Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag ullmhú don dlúthdhiosca getting ready for the CD
" Sa samhradh ní dhearnamar mórán mar bhíomar ag ullmhú don dlúthdhiosca, bhíomar ag obair go dian air sin.
ullmhaithe prepared
" Cé go ndúirt na polaiteoirí, ar a laghad míle uair, go raibh gach deis acu an íle a stopadh, tá sé soiléir don saol anois nach raibh tada ullmhaithe acu an uair seo ach an oiread.
ag ullmhú tuarascála preparing a report
" Faoi láthair tá Coiste Uile-Pháirtí an Oireachtais ar an mBunreacht ag ullmhú tuarascála maidir le cearta sealúchais.
ag ullmhú preparing
" Bíonn dhá théarma againn, a mhaireann dhá sheachtain déag an ceann, agus bímid ag ullmhú don téarma nua idir na téarmaí.
á ullmhú preparing it
" "Níl sé le plé go mí an Mheithimh," ar Alasdair, "ach cheana féin, tá an Feidhmeannas á ullmhú.
ullmhaithe roimh ré prepared in advance
" Roghnaíonn Sinn Féin iarrthóirí óga atá cliste, dóighiúil, fuinniúil agus atá ábalta dul de réir na foirmle a bhíonn ullmhaithe roimh ré ag ceannairí an pháirtí.
ag ullmhú na gcuntas preparing the accounts
" "Ní fheicim aon difríocht idir mo fhreagrachtaí mar bhainisteoir ag ullmhú na gcuntas, agus mo sheal mar shióg Nollag le páistí Bhaile Munna.
ullmhú prepare
" Mar shampla, mar ullmhúchán don bhliain seo chugainn, bhronn EGTeo, mo chuideachta féin, slam leabhar ar choiste reatha na hÉireann agus beidh na leabhair sin á n-úsáid ag ár gcoisteoirí agus iad i gcomhluadar na mBriotánach in Albain.
a ullmhú to prepare
" Níl dabht ar bith orm ná go ndéanann a bhformhór íobairtí móra chun ionad a fháil ar an bhfoireann agus chun iad féin a ullmhú do na cluichí móra (is cluiche mór é gach cluiche idirchontae do na himreoirí).
atá á hullmhú which is being prepared
" Tá siadsan ag fanacht le go bhfeicfidh siad an reachtaíocht atá á hullmhú ag rialtas Blair maidir le cúrsaí póilíneachta, a bheihd ar fáil an mhí seo chugainn.
ullmhaithe ready
" Tá an stáitse ullmhaithe againn duit.
bhí sé ana-thábhachtach go rabhas ullmhaithe i gceart it was very important that I was properly prepared
" Bhí ana-chuid ama agam leis an taighde a dhéanamh agus leis an ullmhúchán a dhéanamh ach ní raibh an oiread sin ama agam chun an taifeadadh a dhéanamh *so* bhí sé ana-thábhachtach go rabhas ullmhaithe i gceart.
chun iarratas a ullmhú to prepare an application
" Cathain a bunaíodh RnaL agus cé a bhunaigh é?D’eascair Comharchumann Raidió Átha Cliath as grúpa a tháinig le chéile i mí Dheireadh Fómhair 1988 chun iarratas a ullmhú do stáisiún raidió lán-Ghaeilge do chathair agus do limistéar Bhaile Átha Cliath.
a ullmhú don chló to prepare for publishing
" Agus é éirithe as, seachas bheith ag tabhairt comhairle do mhic léinn iarchéime, is iad na tionscadail is mó atá curtha ag Ó Coileáin roimhe féin ná aistí próis Sheáin Uí Ríordáin a ullmhú don chló agus saothar seanchais John Kelleher a thabhairt chun críche.
ag ullmhú iarratas eile preparing other applications
" Beimid ag ullmhú iarratas eile nuair a bheidh an páipéarachas maidir leis an áitreabh curtha i gcrích.
le hiad a ullmhú to prepare them
" Ina theannta sin, bím féin ag plé le coistí maidir le rólanna taobh istigh de choiste, cúrsaí fostaíochta agus bainistíochta, agus le coistí atá ag dul i dtreo aitheantais le hiad a ullmhú don ról úr a bheadh acu mar ghobharnóirí.
le hiad a ullmhú don agallamh to prepare them for the interview
" Cuireann sé straitéis do na meáin chumarsáide le chéile do chomhlachtaí freisin agus cuireann sé oiliúint orthu le hiad a ullmhú don agallamh ar ‘Morning Ireland’ nó ‘Prime Time’.
ullmhú don Ghradam. to prepare for the Award.
" Cuireann Gaillimh le Gaeilge seirbhís chomhairleoireachta ar fáil do chomhlachtaí chun cabhrú leo ullmhú don Ghradam.
ag ullmhú preparing
" Tá an *News Letter *sásta ráitis ó na sceimhlitheoirí seo a chur i gcló ach ní fhaca mé riamh agallamh nó tagairt féin don ghrúpa POBAL a bhfuil sárobair déanta acu ag ullmhú don Acht.
ag ullmhú curaí, preparing a curry,
" Bhí siad ag ullmhú curaí, agus boladh iontach as.
á hullmhú féin getting herself ready
" Tosaíonn sí á hullmhú féin le dul amach arís.
ag ullmhú preparing
" ” Is maith le Derek saol na healaíne i Learpholl, “an chathair is cóngaraí d’Éirinn”, mar a thug sé air, agus tá sé ar an choiste atá ag ullmhú do thréimhse Learphoill mar Phríomhchathair Chultúrtha na hEorpa in 2008.
Ullmhófar na rannpháirtithe the participants will be prepared
" Ullmhófar na rannpháirtithe freisin le haghaidh chomórtas iarratais an Aontais Eorpaigh (AE).
á ullmhú being prepared
" Go deimhin, in 2004 d’admhaigh an tAire Oideachais, Mary Hanafin, go raibh fadhb ar leith ann maidir leis an díolúine agus thug sí le tuiscint go raibh ciorclán á ullmhú ag an Roinn a leasódh an córas trína mbronntar an díolúine.
ullmhú to prepare
" D'fhill sé ar an Airgintín chuig a chathair dhúchais, Buenos Aires, agus chuig club damhsa Tango, gar don ceantar inar tógadh é len é féin a ullmhú don taispeántas seo.
ullmhú preparing
" Tá mé ag rith thart fud fad na háite ag ullmhú do lá amháin, béile amháin (dhá cheann, má áirímid Lá Fhéile Stiofáin), ar nós duine craiceáilte.
ullmhú to prepare
" ” Ar ndóigh, b’éigean do lucht tacaíochta Iosrael intinn na Meiriceánach a ullmhú i bhfad roimh 9/11.
ullmhú to prepare
" Is é an bealach ina dtugann Bilal faoi é féin a ullmhú don turas snámha seo a chuireann go mór le héifeacht an scannáin.
ullmhú prepare
" Is é an dúshlán is mó atá roimh Antaine Ó Dálaigh anois ná na cúlaithe a choigeartú agus a ullmhú don dúshlán a chuirfidh foireann Aontroma orthu.
á ullmhú féin preparing himself
" A chuid oibre déanta go maith aige, go dtí le gairid, agus é á ullmhú féin do ruathar a dhéanamh ar an chinnireacht.
ullmhú prepared
" Tá an baol ann, in éagmais a leithéid de chíoradh, go gcuirfidh ceisteanna airgid smál ar sheoladh na straitéise 20 bliain atá á ullmhú faoi láthair ag an rialtas don teanga chomh maith lena bplean tarrthála don Ghaeltacht.
ullmhú roimh prepare for
" Déanfar iarracht ranganna breise a chur ar siúl nó ábhar a chur ar fáil tríd an idirlíon sa chaoi is go mbeidh mic léinn in ann iad féin a ullmhú roimh na scrúduithe.
ullmhóidh shall prepare
" Chomh maith leis sin, táim i mo bhall den Chomhchoiste um Dhlí agus Ceart agus mar thoradh ar an ócáid i mí na Nollag, tá an Comhchoiste chun Fochoiste um Rannpháirtíocht na mBan sa Pholaitíocht a chur ar bun agus ullmhóidh an Fochoiste sin plean gníomhaíochta.
ullmhú preparing
" Tá comhlachtaí ag ullmhú tairiscintí don tionscnamh seo anois, ach níl cinnteacht ann a bhfuil taighde déanta ag aon cheann de na hiarrthóirí ar an chinéal nuachtáin, go díreach, a theastaíonn ó léitheoirí Ghaeilge in Éirinn agus lasmuigh.
ullmhaithe prepared
" Tá achainí ullmhaithe ag Guth na Gaeltachta ina míníonn siad an tábhacht a bhaineann le cosaint na gcúig phrionsabal seo a leanas: 1.
n-ullmhú preparation
" Bhí achan rud chomh horgánach agus chomh hiomlán ag rátáil nialasach ar scála an loirg charbóin – agus b’fhéidir mar gheall ar seo bhí an fachtóir ‘feel good’ an-ard ina n-ullmhú.
ullmhú preparing
" Ach is Críostaí mé agus cuidíonn mo chreideamh liom chun mé féin a ullmhú don troid.
ag ullmhú preparing
" Bhí an Mheitheal um Mheáin Sóisialta de chuid an *Irish Internet Association* ag ullmhú treoirleabhair ag an am do chomhlachtaí Éireannacha faoin bpodchraoladh.
Ullmhaíodh was prepared
" Ullmhaíodh ‘Plana Gàidhlig Riaghltas na h-Alba’ faoi théarmaí Achd na Gàidhlig (Alba) 2005.
ag ullmhú preparing
" Tá siad ag ullmhú seó faoi láthair don fhéile ealaíne/ceoil Fulacht Fia na hAibhléise (Electric Picnic)(http://www.
lena ullmhú in preparing it
" Níl an t-ollbhéile sin (meascán stobhaigh, dinnéar na Nollag agus putóg plúir, go bhfios dom!) blaiste agam go fóill, agus b’fhearr dom mar sin gan aon cheo a scríobh faoi go dtí an lá a mbeidh sé féachta blaiste agam – ach deirtear liom gur béile geimhridh fíor-Bhriotánach é, agus go gcaithfear an lá ar fad a chaitheamh sa chistin lena ullmhú.
d’ullmhaigh prepared
" ”* Ach má tugadh an t-eiteachas don mholadh sin, ba léir ó mheamram a d’ullmhaigh an Lár-Choiste Forbartha don rialtas go raibh fadhbanna fuinnimh ina gcrá chroí ag na hoileánaigh a bhí ina gcónaí amach ó chósta an iarthair.
ullmhú prepare
" “An gá duit culaith a chaitheamh san oifig?”, fágaim, nó “An bhfuil fonn ort bia sláintiúil/ Indiach/ sciobtha a ullmhú?” srl.
ag ullmhú preparing
" Ba ón Choimisinéir Teanga a tháinig an moladh sin i dtús ama agus glacadh leis ins tuarascáil a chur an meitheal saineolaithe idirnáisiúnta faoi cheannas Fiontar le chéile mar threoir don Rialtas agus iad ag ullmhú na straitéise.
iad a ullmhú prepare them
" Bhí an tOifigeach Ceannais ag iarraidh iad a sheoladh chuig cúrsa traenála d’fhonn iad a ullmhú roimh An Iaráic agus bhí ar an príomhoide litir a chur a fhad leis ag impí air gan é seo a dhéanamh go dtí go mbeadh a gcúrsa oideachais sa choláiste críochnaithe.
hullmhú na foirne the team’s preparation
" Is é an fáth atá tugtha ag Mag Aonasa, is cosúil, ná gur bhris an Caisideach conradh nó gealltanas a bhí sínithe aige agus ag baill eile na foirne nach labhróidís le lucht na meáin chumarsáide faoi nithe a bhain le hullmhú na foirne.
ullmhaithe prepared
" Bhí bricfeasta ullmhaithe dúinn agus gan tada le déanamh don lá iomlán ach a bheith ag breathnú amach ar an Amasóin.
d’ullmhaigh prepared
" De thoradh brú ón Uachtarán, d’ullmhaigh an tArd-Stiúrthóir, Páraic Ó Dufaigh, plépháipéar ar an ábhar agus nochtadh é le déanaí.
ullmhú foirne preparing a team
" ) agus nár mhiste dá bhrí sin na daoine atá freagrach as ullmhú foirne a íoc freisin.
dá hullmhú féin was preparing itself
" Bhí an chathair dá hullmhú féin an mhaidin sin d’fhilleadh an bháid ‘Mackay-Bennett’, an chéad long a d’imigh go láthair an Titanic le híobartaigh a aimsiú ó uiscí reoite an Atlantaigh.
Is mé ag ullmhú do while I was preparing
" Is mé ag ullmhú do mo shos bliaintúil ón teicneolaíocht, casadh m’intinn ar cheist laethanta saoire agus ar an tionchar atá ag an teicneolaíocht orthu.
hullmhaíodh an chéad eagrán the first edition was prepared
" Nuair a d’fhoilsigh an Rannóg Litriú na Gaeilge: Lámhleabhar an Chaighdeáin Oifigiúil i 1947, dúradh sa réamhrá: ‘Is mar threoir don chaighdeán litrithe atá ceaptha le húsáid i ngnóthaí oifigiúla a hullmhaíodh an chéad eagrán den lámhleabhar seo, a foilsíodh Mí Iúil, 1945, ach socraíodh ar é a chur ar fáil don phobal le súil go gcabhródh sé chun litriú na Gaeilge i gcoitinne a chaighdeánú’ (CO 1947, vi).
ullmhaíodh dréacht de leagan leasaithe a reformed version was prepared in a draft
" Tar éis na tuairimí agus na moltaí go léir a fuarthas a bhreithniú chuathas i gceann an córas sin a leasú agus ullmhaíodh dréacht de leagan leasaithe a cuireadh faoi bhráid daoine arbh eol suim ar leith a bheith acu i ngramadach na Gaeilge agus saineolas acu uirthi .
ag ullmhú díolama making an album
" “Tá an grúpa ag ullmhú díolama maidir le scread Dheirdre sa mbroinn agus ba mhaith liom na sleachta Gaeilge a thaifeadadh uait.
d'ullmhaigh feidhmeannaigh prepared by officials
" *" Ach tagann sé seo salach ar cháipéis chomhairliúcháin a d'ullmhaigh feidhmeannaigh na Roinne don Aire Sláinte, James Reilly, sula ndeachaigh sé i mbun a chuid cúraimí, inar dhúirt an Roinn Sláinte gur cuireadh in iúl daofa trí chomhairle dlí go raibh gá le lipéadú i nGaeilge agus i mBéarla faoi Threoir an Aontais Eorpaigh: "*Legal advice received by the Department indicates that the relevant EU Directive requires labelling and packaging in Irish and English.
mba cheart dúinn ullmhú anois we ought to prepare now
" ) Tréas an Stáit ====== Nuair a theip ar Ghluaiseacht na Gaeilge oll-mhórshiúl 1909 a chomóradh b’fhéidir go mba cheart dúinn ullmhú anois leis an mbuille is mó a buaileadh ar an nGaeilge ó bhunú an stáit a chomóradh ina áit an chéad bhliain eile: ’sé sin an tréas a d’imir an rialtas (Fine Gael/Lucht Oibre) faoi cheannas Liam Cosgrave nuair a cuireadh deireadh le riachtanas na Gaeilge sa státchóras.
a ullmhaíodh do bhall which were prepared for a member (of
" Tugann an fo-alt seo cosaint do thaifid Rialtais, cáipéisí a ullmhaíodh do bhall den Rialtas ar mhaithe le cruinniú Rialtais agus a bhfuil dlúthbhaint acu le cruinnithe Rialtais agus le cumarsáid idir beirt bhall den Rialtas.
an coincheap ullmhaithe i gceart the concept prepared properly
" Le teacht Péladeau, fear gnó a bhfuil na billiúin gnóthaithe aige sa teileachumarsáid, os comhair an phobail, ní raibh an dara rogha ach ag Marois reifreann ar scarúntacht a phlé - agus ba léir nach raibh an coincheap ullmhaithe i gceart aici.
ag ullmhú le dul preparing to go
" Tháinig sé uirthi agus í ag ullmhú le dul ar a hoilithreacht bhliantúil go hOdious Gael i nGleann Cholm Cille.
ullmhaithe ag prepared by
" Bhí na leasuithe ullmhaithe ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, agus bhí Joe Mc Hugh fíordhíograiseach ag brú na leasuithe ar urlár an tSeanaid.
a ullmhú prepare
" Tá Emer Ní Bhrádaigh den tuairim go bhfuil sé tábhachtach scoláirí tríú leibhéal a ullmhú don saol mór seachas a gcloigeann a líonadh le fíricí.
ullmhú preparing
" Cuirimid brú orainn féin le taisteal, le siopadóireacht agus le hullmhúchán san am ba cheart dúinn a bheith ag glacadh sosa.
ullmhú prepare
" Bia intinne do PJ Mac Gabhann is ea gnó bialainne na Fraince agus tslí Fhrancach leis an mbia a ullmhú agus a dháileadh.