Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
íocshláinte health restorer
" Nílim á rá gurb é spórt an leigheas, nó an íocshláinte ar gach galar agus tinneas, ar strus agus ar theannas, ach sílim gur féidir a rá go bhfuil suaitheadh coirp go maith don duine óg agus don seanduine araon agus go dtugann spéis agus rannpháirtíocht i gcúrsaí spóirt bealach éalaithe agus faoiseamh don duine ó strus an tsaoil.
íocshláinte healing balm
" Tá an t-olltoghchán thart, a chairde, agus tá na créachtaí dá gcneasú, ach níl íocshláinte ar domhan a leigheasfaidh na goine a d’fhulaing cuid de na boic mhóra i saol na polaitíochta a throid gan taise gan trua sa chogadh fuilteach atá díreach thart.
íocshláinte health benefit(s)
" Is cosúil go bhfuil clú ar an mbaile, ní hamháin i measc mhuintir na Fraince ach sa Bhreatain agus sa Rúis chomh maith, de bharr íocshláinte fuaruisce na háite agus triall ag daoine ann dá bharr le breis agus dhá chéad bliain anuas.