Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Ollannach fir a Dutchman
" Dhúnmhaigh Ollannach fir 33 bliana d'aois an polaiteoir conspóideach tar éis dó agallamh raidió a thabhairt; níl sé curtha in iúl ag an dúnmharfóir fós cén fáth a ndearna sé an beart seo.
sa tsochaí Ollannach in Dutch society
" De bharr go rabhamar thar lear chailleamar an histéire mhór a tharla sa tsochaí Ollannach tar éis na heachtra.
an tsochaí chaoinfhulangach Ollannach the tolerant Dutch society
" Ó bhí an toghchán ann, is minic mé ag cur ceiste orm féin an bhfuil deireadh tobann tagtha leis an tsochaí chaoinfhulangach Ollannach a raibh an oiread sin measa agam air.
grianghrafadóir Ollannach a Dutch photographer
" Beidh dhá leabhar nua á bhfoilsiú ag Cló Iar-Chonnachta roimh dheireadh na bliana a bhfuil baint aige leo: leabhar taistil faoi Neipeal agus leabhar de ghrianghrafanna dá cheantar dúchais a ghlac grianghrafadóir Ollannach.
na hOllannaigh the Dutch
" Roinn na hOllannaigh, na Gearmánaigh agus na Sasanaigh an t-oileán eatarthu ag an am.
nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach when the middle class was thriving in Dutch society
" Mac muilleora ab ea Rembrandt agus saolaíodh é nuair a bhí borradh faoin mheánaicme sa tsochaí Ollannach agus, dá bharr sin, bláth ag teacht ar an phéintéireacht réalaíoch, a d’fhéach le gnéithe de shaol an ghnáthdhuine a léiriú chomh maith le portráidí na n-uaisle a chur ar fáil.
saothar an ealaíontóra Ollannaigh seo. the work of this Dutch artist.
" Míníonn Ciara Nic Gabhann cén fáth, dar léise, a bhfuil oiread fiúntais ag baint le saothar an ealaíontóra Ollannaigh seo.
saothar an ealaíontóra Ollannaigh seo. the work of this Dutch artist.
" Míníonn Ciara Nic Gabhann cén fáth, dar léise, a bhfuil oiread fiúntais ag baint le saothar an ealaíontóra Ollannaigh seo.