Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
i ndúlaíocht an gheimhridh in the dark months of winter
" Tagann na sluaite go Gaoth Dobhair i ndúlaíocht an gheimhridh le freastal ar Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy, agus i lár an tsamhraidh le háilleacht an cheantair Ghaeltachta seo a bhlaiseadh.
dúlaíocht an gheimhridh the depths of winter
" "Caithim dúlaíocht an gheimhridh i Neipeal: Nollaig, Eanáir agus Feabhra.
ár lár an gheimhridh the mid-winter slaughter
" Má tá coiscéim coiligh ar an lá idir an dá Nollaig, is áit inteacht i lár na coiscéime sin atá muid anois - san áit is contúirtí ar fad, b'fhéidir, nó cad é atá go díreach idir dhá chrobh an choiligh ach tóin an choiligh, Dia idir muid agus cac na héanlaithe! Agus muid ag caint ar chúrsaí éanlaithe, tá a bhfuil fós beo de thurcaithe na tíre ag rith thart sna cuibhrinn agus sna botháin ag gabháil buíochais le Dia na nDúl gur tháinig siad slán fríd ár lár an gheimhridh.
drochgheimhreadh a bad winter
" Ní raibh mórán acu ann ar dtús, ach nuair a theip ar na prátaí arís i bhFómhar na bliana 1846, agus nuair a tháinig drochgheimhreadh ansin, tháinig méadú ar an líon daoine.
dorchadas an gheimhridh the darkness of winter
" Ansin, le ríomhaire glúine cois tine, is féidir linn dul siar ar bhóithrín na smaointe agus dorchadas an gheimhridh ag bailiú timpeall orainn agus smaoineamh ar aghaidh go dtí an samhradh atá romhainn.
faoi dhreapadóireacht gheimhridh about winter climbing
" Ní hamháin go bhfuil sé suite i Manchain, ach an rud is fearr faoi dhreapadóireacht gheimhridh ná a bheith amuigh faoin spéir, i measc na sléibhte bána, agus radharcanna áille thart timpeall ort, ní i reoiteoir ábhalmhór i lár na cathrach.
chaithidís an geimhreadh they used to spend the winter
" Ansin chaithidís an geimhreadh i dteach in Obar Dheathain.
geimhrí sioctha Québec, Québec's frozen winters,
" Má thosaigh na Sasanaigh níos déanaí ná na tíortha coilíneacha eile, ámh, ghlacadar talamh maith, leathbhealach idir geimhrí sioctha Québec, agus samhraí brothallacha Florida.
i mbun dreapadóireachta geimhridh doing winter climbing
" Chaith mé seachtain i mbun dreapadóireachta geimhridh san Iorua i mí an Mhárta.
i bhfuacht an gheimhridh. in the cold of winter.
" Bíonn an teocht idir 36 agus 41 céim Celsius iontu, rud a bhíonn an-áisiúil don turasóir tuirseach i bhfuacht an gheimhridh.
ag druidim le deireadh an gheimhridh approaching the end of winter
" Paiseanta faoin bpeil Faoi láthair, áfach, agus muid ag druidim le deireadh an gheimhridh sna Fritíortha, níl ach mórábhar amháin i mbéal an phobail in Melbourne: an chaid.
gheimhreadh fuar na hilchríche the cold continental winter
" Tá tíortha áirithe in oirthear na hEorpa atá i dtuilleamaí an gháis sin go huile is go hiomlán agus le linn an choisc bhí na céadta míle duine fágtha gan teas i lár gheimhreadh fuar na hilchríche.
dhreapadóirí geimhridh winter climbers
" Níor ghá do dhreapadóirí geimhridh dul thar lear i mbliana chun ár gcaitheamh aimsire a cleachtadh.
i lár an gheimhridh in the middle of winter
" An chéad uair eile, agus í amuigh i lár an gheimhridh gan ach muinchillí gearra á chaitheamh aici – ‘*I’ve forgotten how to be cold*’.
héadaí geimhridh winter clothing
" Bíonn sé te go minic an tráth seo bliana i bPáras, ag dearbhú go bhfuil an t-am tagtha finalement chun na héadaí geimhridh a chur i stóras.
theacht an gheimhridh winter's approach
" Anois ar theacht an gheimhridh sna Fritíortha tá daoine sa taobh seo tíre ag cuimhneamh ar shaoire sa tuaisceart le héalú ón drochaimsir.
díle an gheimhridh winter deluge
" com/watch?v=4K2w0YY1SR8) “Ní bheidh Nollaig ar bith ann i mbliana!” a d’fhógair sé, agus é ag seoladh céad díle an gheimhridh in Iarthar agus i nDeisceart na hÉireann.
Geimhreadh winter
" Níor bhuail ach aon fhocal amháin isteach i mo cheann: Geimhreadh.
dúluachra depths of winter
" Cén fáth gur mar sin a bhíonn? Cén bunús atá leis an rud ar a dtugtar traidisiún agus cén tábhacht a bhaineann leis? An rud é atá ginte sa ghasúr, cuid dá DNA a bheith níos fearr ag an bpeil nó ag an iomáint ná mar a bheadh a mhacasamhail as contae eile? Ceisteanna iad seo nach féidir a fhreagairt ar bhonn eolaíoch, ach is ceisteanna iad a spreagann cur agus cúiteamh agus iaróga bríomhara ar oícheanta dorcha na dúluachra.
Fuacht seo an gheimhridh winter’s cold
" Fuacht seo an gheimhridh ’sé is measa dar fhulaingíos riamh.
i lár an gheimhridh in the middle of winter
" Ní luaitear na samhraí a chaith sí i gCloch Cheann Fhaolaidh ag foghlaim na Gaeilge, ná na laindéir dhraíochta a thaispeáin sí do pháistí scoile i mBéal Átha an Ghaorthaidh, ná na camchuairteanna a thug sí timpeall na tíre, i lár an gheimhridh, chun saol na ndaoine a lasadh lena laindéir dhraíochta agus chun airgead a bhailiú do Chonradh na Gaeilge.
feannadh an gheimhridh like the winter cold
" Go mí-ábharach, b’shin é an lá céanna ar tháinig an IMF aniar aduaidh orainn cosúil le feannadh an gheimhridh, lena bhfuil muid ag streachailt le seachtain anuas.
ligfidh an t-ainmhí néal an gheimhridh as a cheann have his winter snooze
" Is dócha gurb é seo an codladh is deise ar domhan, an geimhriú a dhéanann an t-ainmhí, nuair a mhoillíonn buille an chroí agus na hanála chomh maith ar an mbolg lán agus greim bia in aice lapa fosta, ligfidh an t-ainmhí néal an gheimhridh as a cheann ar a sháimhín só! Deirtear go mbíonn sé an-deacair ainmhí mar seo a dhúiseacht.
i ndúluachair na bliana in the depth of winter
" Bíonn an bia in aice leis, ar fhaitíos na bhfaitíos go mbeidh gá le greim i ndúluachair na bliana.
gheimhreadh winter
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
gheimhridh winter
" San Earrach, tar éis an gheimhridh a bhíonn go hiondúil, agus go háirithe i mbliana, an-fhuar, faighimid an deis faire ar oibriú saol úrnua an dúlra thart orainn.
gheimhreadh nimhneach fuar bitterly cold winter
" Go deimhin, beidh sé níos deacra do na lusanna i mbliana tar éis an gheimhreadh nimhneach fuar a bhí againn in Éirinn.
Cruas Geimhridh winter hardship
" ”* Cruas Geimhridh ======== Sular bhunaigh siad CyberDissidents.
Caocháin na Dúluachra the winter moles
" Caocháin na Dúluachra ============= Titfidh an teocht i bhfad faoin reophointe sa gheimreadh scaití ach ní gá duit dul ós cionn talún.
gheimreadh winter
" Caocháin na Dúluachra ============= Titfidh an teocht i bhfad faoin reophointe sa gheimreadh scaití ach ní gá duit dul ós cionn talún.
ndúluachair an gheimhridh the middle of winter
" Tá breis is 25 ciliméadar de chosáin faoi thalamh agus braitheann tú, uaireanta i ndúluachair an gheimhridh, mar chaochán éigin ag smúrthacht thart faoin talamh.
ar feadh an gheimhridh during the winter
" ’ Is í seachtain na féile Pádraig a bhí ann, agus ba chosúil nár osclaíodh an áit ar feadh an gheimhridh ar chor ar bith.
dhúluachair na bliana the depths of winter
" Má choinníonn tú taifead den obair atá curtha isteach agat freisin, is spreagadh mór an méid sin ar laethanta dona dorcha dhúluachair na bliana.
treoraí siúl sléibhe geimhridh winter hill-walking guide
" Chonaic mé an fógra breá úr "Fáilte gu Alba" nuair a chuaigh mé thar an teorainn agus mé ar mo bhealach go Baile Chloichrigh, áit a raibh mé ag déanamh cúrsa treoraí siúl sléibhe geimhridh agus bhí mé ag súil go mór le seachtain sna Garbhchríocha.
i rith an gheimhridh during the winter
" Is minic peileadóirí Gaelacha ó thuaidh ag imirt an spóirt Ghallda seo go fonnmhar i rith an gheimhridh in áit iad a bheith á gcaitheamh amach as an Chumann Lúthchleas Gael cionn is go bhfaca spiairí an Chumainn iad ag imirt le liathróid ubhchruthach, gníomh a bhí in éadan Riail 27 go dtí 1971.
sa gheimhreadh in winter
" Má bhíonn Ceanada fuar sa gheimhreadh, níl áit níos fearr ar domhan sa samhradh.
na dúluachra in the depths of winter
" Is iad na mothúcháin bhróin agus dúlagair a thréithríonn SAD, agus tagann a leithéid chun cinn go háirithe in oícheanta dorcha na dúluachra, tráth a mbíonn na laethana níos giorra agus an teocht íslithe.
an geimhreadh seo chuaigh thart last winter
" D’eascair roinnt rialacha as cruinniú a bhí i nGaillimh an geimhreadh seo chuaigh thart ag daoine a raibh spéis acu i comórtais i dteangacha éagsúla.
gheimhreadh ar na taltaí ísle winter on the lowlands
" Chaithidís cuid den gheimhreadh ar na taltaí ísle, ach sa samhradh theastaigh an cimín sléibhe ó na beithí.
agus sinn ag tarraingt buataisí geimhridh orainn féin as we remove our winter footwear
" Beidh coiscéim coiligh ag an oíche ar an lá anois agus sinn ag tarraingt buataisí geimhridh orainn féin le siúl faoi shioc is faoi shneachta.
amach i ndúluachair na bliana more into middle winter
" Is mó an baol dá réir go dtitfidh daoine thart orainn in isle brí le heaspa gréine amach i ndúluachair na bliana.
faoi thionchar na stoirme geimhridh eile influenced by the other winter storm
" Ar an 29ú, faoi thionchar na stoirme geimhridh eile, chas Sandy faoi chlé agus thug fogha faoi Nua-Gheirsí agus faoi Cheantar Nua-Eabhrac.
fríd urlacain gheimhridh the winter sickness bug
" Tá sé i bhfad níos fusa é a tholgadh ná mar atá fríd urlacain gheimhridh nó an ulpóg is deireanaí atá ag imeacht.
maidir le hiaróga dhúluachair na bliana regarding deep winter arguments
" Tá lucht an drogaill i ndiaidh an chuairt bhliantúil a thabhairt ar na gaolta i bhfad amach, agus tá gach aon duine i ndiaidh teacht ar chomhréiteach sealadach sobhriste leis na neasghaolta sa bhaile maidir le hiaróga dhúluachair na bliana.
i ndúluachair an gheimhridh in the dark of winter
" ) Ba chathair bheag í Canberra sna daichidí agus bhí an siamsa gann, i mbaile beag mar a déarfá, i ndúluachair an gheimhridh ach go háirithe.
Bíonn an geimhreadh fada againn we have a long winter
" Bíonn an geimhreadh fada againn, agus nuair a bhíonn samhradh fliuch ann go rialta fosta, bíonn siúlóirí ag lorg áit nach mbíonn siad sa ‘ceobháisteach dhlúth.
Sa gheimhreadh féin even in winter
" Sa gheimhreadh féin bhí spórt againn, faoi shoilse buí na sráide go minic.
turlaigh an Gheimhridh the winter floods
" Ní hionann is talamh na hÉireann, is doiligh turlaigh an Gheimhridh a líonadh le báisteach i lár na hAstráile.
feannadh Geimhridh winter (famishing) cold
" Imríonn feannadh Geimhridh faobhar na filíochta ar Chiarán Mac Aonghusa an t-am seo bliana.
an geimhreadh a chaitheamh to pass the winter
" Deir sé go gcabhraíonn sé leis an geimhreadh a chaitheamh agus déanann sé cúpla euro as chomh maith!