B'fhéidir go bhfuil míniú eile ar fad ar an eachtra a tharla sa chluiche club úd, míniú níos soineanta b'fhéidir, ach is é an rud a ritheann liom ná go nglactar leis ró-éasca i measc mhuintir Chumann Lúthchleas Gael (CLG) gur cuid den chluiche a leithéid sin d'eachtra toisc nach mbristear gialla ná cnámha *de ghnáth*!
Ag tarlú go rialta
=======
Dar ndóigh, deir
urlabhraithe éagsúla agus Uachtarán CLG é féin nach bhfuil aon áit don iompar sin sa CLG, ach cén mhaith sin nuair atá sé ag tarlú chomh minic agus chomh rialta is a bhíonn.