Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tírdhreachanna uirbeacha urban landscapes
" B'fhiú go mór tírdhreachanna uirbeacha Magill a fheiceáil fosta, mar aon leis na grianghraif thruamhéalacha, mhacánta, loma a thóg Billingham dá theaghlach.
uirbeach urban
" Amharcann siad ar an cheamara go muiníneach agus go díreach, an foirgneamh uirbeach gloine mar chúlra acu.
giofóga uirbeacha urban gypsies
" Seictí polagamacha in Utah, giofóga uirbeacha, Meinninítigh, Aimisigh, agus Giúdaigh *Hasidic* - tá meallacacht ag baint le gach grúpa atá difriúil domsa.
uirbeach urban
" Déanann seo timpeallacht neamhchoitianta d'Appalachia, deighilte amach ag a theorainneacha fisiciúla ó Mheiriceá uirbeach, ag coinneáil an tsíorfháis fhobhailtigh ó dhoras, agus an caolú cultúir a tharlaíonn nuair a fhéachann daoine le bheith mar chuid den "melting pot", coincheap a bhfuiltear fós tógtha leis.
uirbeach urban
" Ba bhreá liom cónaí i nGaeltacht uirbeach anseo agus tá iarracht ar bun chun Ceathrú Gaeltachta a chur ar bun, rud a thugann spreagadh mór dom.
fadhbanna uirbeacha urban problems
" Baineann na hathruithe sin ar fad le fadhbanna uirbeacha ar nós meathlú lárchathrach, ach ba cheantar láidir iománaíochta é lár chathair Chorcaí go dtí le déanaí.
uirbeach urban
" Ba bhreá liom cónaí i nGaeltacht uirbeach anseo agus tá iarracht ar bun chun Ceathrú Gaeltachta a chur ar bun, rud a thugann spreagadh mór dom.
uirbeacha urban
" Is fiú go mór don Stát, trí eagrais mar Fhoras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, tacaíocht a thabhairt don réabhlóid seo atá ag tarlú i gceantair uirbeacha na hÉireann.
uirbeacha urban
" Braitheann cruinneas an chórais seo ar líon na n-aeróg atá sa cheantar - dá bhrí sin, bíonn sé i bhfad níos cruinne i gceantracha uirbeacha ina bhfuil a lán ceall ná amuigh faoin dtuath.
an saol uirbeach urban life
" Tá stíl shuntasach ag Iglesia agus úsáideann sí foinsí éagsúla mar an litríocht, an saol uirbeach agus fás orgánach chun timpeallachtaí a chruthú a bhaineann stangadh asat amanna agus a chuireann iontas ort in amanna eile.
uirbeach urban
" Cead chun ceithre theach déag a thógáil in eastát uirbeach leis féin atá ón gcomhairle.
meallfaidh an íomhá uirbeach seo this urban image will attract
" Má chruthaítear timpeallacht ghnó atá cosúil leis an timpeallacht san Iarthar, meallfaidh an íomhá uirbeach seo airgead ó thar lear.
uirbeacha urban
" Cé gur chuir rialú a thug breitheamh de chuid na Cúirte Dúiche i Cincinnati deireadh le cuid iarrachtaí na bPoblachtánach agóid a dhéanamh in aghaidh cháilítheacht na vótóirí nua, dúirt Mark Weaver, dlíodóir de chuid an Pháirtí Phoblachtánaigh in Ohio, nach gcuirfeadh an rialú seo cosc ar chuid pleananna an pháirtí 3,600 dá lucht monatóireachta a chur sna hionaid vótaíochta, go háirithe i gceantair uirbeacha a thugann tacaíocht láidir do na Daonlathaigh.
córais oll-iompair uirbeacha urban mass transit systems
" Thar na blianta, tá sé tar éis cuid de na leabhair is tábhachtaí dá bhfuil ann a scríobh faoi na córais oll-iompair uirbeacha, ina measc *Under the Sidewalks of New York*, an staidéar deifnídeach, b'fhéidir, ar stair chóras Nua-Eabhrac.
an limistéar mór uirbeach seo this big urban area
" Chomh maith leis sin, tá mórán daoine anois ag bogadh amach as an limistéar mór uirbeach seo agus ag cur fúthu i mbailte measartha mór mar Cheatharlach agus Chill Chainnigh.
ceantair íseal-ioncaim, uirbeacha low-income, urban areas
" Caithfidh tú dul isteach sna ceantair íseal-ioncaim, uirbeacha agus na ceantair iargúlta tuaithe leis an easnamh agus an fhaillí a fheiceáil i gceart.
mionghluaisteáin uirbeacha small urban cars
" Cinnte, má thagann an leictreachas do na gluaisteáin leictreacha (cé acu Tesla Roadsters nó mionghluaisteáin uirbeacha iad) ó stáisiúin chumhachta a úsáideann ola nó gás, beidh truailliú áirithe i gceist agus cuirfear leis an téamh domhanda.
de cheantair thuaithe agus uirbeacha of rural and urban areas
" Cheistigh TNS/MRBI 500 duine i 50 ionad éagsúil ar fud Chontae Shligigh agus thuaisceart Chontae Liatroma – dáilcheantar úr a bhfuil meascán mór de cheantair thuaithe agus uirbeacha ann.
scoilt láidir uirbeach/tuaithe a strong urban/rural split
" Is léir scoilt láidir uirbeach/tuaithe faoi thástáil anála ar maidin; tá 71% de thoghthóirí uirbeacha ina fhabhar, agus níl tacaíocht aige ach ó 36% faoin tuath.
de thoghthóirí uirbeacha of urban constituents
" Is léir scoilt láidir uirbeach/tuaithe faoi thástáil anála ar maidin; tá 71% de thoghthóirí uirbeacha ina fhabhar, agus níl tacaíocht aige ach ó 36% faoin tuath.
blas uirbeach urban flavour
" Creidim go bhfuil ceol den chineál sin cosúil le ceol tíre ach le blas uirbeach air.
uirbeach urban
" Ba stíl í a tháinig ó na cathracha móra agus bhí sí ina foinse inspioráide do cheoltóirí agus d’fhaisean na haimsire, a bhí uirbeach agus *cool*.
le haghaidh forbartha uirbí for urban development
" A gcoir? Lorg siad cead le hagóid a dhéanamh i gcoinne an chúitimh shuaraigh a thug Rialtas na Síne dóibh cúpla bliain ó shin i ndiaidh gur glacadh seilbh ar a dteach le haghaidh forbartha uirbí.
stáit uirbeacha urban states
" Níl casadh sa treo eile le sonrú sna stáit uirbeacha agus ar ndóigh, drochnuacht is ea í don pháirtí Poblachtánach.
ag éirí níos uirbí, getting more urban
" Más rud é go bhfuil pobal Mheiriceá ag éirí níos uirbí, agus más ag claonadh leis na Daonlathaigh atá pobail na mbailte agus na gcathracha, níl i ndán don Pháirtí Poblachtánach ach meath.
fhinscéalta uirbeacha urban legends
" com, a bhfuil clú agus cáil air mar an suíomh Gréasáin is fearr leis an bhfírinne faoi fhinscéalta uirbeacha a nochtadh, nach bhfuil siad iontaofa a fhad is a bhaineann an scéal le ról na nIosraelach sna hionsaithe ar 9/11.
charrmhothar uirbeach urban carr jungle
" Bhí muid breá réidh don aistear trí charrmhothar uirbeach Bhaile Átha Cliath.
sainiúil uirbeach special urban
" B’ilghnéitheach na léargais dár ghin an bhéim sin, ach ní cóir beag is fiú riamh do dhéanamh den thimpeallacht intleachtúil sainiúil uirbeach sin dar ghearr Tóibín as an gcloich.
greann uirbeach agus is greann tuaithe urban and rural comedy
" An cineál grinn a thaitníonn le muintir na hÉireann sa lá inniu, is greann uirbeach agus is greann tuaithe é, meascán den éadrócaire agus den chomhbhá (an greann sin inar leor nod don eolach chun é a thuiscint go minic).
sa tsochaí aisteach uirbeach iar-nua-aoiseach seo in this strange urban postmodern society
" Is frithnimh chumhachtach é an gáire, fiú an gáire gáifeach ar strus, ar bhreoiteacht chorpartha agus intinne agus ar an teannas a bhraithimid ar bhonn laethúil i réimse na hoibre agus sa tsochaí aisteach uirbeach iar-nua-aoiseach seo a bhfuilimid go léir ag streachailt léi i gcónaí.
ní le bonn a chur faoi ghréasán úr uirbeach not to create a new urban network
" Dar leis an staraí Sean Connolly, a scríobh an leabhar comórtha Belfast 400, ba é aidhm na cairte a bhunaigh Béal Feirste - agus bailte eile in Éirinn - "ní le bonn a chur faoi ghréasán úr uirbeach ach le dáilcheantair a chruthú a dtiocfadh leat a bheith cinnte fúthu go dtoghfadh siad Teachtaí Protastúnacha don Pharlaimint Éireannach a bhí le theacht.
an oibreodh sé i suíomh uirbeach would it work in an urban setting
" Níl a fhios agam an oibreodh sé i suíomh uirbeach ach tá féidearthachtaí ann.
An réalachas uirbeach greanach céanna that same gritty urban realism
" An réalachas uirbeach greanach céanna atá mar théama lárnach acu siúd agus an tslí a dtéann gníomh foréigneach amháin i bhfeidhm ar ghnáthdhaoine ach go háirithe.
fhinscéal uirbeach urban legend
" Tá sé in am deireadh a chur leis an fhinscéal uirbeach go bhfuil an Ghaeltacht rite le deontais ón stát, dar le Breandán Delap.