Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Uchtaithe adopted
" " "Neain, an bhfuil tú ag rá go raibh … go raibh páiste ag Miss Gulliver? Ach céard a tharla dó?" "Uchtaithe," arsa mo Neain.
ag cailleadh uchtaigh losing courage/heart
" "An ag cailleadh uchtaigh atá tú cheana féin?" arsa Nóirín.
ár n-iníon uchtaithe our adopted daughter
" "Tugann muid 'ár n-iníon uchtaithe' uirthi," a deir Cummiskey, a bhfuil ceathrar clainne agus seisear garpháistí aige, agus a bhfuil cónaí air i New Dorp Beach.
uchtaigh encouragement
" Dúirt sé go bhfuil na daoine a bhí ag léirsiú ag tabhairt uchtaigh do Saddam Hussein agus nach bhfuil dabht ar domhan faoi sin.
ba bheag nár uchtaigh muintir an tí mé sa deireadh the people of the house nearly adopted me in the end
" Chaith mé tamall ag obair i bpub ansin agus ba bheag nár uchtaigh muintir an tí mé sa deireadh!” Nuair a d’fhág sí Oileán Chléire tháinig sí ar ais go Baile Átha Cliath agus ghlac sí post le AIB.
ag tabhairt uchtaigh don fhreasúra Encouraging the opposition
" Gan na comhairleoirí seo, tá an tUachtarán Bush ina lacha bhacach, mar a deir an Béarla – tá sé ag déanamh botún atá ag tabhairt uchtaigh don fhreasúra agus atá ag cur uafáis ar an mionlach síorlaghdaitheach atá fós ar a shon.
ag tabhairt uchtaigh dár bhfoireann. supporting our team.
" Cá bhfios nach mbeidh mé féin thuas ar ardán staid na hollscoile an tseachtain seo chugainn ag tabhairt uchtaigh dár bhfoireann.
uchtaigh adopted
" D’uchtaigh tuismitheoirí geala na páistí eile.
páiste a uchtú to adopt a child
" Nó Carla Bruni ag rá i Madame Figaro ar an 7 Márta ‘gur mhaith léi páiste eile a bheith aici’, agus má tharlaíonn sé nach n-éiríonn sí torrach toisc an aois atá uirthi - tá Carla Bruni-Sarkozy 41 bliain d’aois – ba bhreá léi páiste a uchtú.
uchtú to adopt
" Níor luaigh sé, áfach, go bhfuil an ceart ag lánúineacha comhghnéis páistí a uchtú agus a altramú, nó fiú iad a bhreith ag baint feidhme as toirchiú in vitro nó as an máthairionadaíocht, cuir i gcás.