Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
vótála cionmhara proportional voting
" Leanfadh an córas clarúcháin ar aghaidh de réir phrionsabail na vótála cionmhara go dtí go mbeadh na toghlaigh ar fad roghnaithe.
vótáil leictreonach electronic voting
" Cén tionchar a bheas ag an vótáil leictreonach ar na toghcháin áitiúla agus Eorpacha? Níl a fhios sin ag éinne, ach tá gné amháin den scéal nár pléadh go poiblí fós: a laghad vótaí is a bhí idir iarrthóirí éagsúla nuair a tionóladh na toghcháin dheireanacha i 1999.
seanchóras vótála the old system of voting
" Tá deireadh leis an seanchóras vótála i bhFlorida, an córas lochtach úd a tharraing an oiread sin achrainn in 2004 agus a chuir téarmaí ar nós "pregnant chads" isteach i gcaint na ndaoine.
an vótáil leictreonach electronic voting
" "Buíochas le Dia, le Bertie agus le Máirtín Ó Coillín (san ord sin)," a ghuíonn Balor, "gur caitheadh an vótáil leictreonach amach ar an charn aoiligh.
chóras vótála leictreonraí electronic voting system
" Is léir nach bhfuil aon athruithe móra i ndán don dóigh a reáchtáiltear gnóthaí an Stáit ach amháin go bhfuil seans ann go ndéanfar an obair sin ar dhóigh níos éifeachtaí as seo amach (cé nach féidir a bheith ag súil go dtarlóidh sé sin i gcúrsaí iompair, b'fhéidir, de bhrí gurb é Martin Cullen atá sa chathaoir sin - eisean an té a chuir breis is €40 milliún d'airgead na gcáiníocóirí amú ar chóras vótála leictreonraí nach bhféadfaí a úsáid).
an ceart vótála a bhaint de dhaoine eile to disenfranchise others
" Tá na Daonlathaigh ag cur i leith na bPoblachtánach go bhfuil imeaglú á dhéanamh acu ar vótóirí agus go bhfuil siad ag déanamh iarrachta an ceart vótála a bhaint de dhaoine eile, agus tá na Poblachtánaigh ag cur i leith na nDaonlathach go bhfuil go leor de na hiarratais chláraithe vótóirí lochtach nó calaoiseach.
vótáil leictreonach electronic voting
" Liosta le háireamh na botúin a rinne Martin Cullen agus é ina Aire Comhshaoil - idir vótáil leictreonach agus a chuid polasaithe i leith an chomhshaoil agus tithe aonair, gan trácht ar an scannal faoi bhronnadh chonradh flaithiúil caidrimh phoiblí ar chomrádaí polaitiúil dá chuid.
an chóras vótála leictreonaí the electronic voting system
" Chaill Máirtín Ó Coileáin aon chreidiúnacht a bhí fágtha aige nuair a tugadh cur síos sa chlár ar an chóras vótála leictreonaí agus ar an chostas atá ag baint le stóráil an trealaimh agus gan é á úsáid ar chor ar bith.
cén bealach a vótálfadh ár Slánaitheoir which way our Saviour would vote
" Go tobann, tá na haerthonnta, agus leathanaigh litreacha na nuachtán, lán, agus gach fear agus bean mhire ag tagairt do shleachta éagsúla ón mBíobla mar chruthúnas ar cén bealach a vótálfadh ár Slánaitheoir sa reifreann seo dá mbeadh sé beo.
foilsítear formhór na mbileog vótála most of the election leaflets are published
" Faoi láthair foilsítear formhór na mbileog vótála i Meiriceá go dátheangach, as Béarla agus as Spáinnis, chun spreagadh a thabhairt do chainteoirí Spáinnise a vótaí a chaitheamh i dtoghcháin.
ar cheist an chórais vótála leictreonaigh to the electronic voting issue
" Gá le réiteach sciobtha a fháil ar cheist an chórais vótála leictreonaigh agus toghchán ar na bacáin.
ó na hionaid vótála. from the voting centres.
" Agus le tamall anuas, tá níos mó Meiriceánach ag fanacht amach ó na hionaid vótála.
lucht vótála na heite deise, right-wing voters,
" Seachas breathnú orthu mar áiteanna a chuirfeadh coirpigh ar atreo, tá daoine, go háirithe lucht vótála na heite deise, ag iarraidh go gcuirfí pionós ar phríosúnaigh thar a dtréimhse ar fad sa phríosún.
an vótáil leictreonach, electronic voting,
" Mar nach bhfuilimid dulta leis an vótáil leictreonach, caithfear vótaí a chomhaireamh de láimh.
Ar mhothaigh siad ciontach i ndiaidh na vótála? Did they feel guilty after the vote?
" Cén chaoi ar bhraith siad, mar sin, agus iad ag caitheamh vóta ar son an Taoisigh nuair a bhí an tairiscint mímhuiníne i gceist sa Dáil? Ar mhothaigh siad ciontach i ndiaidh na vótála?An mbeidh an Comhaontas Glas sásta fanacht sa Rialtas? An bhfuil aiféala anois orthu mar gheall ar an “deal with the devil”, mar a thug Ciarán Cuffe air, a rinne siad le Fianna Fáil?Mar bharr ar gach donas, de bhrí go bhfuil Ahern an-ghafa leis an scannal faoi láthair, níl sé ar a chumas dul i ngleic le gnó tábhachtach an rialtais – níl Teachtaí ceaptha go fóill mar bhaill ar na coistí agus na fochoistí rialtais, cuir i gcás.
hionaid vótála. polling stations
" In 2005, bliain an olltoghcháin dheireanaigh, ní raibh ach 41 faoin gcéad de na vótálaithe sásta cuairt a thabhairt ar na hionaid vótála.
fonn vótála desire to vote
" In áiteanna áirithe sa Pholainn, bhí fonn vótála ar an oiread sin daoine go raibh easpa páipéar ballóide ar fáil agus ba ghá na hionaid vótála a choimeád ar oscailt níos déanaí ná an t-am a bhí socraithe.
ba ghá na hionaid vótála a choimeád ar oscailt the polling stations needed to be kept open
" In áiteanna áirithe sa Pholainn, bhí fonn vótála ar an oiread sin daoine go raibh easpa páipéar ballóide ar fáil agus ba ghá na hionaid vótála a choimeád ar oscailt níos déanaí ná an t-am a bhí socraithe.
gurbh fhiú vótáil ar a shon. that it would be worthwhile voting for it
" Titeann sé ar an rialtas agus ar na páirtithe atá ar son an chonartha, mar sin, a chur ina luí orainn gurbh fhiú vótáil ar a shon.
cead vótála permission to vote
" Is de bharr foráil i mBunreacht na hÉireann a bheas cead vótála againne.
cead vótála permission to vote
" Bhí conspóid faoi cé aige a bheadh cead vótála agus ní mó ná sásta a bhí an pobal taobh thiar den Daingean nuair a teorannaíodh an daonlathas go muintir an bhaile amháin.
pobal vótála bhaile an Daingin voters of Daingean
" Ach i ndeireadh an lae, tar éis obair Uí Chuív, Joe O’Toole, Roche, Gormley, Healy Rae, baill de Chomhairle Contae Chiarraí, agus pobal vótála bhaile an Daingin tá an *status quo* ann i gcónaí.
bothanna vótála voting boothes
" Más féidir leis toghthóirí nua a mhealladh chuig na bothanna vótála i mí na Samhna agus iad a choinneáil, is mór an seans go bhféadfaidh a pháirtí an Teach Bán a choimeád ar feadh glúine.
Vótáil Tromlaigh Cháilithe Qualified Majority Voting
" Dá nglacfaí le Conradh Liospóin, dhéanfaí a lán cinntí nua ar bhonn Vótáil Tromlaigh Cháilithe (i.
vótáil theibí abstract voting
"vótáil theibí ar chonradh teibí a síníodh i Liospóin atá ann ach bunathruithe atá á moladh ar an doiciméad stáit is tábhachtaí atá againn chun ár gcearta mar shaoránaigh Éireannacha a chosaint.
cumhacht vótála voting power
" Bheadh cumhacht vótála 50% *níos lú* ná mar a bhíodh ag tíortha beaga cosúil le hÉirinn agus bheadh cumhacht vótála beagnach 50% *níos mó* ag na ballstáit mhóra.
lucht vótála na hÉireann voters of Ireland
" Ba iad na rudaí ba mhó a bhí ina n-údar imní ag lucht vótála na hÉireann ná nach mbeadh coimisinéir Eorpach ag na hÉireannaigh ar feadh tréimhsí áirithe agus go dtiocfadh athrú ar ár neart vótála san Aontas; go mbeadh grúpaí mar fheirmeoirí thíos le cuid de na forálacha sa Chonradh; go gcuirfí comhchuibhiú fiosach i bhfeidhm; go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre agus go mbeadh easpa freagrachta daonlathaí i gceist dá ndaingneofaí an Conradh.
neart vótála voting power
" Ba iad na rudaí ba mhó a bhí ina n-údar imní ag lucht vótála na hÉireann ná nach mbeadh coimisinéir Eorpach ag na hÉireannaigh ar feadh tréimhsí áirithe agus go dtiocfadh athrú ar ár neart vótála san Aontas; go mbeadh grúpaí mar fheirmeoirí thíos le cuid de na forálacha sa Chonradh; go gcuirfí comhchuibhiú fiosach i bhfeidhm; go ndéanfaí maolú ar chearta oibrithe na tíre agus go mbeadh easpa freagrachta daonlathaí i gceist dá ndaingneofaí an Conradh.
Lucht vótála voters
n-inneall vótála voting computers
" Leonta go holc cheana ag tubaiste na n-inneall vótála - atá anois tréighte ag a chomharba.
lucht vótála voters
" Beidh liosta acu den lucht vótála atá cláraithe, agus díobh siúd nach bhfuil cláraithe fós.
a lucht vótála their voters
" com/watch?v=3c9lUvn5qC8) Ní mholfaí a dhath nach mbeadh bá Shinn Féin leis nó nach mbeadh an páirtí Sinn Fein ábalta bá a lucht vótála a fháil ar a shon.
lucht vótála voters
" Mar a fheictear in Éirinn, tá lucht vótála tinn tuirseach de na ghnáthpháirtithe polaitíochta, go háirithe agus geilleagar mar atá.
dheireadh na vótála the end of voting
" Ní raibh iontas ar mhórán anseo sa Bhrasaíl nuair a fógraíodh, trí uaire an chloig tar éis dheireadh na vótála, gur ag Dilma Rousseff a bhí an bua sa dara babhta de thoghchán na hUachtaránachta, an 31 Deireadh Fómhair.
lucht vótála voters
" **SMM: Nuair a shéan lucht vótála thú do shuíochán arís i nDáil Éireann sa bhliain 2007, san am a raibh na vótóirí céanna ag tacú le polaiteoirí a mhill agus a bhochtaigh an tír seo, cad a chomharthaíonn a leithéid? Go bhfuil na daoine aineolach? Go bhfuil na daoine chomh dona lena gcuid máistrí, gur cuma leis an bpobal vótála gach ní ach a dteach féin agus a morgháiste féin? Cén míniú atá agat féin ar an diúltú ó am go chéile mar sin?** SÓhU: Ní fhéachfainn air mar sin in aon chor i ndáiríre.
lucht vótála voters
" Mhol an t-aon fheisire de chuid an Pháirtí Ghlais, Adam Bandt, an rún, a d’iarr ar a chomhghleacaithe sa teach dhá rud a dhéanamh: a thabhairt faoi deara go raibh pósadh comhghnéis dlite i dtíortha go leor eile, agus ceist an phósadh chomhghnéis a spíonadh leis an lucht vótála ina gcuid toghcheantar.
an lucht vótála voters
" Cuir san áireamh an laghdú mór atá tagtha le déanaí i gceannaireacht an pháirtí, agus is beag an baol go rachadh teachtaí Fhianna Fáil ar ais chuig an lucht vótála a rá go mbeadh cruatan breise i ndán dóibh.
hionaid vótála polling stations
" Bhí neart ball sásta a bheith ag obair in aisce don pháirtí lá toghcháin: seasamh taobh amuigh de na hionaid vótála, daoine a thiomáint ag na hionaid vótála, cuntas a choinneáil ar cé bhí ag vótáil agus ar cérbh iad an dream nár bac le vóta a chaitheamh.
hionaid vótála polling stations
" Bhí neart ball sásta a bheith ag obair in aisce don pháirtí lá toghcháin: seasamh taobh amuigh de na hionaid vótála, daoine a thiomáint ag na hionaid vótála, cuntas a choinneáil ar cé bhí ag vótáil agus ar cérbh iad an dream nár bac le vóta a chaitheamh.
lucht vótála voters
" Cheap siad Julia Gillard d’aon ghuth i gcomharbacht air, an chéad Phríomh-Aire mná i stair na tíre, agus cuireadh tús láithreach bonn leis an líomhain nach raibh a ceapadh dlisteanach de bharr nach raibh Gillard tofa ina Príomh-Aire ag lucht vótála na hAstráile.
lucht na vótála the voters
" Cuireadh 44 reifreann faoi bhráid lucht na vótála in imeacht na mblianta agus níor éirigh ach le hocht gcinn acu.
aois na vótála the voting age
" Ní bheidh i gceist sa chomhdháil, áfach, ach athruithe beaga gan mórán tábhachta – an tréimhse in oifig atá ag an uachtarán, aois na vótála, an tagairt do dhiamhasla a scriosadh amach, srl.
mbeadh an chearc fhrancach ag vótáil ar son na Nollag the turkey would vote for Christmas
" Tar éis an tsaoil, níor cheart go mbeimis ag súil go mbeadh an chearc fhrancach ag vótáil ar son na Nollag! Is Críonna an Té a Chinnfeas =========== Ba bheag drogall, áfach, a bheadh ar pholaiteoirí na tíre glacadh le leasú ar Airteagal a 29 a bhaineann lenár mballraíocht san Aontas Eoraip.
le cur ina luí ar an lucht vótála to convince the voters
" Tá coimhlint ghéar ar siúl de shíor idir na páirtithe móra le cur ina luí ar an lucht vótála go bhfuil siadsan níos déine ar mhuintir na mbád ná an taobh eile (Eagrán 89, Meán Fómhair 2008, Eagrán 97 Bealtaine 2009 & Eagrán 123, Iúil 2011).
thiocfaidh lá na vótála the day to vote arrives
" Cé go léiríonn an phobalbhreith Red C, a foilsíodh ar an 13 Meitheamh, go bhfuil 52% den pobal i bhfábhar fáil réidh le Seanad Éireann, táim den tuairim go dteipfidh ar an reifreann nuair a thiocfaidh lá na vótála sa bhfómhar.
gan vótáil ar son aon leasaithe not to vote for any amendment
" Glacadh leis an mBille gan leasú mar go raibh Teachtaí Dála agus Seanadóirí de chuid pháirtithe an rialtais faoi bhagairt, gan vótáil ar son aon leasaithe, cuma cé chomh maith nó cé chomh ciallmhar is a bheadh sé.
raibh an lucht vótála dubh dóite the voters were sick and tired
" Glactar leis go forleathan gur chaill Páirtí an Lucht Oibre toisc go raibh an lucht vótála dubh dóite den achrann inmheánach a bhí ar siúl sa pháirtí le breis is trí bliana anuas.
a fhad le bothán vótála as far as the polling booth
" Chomh maith le muintir na feirge agus na staince, nach mbacfadh le siúl a fhad le bothán vótála lena gcuid vótaí a scriosadh fiú amháin, tá dreamanna Poblachtacha nach ndallfaidh doras an ionad vótála go brách, bíodh go ndearna cuid acu é sin go díreach i nDoire.
an ionad vótála go brách of the polling centre
" Chomh maith le muintir na feirge agus na staince, nach mbacfadh le siúl a fhad le bothán vótála lena gcuid vótaí a scriosadh fiú amháin, tá dreamanna Poblachtacha nach ndallfaidh doras an ionad vótála go brách, bíodh go ndearna cuid acu é sin go díreach i nDoire.
nach bhfuil i dteoiric daonlathais na vótála ach the concept/theory of a democratic vote is just
" ) Tá cruthaithe ag forfhorbairt an chórais chaipitil nach bhfuil i dteoiric daonlathais na vótála ach aghaidh fidil.
breith gheata na vótála exit poll
" Bhí sin soiléir san breith gheata na vótála a thóg RTÉ lá an toghcháin.
le tacaíocht an lucht vótála a mhealladh to entice the voters
" Bíonn cáinaisnéis déine sa chéad bhliain i réim an rialtais, sa dara bliain bíonn sí comhardaithe agus sa tríú bliain bíonn sí fíorfhlaithiúil le tacaíocht an lucht vótála a mhealladh ag an gcéad olltoghchán eile.
Léiríonn nósanna na vótála é seo the voting pattern shows this
" Léiríonn nósanna na vótála é seo agus, de réir Ascherson, léiríonn an comhrá náisiúnta in Albain go bhfuil siad níos dílse don NHS agus don sóisialachas daonlathach ná mar atá boic Londain.
gluaiseacht cead vótála a movement for the right to vote
" Níl mórán daoine ar an eolas go raibh gluaiseacht cead vótála ó thuaidh agus tá níos lú a bhfuil a fhios acu gur reáchtáil siad feachtas míleata.
vótáil leictreonach electronic voting
" Measann Diarmaid Mac Mathúna gur botún mór é cinneadh rialtas na hÉireann athrú go vótáil leictreonach sna chéad toghcháin eile.
go gcothóidh an vótáil leictreonach fadhbanna móra that electronic voting will give rise to big problems
" Tá Uinsionn Mac Dubhghaill den tuairim go gcothóidh an vótáil leictreonach fadhbanna móra le linn thoghcháin na bliana seo in Éirinn agus sna Stáit Aontaithe.
lá na vótála polling day
" Chaith Bearnaí Ó Doibhlin a vóta san olltoghchán, bíodh gur in iardheisceart Dhún na nGall a bhí sé, lá na vótála féin.
lucht vótála na Brasaíle the Brazilian voters
" Tharla an mhaidhm ghlas gan choinne i measc lucht vótála na Brasaíle ach, dar le Alex Hijmans, is cosúil go bhfillfidh an chuid sin de vótaí ‘Tonn na Glaise’ a theastós ó Rousseff lena tabhairt isteach i suí na hUachtaránachta ag deireadh na míosa seo.
fíbín vótála an excitement about voting
"fíbín vótála ag teacht ar mhuintir Québec faoi reifreann tábhachtach atá ar na bacáin agus tá Eoin Ó Catháin thall ina measc.
cead vótála faighte obtained voting rights
" Má tá cead suí ar bhus agus cead vótála faighte, tá obair ollmhór shóisialta le déanamh go fóill.