STAITISTICÍ · STATISTICS
Is é sí an
37ú focal
is minice úsáid sa Ghaeilge.
Tagann sé chun cinn uair amháin i ngach 419 focal.
Sí is the
37th
most frequently used word in Irish.
It occurs once in every 419 words.
Samplaí gaolmhara
Related examples
♦
scríobh sí abairt ghairid
♦
she wrote a short sentence
♦
ach, cuma cé chomh hard is a bhí sí, ní raibh sí ard go leor
♦
but, howevere tall she was, she wasn't tall enough
♦
meastar go ndéanfaidh sí achomharc chuig an Ard-Chúirt
♦
it is thought she will appeal to the High Court
♦
tá sí ag obair mar aeróstach le haerlíne idirnáisiúnta éigin
♦
she is working as a stewardess with some international airline
♦
beag an baol go n-aimseoidh sí rud ar bith ansin
♦
slim chance she will find anything there
♦
she threatened to take us to court
♦
aisteach go leor, ba i Sasana a fuair sí a cuid scolaíochta agus ní in Éirinn
♦
strangely enough, she got her education in England and not in Ireland
♦
tháinig sí anall ar cuairt
♦
she came over for a visit
♦
d'imigh sí ar nós na gaoithe
♦
tháinig sí amach as an teach
♦
she came out of the house
♦
thosaigh sí ag dul ar scoil nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois
♦
she started going to school when she was seven years of age
♦
chláraigh sí faoi ainm bréige
♦
she registered under a fake name
♦
fuair sí carr mar bhronntanas
♦
she got a car as a present
♦
bhí sí ar buile nuair a chuala sí nach raibh an obair déanta
♦
she was mad when she heard the work hadn't been done
♦
caitheann sí mionsciortaí
♦
tá sí ina suí sa chathaoir
♦
she is sitting in the chair
♦
bainfidh sí an ceann díot má fheiceann sí thú!
♦
she will cut your head off if she sees you!
♦
cén áit a bhfeicfidh sí thú?
♦
tosaíonn sí ag cíoradh a cuid gruaige
♦
she begins to comb her hair
♦
chaith sí an chuid eile den tráthnóna ag cniotáil
♦
she spent the rest of the evening knitting
♦
coimeádann sí na cáipéisí i dtarraiceán faoi ghlas
♦
she keeps the documents locked in a drawer
♦
choimeád sí na páistí i ndiaidh am scoile
♦
she detained the children after school
♦
coimeádann sí cuntas den chaiteachas
♦
she keeps account of the spending
♦
chuir sí comhairle mhaith ar na cailíní
♦
she gave good advice to the girls
♦
thug sí comhairle an-chiallmhar dúinn
♦
she has given us very reasonable advice
♦
chuir sí an cheist i gcomhairle an tsagairt
♦
she asked the priest's advice on the matter
♦
cuireann sí cláracha teilifíse i láthair
♦
she presents TV programmes
♦
thug sí cuntas dúinn ar a heachtraí san Afraic
♦
she gave us an account of her adventures in Africa
♦
níor vótáil mórán daoine ar a son, agus dá bhrí sin, chaill sí a suíochán sa Pharlaimint
♦
not many people voted for her, and therefore, she lost her seat in Parliament
♦
d'fhéadfadh sí bheith áit ar bith!
♦
níl sí le feiceáil áit ar bith
♦
she is nowhere to be seen
♦
d'fhág sí é i ndiaidh di sásamh a bhaint as
♦
she left him after she got her satisfaction from him
♦
fuair sí bronntanas iontach
♦
she got a wonderful present
♦
ar thug tú faoi deara go bhfuil sí imithe?
♦
have you noticed that she is gone?
♦
bhí fearg uirthi nuair a chuala sí an scéala
♦
she was angry when she heard the news
♦
tá a fhios agam go bhfuil sí pósta
♦
I know that she is married
♦
tá sí pósta, go bhfios dom
♦
she's married, as far as I know
♦
d'fhreagair sí na ceisteanna
♦
she answered the questions
♦
bíonn sí ag gearán go minic
♦
thit sí i ngrá le fear pósta
♦
she fell in love with a married man
♦
bhí sí lách i dtús báire ach d'athraigh sí an port tar éis tamaill
♦
she was nice at first but she changed the tune after a while
♦
bíonn sí gnóthach i gcónaí
♦
labhraíonn sí go mall cúramach
♦
she speaks slowly and carefully
♦
dá laghad an t-ualach atá uirthi, is sásta a bhíonn sí
♦
the smaller the load that's on her, the happier she is
♦
chuir sí lámh ina bás féin
♦
lean sí ag gearán léi go bhfuair sí freagra
♦
she kept on complaining until she got an answer
♦
bíonn sí ag triall ar Mheiriceá gach samhradh
♦
she travels to America every summer
♦
Sciorr sí agus í ag dul suas an staighre.
♦
She slipped while she was going up the stairs.
♦
Thug sí bia agus deoch dóibh.
♦
She gave them food an drink.
♦
Rinne sí staidéar ar an leigheas.
♦
Téann sí ag snámh. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
Thug sí oideas dom agus fuair mé an cógas sa gcógaslann ach cuireann an cógas sin tuirse orm. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
She gave me a prescription and I got the medicine in the pharmacy but the medicine makes me tired.
♦
Beidh sí ag obair anseo as seo amach. Colloquial Irish: The Complete Course for Beginners, Routledge, 2008
♦
She will be working here from now on.
♦
Tá sí ina cónaí i mbruachbhaile darb ainm An Tamhlacht. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
She lives in a suburb called Tallagh.
♦
Tá sí trí bliana níos sine ná mise. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
She is three years older than me.
♦
Tá sise pósta agus triúr clainne aici. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
She is married with three children.
♦
Tá sise pósta chomh maith. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
In Chicago atá sí leis na blianta fada. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
She's been in Chicago for years and years.
♦
Tá sí ag dul chuig scannán. Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
An dtéann sí ag scíáil na laethanta seo? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Does she go skiing these days?
♦
An bhfaigheann sí nuachtán gach lá? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Does she get a newspaper every day?
♦
An dtugann sí cabhair dó? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
An bhfeiceann sí Stiofán mórán anois? Éamonn Ó Dónaill: Turas Teanga, RTÉ/Gill & Macmillan, 2004
♦
Do you see Stiofán much now?
♦
Cén aois atá sí? 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
Tá mé ag roinnt an árasáin le cara liom, Judy. Tá sí an-deas. 'Gaeilge gan Stró!', Beginners Level, ranganna.com
♦
I'm sharing the apartment with a friend of mine, Judy. She's very nice.
♦
Tá sí ina ceap cainte ag an mbaile.
♦
She is the talk of the town.
♦
Fásann sí in uisce tanaí.
♦
It grows in shallow water.
♦
rinne sí staidéar ar leigheas
♦
mhínigh sí na cúiseanna dom
♦
she explained the reasons to me
♦
bhí sí míshásta leis na torthaí
♦
she was unhappy with the results
♦
ní bhfuair sí aon airgead uaim
♦
ní labhraíonn sí a oiread céanna leatsa
♦
she doesn't speak as much as you
♦
bíonn sí ag rith sa pháirc gach maidin
♦
she runs in the park every morning
♦
she runs a mile every day
♦
sheas sí romham sa scuaine
♦
she stood before me in the queue
♦
glacfaidh sí le rud ar bith a deir tú léi
♦
she will accept anything you tell her
♦
sheas sí i lár an bhóthair
♦
she stood in the middle of the road
♦
tá sí ag seasamh san olltoghchán
♦
she is standing in general elections