Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
uilechumhachtach almighty
" Ní múinteoir uilechumhachtach é atá ábalta gach éagóir a chur ina cheart, a bhfuil réiteach gach faidhbe aige agus atá ábalta an scoláire is drogallaí a spreagadh chun oibre.
sotalach, uilechumhachtach powerful and arrogant
" An é sin a fheictear i bprós maoithneach Sachs, agus é lán go béal leis na mothúcháin, le féiníogaireacht agus le brionglóidí deasa? Cén chinéal carthanachta í an trócaire a mhúsclaítear díreach i ndiaidh chliseadh agus ciapadh inmheánach pearsanta? An bhféadfaí carthanacht a fhoghlaim, agus é a chur de ghlan mheabhair fiú? Nó ar chóir focal nua a chumadh dosna mothúcháin ildaite a bhlaistear i saothar scríte Sachs, focal cuí sainiúil a thabharfadh le fios nach féidir idirdhealú a dhéanamh idir an grá dleathach sin agus an éagóir mhillteach a rinneadh air? Gineann a chuid léachtaí íomhánna malartacha: an t-othar leochaileach ag dul i ngleic leis an mbreitheamh sotalach, uilechumhachtach; an apparatchik soineanta a bhaist “giolla na saoirse” air féin in iomaíocht leis an bhfealsúnaí aibí a thug comhairle do Ronald Dworkin fé choinceapanna teibí cosúil le *“reverse onus”*, *“proportionality review”* agus *“justiciability”*.
Uilechumhachtach almighty
" ’Sé an fhadhb a bhí agamsa nach bhféadfainn glacadh leis an gcoincheap den Dia Uilechumhachtach a chruthaigh an duine mar gur a mhalairt a chreidimse: ’sé sin gurb é an duine a chruthaigh Dia ar an gcaoi chéanna is a chruthaigh an duine teangacha, litríocht, ealaíon agus matamaitic, ag baint usáid as samhlaíocht agus réasúnaíocht.
an gcathair uilechumhachtach sin that almighty city
" Thug TG4 le fios go gcaitheann Tóibín cúpla mí gach bliain i Nua-Eabhrac, ach níor éirigh leis an gcathair uilechumhachtach sin rian Chathair Chorcaí ina phearsantacht do mhaolú.