Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
na hurláir uachtaracha the top floors
" Ní orthu féin a bhíodar ag smaoineamh ach ar na hainniseoirí ar na hurláir uachtaracha.
ag baint tuairte as an urlár pounding the floor
" Ba é an chéad rud ar maidin é agus chuala mé iad ag baint tuairte as an urlár, cúpla litir agus dhá phaicéad de dhlúthdhioscaí.
brat urláir carpets
" Seanleapacha atá ann, chan leapacha bunc, agus brat urláir agus mar sin de ar na ballaí.
iad a charnadh ar an urlár to pile them up on the floor
" Tá mé faoi gheasa leabhair mar í, agus leabhair nach í, a cheannach agus toiseacht ar a léamh, agus ansin, chomh dóiche lena mhalairt, iad a charnadh ar an urlár cois leapa go bhfaighe mé an fhaill ar a gcríochnú lá níos faide anonn, nó nuair a éalóidh m'aigne ó chuing na heagarthóireachta.
ag scuabadh an urláir sweeping the floor
" Bhí go maith agus ní raibh go holc; luigh sé isteach ar an obair, ag scuabadh an urláir, ag déanamh an tae, agus ag comhlíonadh na ndualgas beag eile a tugadh dó.
ó shíleáil go hurlár from ceiling to floor
" Scairteann sé *suas *agus scairteann sé *síos*: “An *thuas *a bhí mé nó *thíos*? Nó an ag dul *suas *an staighre a bhí mé nó ag dul *síos*? Nó ag teacht *anuas *nó ag teacht *aníos*?” Agus macalla na gceisteanna sin fós ag preabadh *anonn *agus *anall *ó bhalla go balla agus *suas síos *ó shíleáil go hurlár, cluintear glór uaigneach caointeach ag teacht ón seomra folctha: “Agus an ag dul *isteach *sa tobán seo a bhí mé, nó ag teacht *amach *as?” *Thíos *sa chistin, agus é fós ina shuí ag an tábla, beireann Réamó greim docht daingean ar a chupán.
ag scuabadh urlár sweeping floors
" B’fhearr liom bheith ag scuabadh urlár ná a leithéid a dhéanamh.
urláir ollmhargaidh the floors of a supermarket
" Nigh mé urláir ollmhargaidh san oíche agus leag mé síos tíleanna chun airgead a fháil le hábhair phéintéireachta a cheannach.
urlár brocach na pluaise the grimy floor of the cave
" Nuair a tharraing sé é féin ó urlár brocach na pluaise lean sí lena scéal: “Sa mhéid is go dtéann daidí amach ag obair agus go dtugann sé airgead abhaile, is féidir *Caipitleachas* a thabhairt air.
patrún dhearadh urlár Ardeaglais Chartres na Fraince, the pattern of the design of the floor of Chartres Cathedral in France,
" Creideann cuid de na saineolaithe gur áis súgartha go bunúsach a bhí ann, cosúil le go leor lúbraí eile - sórt stuara siamsaíochta meánaoiseach – ach tá sé tugtha faoi deara ag daoine eile go bhfuil patrún an lúbra seo an-chosúil le patrún dhearadh urlár Ardeaglais Chartres na Fraince, agus is eol dúinn gur mar áis aithrí a d’úsáidtí patrún an urláir sin.
do bholg ar an urlár fuar your stomach on the cold floor
" Conas féachaint amach ar an saol briste, do bholg ar an urlár fuar agus tú i bhfolach faoin mbord.
ag bualadh a mhaide go tréan i gcoinne an urláir. hitting his stick strongly against the ground
" Bhíos sásta le mo chuid amhránaíochta, ach bhíos ní ba shásta fós nuair a chonaic mé athair Dhónail ag bualadh a mhaide go tréan i gcoinne an urláir.
sínte thall is abhus ar an urlár laid out here and there on the floor
" Bhí Dónal Ó Liatháin agus na Sínigh istigh faoin chuntar ina sámhchodladh, lucht Ionad Buail Isteach sínte thall is abhus ar an urlár, agus an Tóirse Oilimpeach athbhreoslaithe le trí bhuidéal de 12 Year Old Jameson ag soilsiú go geal agus é ag gobadh aníos as fualán i leithreas na bhfear.
urlár déanta as reoiteoir. a floor made out of a freezer
" Ba éard a bhí ann ná cillín déanta as barraí iarainn agus urlár déanta as reoiteoir.
siopa díolta brat urlár carpet shop
" Tá an siopa díolta brat urlár atá in aice le mo chuid oibre i ndiaidh druidim, mar shampla.
n-urlár story, floor
" Téann na hardaitheoirí ag luas seilide suas agus anuas an foirgneamh 10 n-urlár seo.
urlár floor
" Cé go bhfuil iarsmalann bheag a dhéanann cur síos air, tugtar "Músaem an Séú urlár" air, agus sin an méid (is cosúil gur ón séú urlár sa Texas School Book Depository a scaoil Lee Harvey Oswald an t-urchar).
hurláir dhamhsa dance floors
" Ceol dos na hurláir dhamhsa i gclubanna oíche Shráid Chill Mochargán.
mbrat urláir carpet
" An dá ghníomh seo is ábhar don ghearrscéal ‘Dúil’ le Liam Ó Flaithearta (Bhí naíonán fireann ag imirt le gligín ar an mbrat urláir, .
urlár stroighne cement floor
" Is féidir le gasúr breith air ar urlár stroighne nó ar an mbóthar nuair nach mbíonn deis rith i bhfolach ag an earc, ach más earc sléibhe é, is laghairt ó cheart é agus thig leis an t-eireaball a theilgean uaidh má bheirtear air agus éalú leis.
urlár gloine cáiliúil famous glass floor
" Mheallann an Túr CN leis an urlár gloine cáiliúil turasóirí go leor gach bliain.
urlár na monarchan the factory floor
" Siad san na hÁisigh a oibríonn i siopaí allais éadaí na gcúlsráideanna, is a chodlaíonn sa mhullach ar a chéile ar urlár na monarchan.
urlár lofa rotten floor
" Bhí fíor-droch-chaoi ar an demountable áirithe seo, le poill mhóra san urlár lofa.
aníos trí chláracha an urláir up through the floor boards
" Ag a naoi a’ chlog an oíche sin, aníos trí chláracha an urláir, céard a chloisfinn ach dordghlórtha doimhne buíon fear ag fonnadóireacht sa mbeár.
in ascaill, cláiríní breac-chearnógacha ar an urlár in a corner with speckled tiles on the floor
" Tá tuama Liam Flannbhuí le feiceáil sa tsaothar seo in ascaill, cláiríní breac-chearnógacha ar an urlár agus dhá chuaille thaibhseacha lasta le solas geal lonrach ar an dá thaobh.
feadh an urláir across the floor
" Ansin tarraingíodh í as an gcathaoir rotha ina raibh sí feadh an urláir.
mbrat urláir dearg lasmuigh red carpet outside
" Díreach mar a rinne na scórtha aisteoirí is stiúrthóirí eile le linn 70ú Féile Scannán na Veinéise, a bhí ar siúl ó 28 Lúnasa go 7 Meán Fómhair, shiúil Johansson suas síos ar an mbrat urláir dearg lasmuigh de Phálás an Chineama roimh thaispeáint Under the Skin.