Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cúis uasal noble cause
" Nuair a léigh mé fá dtaobh d'athbheochan na Gaeilge, mar sin, ba léir domh ó thús gur cúis uasal a bhí ann a mb'fhiú dúthracht do shaoil a chaitheamh léi.
Ag sodar i ndiaidh na n-uaisle toadying to the gentry
" Cad é eile a dtiocfadh libh bheith ag dúil leis ach amháin teip, agus sibh ag gabháil do chluichí na nGall!!'" Ag sodar i ndiaidh na n-uaisle agus na nGall atá lucht seirbhíse na tíre seo dar le Balorina na Súile Glinne Nimhe.
uasal noble
" Aontaíonn siad ar fad gur duine uasal é; gur cainteoir maith é; gur spreag sé iad; gur chuir sé iad ag traenáil go dian, gan trócaire; go ndeir agus go ndéanann sé rudaí aisteacha; go n-ullmhaíonn sé iad ar fheabhas le haghaidh cluichí móra sa chaoi is nach ngéilleann siad go deireadh an chluiche; go gcuidíonn sé leo ar bhealaí éagsúla ina saol pearsanta; gur féidir labhairt leis agus nithe a phlé leis; go mbíonn a theach i gcónaí ar oscailt dóibh; go gcailleann sé guaim air féin uaireanta; go dtugann sé deochanna gránna dóibh le n-ól uaireanta; agus go ndéanfadh rud ar bith ar son fhoireann na Mí.
uasal noble
" Bhí an-eolas aici ar na Ceiltigh freisin, agus bhí sí cinnte dearfa gurbh iad na *Danaoi*, tuath na Sean-Ghréige, agus Tuatha De Danann na finscéalaíochta an dream ceannann céanna in anallód! Tuigeadh dom sa deireadh, blianta ina dhiaidh sin, le linn mo chéad chuairte ar Éirinn agus ar an Ghaeltacht (Samhradh 1998) go mb'fhéidir nár de shliocht *Danaoi *na Gréige iad na Gaeil ná na Tuatha Dé Danann; mar sin féin, chonacthas dom gur dream iontach ab ea na Gaeil, a raibh croí misniúil agus uasal acu, agus thuig mé go raibh a ndearcadh féin ar an saol acu.
oifigigh uaisle phoiblí noble public officials
" Roimh 9/11, ainmníodh na sráideacha, mar chomhartha ómóis, as oifigigh uaisle phoiblí nach raibh ónoir ní ba mhó tuillte acu, is oth liom a rá.
agus uasal le híseal á dhéanamh aigesean uirthise and he was patronizing her
" * Gluais • Glossary mo dhícheallmy best a gheallaim dom féinI promise myself san fhásachin the desert d'fhéadfainn staonadh ó sheacláidI could abstain from chocolate don Charghasfor Lent cleastrick chuirfinn dallamullóg orm féinI'd delude myself blastatasty íobairtsacrifice maitheasgood bródúilproud casacht mhór ghroía great big cough tairseachthreshold tanaíthin fiáinwild de shíoralways seanfhaiseantaold-fashioned láchfriendly, pleasant mearbhallconfusion cheapasI thought a bhlas tuaisceartachhis northern accent chloisimis a chasachtwe used to hear his cough bhímis ar bíswe used to be excited/impatient cúbógacollections of Easter eggs scaoilimis gach uile ní uainnwe'd cast everything aside go scafántaspeedily ghlacadh sí buíochas leisshe would thank him chuireadh sí i bhfolach éshe would hide it ag iomrascáil lena chéilewrestling one another suachmáneasy-going person gan puth análawithout a puff of breath parlúsparlour, sitting-room deireadh sí linnshe would say to us cur i gcéill iomlántotal pretence thuigeadh siseshe'd understand bheannaímis dówe would greet him d'fhiafraímis dewe'd ask him d'fhreagraímiswe would answer go fuarbhruiteindifferently ag tóraíocht an mhálasearching for the bag nodclue go n-alpfadh Daidí siar iadthat Dad would devour them beadaílover of sweet things dá bharras a result d'éalaigh méI escaped cófrapress ag póirseáil thartrummaging about málaí plaisteachaplastic bags doirtealsink de phreabsuddenly go raibh mo chosa nitethat it was all up with me polaitíocht an tuaiscirtthe politics of the north daoine muinteartharelations díospóireachtaí bríomharalively debates a chuairteannahis visits b'annamh cuideachta na bhfear aigehe seldom had the company of men ag útamáilfumbling ba ghiorra in aois diclosest to her in age mo dhála féin agus Tríonajust like myself and Tríona fé mar a chaitheadh Tríona liomsaas Tríona used to treat me barrúilfunny de shíor dár gcáineadhalways criticizing us ag spochadh as m'uncailteasing my uncle agus uasal le híseal á dhéanamh aigesean uirthiseand he was patronizing her tá sé chomh maith agamI may as well á leanúintfollowing him garda gradaimguard of honour cársánwheeze inchreidtecredible plúchadhasthma ag sméideadh ar m'uncailnodding at my uncle dá mbéarfaí ormif I was caught isteach sna gnáthchróite folaighinto the usual hiding-places macalla na nglórthathe echo of the voices tuaromen, sign an ceann ab ansa liom féinthe one I liked best mealltachenticing bonnánhorn fardoraslintel of door vardúswardrobe bheir mé barróg airI hugged him ag cóiriú na n-adhartánarranging the cushions glicsly caoi a chur ar an áitto tidy up the place margadhdeal a roinntto share stróic méI tore daitecoloured dúil chráitetorturous desire candaí móra seacláidebig chunks of chocolate blúire ar bhlúirebit by bit giodalachperky bhuail fonn múisce muidwe felt like vomiting tháinig iarracht den cheann faoi orainnwe became a little bit down smeartha le seacláidcovered in chocolate teipfailure
gheall muid don Uasal Jones we promised Mr. Jones
" Chinn muid ar an toirt ar leacht cuimhneacháin a thógáil sa sráidbhaile agus gheall muid don Uasal Jones go mbeadh muid ar ais chun é sin a dhéanamh.
Dhiúltaigh an tUasal Stoker an graffiti a cháineadh. Mr Stoker refused to condemn the graffiti.
" Dhiúltaigh an tUasal Stoker an graffiti a cháineadh.
dul in iomaíocht leis an Uasal Ryan to compete with Mr Ryan
" Tuigeann Niall Andrews, dar ndóigh, gur fearr go mór an seans a bheidh ag a mhac féin, Chris, suíochán Dála a bhuachan an chéad uair eile más rud é nach gcaithfidh sé dul in iomaíocht leis an Uasal Ryan, atá faoi láthair ina TD sa dáilcheantar céanna.
ag sodar i ndiaidh na n-uaisle toadying to the gentry
" Ó nár dheas sin! Ach cá bhfuil a leithéid d'áit? Ní thig le duine ar bith a chur ina leith riamh go mbíonn Balor an Bhéil Bhinn ag sodar i ndiaidh na n-uaisle, ach, agus é ag iarraidh cinneadh a dhéanamh sa chás seo, smaoinigh sé ar an cheann scríbe a bhí nó a bheas ag roinnt de mhaithe agus de mhóruaisle na tíre seo agus iad ag dul ar a laethanta saoire i mbliana.
Bheadh uasal le híseal á dhéanamh agam I'd be patronising
" Bheadh uasal le híseal á dhéanamh agam ar mhuintir Bhaile Munna dá mbeinn á mhaíomh sin.
a mhaígh an tUasal Carty which Mr Carty claimed
" Beidh sé le feiceáil lena chois sin an mbeidh ciallachas níos tromhchúisí ag an “chultúr taifeadta” seo a mhaígh an tUasal Carty bheith le fáil go forleathan i measc na nGardaí i nDún na nGall.
a mhaígh an tUasal Carty which Mr Carty claimed
" Beidh sé le feiceáil lena chois sin an mbeidh ciallachas níos tromhchúisí ag an “chultúr taifeadta” seo a mhaígh an tUasal Carty bheith le fáil go forleathan i measc na nGardaí i nDún na nGall.
uaisle noblemen
" Is ceangal é a théann i bhfad siar, go haimsir na chéad Scotti a ghluais soir agus a bhronn a n-ainm ar an tír, agus na nglúnta d’fhilí cúirte, a fuair pátrúnacht ó uaisle an dá thír agus a d’fhág a n-oidhreacht linn ina gcuid focal macnamhach rúnda.
dá gcúiseofaí an tUasal Hannigan if Mr Hannigan were charged
" Creideann muintir Rossiter gur baill den Gharda Síochána a shocraigh an tUasal Hannigan a chúiseamh i ndúnorgain Bhrian, agus iad den tuairim dá gcúiseofaí an tUasal Hannigan i ndúnorgain nach mbacfaí le hiompar na nGardaí ar an oíche thragóideach úd a scrúdú.
dá gcúiseofaí an tUasal Hannigan if Mr Hannigan were charged
" Creideann muintir Rossiter gur baill den Gharda Síochána a shocraigh an tUasal Hannigan a chúiseamh i ndúnorgain Bhrian, agus iad den tuairim dá gcúiseofaí an tUasal Hannigan i ndúnorgain nach mbacfaí le hiompar na nGardaí ar an oíche thragóideach úd a scrúdú.
uaisle nobles
" Protastúnaigh ba mhó ab ea iad, agus d'fhan an mórshiúl ina lá d'uaisle na hÉireann ar feadh i bhfad.
tar éis dó uasal le híseal a dhéanamh le Churchill after he had patronized Churchill
" Bhí a lá fán ngrian ag Dev tar éis dó uasal le híseal a dhéanamh le Churchill leis an gcraoladh cáiliúil inar thug sé freagra ar an seanmheisceoir.
portráidí na n-uaisle portraits of the nobles
" Mac muilleora ab ea Rembrandt agus saolaíodh é nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach agus, dá bharr sin, bláth ag teacht ar an phéintéireacht réalaíoch, a d’fhéach le gnéithe de shaol an ghnáthdhuine a léiriú chomh maith le portráidí na n-uaisle a chur ar fáil.
ainm níos uaisle a more noble name
" Tá an-tóir ar na cluichí rugbaí faoi láthair i ngeall ar go bhfuil foireann mhaith ag Éirinn agus gur bhuaigh an Mhumhain Corn Heineken anuraidh (cén fáth nach dtugtar ainm níos uaisle ar an gcorn seachas ainm comhlachta bheoraigh?).
stair uasal ársa ancient noble history
" Ach seo ceist: caidé atá contráilte leis an snaoisín? Má tá daoine ag iarraidh stuif a chur suas a srón, nach dtiocfadh leo an snaoisín a úsáid? Agus mura bhfuil dath donn nádúrtha an snaoisín maith go leor dóibh, nach dtiocfadh leo é a dhéanamh bán? Má táthar in ann an bradán agus an breac a thairgeadh ar dhathanna éagsúla anois, gan trácht ar an phráta féin, nach dtiocfadh leo an rud céanna a dhéanamh leis an snaoisín? Tá stair uasal ársa ag an snaoisín sa tír seo.
uaisle nobility
" Chreid ceannaire an SS go bhfaighidís fianaise ansin faoi fhréamhacha an chine Airígh i measc uaisle na Tibéide.
Uasal le híseal patronising
" Cén fáth a mbeadh orthusan a bheith ag smaoineamh i gcónaí ar dhearcadh an chuid eile den phobal mar gheall ar a slí mhaireachtála? Uasal le híseal atá i gceist leis an mbille seo, d’fhéadfaí a rá, mar gheall ar go dtugann sé le fios nach bhfuil daoine aeracha in ann cinneadh a dhéanamh maidir le ceann de na nithe is bunúsaí i saol an duine: a rogha céile.
éirimiúla agus uaisle intelligent and noble
" Súil eileOs a choinne sin, cuirtear formhór na gcarachtar baineann trasna ar an léitheoir mar chait (nó mar mhná) éirimiúla agus uaisle a thuigeann tábhacht na haontachta agus iad i mbun feachtais ar son chaomhnú Lios na gCat.
uaisle nobility
" Dar le Huxley, agus uaisle eile na Breataine a bhunaigh CFD, ní bheadh stáit nua, neamhspleácha na hAfraice in ann an fiadhúlra a chaomhnú gan treoir an fhir ghil.
An tUasal Ó Hernia did alrite
" An tUasal Ó Hernia Céad slán le Bertie Ó Hernia, sciúirse na mbinsí agus na mbinseoirí, sciúirse na n-iriseoirí agus na dtráchtairí agus na dtuairisceoirí; ach nár lách agus nár dheas agus nár mhánla mar a sciúrsáil sé iad – agus gan a fhios acu go raibh sciúrsáil ar bith ag dul ar aghaidh.
níos uaisle greater, more noble
" Agus don dream óg, cosúil liom féin, cén mhaith é sin? Cén mhaith a dhéanfaidh sé, dar le cuid againn, an sclábhaíocht scoile go léir, nuair is féidir cúig nóiméad déag faoin spotsholas a lorg ina háit? An bhfuil uaillmhian ar bith níos uaisle ná an clú? Is rídheacair a chreidiúint, ar na saolta seo, cé chomh mór is a bhíonn an brú ar dhaoine óga cloí le híomhá agus le hiompar na réaltaí.
mian uasal noble wish
" Ach ba é an léamh a bhí ag roinnt daoine ar an mian uasal seo ná go dteastaíonn ón bhFrainc cúram na forbartha i dtíortha bochta a bhogadh ó leibhéal an rialtais go leibhéal na n-inimirceach féin.
Is uaisle ar fad a nobler by far
" Is uaisle ar fad ná sin a sprioc.
haidhmeanna uaisle noble aims
" Bhí stair uasal ag an seanpháirtí sin, préamhaithe i luachanna an phobail go dtí gur cailleadh radharc ar na haidhmeanna uaisle a bhí ag lucht a bhunaithe.
Ar dheis Dé go raibh a anam uasal Lord rest him
" Ar dheis Dé go raibh a anam uasal! Buntús Cainte ======= **SMM: Thall san Afraic a bhí tú nuair a músclaíodh do spéis i nGaeilge, leis an bhFlannagánach seo.
seanmhná uaisle noble old ladies
" Agus cosúil leis an idirlíon baineadh úsáid as na meáin seo ar fad, na meáin chló san áireamh, chun pornagrafaíocht a dhíol is a scaipeadh! Bearnaí á Líonadh ========= Tá roinnt fiontraithe Éireannacha agus seanmhná uaisle na nuachtán ag baint trialach as múnlaí na meán eile cheana féin.
fir uaisle noble people
" Níl sa turgnamh ach imirt bheag cearrbhachais ag fir uaisle, Higgins agus Pickering, ach ag Eliza is é a deis sa saol chun éalú as timthriall na bochtaineachta.
tréithe uaisle noble traits
" Tuigeann an pobal ‘nach bhfuil saoi gan locht” ach bítear ag súil le tréithe uaisle uathu sin ar bronnadh buanna ar leith orthu.
idir mhodhúlacht agus uaisle iompair go smior are both ‘style’ and dignity at the heart
"idir mhodhúlacht agus uaisle iompair go smior ina cruthú Mija.
i ndiaidh dó troid go cróga agus go huasal he having fought bravely and nobly
" San áireamh sa bhuíon sin, tá Jim Stynes a cailleadh ar 20 Feabhra 2012 in aois 45 bliain (fós óg agus gníomhach ar son daoine eile) i ndiaidh dó troid go cróga agus go huasal i gcoinne ghalair na hailse le roinnt blianta anuas.
I measc na bhfíréan go raibh a anam uasal may he RIP
" I measc na bhfíréan go raibh a anam uasal.
d’fhir uaisle imeartha ag bithiúnaigh for gentlemen played by scoundrels
" Deirtear gur cluiche d’fhir uaisle imeartha ag bithiúnaigh atá sa sacar agus gur cluiche é an rugbaí atá á imirt ag fir uaisle ach ainneoin go raibh na tithe tábhairne lán ó Stáisiún Uí Chonghaile go dtí an *Aviva* níor chuala mé focal nó amhrán seicteach a cheol.
a dtíre gona iompar sách aisteach uasal féin of their country with its strange enough and noble behaviour
" Má thuigeann siad faoi dheireadh a thábhachtaí is atá teanga álainn a dtíre gona iompar sách aisteach uasal féin, tuigfidh siad gur cheart meas a bheith acu ar theangacha eile sin a mná agus a bhfear céile agus cothóidh siad ina ngasúir iad.
uasal noble
" An-smaoineamh, b’fhéidir nach bhfuil sé ró-úr mar smaoineamh ach tá sé uasal.
na foirgnimh uaisle the fine buildings
" Ag titim as a chéile atá na foirgnimh uaisle, a ré caillte acu na céadta bliain ó shin.
ball uasal eile des na breacdhaoine another noble member of the marginal people
" Agus tháinig sé isteach fé dheireadh i dtearmann James Joyce, ball uasal eile des na breacdhaoine- *“Between two roaring worlds where they swirl, I”*, an tÉireannach a thuig tátal Hugo níos fear ná éinne eile.
Gaeilgeoirí uaisle Laighean the noble Irish speakers of Leinster
" Is minic a chloisinn ‘Cill Mhantaín’ ag Gaeilgeoirí uaisle Laighean, cuir i gcás.
a cuid spásanna uaisle its noble realms
" Déantar creimeadh ar charachtar cathrach de réir mar úsáidtear a cuid spásanna uaisle le gnó an mhargaidh a dhéanamh.
Níl i gcuma uasal na n-uaisle ach sinne a bheith ar ár nglúine the great only appear to be so because we are on our knees
" Ach seachas sin, ní raibh rian nó lorg ón fhear mór sa chathair, rud a chuir díomá orm, go mór mór tar éis nochtadh na deilbhe de Jim Larkin a rinne Oisín Kelly i 1976 os comhair Ard-Oifig an Phoist i mBaile Átha Cliath agus na focail seo air: ‘Níl i gcuma uasal na n-uaisle ach sinne a bheith ar ár nglúine.
ard aerach uasal tall spacious and noble
" Tá oileán i lár ’chaon bhaile díobh, ard aerach uasal ar leataobh na habhann, agus infheistíocht mhaith ag teastail le cic ar aghaidh a thabhairt don dá áit bonn araon.
cóiste ag a mnáibh uaisle their noble women in a coach
" Turas deich lá a bheadh sa dá chéad míle dóibhsean nuair a d’fhág siad An Lóbháin tamall ó thuaidh de Liège ar an 28ú Feabhra an bhliain úd, ‘dhá fhear déag ar fhichid dóibh ar eachraidh’ agus ‘cóiste ag a mnáibh uaisle,’ mar a deir Tadhg Ó Cianáin in Imeacht na nIarlaí.
sáite i lár ualach na beartaíochta uasal uilig lodged in the burden of all the noble enterprise
" Tá an t-amhras á chrá, ceart go leor, ach is amhras dlíodóra é; tá fuacht an phósta ann, ceart go leor freisin - folús a fhágann an tUachtarán aonarach, gan chompord ceana a mhná, agus é sáite i lár ualach na beartaíochta uasal uilig a bhí idir lámha aige.
Oirbheart a thug an lá don ngníomh ab uaisle strategy won the day for the most noble deed
" Oirbheart a thug an lá don ngníomh ab uaisle i stair ghairid SAM.
lucht na haicme uaisle the upper class
" Ní hé an cineál iompair a mbítear ag súil leis ar pháirc rugbaí nuair a chuimhnítear gurb é lucht na haicme uaisle a imríonn an rugbaí de réir an traidisiúin.
le haidhmeanna uaisle with the noble aims
" Ní róshásta a bhí lucht na dTorthaí Aontaithe le haidhmeanna uaisle an uachtaráin Árbenz, ar ndóigh.
na haingil is uaisle even the most angelic
" ”* Is léir do chách áfach nach bhfaigheann na haingil is uaisle an lámh in uachtar le linn reifrinn, agus sin a chúis gur cuireadh reifrinn ar ceal d’aon ghnó san Afraic Theas de chuid Mandela agus sa Ghearmáin tar éis 1945.
d’uaisle na gCeilteach curtha ann of a noble of the Celts buried there
" Sa mbliain 1978 fuarthas uaigh i Hochdorf a raibh duine d’uaisle na gCeilteach curtha ann, maraon le carbad álainn, agus míle rud nach é, coire mór miotail, cuir i gcás, a mbeadh áit seasaimh ann do cheathrar páistí.
in áiteanna éagsúla leis na huaisle with the upper class in various places
" Mhínigh Annie Carroll gur chaith Pádraig tamall i Sasana agus in Albain mar chláirseoir cheapaithe in áiteanna éagsúla leis na huaisle.
A bhuí den Uasal Ciotach thanks to mr. wrong
" Ciotaíl Chainte agus Loiceadh na bPáirtithe ============= A bhuí den Uasal Ciotach, gabh mo leithscéal, Chittick, nuair a chuirtear an scéal chun seafóide uilig uilig, feictear do dhaoine, dá ndaille iad an chuid eile den am, nach bhfuil stuaim sa deargnaimhdeas do theanga ar bith seachas a chéile.
An tUasal Ó Srutháin Mr Brooks
" Ach nuair a cuardaíodh cochall a cóta thángthas ar bhuidéal *Pantene Smooth and Sleek Shampoo with Anti-Ageing Serum*! Samhlaigh sin i gcochall do chóta trí thimpiste, mar dhea!’ An tUasal Ó Srutháin ========== Tá Garth Brooks le teacht go Páirc an Chrócaigh.
ollúna uaisle noble professors
" Dá mbeadh seachtar iarphápaí ardléannta, seachtar ollúna uaisle, seachtar iriseoirí ilfhiosracha agus seachtar amadán éirimiúla ann, ba róchuma liom ach seasamh suas agus mo phíosa a léamh.
Dia idir Sinn agus na hUaisle God protect us from the nobility
" Dia idir Sinn agus na hUaisle =========== Aisteach le rá, chuir David Morris, stiúrthóir náisiúnta ar an ARM réamhráite, fáilte roimh an gcinneadh.
ag sodar i ndiaidh na huaisle (the act of) arse-licking the nobility
" Maíonn siad go fíochmhar nach bhfuil an t-idirdhealú aicme sóisialta atá ina ghné lárnach i sochaí na Breataine, an mháthairthír, le sonrú abhus, agus is fuath leo daoine a bhíonn ag sodar i ndiaidh na huaisle.
huaisle nobility
" Ba mhór an tóir a bhí ar shaothar John Lavery, arbh as Béal Feirste ó dhúchas dó (1856), nuair a rinne sé an pictiúr seo agus i measc a chuid cliant bhí rítheaghlach na Breataine, polaiteoirí móra agus na huaisle.
ghníomh uasal noble deed
" Bhíodh an ridire fáin agus an giolla ag gluaiseacht rompu, féachaint cá bhfaighidís tíoránach le smachtú, éagóir le ceartú, ropaire le marú, nó aon ghníomh uasal eile le déanamh do thuillfeadh oirirceas don té a dhéanfadh é…” Chuaigh na hidéil uaisle sin i gcion orainn go léir.
an chuid is uaisle dínn féin the most noble aspect of ourselves
" Bíonn laochra idéalacha uainn chun an chuid is uaisle dínn féin a nochtadh dúinn féin: Artúr, Robin Hood, Fianna Éireann na n-each seang, Éamon an Chnoic.
tUasal Sir
" Bhí fear fochaide BEO, an tUasal Balor Béimeann, ag meá na Dála úire le fear meáite dálaí úire, Bertram Ó Hernia, ID (.
dá stuaim agus dá héirim uasal of her dignity and her noble instinct
" Mar chloch ar charn Mháire Nic Suibhne-Brugha a scríobh Pat Butler an t-alt seo, alt a léireofas don ghlúin óig aníos blas éigin dá stuaim agus dá héirim uasal.