Pota Focal Intergaelic
fás | uafar | uais | uas | afast
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
uafás horror
" Measann sé go raibh sé tábhachtach an fód a sheasamh agus foréigean a úsáid ach i ndiaidh uafás Inis Ceithleann tháinig sé ar an tuiscint go mbeadh sé níb éifeachtaí cloí le modhanna polaitiúla agus na gunnaí a chur ar leataobh.
uafás horror
" Ach ní daoine a bhí feargach faoi uafás Nua-Eabhrac a rinne an t-ionsaí seo, mar leag siad 120 leac uaighe Síneach go talamh san ionsaí céanna.
an t-uafás the horror
" Cuireann an talamh ár stair i bhfolach, an áilleacht agus an t-uafás le chéile.
na huafáis the horrors
" Tá Balor, ar nós achan duine eile sibhialta ar chlár an domhain, fá smúit agus scamall an mhí seo, ag na huafáis a bhain do mhuintir bhocht Mheiriceá.
uafás horror
" Ach bhí an t-uafás chomh mór sin gur baineadh an anáil den domhan.
uafás horror
" Tharla an t-uafás ag an Ionad Trádála Domhanda trí seachtaine sula ndeachaigh mé anonn.
an t-uafás rudaí eile a lot of other things
" Déanann muid an t-uafás rudaí eile chomh maith, beag agus mór.
Spréigh ráflaí an "uafáis dofhulaingthe" rumours of this 'insufferable horror' spread
" Spréigh ráflaí an "uafáis dofhulaingthe" chomh gasta le húrscéal de chuid Jeffery Archer.
shuíomh an uafáis the site of the horror
" Ar bhallaí in aice shuíomh an uafáis bhí an *graffito* "Postman Splat".
an t-uafás a lot
" " Deir Diarmuid gur fhoghlaim sé an t-uafás le linn dó a bheith ag obair leis na Fánaithe, mar go raibh siad i gcónaí sásta tabhairt faoi rudaí nua, fiú mura raibh an taithí ná an oiliúint chuí faighte acu roimh ré.
uafáis horror
" Ó Florida go Bostún, bhí an chuma ar an scéal go raibh líomhaintí nua ag teacht chun cinn gach lá le linn mhí an Mhárta, scéalta nua uafáis agus, thar aon ní eile, náire bhreise ar cheannairí de chuid na hEaglaise a raibh meas orthu tráth.
uafás horror
" Driscoll, ar dhuine den trí oifigeach is fiche den NYPD a maraíodh an lá uafásach sin.
uafáis horrors
" Ach nuair atá uafáis leanúnacha ar siúl in oirthear agus i dtuaisceart Bhéal Feirste agus in oirthear Aontroma, tá a mhalairt de scéal ag titim amach i dtuaisceart Aontroma.
uafás horror
" Agus muid ag tarraingt ar chothrom lae ionsaithe sceimhlitheoireachta an 11 Meán Fómhair anuraidh, tá go leor póilíní agus fear dóiteáin i Nua-Eabhrac ag smaoineamh siar ar an uafás agus ar an chaoi ar chaill siad beagnach 400 dá gcomhghleacaithe.
an t-uafás oibre a huge amount of work
" Thar aon ní eile cáinim an cumann faoin fhaillí atá á déanamh aige san iománaíocht (shílfeá nach raibh dualgas ach ar chontaetha áirithe an iománaíocht a chur chun cinn), ach caithfear a admháil mar sin féin go bhfuil an t-uafás oibre déanta ag an gcumann chun an fhís agus na cuspóirí atá aige a chur chun cinn.
uafás horror
" Tá cur síos den scoth ag Golway are an FDNY le linn an Chogaidh Chathartha, an t-athrú trioblóideach ó fhoireann dheonach go foireann a íocadh sna 1860í, agus "blianta cogaidh" na 1960í agus na 1970í, ach tá dhá théama a thagann chun cinn arís agus arís eile in *So Other Might Live*: uafás an 11 Meán Fómhair agus an ról lárnach a bhí ag na hÉireannaigh sa rannóg.
lá an uafáis the day of horror
" Is ionann sin is a rá, sula dtosaíonn tú ar chor ar bith, go mbeidh mí-éifeacht, moilleadóireacht agus easpa cinnireachta go mór i gceist má thagann lá an uafáis.
an t-uafás a lot
" D'éirigh muid neirbhíseach uaireanta, aon uair a bhí drochlá againn; ansin an lá dár gcionn d'éireodh linn an t-uafás a dhéanamh agus chuirfeadh muid rudaí síos go han-sciobtha.
an t-uafás a lot
" Mar atá a fhios agat féin cosnaíonn a leithéid an t-uafás.
uafás horror
" (I Meiriceá, tá oifig eolais Ambasáid na Breataine ag spréadh scéalta fá uafás an IRA.
uafás horror
" D'fhéadfadh a leithéid de bhreith an t-uafás airgid a chosaint ar an stát beag seo, a bhfuil a mhuicín airgid geall le bheith folamh faoi láthair.
an t-uafás drochíde a lot of verbal abuse
" Tugtar an t-uafás drochíde dóibh uaireanta nuair a dhéanann siad botún ach an té a léifeadh an leabhar seo seans go n-admhódh sé go bhfuil ómós níos fearr tuillte ag réiteoirí na tíre ná mar a fhaigheann siad de ghnáth.
uafáis horror
" In ainneoin an uafáis seo, is cosúil go bhfuil an rialtas lárnach i Maidrid agus an rialtas áitiúil in Santiago de Compostela níos buartha faoi na fadhbanna polaitiúla a bhaineann leis an tubaiste ná faoi chúrsaí eacnamaíocha, sóisialta nó faoin scrios ar an timpeallacht.
an t-uafás the horror
" * Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President dódh nó tréigeadh 1,800 teach1,800 houses were burnt or abandoned lámhachshooting rachtoutburst acraí tíhousehold utensils as go brách leooff they went léiriúproduction cheanncheathrúheadquarters coistí cosanta áitiúlalocal defence committees dírbheathaisnéisautobiography gan strówithout difficulty i dtaiscesaved do lá na coise tinnefor a rainy day bhí cúrsaí chomh dona sinthings were so bad dá mba gháif it was necessary leithleachasselfishness scoilt aduainstrange split chiap sé Máire ar fadit really tormented Máire easpa suimelack of interest tragóidítragedies Cumann Naomh Uinseann de PólVincent de Paul Society baill shinsearacha na heagraíochta sin cois Lifethe senior members of that society in Dublin tuairisc suas lena bhéal dóa report up to his face géarchéimcrisis chun an Cumann a ghríosadhto spur the Society into action saothar in aiscewaste of time déistindisgust ag cáineadhcriticising ciúnaithe go mórgreatly quietened línte síochánapeace lines ruathair laethúladaily raids polarúpolarization girseacha ógayoung girls nóibhéinenovena cailín aonaira lone girl ní ba ghaire don ghráscarnearer to the scuffle le dul i gcabhair ar Catherineto go to Catherine's help an cúigear a ruaigeadhto drive the five off riochtstate a cuid néarógher nerves clocharconvent ar an Iúrin Newry tachrántoddler eachtraincident círéibriot faoi lán seoilin full swing ag glioscarnachglistening bréan le boladh gáissmelling bad from gas comhracfight otharcharrambulance formhór an bhealaighmost of the way ag dul ar foscadhsheltering ag sciorradhsliding ag lámhacáncrawling fras lámhaighvolley babhlaíbowls a gciarsúirtheir hankies leachtliquid cosaintprotection bodhardeaf bhí scolaíocht speisialta de dhíth airhe needed special schooling ba ghnách leishe used to d'fhaigheadh sé síob abhailehe used to get a lift home stad an bhusthe bus stop thuirling séhe disembarked neamhurchóideachinnocent bábántainnocent ag cogarnaíl taobh thiar dewhispering behind him trup na mbrógthe sound of the shoes neamhchoireachinnocent níor shamhlaighhe didn't imagine an t-uafásthe horror anfaterror cortwist dírithe ar a chloigeann lomaimed at his bare head scáilshadow scoilteadh a bhlaoschis skull was split open scréachascreams na hionsaitheoiríthe attackers níos truacántamore plaintive go prasquickly ag maothú an chairpéidmoistening the carpet Ba dhóbair dó bás a fháilHe nearly died go raibh an t-ádh dearg airthat he was extremely lucky ar mire le feargmad with rage beaginmhehelplessness cé a bhí ciontachwho was responsible níor cúisíodh duine ar bith riamhnobody was ever charged ciontach i ndúnmharúguilty of murder go gairid i ndiaidh an ionsaitheshortly after the attack ag maíomhstating seanphionós na fuipethe old whip punishment i gcás coirpeach a gheofaí ciontach i dtromionsaíin case of criminals found guilty of assault peann a chur le párto put pen to paper aiféalaregret gur éiligh sí pionós corparthathat she demanded corporal punishment ag teacht salach ar gach ar chreid sí riamh anngoing against everything she ever believed in
uafáis horrors
" uafáis ======= Tá cur síos ag Hatch ar uafáis éagsúla: seoltóirí reoite i gcoinne an chrainn seoil, círéibeacha bia, agus daoine á gcur san fharraige.
a d'eascair as uafáis which emerged from the horrors
" Is é na Náisiúin Aontaithe, a d'eascair as uafáis an dara Cogadh Domhanda, a thug aitheantas ceart do choincheap na gcearta daonna, mar a thuigimid é sa lá atá inniu ann.
an t-uafás de a lot of it
" Is cuimhin liom duine a fheiceáil ag seinm ar an bpíb uilleann nuair a bhí mé deich mbliana d'aois agus d'iarr mé ar mo thuismitheoirí seit a fháil dom ansin! AÓF: An bhfuil mórán den cheol Gaelach i Chicago? Cá mbíonn tú ag seinm? SR: Tá, tá an t-uafás de ann.
an t-uafás taighde a great deal of research
" Úrscéilín faoi Phiaras Feirtéir, fear a bhfuil an t-uafás taighde déanta aici air thar na blianta, atá ann.
an t-uafás ama a huge amount of time
" Tá úsáideoirí timpeall an domhain tar éis an t-uafás ama a chaitheamh ag troid i gcoinne na n-ionsaithe seo.
uafás horror
" Bhí/tá an greann mar uirlis ag daoine le cuidiú leo a theacht fríd an uafás.
an t-uafás daoine a lot of people
" Ach an raibh an ceart aige? Cinnte, chreid an t-uafás daoine go raibh, Jack McConnell, an Chéad Aire, san áireamh.
uafáis horrors
" Teachtaireachtaí ======= Rud iontach faoi Paddy ná go mbaineann sé úsáid as na huafáiss a tharla san am a chuaigh thart le teachtaireachtaí a chur i láthair faoin domhan sa lá atá inniu ann.
an t-uafás oibre a huge amount of work
" Bhí an t-uafás oibre ann, in ainneoin cúnamh (airgid, srl) a bheith ar fáil ó Chomunn na Gàidhlig agus ón Fheidhmeannas.
uafáis an chogaidh the horrors of war
" Sa phríomhphíosa, Sex, tá suiteáil fhantaiseach, ghotach, uafásach cruthaithe acu, a bhfuil tagairt i gceist inti do shaothar Goya agus sraith a rinne sé ar uafáis an chogaidh.
an t-uafás airgid a great deal of money
" Caithfidh go gcosnaíonn sé an t-uafás airgid le caoi a chur ar áit mar sin agus í a choinneáil i staid mhaith.
an t-uafás a scrios an chuid eile dá shaol the horror that ruined the rest of his life
" Ba ansin a thosaigh an t-uafás a scrios an chuid eile dá shaol.
an t-uafás a lot
" "D'fhoghlaim mé an t-uafás san áit sin mar comhlacht beag a bhí ann agus bhí orm píosa de gach rud a dhéanamh".
an t-uafás a great amount
" Ó thaobh tírdhreacha de, tá an t-uafás le feiceáil - *el Salar de Uyuni *(limistéar fairsing de shalann nach bhfuil a leithéid feicthe riamh agam), oileán an éisc ina lár agus é breac le cactas; fásach "Salvador Dali" agus iliomad *lagunas* ann, in oirdheisceart na tíre; réigiún na mínte arda (nó *el altiplano *mar a thugann siad air); na hAindéis; Loch Titicaca san oirthear; agus réigiúin na hAmasóine san iarthar.
uafáis horrors
" Creideann scoláirí sa lá atá inniu ann gur freagra a bhí sa mhórbhéim seo a chuir muintir na meánaoiseanna ar phianta agus ar chéasadh Chríost ar na huafáis - an galar dubh agus mórán tubaistí eile - a bhí á gcrá féin.
uafás horror
" asp)Cuid 1 den alt ar fáil anseo Le cur leis an uafás, nuair a rinne an Teachta John Bruton (Fine Gael) fiosrú fuair sé amach go bhfuil 1,516 tuairisc seandálaíochta in easnamh (is gá tuairisc a chur ar fáil faoi gach láthair).
uafás horrors
uafáis horror
" Bean dhóighiúil, dhea-ghléasta seasca a dó bliain d'aois i lár uafáis eile de chuid an tuaiscirt.
ré uafáis an era of horror
" Bhí tús curtha le ré uafáis.
an t-uafás a scríobh to write a lot
" D'éirigh liom an t-uafás a scríobh ann.
go gcailleann tú an t-uafás that you lose so much
" " Tuigeann sí ag an am céanna, a deir sí, go gcailleann tú an t-uafás nuair a chinneann tú ar a bheith imeallach.
an t-uafás grianghraf a huge amount of photos
" An rud is fearr faoi cheamaraí digiteacha ná gur féidir an t-uafás grianghraf a ghlacadh leo.
uafás horror
" Cé go bhfuil an dráma seo suite le linn an chéad Chogadh Domhanda, tá tábhacht fós ag baint leis sa lá atá inniu ann mar go gceistíonn sé rudaí ar nós tírghrá, dílseachta agus uafás na cogaíochta.
Uafás horror
" Breathnaigh ar an ngéarleanúint Uafásach atá á déanamh ar an *Falun Dafa *agus ar an Tibéid.
reacaireacht an uafáis scare-mongering
" Is léir gur reacaireacht an uafáis a bhí ansin ó thús.
an t-uafás infheistíochta a huge amount of investment
" "Tá coinníollacha deacra san amharclann faoi láthair agus tá an t-uafás infheistíochta de dhíth.
uafás an uileloiscthe the horror of the holocaust
" Seasann uafás an uileloiscthe ar ardán eile, in éindí le huafás Ruanda, cuir i gcás, nó le barbarthacht Stailín, nó le díothú na nAirméanach faoi lámha na dTurcach ag tús na haoise seo caite.
an t-uafás airgid a lot of money
" Agus ní féidir a shéanadh go gcosnaíonn sé an t-uafás airgid scoileanna a reáchtáil, agus nuair nach bhfuil an t-airgead ansin - cé gur suarach an pá a fhaigheann an fhoireann i scoileanna Caitliceacha na Stát Aontaithe - is gá roghanna deacra a dhéanamh.
bhagair siad ar cibé duine a chonaic an t-uafás they threatened anyone who saw the horror
" De réir na ndeirfiúracha, scrios an IRA cibé fianaise a bhí ar fáil taobh istigh den phub, bhris siad na ceamaraí slándála taobh amuigh ar an tsráid, bhagair siad ar cibé duine a chonaic an t-uafás agus d'imigh leo - gan scairt a chur ar otharcharr féin don fhear a bhí ag imeacht ar shlí na fírinne, athair beirt pháistí, a sháith siad le scian agus a chiceáil siad sa chloigeann.
an t-uafás ama a large amount of time
" Caitheann daoine an t-uafás ama ag taisteal chuig an obair agus abhaile agus iad suite ina ngluaisteáin i dtranglaim thráchta, i mbusanna agus ar thraenacha.
uafáis horrors
" Le linn na tréimhse 30 bliain inar mhair an cogadh, níor chreid mé riamh go raibh dualgas ar cheannairí Shinn Féin cáineadh poiblí a dhéanamh ar ghníomhartha barbartha an IRA, ná go raibh orthu míniú nó freagra a thabhairt ar na huafáis chéanna.
uafás horror
" “Áit uafásach ab ea é ar fad mar bhí na fuinneoga briste (níor dheisigh siad iad ar feadh na mblianta fada) agus ní raibh leithreas ar bith taobh istigh – bhí sé amuigh sa pháirc.
an t-uafás eolais a great deal of information
" Tharla sé go raibh an t-uafás eolais mar gheall ar an Pháirtí Daonlathach sa seomra ar briseadh isteach ann.
uafás horror
" * Gluais • Glossary sliochtexcerpt úrscéalnovel scéal bleachtaireachtadetective story fuadach páistethe kidnapping of a child eachtraincident a bhaineann preab uafásach as gach duinewhich deeply shocks everyone bleachtairedetective ag breathnúlooking soncnudge gleonoise buarthaworried ag béicíl isteachyelling into timpeall ar an sluaaround the crowd Threoraigh sé an Sáirsint sa treo eile.
an t-uafás suíomh a great number of sites
" Má dhéanaimid scrúdú ar an gcaoi ina bhfuil Cumann Lúthchleas Gael ag baint leasa as an idirlíon feicimid ar dtús go bhfuil an t-uafás suíomh agus an t-uafás eolais tugtha do na cluichí Gaelacha.
uafás horror
" Cúpla uair an chloig ní ba dhéanaí bhí pictiúr soiléir agus uafásach curtha le chéile ó na tuairiscí ar fad – bhí Londain faoi ionsaí arís.
an t-uafás ama a great deal of time
" Seo iarracht air sin a dhéanamh: Is fíor go gcaitheann imreoirí idirchontae an t-uafás ama i mbun traenála agus taistil.
uafás horror
" Is rud uafásach é sin.
na láithreáin uafáis the sites of horror
" I gcroílár na contúirte ======= Tá an clú ar Fisk go gcuireann sé tuairiscí níos fearr ar fáil mar go mbíonn sé féin i lár an aonaigh ag na láithreáin uafáis, i gcroílár na contúirte.
ghníomhartha uafáis acts of horror
" An pointe a bhí mé a dhéanamh ná má mhíníonn tú na cúiseanna atá taobh thiar de ghníomhartha uafáis – 9/11, feachtas na Sealadach, an “*insurgency*” atá ar siúl faoi láthair san Iaráic – go ndéarfaidh daoine go bhfuil tú ag tabhairt leithscéil do sceimhlitheoirí, á maitheamh, agus ag tabhairt tacaíochta dóibh.
tuilleadh láithreán uafáis more horror sites
" Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, beidh tuilleadh láithreán uafáis ag Robert Fisk le bheith ag tuairisciú uathu.
an t-uafás plé a great deal of discussion
" Sna laethanta roimh chinneadh an FAI agus roimh agus tar éis an chluiche cháilithe dheireannaigh i gcoinne na hEilvéise, rinneadh an t-uafás plé agus cur agus cúiteamh faoi Brian Kerr agus faoi fhoireann na hÉireann.
faoi shaothar ag iarraidh uafás agus alltacht an tsaoil a thuigbhéail struggling to understand the horrors and the terrors of the world
" Bhí sé faoi shaothar ag iarraidh uafás agus alltacht an tsaoil a thuigbhéail.
an t-uafás seanscéalta a great number of old stories
" ” D’éirigh sé an-chairdiúil go háirithe le fear bodhar a raibh an t-uafás seanscéalta aige, go leor acu faoi Bhalor.
uafás horror
" Mar sin féin, níl aon dabht ach gurb é uafás an phobail i leith bhuamáil na hÓmaí a chuir ar chumas na n-údarás reachtaíocht bhreise éigeandála a chur i bhfeidhm a úsáideadh le deireadh a chur leis an Real IRA.
an t-uafás a great deal
" Chomh maith leis an damáiste a rinneadh sna bailte móra, rinneadh an t-uafás freisin do chúrsaí talmhaíochta.
uafás horror
" Mar sin féin, níl aon dabht ach gurb é uafás an phobail i leith bhuamáil na hÓmaí a chuir ar chumas na n-údarás reachtaíocht bhreise éigeandála a chur i bhfeidhm a úsáideadh le deireadh a chur leis an Real IRA.
uafáis horrors
" Tujdman sa Chróit agus Izetbegovich sa Bhoisnia-Herzogovina, bíodh is nach gcuirfinn an dís thuasluaite ar leibhéal céanna an uafáis le Milosevic féin is a chriú.
an t-uafás instealltaí a lot of injections
" Fuair mé an t-uafás instealltaí anuraidh – caithfidh nach bhfuil aon vacsaíniú taistil fágtha nach bhfuil agam cheana féin! – mar sin, ní raibh orm ach teanndáileog a fháil an babhta seo do Heipitíteas A agus B agus teist fola chun a chinntiú gur oibrigh sí.
an t-uafás earraí a lot of goods
" Is féidir an t-uafás earraí ón Eoraip agus ó Mheiriceá a cheannach ann ach tá na praghsanna ard: 45,000 cedi (€4) ar bhosca Cornflakes agus 20,000 cedi (€2) ar bharra seacláide! (€250 an meánioncam bliantúil a bhí bunadh na tíre sa bhliain 2003.
léann sé an t-uafás he reads a huge amount
" Nuair nach mbíonn sé ag obair, léann sé an t-uafás; go minic bíonn dhá nó trí leabhar á léamh aige ag an am amháin.
an t-uafás airgid a great deal of money
" Agus cén fáth a bhfuil daoine sásta an t-uafás airgid a chaitheamh ar a leithéid sa lá atá inniu ann? Toisc gur féidir leo.
an t-uafás samhlaíochta a great deal of imagination
" Cé nach mbeadh aon locht ag roinnt mhaith daoine ar a leithéid, ní fhéadfaí a rá go raibh an t-uafás samhlaíochta ag baint leis.
scéalta uafáis horror stories
" Seachas an t-amhrán sin agus na scéalta uafáis a tháinig ón ait le linn an chogaidh chathartha sna nóchaidí, ba bheag eolas a bhí agam faoi Mhósaimbíc go dtí gur shroich mé í ón Afraic Theas ag tús mhí an Mheithimh.
an t-uafás ama a great deal of time
" Caitheann muid an t-uafás ama sna carranna!***AÓF: ******Inis dom beagán faoin gcaoi gur tháinig an t-albam nua ar an bhfód.
an t-uafás fuinnimh agus acmhainní a great deal of energy and resources
" Anois, cuireadh an t-uafás fuinnimh agus acmhainní, agus fulaingt go leor, isteach san eitleán a chur san aer.
is féidir an t-uafás a bhaint amach a great deal can be achieved
" Is tríd an óige sna cathracha agus bailte móra is mó a láidreoidh an Ghaeilge mar theanga, agus is féidir an t-uafás a bhaint amach trí na seirbhísí atá á dtairiscint ag Cumann na bhFiann agus ag na hógeagrais eile.
déistin agus uafás disgust and horror
" Bhí tuairim éigin agam faoi chultúr agus stair na mBundúchasach sula ndeachaigh mé go dtí an Astráil, agus fós féin chuir an méid a fuair mé amach faoin gcaoi ar caitheadh le pobail dhúchasacha na tíre déistin agus uafás orm.
an t-uafás óil a huge amount of drinking
" Is cinnte go mbíonn an t-uafás óil ar ócáidí móra rugbaí agus sacair agus cluichí Gaelacha.
an t-uafás comhlachtaí a big number of companies
"an t-uafás comhlachtaí ann atá ag eagrú gach saghas turais timpeall na n-oileán seo.
an t-uafás téipeanna a lot of tapes
" An mbíonn tú ag éisteacht le réimse leathan ceoil? HB: Tá an t-uafás téipeanna agam sa bhaile, cinn nach bhfuil ar an mhargadh ar chor ar bith! AÓF: Bhí tú ag rá liom nach maith leat gigeanna a dhéanamh, is é sin, tú féin a bheith ag déanamh taispeántais ar feadh uair an chloig agus daoine eile a bheith ina suí ag éisteacht leat.
uafás Gernika the horror of Gernika
" Cé go raibh ráflaí ann go raibh neamhaird tugtha ag Picasso ar chruachás a thíre dúchais agus go raibh sé báúil leis na Faisistigh, chuir sé amach ráiteas i ndiaidh uafás Gernika ina ndúirt sé: Tá mo shaol ar fad mar ealaíontóir caite agam ag spairneadh le lucht chúl-le-forás agus le lucht truaillithe na healaíne.
ar an lá uafáis sin on that day of horror
" D’úsáid sé siombailí teibí agus scéim datha dubh agus bán chun cur síos pearsanta a dhéanamh ar an lá uafáis sin agus nuair a nochtadh don phobal ar dtús é, spreag sé tuairimí láidre.
na heachtraí uafáis the horror events
" Déanann an scannán cur síos ar na heachtraí uafáis sna blianta le linn Chogadh na nDubhchrónach, go háirithe an léirscrios a rinneadh ar bhailte mar Mhainistir Fhear Maí, Bhaile Brigín, Áth Troim, an Gránard agus Chorcaigh.
rian an sceimhle agus an uafáis mark of terror and horror
" Baineann na coireanna seo leis an bpobal ina iomláine – le muintir chathair Luimnigh, nó cibé áit ina mbíonn rian an sceimhle agus an uafáis a fhágann na dronga le sonrú.
an t-uafás teannais an awful amount of tension
" Roimh an mbreisimirt úd, bhí an t-uafás teannais le sonrú in imirt na n-imreoirí agus iad ag teacht chun chríche.
ag cur uafáis ar an mionlach síorlaghdaitheach horrifying the ever-decreasing minority
" Gan na comhairleoirí seo, tá an tUachtarán Bush ina lacha bhacach, mar a deir an Béarla – tá sé ag déanamh botún atá ag tabhairt uchtaigh don fhreasúra agus atá ag cur uafáis ar an mionlach síorlaghdaitheach atá fós ar a shon.
uafás an mhéid a tharla ann the horror of what happened there
" Ach dá loime an foirgneamh is ea is mó a théann uafás an mhéid a tharla ann i gcion ort.
cuirim figiúirí uamhnacha uafáis de ghlanmheabhair. I learn dreadful dreadful statistics of horror off by heart.
" Súim isteach an t-atmaisféar duairc, cuirim figiúirí uamhnacha uafáis de ghlanmheabhair.
uafás na cogaíochta horror of war
" Tá a thuairimí maidir le coimhlintí éagsúla agus maidir le huafás na cogaíochta bunaithe ar thaithí phearsanta.
scéalta uafáis tales of horror
" I dtreo dheireadh na bliana a tháinig scéalta uafáis faoin chóicín chun tosaigh.
Uafás dochreidte an unbelievable horror
" **Uafás dochreidte**Tríocha bliain ó shin, ar an 17 Feabhra 1978, bhí dinnéar bliantúil an Irish Collie Club ar siúl i dTeach La Mon taobh amuigh de Bhéal Feirste.
tá an t-uafás bainte amach he has achievement a huge amount
" Bhí sé páirteach fosta in “Don’t feed the Gondolas”, sraith nach n-áiríonn sé i measc na ngaiscí proifisiúnta is mó a bhfuil sé bródúil astu (ach níos mó ina thaobh sin ar ball!)Níl Des Bishop ach 32 bliain d'aois, ach tá an t-uafás bainte amach aige cheana féin.
an t-uafás faoin tsochaí Éireannach. an awful lot about Irish society
" Go pearsanta, shíl mé go raibh “Work Experience” i bhfad níb fhearr ná “Joy in the Hood” – shíl mé gur léirigh an chéad cheann a luadh an t-uafás faoin tsochaí Éireannach.
a spreag cuid de na huafáis which incited some of the horrors
" Ba mhaith liom fáil amach, ní hamháin faoin díograis chreidimh agus pholaitiúil, ach faoin tsíceolaíocht a spreag cuid de na huafáis a raibh sé páirteach iontu agus daoine á ngríosú aige le máirseáil trí áiteanna nach raibh fáilte rompu – agus tá muid ag caint ar thríocha bliain roimh ghéarchéimeanna Bhóthar Gharbh Achaidh! Dá bhfeicfeadh sé toradh a chuid saothair, an ndéanfadh sé gach rud mar a rinne?Ar an drochuair, ní bheidh an tOirmhinneach ag plé le ceisteanna tábhachtacha den chineál seo sa leabhar; beidh sé ag díriú ar na cúig bliana a chaith sé ag teacht isteach ón fhuacht.
uafás horror
" Tharla tragóid an-mhór i saol Sheáin in 2001 nuair a maraíodh a mhac, John Patrick (27), in uafás 9/11.