Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an Iaráic Iraq
" De thoradh cruinnithe a bhí ag an iar-Thaoiseach le Tánaiste na hIaráice Tariq Aziz an bhliain chéanna, ceadaíodh na cigirí airm ar ais san Iaráic agus cuireadh deireadh leis na smachtbhannaí eacnamaíochta a bhí i bhfeidhm ar an tír.
ag aithris phort an Tí Bháin maidir leis An Iaráic reciting the White House's tune regarding Iraq
" Agus anois táthar ag cur aerfoirt na tíre ar fáil do aerfhórsa Mheiriceá agus ag aithris phort an Tí Bháin maidir leis An Iaráic.
sholáthar ola na hIaráice the Iraqi oil supply
" Bush go mbeadh smacht ag comhlachtaí Mheiriceá ar sholáthar ola na hIaráice as seo amach.
a dhíbir an Iaráic as Cuáit which drove Iraq from Kuwait
" Níl aon mhíniú tugtha ag an rialtas ar cén fáth a raibh fórsaí as 32 tír páirteach sa bhfeachtas a dhíbir an Iaráic as Cuáit i 1991 ach nach bhfuil páirteach an iarraidh seo ach na Stáit Aontaithe, an Bhreatain agus an Astráil.
ghnáthmhuintir na hIaráice the ordinary people of Iraq
" Mar sin féin, ní féidir a shéanadh gur cúis imní an-mhór é fós do roinnt mhaith daoine an drochbhail atá ar go leor de ghnáthmhuintir na hIaráice.
in aghaidh na hIaráice against Iraq
" I Feabhra 2003, thug breis agus 100,000 duine aghaidh ar na sráideanna lena míshásamh a léiriú le seasamh an rialtais i leith an chogaidh in aghaidh na hIaráice.
san Iaráic in Iraq
" Tá triúr eile sa rás - Eamonn McCann ar son an Socialist Environmental Alliance a bhfuil an cogadh san Iaráic go mór chun tosaigh ina fheachtas; Lindsay Whitcroft ón Pháirtí Glas; agus iarrthóir neamhspleách, John Gilliland, a bhfuil an mana "*No politics, just action*" aige.
san Iaráic in Iraq
" Tá an iníon eile chun tréimhse a chaitheamh ansin chomh maith, fhad is atá a fear céile leis an arm san Iaráic.
an Iaráic Iraq
" uk/educaton, ina measc: "The relationship between the population of a country and an occupying force or outside group who impose rules and regulations on the inhabitants" agus "Can an occupying force ever be benevolent?" Chuir an méid sin an Iaráic sa lá atá inniu ann i gcuimhne dom.
in onóir a bhfillte ón Iaráic in honour of their return from Iraq
" Tiomnaíodh mórshiúl na bliana anuraidh do Reisimint 69 Arm Mheiriceá, a chaill 19 saighdiúir san Iaráic go dtí seo, agus tiomnaíodh mórshiúl na bliana seo dóibh freisin, in onóir a bhfillte ón Iaráic le gairid.
ar ghaineamh súraic na hIaráice from the quicksand of Iraq
" Ó shin, tá Rialtas Cheanada i ndiaidh fanacht glan ar ghaineamh súraic na hIaráice.
mar a caitheadh le príosúnaigh Abu Ghraib san Iaráic how the prisoners of Abu Ghraib in Iraq were treated
" Is cosúil gur céasadh an-chuid de na príosúnaigh sna príosúin thar lear cheana féin (is eol don domhan anois mar a caitheadh le príosúnaigh Abu Ghraib san Iaráic, mar shampla), agus rialtas Mheiriceá den tuairim nach raibh stádas saighdiúra tuillte ag na hamhrasaigh, agus dá réir sin, nach raibh cearta ar bith acu de réir Choinbhinsiún na Ginéive.
ar son an chogaidh san Iaráic in favour of the war in Iraq
" D’fhiafraigh mé di an raibh sí ar son an chogaidh san Iaráic fosta.
foilsíodh tuarascáil Ghrúpa Staidéir na hIaráice. the report of the Iraq Study Group was published.
" Mar shraith tréanbhuillí, chaill na Poblachtánaigh (an páirtí is mó a bhí i bhfabhar an chogaidh) Teach na nIonadaithe agus an Seanad araon sa toghchán meántéarma, d’éirigh Donald Rumsfeld as a phost mar Rúnaí Cosanta (ar iarratas ón uachtarán), agus foilsíodh tuarascáil Ghrúpa Staidéir na hIaráice.
mholadar cúlú ón Iaráic chomh sciobtha agus ab fhéidir. they recommended withdrawing from Iraq as quickly as possible.
" Agus mholadar cúlú ón Iaráic chomh sciobtha agus ab fhéidir.
go raibh bua i ndán don tír san Iaráic, that the country was destined to win in Iraq,
" Dúirt sé in óráid cúpla lá roimh an Nollaig go raibh bua i ndán don tír san Iaráic, agus é den tuairim freisin nach raibh an t-arm mór go leor mar a bhí sé.
ag lorg síochána san Iaráic looking for peace in Iraq
" Agus, don domhan, nílim ach ag lorg síochána san Iaráic agus an Chraobh Iománaíochta do Bhaile Átha Cliath.
an Iaráic Iraq
" Tá níos mó daoine i bpríosún i Meiriceá ná in aon áit eile ar domhan anois, fiú ag cur áiteanna mar Chúba, an Rúis, an tSín, agus an Iaráic san áireamh.
Cogadh na hIaráice the Iraq War
" Níl Cogadh na hIaráice ach in áit na leathphingine le hais an spóirt seo.
san Iaráic. in Iraq.
" D’fhill dhá chathlán de chuid Arm na Breataine, The Rifles agus The Duke of Lancaster’s, go dtí a mbeairic i dtuaisceart na tíre le gairid tar éis seacht mí a chaitheamh san Iaráic.
ag fágáil na hIaráice leaving Iraq
" Níorbh fhada Gordon Brown i gceannas na Breataine gur tháinig sé go Meiriceá leis an teachtaireacht go mbeadh trúpaí a thíresean ag fágáil na hIaráice gan mhoill.
cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le To compare the retreat of America from Iraq
" Ba é an mheancóg ba dhéanaí ná cúlú Mheiriceá as an Iaráic a chur i gcomparáid le cúlú Mheiriceá as Vítneam, rud go cinnte nach ndéarfadh sé dá mbeadh a iarchomhairleoirí aige go fóill.
Mhaígh rialtas na hIaráice the government of Iraq claimed
" Mhaígh rialtas na hIaráice gur léirigh a bhás go raibh an báire curtha ar an iardheachtóir agus a chuid comrádaithe mallaithe.
ag feidhmiú mar is ceart san Iaráic operating as they should in Iraq
" Glactar leis, mar shampla, nach bhfuil na meáin ag feidhmiú mar is ceart san Iaráic faoi láthair ach sáraítear an bhearna eolais le blaganna, bíodh siad ó shaoránaigh den uile fhaicsean nó ó bhaill den arm forghabhála.
shíormharú san Iaráic, (such as) eternal killing in Iraq,
" Bíodh an diabhal ag scéalta beaga mar thrioblóid ar an stocmhalartán, shíormharú san Iaráic, agus easpa árachais i measc na saoránach bocht - ba é an scéal mór ná an troid a thit amach idir sonóg pheile Ollscoil Oregon agus sonóg pheile Ollscoil Houston i rith cluiche peile Meiriceánach an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart.
ar léiriú í ar an ionradh a rinneadh ar an Iaráic in 2003 which depicts the invasion of Iraq in 2003
" Sraith íomhánnaTá tús áite tugtha sa dánlann do shraith íomhánna le Mohammed al-Hamdany dar teideal *Laylat al-Nar* (Oíche na Tine), ar léiriú í ar an ionradh a rinneadh ar an Iaráic in 2003.
a rinne ionradh ar an Iaráic which invaded Iraq
" Bliain go leith ní ba dhéanaí chuir Howard lena fhocal nuair a d’iarr Bush ar an Astráil a bheith páirteach sa chomhfhórsa a rinne ionradh ar an Iaráic i mí an Mhárta 2003.
níl difríocht dá laghad le sonrú san Iaráic there is no difference evident in Iraq
" Ach de réir dealraimh níl difríocht dá laghad le sonrú san Iaráic – nó in aon áit eile – anois agus an bhuíon bheag d’fhórsaí Astrálacha ar ais ar an bhfód dúchais.
bhforghabháil neamhdhleathach na hIaráice illegal occupation of Iraq
" Más ceadmhach don tSeoirsia páirt a ghlacadh i bhforghabháil neamhdhleathach na hIaráice in aghaidh thoil na nIarácach, cad chuige nach mbeadh cead ag an Rúis a bheith san Óiséit Theas, áit a gcuirtear fáilte mhór roimpi? Rud eile nár luaigh na meáin ná an tslí ar tháinig Mikheil Saakashvili, dlíodóir a fuair a chuid oideachais in Harvard, i gcumhacht sa tSeoirsia.
Shaoradh na hIaráice the Freedom of Iraq
" Mar chuid lárnach den ullmhúchán intinne, bhí John McCain agus Joseph Lieberman, beirt sheanadóirí a mhol an tAcht um Shaoradh na hIaráice i 1998, ag tacú leis an Iarácach corbtha Ahmad Chalabi mar chomharba ar Saddam Hussein ó 1991 ar aghaidh.
an Iaráic Iraq
" Níor chuir dúnadh ionad lóistín na ndídeanaithe i Sangatte i mí na Nollag 2002, ionad a bhunaigh Cumann na Croise Deirge, deireadh leis an bplódú daoine isteach i gceantar Calais as an Iaráic, an Chordastáin, an Afganastáin, an tSomáil agus as tíortha eile nach iad.
Iaráic Iraq
" Cogaíocht thar Lear Cé nach bhfuiltear ag úsáid an fhocail "quagmire" níos mó chun cur síos ar an Iaráic, is léir anois nach raibh plean imeachta ag réimeas Bush, agus dheimhnigh Obama go gcúlódh fórsaí Mheiriceá as an tír sin faoi 2010.
cogadh na hIaráice the Iraqi war
" Ba é tuairim na saineolaithe le fada, freisin, gurbh obair in aisce é cogadh na hIaráice, agus gur san Afganastáin a bhí an cath le cur dáiríre.
hIaráice Iraq
" Phleadáil Franklin, a bhí ag obair in oifig Douglas Feith as ar tháinig an fhaisnéis bhréige i dtaobh na hIaráice, ciontach do spiaireacht i 2005.
hIaráice of Iraq
" Tá cur amach againn, leis, ar ndóigh, ar an mbrúidiúlacht a imríodh ar mhuintir na hIaráice le linn do Shaddam a bheith i gcumhacht ó 1979 go 2003.
ionradh na hIaráice the Iraqi invasion
" Maíonn sé nach raibh tairbhe ar bith le baint as ag an am ach is léir, i bhfianaise a laghad measa atá air de bharr ionradh na hIaráice, go bhfuil go leor tairbhe le baint aige as an íomhá gur mhaith leis a chur chun tosaigh, ’sé sin gur fear síochána seachas fear cogaíochta é.
ionramh na hIaráice the Iraqi invasion
" Cuma cén dearcadh atá agat faoi ról Bhlair in ionramh na hIaráice, ní thig a shéanadh gur píosa scríbhneoieachta den chéad scoth é seo a bhféadfadh a bheith mar lámhleabhar dóibh siúd atá ag lorg na síochána ar fud na cruinne.
ionradh na hIaráice the invasion of Iraq
" An Ceardchumannachas ============ **SMM: An bhféadfá a rá go bhfuil mórán an rud céanna ag tarlú sna ceardchumainn sa mhéid go bhfuil an saol ag feabhsú, táimid ag dul i dtreo tionscal an eolais agus go bhfuilimid ag teacht anois chuig an gceardchumann a dtugtar an ‘white collar union’ air, cumainn ar nós Irish Chapel an NUJ agus Amicus (MSF) agus féach go raibh Roger Lyons (MSF) ag labhairt amach go láidir ag an BCTU, ag moladh tacú le Blair nuair a tháinig Blair chun cainte leo roimh ionradh na hIaráice?** SÓhU: Tá fadhb mhór i measc na gceardchumann, pé acu anso, nó sa Bhreatain, nó i dtíortha eile na hEorpa ach ní de bharr go bhfuil athrú ar an lucht oibre.
is ionad fíorthábhachtach í an Iaráic Iraq is a very special place
" Anois go bhfuil Saddam Hussein agus na Meiriceánaigh imithe leo, is ionad fíorthábhachtach í an Iaráic i súile na hIaráine.
iarthuaisceart na hIaráice north eastern Iraq
" Tá buíon nua ceannairceach (atá chomh hantoisceach sin gur caitheadh amach as Al-Qaeda iad!) ag eagrú in iarthuaisceart na hIaráice agus ag máirseáil ar Bhagdad.
príomhaire Siach na hIaráice the Shiite prime minister of Iraq
" Faoi stiúir Núrí al Malící, príomhaire Siach na hIaráice, cuireadh go tréan le beartais frith-Shunnaíocha sa tír, agus d’fhás an cairdeas idir a rialtas agus an Íaráin.
i gcoinne na hIaráice against Iraq
" Beidh an domhan níos contúirtí mar áit sa todhchaí de bharr chogadh na Breataine agus na Stát Aontaithe i gcoinne na hIaráice.
san Iaráic in Iraq
" Tháinig grúpa daoine le chéile i Nua-Eabhrac Lá Fhéile Pádraig i mbliana le hairgead a bhailiú do theaghlach Mike Kelly, iriseoir a maraíodh le linn an chogaidh san Iaráic anuraidh.
san Iaráic in Iraq
" Deir Dáithí Ó Colchúin go raibh na daoine a cháin ionsaí sceimhlitheoireachta Mhaidrid ina dtost nuair a bhí na mílte ag fáil bháis san Iaráic.
san Iaráic in Iraq
" Tá cónaí ar Tony Birtill i Walton i Learpholl, an ceantar arbh as Ken Bigley, an giall a mharaigh grúpa Moslamach san Iaráic an mhí seo caite.
chun na hIaráice, to Iraq
" Tá fonn ar an Uachtarán Bush níos mó saighdiúirí a chur chun na hIaráice, ach cén áit a bhfaighidh sé iad, a fhiafraíonn Brian Ó Broin, gan dul i dtuilleamaí an choinscríofa.
hIaráice of Iraq
" Tá a fhios againn faoi na Sunnaígh, na Siaigh agus Coirdínigh, ach bhailigh Alan Desmond eolas dúinn ar Mhandaean na hIaráice, mionlach sa tír sin nach gcloistear mórán tráchta orthu.
hIaráice Iraq
" Ógánaigh amhulchacha dífhostaithe gríosaithe faoin teideal *‘Irish’* le daoine a mharú i sráidbhailte bochta na hIaráice agus na hAfganastáine? An mar sháirsint earcaíochta a rachaidh Banríon Shasana ar cuairt go hÉirinn a fhiafraíonn Tony Birtill?