Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
uisce coisricthe holy water
" Ba chuimhin leo na sagairt ag dul ó fheirm go feirm, ag croitheadh uisce coisricthe agus salann beannaithe ag na geataí le cosaint a chur ar fáil.
Scairdeann brúcht ollmhór uisce a large eruption of water gushes
" Scairdeann brúcht ollmhór uisce amach as an tsráid, agus léimeann na páistí thart ann.
go raibh draein calctha ag oibreacha cóireála uisce that a drain had been blocked by water treatment works
" Fuarthas amach go raibh draein calctha ag oibreacha cóireála uisce agus seans go raibh fearadh ainmhithe ag dul isteach san uisce dá bharr sin.
ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha I could never tolerate whiskey
" "Ó ní bheidh, ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha .
ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha I could never tolerate whiskey
" "Ó ní bheidh, ní raibh acfainn ariamh agam ar an uisce beatha .
uisce coisricthe holy water
" Dá n-éireodh leis suaimhneas bheár Theach na Dála a bhaint amach ní fhágfadh sé a stól ann riamh arís; d'íocfadh sé a chuid billí in am; ní chaithfeadh sé seile ar bith eile i bpionta John Bruton, agus fear na léine goirme ar shiúl ag teach an asail; ní chuirfeadh sé uisce coisricthe riamh arís fríd uisce beatha na gcuairteoirí aduaidh; thabharfadh sé bosca scór Carrolls agus an *Star* agus an *Sun* isteach chuig Liam Lawlor an chéad uair eile a bheadh sé sa Joy - é sin ar fad, agus níos mó, dá dtabharfadh Dia slán abhaile é ó fhásach an Mheánoirthir agus dá gceapfadh Bertie é ina Aire le Cúram Leithris Chontae Uíbh Fhailí.
uisce galach boiling water
" Nuair a ghoil an citeal líon sé mias leis an uisce galach.
comhartha uisce watermark
" Cúrsaí slándála ======= Tá tréithe slándála sofaisticiúla intógtha san airgeadra nua - comhartha uisce, snáithe slándála agus stríoc scragaill - chomh maith le comhshnaidhmeadh suas le 100 dath sna bancnótaí, agus beidh géarghá leo.
is beag an deor fola nach teo é ná an t-uisce blood is thicker than water
" Nuair atá deireadh ráite, ar sé leis féin, is beag an deor fola nach teo é ná an t-uisce.
tá uisce le mo ghialltrachaí le dúil my mouth is watering with craving
" Agus mé ag suí chun boird le mo rogha de bhéile a phiocadh ón gclár leathan atá ar fáil le linn Sheachtain na Gaeilge tá uisce le mo ghialltrachaí le dúil! Ach ní fhéadfainn gan an choirm cheoil mhór in Break for the Border (i lár chathair Bhaile Átha Cliath) a bheas ar siúl Dé Céadaoin, 13 Márta a lua libh.
uisce síodúil lonrach silky shining water
" Tá sé go hálainn ar fad, i mo bharúilse, lena uisce síodúil lonrach, agus a oileáin chruinne ghlasa, a dtugtar droimníní báite orthu.
fite fuaite le fuaim an uisce mixed up with the sound of the water
" Cloistear glórtha ag teacht ó na baisíní níocháin, iad fite fuaite le fuaim an uisce.
i mbarr uisce afloat
" Ach theip ar iarrachtaí an comhlacht a choinneáil i mbarr uisce agus cuireadh deireadh le heitiltí i Márta, 2002.
sholáthar uisce water supply
" Tá clamhsán dhá dhéanamh le fada faoi sholáthar uisce na Ceathrún Rua.
ár bpríomhfhoinse uisce our main source of water
" "Is é an tobar seo ár bpríomhfhoinse uisce.
dá n-ólfadh sé a raibh d'uisce i Loch nEathach if he drank the rivers dry (lit. all the water in Loch Neagh)
" Chomh maith le bheith á leá leis an teas, bhí a theanga amuigh leis an tart agus ní thiocfadh leis a chosc dá n-ólfadh sé a raibh d'uisce i Loch nEathach.
ag scinceáil le huisce messing with water
" "Níl a dhath le déanamh acu na laetha seo a bheith ag scinceáil le huisce agus ag imirt le marla.
ag tumadh san uisce dipping into the water
" " Bád farantóireachta beag bídeach a bhí ann, agus cuma tráidire méisíne deannaigh ar an tosach agus é ag tumadh san uisce.
boslach uisce water held in cupped hands
" Bhuail sé isteach sa teach, leag sé an mála gona bhuidéal ar bhord na cisteanaí, gur bhuail sé boslach uisce ar a éadan, gur thriomaigh sé é féin le seantuáille; gur ith sé a dhinnéar.
uisce na Rí-Abhann the water of the Rhine
" Meán Fómhair 2022: I ndiaidh caismirtí idir buíonta Francacha agus Gearmánacha, tosaíonn cogadh idir an dá thír mar gheall, a deir siad araon, gur "goideadh" uisce na Rí-Abhann uathu féin.
soláthar uisce water supply
" Níos gaire do bhaile tá imní ar go leor daoine san Eoraip maidir leis na pleananna atá ag an gCoimisiún agus ag an gcoiste rúnda seo do sheirbhísí poiblí mar shláinte, oideachas, soláthar uisce, agus iompar.
uiscí teolaí warm waters
" Ní raibh sa mhada céanna ach dhá chloch meáchain agus, ar bhuille boise, seoladh mionchú Ghascair amach, amach, chomh fada leis an gcósta, agus isteach in uiscí teolaí an Aigéin Indiaigh, áit ar deineadh cloch láithreach den neach beag míchúramach.
uisce driogtha distilled water
" Ach an ceart marcanna atá fágtha ag an aois agus ag an stair a ghlanadh ó chraiceann deilbhe muna bhfuil siad ag deánamh aon dochar? Sa deireadh ba í Cinzia Parnigoni a thóg an chailís nimhe chuici féin agus a thosaigh an t-athchóiriú conspóideach, ag úsáid uisce driogtha chomh maith le mud pack ina raibh laíon ceallalósach agus cré.
canónacha uisce water cannons
" Mórshiúl a raibh tús síochanta leis agus é mar chuspóir aige aird a tharraingt ar an easpa tithíochta, deiseanna fostaíochta agus cearta sa chathair, agus a chríochnaigh leis an RUC ag déanamh ionsaí fíochmhar ar na mórshiúlóirí le bataí agus canónacha uisce.
táillí uisce water charges
" Ach dá mba rud é go raibh siad ag feidhmiú le chéile, gurb iad Sinn Féin agus an DUP a bhí ag iarraidh na táillí uisce a ghearradh ar dhaoine, agus muidne i mbun feachtais ina gcoinne, sílim go mbeadh muid in áit i bhfad níos sláintiúla.
téann siad de phleist san uisce they splash into the water
" Cuireann sé isteach orthu muidinne a bheith in aice leo agus téann siad de phleist san uisce.
uisce reoite iced water
" Boladh an allais chuige agus í ag imeacht, an solas amuigh á dhalladh, ná féach air, thiocfadh lá eile, agus d'ordaigh sé uisce reoite.
Eas uisce waterfall
" Eas uisce agus sliabh bréagach rí-ard (tá an-radharc le fáil uaidh) an Parc des Buttes Chaumont; cruinniú le chéile na gcág istigh sa Jardin des Plantes, áit a bhfuil neart lusanna agus luibheanna le feiceáil; crainn mhaorga an chúigiú *arrondissement* sa Jardin de Luxembourg (Bhí suas le 38,000 crann i bPáras nuair a rinneadh an chéad chrannáireamh in 1855, agus tá níos mó anseo anois); an crann is seanda sa chathair, an Robinier, a cuireadh sa bhliain 1601; gan trácht ar bhruacha an Seine, áit a mbíonn neart daoine ag siúl, ag rothaíocht agus ag lannrolláil.
saineolaí uisce hydrologist
" I measc na bhfoghlaimeoirí fásta seo, tá bean ón tSualainn, mac léinn ón mBriotáin, *patissier* ó Poitiers a bheidh ag aistriú go hÉirinn san athbhliain, ceoltóir a bhfuil an Ghréigis ar a toil aici cheana féin, aistritheoir gairmiúil a bhíonn ag plé le téacsanna i mBéarla na hÉireann, saineolaí uisce Airméanach - Liobánach, múinteoir Béarla a rinne tráchtas ar Brian Friel, agus beirt Éireannach atá i bPáras le fada, atá ag iarraidh cuimhneamh ar an nGaeilge a d'fhoghlaim siad agus í a chleachtadh.
stioc uisce a drop of water
" "Fan go bhfeicfidh tú, ní bheidh stioc uisce ann ach an oiread.
uisce galach boiling water
" Líon sí buicéad le huisce galach agus chuir sí slog maith leacht níocháin ann.
ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin out for his own good
" Choinnigh sé na feidhmeannaigh faoi bhrú i gcónaí cé gur minic a bhí sé ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin.
stealladh uisce water used to pour
" “Sa seanam, chuireadh seirbhíseach an t-innealra ar siúl, agus stealladh uisce as achan oscailt,” a mhínigh Romano dúinn.
deighltear an t-uisce ón ola the water is separated from the oil
" Ina dhiaidh sin, deighltear an t-uisce ón ola agus sa deireadh tagann an ola ghlas álainn amach as sconna.
uisce faoi thalamh conspiracy
" Bhí siad páirteach in uisce faoi thalamh in éadan rialtas Pháirtí an Lucht Oibre i Westminster.
uisce reatha running water
" Ag maireachtaint mar ainmhí, gan teas, ná solas, ná uisce reatha.
uisce a bhailiú to fetch water
" Bhí muintir na háite ar fad ag iarraidh mé a tharraingt isteach ón mbáisteach, ach bhí mé chomh fliuch sin gur chuma liom! Faoin am a shroich mé an teach, bhí mé fliuch go craiceann, agus ba bheag nach raibh flip flop caillte agam san abhainn a bhí in áit an bhóthair! Chuala mé screadanna agus gáire, agus ansin os mo chomhair bhí na páistí ar fad amuigh sa bháisteach ag léim timpeall agus ag rince! Bíonn orthu uisce a bhailiú gach lá agus, mar sin, bhí siad chun leas a bhaint as an deis seo agus chuir siad buicéid amach chun an t-uisce a bhailiú.
linn bheag uisce a small pool of water
" Agus tá acmhainn na hÉireann ó thaobh na cumhachta toinne de, linn bheag uisce ar a dtugtar an tAigéan Atlantach, i bhfad níos fearr ná acmhainn gaoithe na Danmhairge.
sreabhadh uisce water flow
" Tá gá le bogearraí cumhachtacha agus casta chun déileáil leis na foirmlí matamaitice atá i gceist le domhantarraingt – agus éiríonn rudaí níos casta fós nuair atá sreabhadh uisce á athchruthú.
déantóir uisce bheatha whiskey maker
" Sa bhliain 2004 fuair sé coimisiún mór ón déantóir uisce bheatha Jameson agus in 2002 rinne sé cártaí Nollag a dhearadh do Thionscadal Pháistí Chernobyl.
táillí úra uisce new water charges
" Lena chois sin, iarrfaidh siad ar an Uasal Brown moill a chur ar chur i bhfeidhm táillí úra uisce agus laghdú a dhéanamh sa ráta cánach corparáidí a íocann comhlachtaí ó thuaidh.
foinse uisce don chócaireacht agus don níochán source of water for cooking and washing
" Tá bailte beaga scaipthe ar bhruacha na habhann agus tá ról lárnach aici i saol mhuintir an cheantair seo maidir le hiascaireacht agus turasóireacht, agus is córas iompair agus foinse uisce don chócaireacht agus don níochán í chomh maith.
buidéal uisce the a hot water bottle
" Taitníonn buidéal uisce the go mór liom agus a bheith amuigh sa timpeallacht nádúrtha, uaireanta an dá rud le chéile! AÓF: Cén bealach a thosaigh tú ag seinm ceoil agus ag amhránaíocht? ENíC: Tharla sé go nádúrtha.
ar tháillí uisce, on water charges,
" Den chéad uair riamh, is beag caint atá ar cheisteanna bunreachta ó thuaidh - táthar ag caint ar tháillí uisce, ar oideachas, ar na gnéithe atá lárnach i saol gach duine.
tagaim ar an bhfoinse uisce I come on the water source
" Tamall sula mbainim an mullach amach, tagaim ar an bhfoinse uisce ar a dtugtar **Fuente Reniega **(Tobar an tSéanta).
uisce fíorfhuar extremely cold water
" Gléasta i gcultacha uisce, clogaid agus úmacha sábháilteachta, chaitheamar an lá ag léim isteach in uisce fíorfhuar ó bhruacha agus ó charraigeacha, ag rópadóireacht anuas na heasa, agus ag streachailt leis an bhfáschoill sa Waitakere.
uisce mianrach mineral water
" Ní shílfeá go mbeadh a leithéid i nGarbhchríocha na hAlban, níos faide ó thuaidh ná Inbhir Nis! Sa ré Victeoiriach bhí neart spánna mar seo le fáil ar fud na hEorpa, ina raibh uisce mianrach agus folcadáin chlábair le fáil.
uaimh ina bhfuil uisce corrach, a cave with unsteady water,
" Ciallaíonn “Te Anau-au” uaimh ina bhfuil uisce corrach, ach tá siad tar éis éirí an-socair le himeacht aimsire.
dá n-ardódh leibhéal an uisce if the water level rose
" Mar sin, bhí smionagar réidh le titim dá n-ardódh leibhéal an uisce sa loch taobh thiar de.
ar an éadan le huisce on the waterfront
" Tá cuma nua ar an éadan le huisce in Lìte anois.
tagann uisce le mo chuid fiacla my mouth starts to water
" B’an-chócaire mo mháthair; tagann uisce le mo chuid fiacla nuair a smaoiním siar ar laethanta m’óige agus an bia seo ar fad.
táillí uisce water rates
" Beidh orainn na táillí uisce a dhíol, tá na *Shinners *agus an DUP ag iarraidh an UUP agus an SDLP a alpadh, bhí ruaille buaille idir comhghuaillíocht an SF/DUP agus an SDLP/UUP fá dheontas don UDA, tá Fianna Fail ag trasnú na teorann .
uisce coisricthe holy water
" Peaca do-mhaite é an maithiúnas, chóir a bheith chomh do-mhaite le huisce coisricthe a chur fríd an tae.
táillí uisce water charges
" Tá cúrsaí socair go leor sa Roinn Talmhaíochta faoi stiúir Michelle Gildernew ach tá daoine ar lorg substaint éigin taobh thiar de na Chuckle Brothers; tá Caitríona Ruane thar a riocht sa Roinn Oideachais; beidh ar Conor Murphy táillí uisce a thabhairt isteach.
uisce faoi thalamh. conspiracy
" Bhí baint mhór ag beirt deartháireacha de chuid an Dalaí Láma leis an uisce faoi thalamh.
an t-uisce a sholáthar i bpíblíne to supply the water in a pipeline
" Tá uiscíoch ollmhór faoina rainse in Baca Grande, Colorado, agus rinne comhlacht dá chuid iarracht an t-uisce a sholáthar i bpíblíne do chathair Denver – beart a shaothródh na billiúin do Strong agus dá chuid comhpháirtithe dá gcuirfí i gcrích é.
uisce coisricthe holy water
" In éineacht le Danny, bhí an Canónach Pádraig Ó Fiannachta, le tumar mór uisce coisricthe chun an Tóirse Oilimpeach a thumadh ann le gach rian den Chumannachas Págánach Diabhlaí a dhíbirt amach as.
ag seachaint na lochán uisce. avoiding the puddles
" Tchíonn muid lachain ar an mbóthar, iad ag seachaint na lochán uisce.
Baile na Míle Scairdeán Uisce Town of the Thousand Water Fountains
" Baile na Scairdeán UisceTugtar Baile na Míle Scairdeán Uisce ar Aix corruair.
ag coinneáil a chloigeann os cionn uisce keeping his head above water
" Cá raibh Biffo le linn do na linnte a bheith ag líonadh? Bhí sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, mar a dhéanfadh gobadán maith: ag coinneáil a chloigeann os cionn uisce agus ag déanamh a dhíchill gan a bheith fágtha ar an trá fholamh.
uisce an tsrutháin deilte shuaimhnigh water of the peaceful delta stream
" uisce an tsrutháin deilte shuaimhnigh ag lapadaíl ar thaobh báid.
timthriall an uisce the water cycle
" Chuir Sukhkev san áireamh an chaoi a n-ionsúnn na foraoisí carbón agus an dóigh a rialaíonn siad timthriall an uisce.
uisce fiorúil virtual water
" In Éirinn, toisc braiteoreacht ghnólachtaí léimt amach san uisce fiorúil agus an rud go bhfuil torthaí logánaithe ag Google dó, ach go háirithe, is mó an chontúirt.
leathchinn uisce beatha half ones of whiskey
" In 205 a bhí Dylan Thomas (a chuir ina luí ar an Uasal Zimmerman a ainm a athrú go Bob Dylan) nuair a thit sé isteach ina thámhshuan tar éis ocht déag de leathchinn uisce beatha.
ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin bringing grist to his own mill
" Í cáinte go láidir ag a hiarghiolla, John McGuinness, cé gur dócha go raibh seisean ag tarraingt uisce ar a mhuileann féin.
uisce reatha running water
" Bhí siad go léir ina gcónaí i rud beag a thabharfá scioból air, gan uisce reatha, gan leithreas, is gan chistin ann.
uisce water
" Maraíodh é trí bliana ní ba dhéanaí agus é ag iarraidh an churiarracht luais ar uisce a shárú ar Coniston Waters, i Sasana.
chulaith uisce wet suit
" "Ní féidir dul ag snámh gan chulaith uisce!" Agus isteach leis lena chlár.
uisce te hot water
" €756 (3742 aonad kWh) a thug mo mhac ar an aibhléis in Éirinn don tréimhse chéanna, costas a chuimsigh na soilse, an chócaireacht agus uisce te don chith.
uisce faoi thalamh a conspiracy
" Leagadar rompu agus rinne uisce faoi thalamh le chéile le bheith cinnte gurbh é an náisiún mór, saibhir, an Fhrainc, agus nárbh é an tírín beag, bocht, Éire éidreorach (a bhí saibhir cúpla bliain ó shin ach nach bhfuil cianóg rua ná sciúrtóg fanta anois aige), a rachadh chun na hAfraice Theas an bhliain seo chugainn le himirt i gcomórtas Chorn an Domhain (sacar, ní rugbaí, ar eagla na míthuisceana).
t-uisce water
" Rud eile a bhfuil áit lárnach aige sa chreideamh seo ná an t-uisce.
bhuabhaill uisce water buffalo
" Tá sé cumhachtach go leor le hainmhithe móra leithéidí an bhuabhaill uisce fhiáin agus na bó baile a mharú.
Uisce le do Chár appetizing
" Uisce le do Chár ======== Chuaigh mé isteach i gcoill darbh ainm Kéroual gar do Brest in aimsir an tsneachta le déanaí.
píobáin uisce water pipes
" I ngeall nach raibh fuinneog ar bith sa seomra folctha, ní raibh de rogha aici ach bualadh ar na píobáin uisce ag súil go dtabharfaí faoi deara go raibh sí i sáinn.
na feadáin uisce chéanna those same pipes
" Fiche lá a chaith sí ag baint ceoil as na feadáin uisce chéanna go dtí gur tháinig na fir dhóiteáin chun í a tharrtháil.
huisce faoi thalamh conspiracy
" Más fíor é sin, seans go dtugann sé tacaíocht do leagan Assange ar an scéal, maidir le huisce faoi thalamh.
soláthar uisce water provision (class)
" Is léir go raibh bord conspóideach stiúrtha NIW as láthair nuair a bhí an ceacht sin thuas á thabhairt mar a bhí siad as láthair ag na ranganna áirimh, staidéir ghnó, cumarsáide agus dá mbeadh rang soláthar uisce ar fáil, is cinnte go gcaillfeadh siad an rang sin fosta.
bhonneagar uisce water infrastructure
" 
An ainnise seo, is díol deirce é dóibh sin atá ag iarraidh táillí uisce a thabhairt isteach ó thuaidh, cás láidir a dhéanamh go bhfuil an t-airgead breise riachtanach le go gcuirfear feabhas ar an bhonneagar uisce.
sceith an t-uisce the water flooded out
" Ní féidir na tuilemhánna a chosaint, áfach, agus sceith an t-uisce thar feirmeacha go leor.
faoi uisce flooded
" Ar an lá céanna, bhí cathair Brisbane, san Astráil, faoi uisce, an ceann ba mhó impleachtaí i sraith de thuilte a chéas an stát Astrálach Queensland ar feadh Mhí Eanáir.
Clann an Uisce children of the water
" Clann an Uisce ======= Mar is eol daoibh, b’iad na hamfaibiaigh na chéad ainmhithe le cnámh droma a tháinig i dtír chun maireachtaint ar thalamh na cruinne.
Steall uisce throw, dowse, squirt
" Is rud nua é an idirghníomhaíocht seo idir daoine agus na rónta, agus coinnigh an rón faoi shúil ghéar i gcónaí; - Má bhíonn tú ag snámh go beoga, stad agus athraigh an bang snámha chuig an mbang brollaigh, nó snámh mar a bheifeá i do sheasamh; - Steall uisce i dtreo an róin má tá sé ar an dromchla nó séid feadóg má bhíonn a leithéid agat; - Tabhair rabhadh do lucht snámha eile san uisce.
faoin uisce under the water
" Caithfidh mé a admháil nach bhfuil bang láidir snámha agam féin ach bhí flúirse snámhán ar fáil agus d’éirigh go geal liom faoin uisce le cabhair na snámhán.
éin uisce water hen
" Tugtar loonie ar an mbonn dollar tar éis an éin uisce comónta, an ‘Loon’ agus mar gheall ar an ainm seo, tugtar ‘toonie’ ar an mbonn dhá dollar.
huisce na gcos the dirty water
" Níl mé ag rá gur cheart dúinn caighdeáin a chaitheamh amach le huisce na gcos.
dream an uisce faoi thalamh conspiracy theorists
" Ní ghlacfar le scéalta scaoill ó lucht an amhrais is minic a scéal báite ag lucht cantail agus dream an uisce faoi thalamh, sna meáin phoiblí nó sna meáin fhéinchraolta ar an idirlíon.
bord an uisce water plain, level
" Deirtear go mbíonn 40% d’uisce na tíre in úsáid leis an khat a chur ag fás agus go bhfuil fadhb anois ann mar tá bord an uisce thart ar Sa’ana beagnach ídithe.
Rith an t-uisce le mo chuid fiacla my mouth watered
" Rith an t-uisce le mo chuid fiacla.
mealbhacáin uisce bags of water
" Bosca stáin, mealbhacáin uisce, cácaí móra aráin, feoil, luibheanna agus túlán dubh.
uisce reatha running water
" Nuair a bhí na Cumannaigh i réim sa bPolainn, bhí dídean agus uisce reatha ag an bpobal ar fad.
idir dhá uisce below the surface
" Bhuaileamar grágán mór a bhí idir dhá uisce, toisc go raibh an abhainn chomh beag agus dorcha sin.
ag raftadh in uisce bán white water rafting
" Bhí an Nollaig a chaith muid sa Nua-Shéalainn cosúil go leor leis an Nollaig in Éirinn, ach amháin go ndeachaigh muid ag raftadh in uisce bán agus le haghaidh suathaireachta in óstán spá Oíche Nollag! Thuirling muid i Christchurch (Teampall Chríost) cúpla lá roimh Nollaig.
faoi uisce underwater
" cearnach ina mbeidh naoi ndánlann idirghníomhacha, athchruthuithe de dheiceanna agus de chábáin na loinge, amharclann taiscéalaíochta faoi uisce chomh maith le hionad comhdhála agus féastaí a fhreastalóidh ar 1000 duine in aon am amháin.
ag moladh uisce ghlan an chuain praising the bay’s clean water
" Bhí cairde mo bhean chéile linn as Meiriceá an lá seo, agus mé ag moladh uisce ghlan an chuain, dúirt mé leis na Meiriceánaigh go bhféadfaí na ruacain a ithe díreach as an ghaineamh.
uiscí reoite frozen waters
" Bhí an chathair dá hullmhú féin an mhaidin sin d’fhilleadh an bháid ‘Mackay-Bennett’, an chéad long a d’imigh go láthair an Titanic le híobartaigh a aimsiú ó uiscí reoite an Atlantaigh.
Níor coinníodh uisce leo they weren’t watered
uisce reatha agus gan séarachas running water and sewage
" Áiteanna iad sin a raibh an iomarca daoine i dtithe suaracha, gan uisce reatha agus gan séarachas don chuid is mó.
meascán den uisce agus den luaithreach a mixture of water and ash
" Bhaintí úsáid as meascán den uisce agus den luaithreach leis an aghaidh a ní chun na críche seo.
scaoileann siad uisce aníos they leak
" Áireoidh mé na hearraí seo leanas ina measc: - i) Buataisí de chuid Bose London a bhí ar díol ar €140 agus a ceannaíodh faoi cheant in Éirinn ar €70, scaoileann siad uisce aníos tríd an bhonn a luaithe a sheasfaidh tú amach ar chosán fliuch.
nach súnn uisce aníos which don’t soak up water
" Is daighsíní na gairis ii) - v) agus tuigimid nach mbeidh siad fadsaolach, má oibríonn siad ar chor ar bith, ach bheifeá ag súil le bróga a cheannach in Éirinn nach súnn uisce aníos den talamh ar nós múscáin, ar €140 go háirithe agus go fiú ar €70 féin fosta.