Pota Focal Intergaelic
do | dodo | ód | óid | ósd-
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas you really hate everything in the south
" Ní bhíonn sibh sásta dul thar an teorainn agus tá an nimh san fheoil ar fad agaibh do gach rud ar an taobh ó dheas.
ag tabhairt deise do dhaoine ó bhaile isteach giving outsiders a chance
" I dTír Chonaill, mar shampla, tá neart an phunta Sterling in éadan an euro ag tabhairt deise do dhaoine ó bhaile isteach tithe saoire a cheannach agus a thógáil.
ó bhréagáin do pháistí go bréagáin do dhaoine fásta. from toys from children to toys for grown-ups.
" Mise ag lorg miondioscaí le taifeadadh a dhéanamh ar na ceolchoirmeacha, ach tá gach duine eile ag déanamh siopadóireacht do léinte, nó gallúnach, nó aon ní ar chor ar bith, ó bhréagáin do pháistí go bréagáin do dhaoine fásta.
ó ghlúin do mháthar from your mother's generation
" Nó an bhfuil? Agus tú éisteacht leis na cláracha cainte ar an raidió agus ar an teilifís, cuireann tú ceist ort féin an bhfuil muid sásta bheith san abar seo? Tá sé iontach furasta d'fhéiniúlacht a chosaint ó thuaidh – nár fhoghlaim tú fúithi ó ghlúin do mháthar? – ach tá sé i bhfad níos deacra ceisteanna casta ar chúrsaí sláinte nó iompair nó oideachais a réiteach.
nach gá do Henry Ó Seibhleáin ach teacht slán as craobh na gclub HS has only to come through the club championships
" Cuimhnímis freisin nach gá do Henry Ó Seibhleáin ach teacht slán as craobh na gclub agus é féin a fháil faoi réir le haghaidh dhá nó trí chluiche mhóra ar a mhéid a imirt chun an deichiú bonn sin a bhaint amach.
Thug Daragh Ó Tuama gean do grew attached to, liked
" Thug Daragh Ó Tuama gean do charr acmhainneach áirgiúil láidir i ndiaidh leadhbanna d'uachtar Laighean agus na Mumhan a shiúl léi.