus, má rithfear bille a mhol an t-uachtarán don Chomhdháil an tseachtain seo caite, ceadófar céasadh as seo amach agus ní thabharfaidh Meiriceá aitheantas do Choinbhinsiún na Ginéive níos mó.
in aghaidh mholadh an uachtaráin against the president's proposal
" Muna bhfuil polaiteoirí Mheiriceá sásta seasamh in aghaidh mholadh an uachtaráin, ámh, tá an t-arm féin ag seasamh go láidir in aghaidh athruithe ar bith.
nuair a ghair an tUachtarán Lincoln lá altaithe when President Lincoln called a thanksgiving day
" Ní lú an méid teilifíse a fheiceann an tÉireannach féin thar Nollaig! An chéad cheann oifigiúil Níor ceiliúradh Lá Altaithe i Meiriceá ar bhonn náisiúnta go hoifigiúil go dtí 1863, nuair a ghair an tUachtarán Lincoln lá altaithe do Dhéardaoin dheireanach mhí na Samhna an bhliain sin.
teachtaireacht an uachtaráin the president's message
" Go deimhin, i ndiaidh na n-ionsaithe ar an 11 Meán Fómhair, ba é teachtaireacht an uachtaráin go mba cheart don phobal dul amach ag siopadóireacht.
Ba dhealg san fheoil é sin don uachtarán, ámh. That was a thorn in the flesh for the president, however.
" Ba dhealg san fheoil é sin don uachtarán, ámh.
is leasc leis an uachtarán a leithéid a dhéanamh. the president is reluctant to do such a thing.
" Fiú agus a leathbhádóir Tony Blair ag rá go hoscailte gur mhaith leis cainteanna a thosú leis na tíortha sin, is leasc leis an uachtarán a leithéid a dhéanamh.
ceann de dhualgaisí an Uachtaráin one of the duties of the President
" Tá sé go deas go bhfuil an rud sin ar fad ag dul ar ais, agus rothaí faoi, chuig an áit as a dtáinig sé!” Bí ag faire amach do Thadhg i gCathair na Mart – mar a deir sé féin, “Beidh mise i láthair, ag *swann*áil thart agus an slabhra orm! Seans go mbeidh mé fós i mo shuí go moch ar maidin; ceann de dhualgaisí an Uachtaráin ná oiread fuinnimh agus is féidir a chur isteach san ócáid!” Beidh Oireachtas na Cásca ar siúl i Leitir Ceanainn, Co.
uachtarán president
" Sna seachtóidí, nuair a bhí m’athair ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge, bhí Pádraig ar dhuine de na daoine a lean é agus a sheas leis agus iad ag taisteal timpeall na tíre.
uachtarán ar an eagraíocht president of the organisation
" Bhí uncail dó, John Dowling, ina réiteoir sna 1960í agus ina uachtarán ar an eagraíocht sna 1970í.
sásta an tUachtarán a lochtú os ard. willing to find fault with the President out loud.
" Go dtí seo, níl ach iarrthóir amháin, an Seanadóir John McCain, sásta an tUachtarán a lochtú os ard.
Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael President of the GAA
" B’fhéidir gurb é sin an fáth gur ceapadh é mar bhall de Choimisiún na bParáidí sa Tuaisceart sa bhliain 2000 agus mar Uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael (CLG) i 1991.
príomhchomhairleoir an uachtaráin, main advisor to the president,
" **An lacha bhacach**Níor nuacht é, mar sin, nuair a d'fhógair Karl Rove, príomhchomhairleoir an uachtaráin, go raibh sé ag éirí as a phost agus ag dul abhaile "chun níos mó ama a chaitheamh lena theaghlach", cé go bhfuil a aonmhac fásta anois.
a toghadh ina uachtarán who was elected president
" Ó 2005 i leith, mar sin, bhí daoine óga na Polainne, agus roinnt mhaith daoine nach bhfuil óg, á náiriú agus á bhfeargú ag Jaroslaw Kaczynski, atá i gceannas ar PiS, agus ag a leathchúpla Lech Kaczynski, a toghadh ina uachtarán ar an bPolainn in 2005 chomh maith.
Uachtarán President
" Toghadh é mar Uachtarán ar Chomhairle na Breataine sa bhliain 1964.
Toghfar uachtarán, a president will be elected
" Toghfar uachtarán, mar shampla, ar Chomhairle na n-Airí ar feadh tréimhse dhá bhliain go leith (cé go mbeidh cead é/í a athcheapadh ar feadh tréimhse amháin eile).
insealbhófar an t-uachtarán the president will be inaurgurated
" Beidh an toghchán féin ar siúl ar an 4 Samhain 2008, agus insealbhófar an t-uachtarán nua ar an 20 Eanáir, 2009.
uachtarán gorm a black president
" Tá seans iontach maith ann go mbeidh uachtarán gorm ag muintir na Stát Aontaithe i gceann bliana.
uachtarán president
" Ó aimsir an reifrinn – agus roimhe sin, gan dabht – d’éirigh aighneas idir uachtarán na Spáinne, Francisco Franco, agus an Bhreatain.
oirniú seisear uachtarán the inauguration of six presidents
" Rud suntasach is ea é go gcuirfeadh go leor Meiriceánach in aghaidh uachtaráin Mhormannaigh, cé gur chan an Mormon Tabernacle Choir ag oirniú seisear uachtarán – Lyndon Johnson, Richard Nixon, Ronald Reagan, agus George Bush agus George W.
glacadh le huachtarán mná nó gorm, to accept a female or black president,
" Is cosúil gur thuig an páirtí go mbeadh muintir na Stát Aontaithe sásta glacadh le huachtarán mná nó gorm, ach ní le huachtarán Mormannach! Creideamh sách nua is ea an Mormannachas, ar cuireadh tús leis i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
uachtarán president
" Ba é iar-uachtarán Choiste na gCluichí Oilimpeacha, Avery Brundage, a chéad chum an ráiteas smolchaite úd, “*politics has no place in sport*.
bean an iar-uachtaráin wife of the ex-president
" Mura bhfuil ainmneacha na beirte seo cloiste agat go minic le bliain anuas, caithfidh go bhfuil tú bodhar: Hillary Clinton, bean an iar-uachtaráin Bill Clinton, agus Barack Obama, an seanadóir óg ó Chicago.
Uachtarán President
" ” Ní neart go cur le chéile, mar deirtear, agus is fealsúnacht í seo a bhí i gceist agus é ina Uachtarán ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn in 2000-’01, tráth a bhí sé i gceannas ar fheachtas a bhí ar bun ag mic léinn altranais chun maoiniú breise a fháil ón rialtas, feachtas ar éirigh leis £15 milliún breise a fháil.
uachtaráin presidents
" Bhí coimhlint ar siúl i Ruanda ó 1990, ach cuireadh tús leis an marú ar mhórscála i mí Aibreáin na bliana 1994 tar éis “aerthionóisc” inar maraíodh uachtaráin Ruanda agus na Burúine ar a mbealach abhaile ó chainteanna síochána.
faoin dóigh a gceapfaí an t-uachtarán about the way in which the president would be appointed
" (Scoilt idir poblachtaigh – dochreidte!) Tháinig an scoilt seo chun cinn mar go raibh easaontas ann faoin dóigh a gceapfaí an t-uachtarán.
dá dtoghfadh na vótálaithe an t-uachtarán if the voters elected the president
" Ach bhí mionlach nach beag de na poblachtaigh den tuairim go mbeadh sé níos oiriúnaí dá dtoghfadh na vótálaithe an t-uachtarán, mar a tharlaíonn in Éirinn.
leas-uachtarán vice-president
" I measc na gceapachán tábhachtach sin, bhí sé ina chathaoirleach ar an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda (Davos); ina leas-uachtarán ar WWF, ar ciste idirnáisiúnta don fiadhúlra é (1978-1981); ina chomhairleoir sinsearach sa tréimhse 1995-2005 d’iar-uachtarán an Bhainc Dhomhanda, James Wolfensohn; agus ina fho-rúnaí ar na Náisiúin Aontaithe (1985-1987 agus 1989-1992).
sular toghadh í mar uachtarán before she was elected president
" Dúirt an sí linn go raibh gaolta aici féin sa cheantar agus, mar sin, bhíodh sí anseo go minic sular toghadh í mar uachtarán.
iar-uachtarán former president
" Saothar le healaíontóirí as Éirinn - ó thuaisceart agus ó dheisceart na tíre - a bheidh le feiceáil lena linn, iad seo ina measc: Fiona Ní Mhaoilir, Sinéad Ní Mhaoinigh, Shane Cullen, Éamon Colman (ball d'Aosdána agus iar-uachtarán de Chomhairle Eorpach na nEalaíontóirí), Raymond Watson agus roinnt ealaíontóirí Éireannacha atá lonnaithe i Sasana.
uachtarán president
" Ceapadh Prionsa Bernhard na hÍsiltíre mar chéad uachtarán ar CFD sa bhliain 1961.
uachtarán ar Choiste Oilimpeach na hAstráile, president of the Olympic Committe of Australia
" Ag deireadh na gCluichí i mBéising, mhaígh John Coates, atá ina uachtarán ar Choiste Oilimpeach na hAstráile, go bhfuil maoiniú sa bhreis ag teastáil ionas go mbeidh an Astráil in ann boinn sa bhreis a bhaint ag an gcéad bhabhta eile de Chluichí a bheas ar siúl i Londain i gceann ceithre bliana.
uachtarán president
" AgóidíB’éigean do Edouard Shevardnadze eirí as oifig mar uachtarán na Seoirsia i Samhain na bliana 2003 i ndiaidh d'agóidí móra i gcoinne an rialtais a bheith ar siúl.
leis an ruaig a chur ar Uachtarán na hIúgslaive, with expelling the President of Yugoslavia
" Bhí Miles ag obair i mBéalgrád roimhe sin, áit a raibh baint lárnach aige leis an ruaig a chur ar Uachtarán na hIúgslaive, Slobodan Milosevic.
t-uachtarán tofa president elect
" Roghnaigh an t-uachtarán tofa mar chomhairleoirí eacnamaíochta daoine ar nós Timothy Geithner agus Larry Summers atá freagrach as an trioblóid sa chóras airgeadais anois.
uachtarán president
" Tá meas ar an uachtarán, cinnte, ach meas rialta atá ann a imíonn (don chuid is mó) nuair a éireoidh an t-uachtarán as oifig, agus mar a thaispeáin an sealbhóir deireannach, uaireanta ní leanann sé chomh fada sin, fiú.
huachtaráin presidents
" Foinse Maoinithe - Foinse Easaontais Is é an tsiocair ghearáin a bhí acu, go dteastaíonn ó Madame Pécresse, dar leo, nach mbeidh na huachtaráin ollscoile ag brath go hiomlán ar mhaoiniú an stáit mar atá siad faoi láthair agus, dá thoradh sin, go mbeidh neamhspleáchas níos mó acu i bhforbairt cúrsaí agus i gcaiteachas caipitil.
Uachtarán president
" Beirt atá ina n-eiseamláirí de ‘na daoine idir sinn agus na firicí’ ná Paul Wolfowitz agus, a chomharba mar Uachtarán an Bhainc Dhomhanda, Robert Zoellick.
uachtarán president
" Cuireadh an milleán ar Chomhdháil Uígireach an Domhain, go háirithe ar Rebiya Kadeer, uachtarán na Comhdhála.
uachtarán president
" Ken Saro-Wiwa Bhí sé d’ádh ar MOSOP an scríbhneoir is gníomhaí ar son chearta an duine, Ken Saro-Wiwa, a bheith mar uachtarán is urlabhraí na heagraíochta.
uachtarán president
" Tá thart are €250,000 á íoc le gach uachtarán ollscoile sa tír seo faoi láthair: tá a bpá níos mó ná mar a íoctar le Príomhaire na Breataine! Cén fáth? (http://www.
tUachtarán president
" Is dóigh nuair a thosaigh mé, tá a fhios a’m gur dhúirt an léiritheoir liom lá amháin, bhí an tUachtarán ar an gclár.
uachtarán president
" Nuair a bhí Daniel arap Moi ina uachtarán ó 1978 go 2002 bronnadh dáileachtaí talamh foraoise ar a lucht tréachtais agus ar dhaoine dá threabhchas féin, an Kikuyu.
uachtarán reatha current president
" Díoma faoi Dilma ======== Breathnaíonn go leor Brasaíleach ar Dilma Rousseff – an chéad bhean a bheadh ina huachtarán ar an tír – mar phuipéad de chuid Lula, uachtarán reatha na tíre.
uachtarán president
" Ach cén rogha eile atá ag an rialtas, a deirtear linn? Cá bhfaighfear an t-airgead? Drochscéal atá ann go cinnte scéal seo na bpinsean ach i gcaint a thug sé ag deireadh Mheán Fómhair, dúirt Sarkozy: Mar uachtarán, glacaim leis na freagrachtaí atá orm.
uachtarán president
" Gan ach seachtain fágtha sa dara tréimhse mar uachtarán aige agus mé i mbun méarchláir, tá sé deacair smaoineamh ar pholaiteoir eile a bhfuil oiread measa ag a phobal air agus Luíz Inácio da Silva –nó Lula mar is fearr aithne air.
a n-uachtaráin their president
" Is ábhar magaidh i measc go leor de mhuintir na Brasaíle go dtí an lá inniu, caint thútach a n-uachtaráin, caint a théann ar seachrán ón ngramadach go minic.
uachtarán president
" Sular chríochnaigh sé an dara téarma mar uachtarán SAM, thug George Washington comhairle stuama do mhuintir Mheiriceá.
uachtarán president
" Bhíomar sáite san obair sin, mar bhí m'athair ina uachtarán ar Chonradh na Gaeilge ag an am.
Uachtarán president
" Ar an 3 Feabhra, in eagarfhocal sa Washington Post dar teideal *“Why Obama has to get Egypt right,”* mhol George Soros go mb’fhearrde Uachtarán SAM a thacaíocht a thabhairt gan mhoill d’agóideoirí na hÉigipte.
iar-uachtarán ex-president
" Ba bhall den Royal Hibernian Academy é agus ba iar-uachtarán ar an Royal Ulster Academy é.
uachtarán president
" 
Theip air suíochán a bhaint in olltoghcháin 1969 agus 1973 ach shuigh sé sa Seanad idir 1973 agus 1977 nuair a ceapadh é ina uachtarán ar Pháirtí an Lucht Oibre agus chloígh sé le hobair inmheánach an pháirtí.
ní mór don uachtarán the president must
" Is cosúil go bhfuiltear amuigh ansin a sheasann in aghaidh uachtaránacht Obama mar, dar leo, níor rugadh sna Stáit Aontaithe é, agus dar le Bunreacht Mheiriceá, ní mór don uachtarán theacht ar an saol i Meiriceá.
uachtarán solabhartha eloquent president
" Le bheith fíreannach, ní minic a éistim leis an uachtarán solabhartha a thuilleadh — b’fhearr liom na bréaga a scagadh sna tras-scríbhinní — ach le cúpla lá anuas táim tar éis éisteacht le dhá aitheasc a thug sé le déanaí.
Uachtarán president
" Ní thig linn a mhaíomh a thuilleadh nach n-aithníonn Uachtarán Mheiriceá a Erse óna elbow.
Uachtarán president
" Uachtarán ===== **SMM: Céard é do mheas ar na daoine a luadh leis an toghchán Uachtaránachta? An bheirt Mhícheál, Mícheál Ó Muircheartaigh agus Michael D.
ina rúnaí ag an Uachtarán Presidential Secretary
" Ansin tháinig sé go BAC agus bhí sé ag obair sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus sa Roinn Oideachais agus ina dhiaidh sin arís, bhí sé ina rúnaí ag an Uachtarán.
Leas-Uachtarán vice-president
" Nuair a thug Leas-Uachtarán na Síne, Xi Jinping, cuairt ar an tír seo an mhí seo caite léirigh sé suim ar leith i ngnóthaí talmhaíochta.
rúnaí uachtarán an chomhlachta the presidential secretary of the company
" Tá réimse mór de dhaoine a fuair bás ar bord na loinge curtha sna reiligí céanna, ó cheoltóir veidhlín de bhanna ceoil an Titanic darbh ainm Hume, go rúnaí uachtarán an chomhlachta, White Star Line.
hUachtarán na hÚcráine the Ukrainian President
" Dá thoradh sin, dar le hUachtarán na hÚcráine, Viktor Yanukovich, agus a Rialtas, beidh ar an tír an iomarca costais arda a íoc amach anseo ar son soláthar fuinneamh ríthábhachtach.
hUachtarán president
" Bhí cruinniú déthaobhach ag Gillard le hUachtarán na hAfganastáine, Hamid Karzai, in Chicago freisin agus shínigh siad comhaontú straitéiseach comhpháirtíochta, a leagann síos bunús an chaidrimh a bheidh idir an dá thír tar éis aistarraingt na bhfórsaí Astrálacha.
uachtarán tofa an elected president
" Is fíor go bhfuil uachtarán tofa anois i gCabúl, an phríomhchathair, agus go bhfuil an cineál brúidiúlachta a bhí le sonrú faoi réim na dTalaban imithe, a bheag nó a mhór.
uachtarán president
" Ní bheidh i gceist sa chomhdháil, áfach, ach athruithe beaga gan mórán tábhachta – an tréimhse in oifig atá ag an uachtarán, aois na vótála, an tagairt do dhiamhasla a scriosadh amach, srl.
iar-Uachtarán ex-President
" Cúpla bliain ó shin, bhí mé ag léacht i mBéal Feirste a thug iar-Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Róibín, mar cheiliúradh ar Dhearbhú Uile-Choiteann Cearta an Duine.
Leas-Uachtarán vice-president
" Go tobann, tháinig cathaoirleach an tSeanaid isteach, Leas-Uachtarán na Stát Aontaithe John Nance Garner fiú, chun tús a chur le gnó an lae, agus é sáite go mór sa deoch mheisciúil.
an t-uachtarán céanna the same president
" Bhí an t-uachtarán céanna ann, bhí roinnt de na léachtóirí céanna ann agus cuireadh fáilte is fiche roimpi! (Gáire mór) Thaitin saol an choláiste go mór liom.
ar bhonn chumhacht lánroghnach an uachtaráin on the basis of presidential discretionary power
" Ós rud é gur ar bhonn chumhacht lánroghnach an uachtaráin a tugadh isteach an t-athrú dúnghaoise seo, d’fhéadfadh an t-uachtarán nua fáil réidh leis ar iompú boise.
thréimhse feidhme an Uachtaráin the term of presidential office
" Níor mhiste an cheist a chur fosta an bhfuil a leithéid de choinníoll leatromach i bhfianaise na ndlithe déine a chuireann cosc ar idirdhealú ar bhonn aoise i réimsí eile de shaol na hÉireann? Níor mhiste amharc ar thréimhse feidhme an Uachtaráin fosta.
d’fhógair uachtarán nuathofa newly elected president announced
" Bliain ina dhiaidh léim iontach Kittinger, rinne Yuri Gagarin an chéad fhithis timpeall ar an domhan, agus thart ar an am chéanna d’fhógair uachtarán nuathofa Mheiriceá, Jack Kennedy, go raibh sé mar sprioc ag na Stáit fear a chur ar an ghealaigh faoi cheann deich mbliana.
toghadh eisean ina uachtarán he was elected president
" Bush nuair a toghadh eisean ina uachtarán sa bhliain 2000? Muna mbeidh, beidh deacrachtaí móra, agus b'fhéidir dosháraithe, aige a chlár oibre a chur i gcrích.
uachtarán aon téarma a one term president
" D'fhógair Mitch Mc Connell, ceannaire na bPoblachtánach sa Seanad ceithre bliana ó shin gurbh é "sprioc uimhir a haon" dá pháirtí "uachtarán aon téarma" a dhéanamh de Barack Obama.
uachtarán ar president of
" Agus b’olc an buachaill é an tAthair Lawrence Murphy, uachtarán ar St.
Níl Uachtarán gan Locht no president is perfect
" Má bhí cathair ghríobháin Machiaveilliach riamh ann, b’í polaitíocht na Tríú Leasa Déag í! Níl Uachtarán gan Locht ======= Níor sheachain Spielberg an chamastaíl ab éigean do Lincoln a chleachtadh chun an vóta a chinntiú.
folús a fhágann an tUachtarán aonarach a vacuum which leaves the president bereft
" Tá an t-amhras á chrá, ceart go leor, ach is amhras dlíodóra é; tá fuacht an phósta ann, ceart go leor freisin - folús a fhágann an tUachtarán aonarach, gan chompord ceana a mhná, agus é sáite i lár ualach na beartaíochta uasal uilig a bhí idir lámha aige.
an t-uachtarán a thogh vótálaithe the president (Guatamalan) voters elected
" Theastaigh ó Jacobo Árbenz, an t-uachtarán a thogh vótálaithe Ghuatamala, an bochtanas a bhí mar sciúirse ar a thír a mhaolú trí chóras na talún a leasú: bhí trí cheathrú den talamh arúil i seilbh 2% d’úinéirí agus ba é an comhlacht Meiriceánach, United Fruit Company, an t-úinéir talún ba mhó.
Uachtarán na Rúise ina measc the Russian President among them
" Ní hamháin gur éist le gach glaoch teileafóin a rinneadh ar ghutháin póca na mullach (Uachtarán na Rúise ina measc), ach d'oscail GCHQ caiféanna idirlín bréagacha ag an gcruinniú chun ríomhphoist na rannpháirtithe a léamh.
tUachtarán President
" Is é an tUachtarán (an t-uasal Obama faoi láthair, atá ina Dhaonlathach) a roghnaíonn na hairí rialtais, ach is iad tithe na Comhdhála a chuireann maoiniú ar fáil don rialtas sin, agus os rud é go bhfuil na tithe in adharca a chéile faoi láthair, is féidir leis an maoiniú a bheith stoptha sách tapa más toil le páirtí an fhreasúra é.
chaitheamh mar uachtarán spending as president
" Faoin bhliain 1999, nuair a thug sé cúl leis an pholaitíocht, i ndiaidh cúig bliana a chaitheamh mar uachtarán ar an tír, bhí poblacht nua dhaonlathach bunaithe aige.
uachtarán high and mighty
" " Sin agaibh é, fear nach gceileann a léargas ná a dhearcadh féin ar uachtarán ná ar íochtarán, fiú amháin nuair a bhíonn praghas le híoc as an macántacht.
luaigh an tUachtarán the president mentioned
" An íomhá iomrallach seo ar fad, caithfidh go mbaineann sé ar bhealach éicint leis an teoiric a luaigh an tUachtarán agus gur thagair an Coimisinéir Teanga dó: nach dtig leis an Ghaeilg a bheith marbh go leor do roinnt daoine.
huachtarán ceardchumann mór president of a large trade union
" Chlis a phósadh agus é in oifig, agus thosaigh sé ag siúl amach le huachtarán ceardchumann mór, an bhean phósta Carla Katz.
le linn feachtas atofa an uachtaráin during the presidential re-election campaign
" An lá sin, d'fhoilsigh nuachtán eile as Nua-Gheirsí scéal a thug le fios go raibh dlúthbhaint ag an nGobharnóir Christie le dúnadh na lánaí tráchta ar Dhroichead George Washington trí mhí roimhe sin le linn feachtas atofa an uachtaráin.
uachtarán president
" Cuireadh i gcoinne Yanukovich, polaiteoir ó oirthear na tíre atá báúil leis an Rúis, gur chóirigh sé torthaí an toghcháin le go dtoghfaí é ina uachtarán.
uachtarán sealadach ceaptha an interim president appointed
" Agus mé ag scríobh tá uachtarán sealadach ceaptha ag an Pharlaimint agus tá sé beartaithe acu toghchán a reáchtáil i mí na Bealtaine.
uachtarán president
" Tacaíonn tromlach an phobail leis an gcairt ar fud an chúige, ach tháinig dreamanna mionlaigh – uachtarán Otharlann na nGiúdach, Dr.
In ainneoin uachtarán Gorm despite a Black president
" In ainneoin uachtarán Gorm a bheith sa Teach Bán, is léir go bhfuil ciníochas beo beathaíoch i Meiriceá go fóill.
fanacht ina Uachtarán stay as president
" (D’fhéadfadh Gerry Adams fanacht ina Uachtarán ar an bpáirtí ach gan seasamh don Dáil.
an t-iar-Uachtarán the ex-President
" Bhuel, ós rud é nach dtuigim an focal bonker nó fiú bonkáil, agus nach bhfuil ceachtar den dá fhocal san fhoclóir úr, ná fiú i bhfoclóir an Duinnínigh, ní thig liom mórán a rá faoin raic atá ar siúl idir an t-iar-Uachtarán agus na heaspaig, seachas go bhfuil baint aige le clúidíní salacha agus cac, mún agus buinneach.
iar-Uachtarán agus easpaig ex-President and bishops
" Shamhlódh duine nach mbeadh rudaí mar sin fóirsteanach mar ábhar cainte idir iar-Uachtarán agus easpaig.