Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
uaisleacht nobility
" Is ionann gairm an mhadaidh rua agus mo ghairm féin, níl ionainn beirt ach lucht glanta na sráideanna, ní bhaineann uaisleacht ar bith le ceachtar againn nó, chomh luath agus a éiríonn muid sotalach, buaileann taomanna ocrais muid agus glacann an nádúr an lámh in uachtar ar an intleacht.
uaisleacht nobility
" " Ag tagairt don uaisleacht agus an tábhacht a bhí ag baint le Sráid Uí Chonaill leis na glúnta, rinne sé comparáid idir é agus an Champs-Elysee i bPáras agus Broadway i Nua-Eabhrac.
a uaisleachta pearsanta féin his own personal nobility
" De bharr a uaisleachta pearsanta féin agus toisc gur duine deas é teastaíonn ó lucht leanta Phádraig go mbuafadh sé i gcónaí.
uaisleacht nobleness
" Bíonn na meáin chumarsáide go minic ag cur béime ar dhea-thréithe an imreora agus ar a uaisleacht taobh amuigh de pháirc na himeartha.
uaisleacht a bit of class
" Agus mar fhocal scoir, dá n-imreodh gach imreoir de réir na rialacha agus uaisleacht agus ceart is cóir ina chroí, dá mbeadh meas ag gach imreoir ar na rialacha agus ar imreoirí eile, ní bheadh gá ar bith le réiteoirí agus bheadh na Scigirí ag Corn an Domhain an bhliain seo chugainn!
uaisleacht decency of spirit
" Cuireann sé béim ar na nithe bunúsacha a bhaineann le himirt an tsacair agus le bainistiú foirne: simplíocht, meas, eagrú, féinmhuinín, obair dhian, uaisleacht.
comhartha uaisleachta a sign of nobility
" Bheadh an aontumhacht ina comhartha uaisleachta agus naofachta ag na sagairt.
uaisleacht nobility
" Bhí uaisleacht sa seomra nach raibh le feiceáil sa seomra feithimh thuas ag an doras.
gairm uaisleachta a step of nobility
" Cuireann Airteagal a 40, mír 2 fomhír a 1 cosc ar a leithéid de chóras: 'Ní cead don stát gairm uaisleachta a bhronnadh ar aon duine.
uaisleacht mhórálta moral nobility
" Tugann an dialann seo dar scríobhadh i Northhampton sna caogaidí droim láimhe dos na fir léinn sin a deir go bhfuil uaisleacht mhórálta de shaghas éigin ag baint leis an mbochtanas saolta, bochtanas a sheasann mar sciath ós comhair chathú agus thruailliú na gcathracha nua-aimseartha.
huaisleacht ennoblement
" Dúil sa Titim agus san Ainghníomh =============== Ocht milliún is fiche duine timpeall an domhain a bhí ag faire de réir lucht an chainéil, léiriú ar cháil Armstrong agus ar an tsuim atá curtha ag daoine ar fud na cruinne i scéal nach gcuireann in aon slí le huaisleacht nó le hardghradam an spóirt.
ag moladh a thréine agus a uaisleachta praising his strength and nobility
" Lanslot an Locha ab ainm do dhuine acu, agus tá dánta filíochta anso sa Spáinn féin againn ag moladh a thréine agus a uaisleachta.
ball d’uaisleacht pholaitiúil a member of (Canadian) nobility
" Scoláire, iriseoir agus pearsa teilefíse sa Bhreatain sna hochtóidí is ea Ignatieff, ach ball d’uaisleacht pholaitiúil Cheanada is ea é freisin.