Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
uiscí teolaí warm waters
" Ní raibh sa mhada céanna ach dhá chloch meáchain agus, ar bhuille boise, seoladh mionchú Ghascair amach, amach, chomh fada leis an gcósta, agus isteach in uiscí teolaí an Aigéin Indiaigh, áit ar deineadh cloch láithreach den neach beag míchúramach.
uisciú watering
" Tá cuid nach beag den talmhaíocht san abhantrach ag brath ar uisciú ó na haibhneacha, ach ní raibh ach céatadán an-bheag den uisce ar fáil don lucht talmhaíochta i rith an triomaigh.
cearta uiscithe water rights
" Chuir an rialtas náisiúnta togra nua i bhfeidhm le cearta uiscithe a cheannach ar ais ó fheirmeoirí na habhantraí, agus soláthraíodh cúrsaí oiliúna dóibh siúd a thréig an talamh le scileanna nua a fhoghlaim.
uisciú to water
" Úsáidfidh feirmeoirí áitiúla an t-uisce a thairgfear chun a gcuid tailte a uisciú.
uiscí reoite frozen waters
" Bhí an chathair dá hullmhú féin an mhaidin sin d’fhilleadh an bháid ‘Mackay-Bennett’, an chéad long a d’imigh go láthair an Titanic le híobartaigh a aimsiú ó uiscí reoite an Atlantaigh.
ceantar na n-uiscí fothalúnacha the area of the subterranean waters
" Ar aghaidh, dá bhrí sin, go ceantar na n-uiscí fothalúnacha sa chompal céanna ach taobh eile na teorann i gContae Fhear Manach.
an t-uisciú ceann de na dualgais watering is one of the duties
" I bhfad níos feidhmiúla ná mo dheartháir is dócha! Ach de réir taighde déantóirí an H2O IQ, níl a leithéid de chóras de dhíth ar gharraíodóirí mar is é an t-uisciú ceann de na dualgais is ansa leo agus mar sin cruthaigh siadsan córas a fhógraíonn ar an ngarraíodóir faoi easpa uisce sa chré.