Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ó umar na haimléise from a miserable plight
" Ar nós mar a rinne Kevin Heffernan le hÁth Cliath sa pheil, d'éirigh le Cyril Farrell foireann iomána na Gaillimhe a thabhairt ó umar na haimléise go dtí an buaicphointe i 1980, nuair a bhuaigh siad ar Luimneach i gCluiche Ceannais na hÉireann.
in umar na haimléise in a miserable plight
" Ag tús ré Sheáin bhí contae na Mí in umar na haimléise ó thaobh fhoireann pheile an chontae de, in ainneoin thraidisiún na peile a bheith an-láidir agus an-fhada sa Chontae Ríoga.
in umar na haimléise in a miserable plight
" An bhfuil cúrsaí iománaíochta in umar na haimléise? B'fhéidir go ndéarfadh léitheoirí gur gealtán iomána mé ach braithim easpa cur chuige i mbliana ó thaobh cur chun cinn an tseanchluiche ársa.
in umar na haimléise in a miserable plight
" An bhfuil cúrsaí spóirt in umar na haimléise? Sin í an cheist atá á cur agam orm féin i bhfianaise na poiblíochta is déanaí faoi mhí-úsáid drugaí sa spórt.
in umar na haimléise in a miserable plight
" Tá an fhoireann náisiúnta sacair gan bhainisteoir agus in umar na haimléise tar éis a díbeartha as comórtas Chorn an Domhain.
in umar na haimléise in a miserable plight
" Is fear é a raibh go leor trioblóidí agus fadhbanna aige ina shaol pearsanta, ach de bharr na tallainne a bhí aige níor mhaith le héinne go dtiocfadh droch-chríoch air, rud a bhí i ndán dó agus é in umar na haimléise de bharr drugaí, óil, etc.
in umar na haimléise in a bad state
" Ní raibh ceachtar den dá phríomhaidhm náisiúnta – athaontú na tíre agus athbheochan na Gaeilge – bainte amach aige agus bhí an geilleagar in umar na haimléise.
as umar na haimléise from the miserable plight
" Bhí sé náireach, ach tháinig Ciarraí chun cinn arís as umar na haimléise.
Umar na haimléise terrible plight
" Umar na haimléiseMaidir le foireann sacair na tíre, níl le rá ach go bhfuil sí in Umar na haimléise le cúpla bliain anuas agus dar liom gur chuma cé a bheas ina bhainisteoir sna blianta gearra atá romhainn - níl an tallann ar fáil faoi láthair ó thaobh na n-imreoirí de le dul chun cinn a dhéanamh.
in umar na haimléise in a bad state
" Tagann an t-eolas seo sna sála ar thuarascáil de chuid Chomhairle na hEorpa agus na Roinne Oideachais féin (“*Language Education Policy Profile for Ireland”*) a thug le fios le gairid go raibh an Ghaeilge sa chóras oideachais “in umar na haimléise” agus beagnach “i ndeireadh na feide.
umar na haimléise bad plight
" Fágadh an teaghlach in umar na haimléise ar feadh seala mar nach raibh sé ag saothrú airgid.
in umar na haimléise in dire straits
" Feallmharú ceannaire Tríocha bliain níos déanaí bhí an duine gorm fós in umar na haimléise go heacnamaíoch agus go sóisialta i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
in umar na haimléise in dire straits
" An chuma air in amanna nach bhfuil sé i dtiúin mar is dual le haisfhreagra feargach an phobail agus sinn in umar na haimléise.
in umar na haimléise in the pits of despair
" Cuirtear deireadh leis an scéal le comhrá gairid idir an bainisteoir agus an t-imreoir agus iad in umar na haimléise tar éis do Dhún na nGall a bheith buailte ag Áth Cliath i gcluiche leathcheannais na hÉireann.
a bhí in umar na haimléise ceart who were really despondent
" Seachas Caoimhín O hIfearnáin i 1974, a phleanáil agus a stiúir foireann peile Átha Cliath, a bhí in umar na haimléise ceart ag tús na bliana sin, chun cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan, is deacair cuimhneamh ar aon bhainisteoir eile ar fhoireann chontae ar bith a rinne gaisce chomh mór is atá déanta ag Jim Mac Géibheannaigh.
in umar na haimléise in dire straits
" Tá roinnt daoine den tuairim go bhfuil sé iomarcach a bheith ag trácht ar chearta eachtrannach sa tír seo nuair atá an méid sin Éireannach in umar na haimléise.
in umar na haimléise terrible plight
" Tá cuid de na heachtrannaigh a bhfuil stádas an dídeanaí bainte amach acu sa tír seo in umar na haimléise agus iad ag fanacht ar chinneadh maidir le cé acu an dtabharfar cead dá dteaghlaigh teacht go hÉirinn.