Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin to gain Sinn Féin a bad name
" Tá an tuairim ann leis go raibh Saor Éire á úsáid ag airí áirithe le drochchlú a tharraingt ar Shinn Féin nó le spíodóireacht a dhéanamh ar an bpáirtí sin.
ag spochadh as Sinn Féin making fun of Sinn Féin
" Cinnte tá neart cúiseanna le bheith ag spochadh as Sinn Féin, a fhad is atá siad ag iarraidh bogadh ó *frisson *na streachailte armtha go dtí an pholaitíocht bhunreachtúil, ó na cótaí *duffle *go dtí na cultacha Armani.
fás Shinn Féin the growth of Sinn Féin
" Creidim gurb é fás Shinn Féin a bheidh mar phríomhscéal ó thoghcháin 2004.
go n-amharcfaí ar Shinn Féin mar that Sinn Féin will be regarded as
" Lena chois sin, mar gheall ar an síorcháineadh atá á dhéanamh ag an Aire McDowell orthu, tá an baol ann fosta go n-amharcfaí ar Shinn Féin mar an phríomhpháirtí freasúra.
cumhacht a bhronnadh ar leithéidí Shinn Féin/IRA to award Sinn Féin/IRA with power
" Ní fheictear dom go bhfuil sé cuí nó ceart cumhacht a bhronnadh ar leithéidí Shinn Féin/IRA mar dhuais.
Diomaite de Shinn Féin, Apart from Sinn Féin
" Diomaite de Shinn Féin, léireoidh formhór pháirtithe an fhreasúra comhdhearcadh polaitiúil i leith na ceiste seo.
Chuidigh cinneadh Shinn Féin Sinn Féin's decision
" Chuidigh cinneadh Shinn Féin maidir le tacaíocht a thabhairt do chúrsaí póilíneachta le Tony Blair toghchán tionóil a ghairm ar 7 Márta.
ag Sinn Féin with Sinn Féin
" Bhí seanathair Hanafin ina chomhairleoir contae ag Sinn Féin le linn Chogadh na Saoirse agus bhí sé ar dhuine de na daoine sin a chuaigh le Fianna Fáil agus le hÉamonn De Valera.
i do bhall de Shinn Féin. a member of Sinn Féin.
" Is am iontach míshuaimhneach é seo le bheith i do bhall de Shinn Féin.
Cumhdaímis sinn féin go maith let’s cover ourselves up well
" Cumhdaímis sinn féin go maith, téimis amach ag siúl nuair is mian linn, ar neamhchead don aimsir, agus ná coimeádtar cúbtha sinn inár gcimí faoi chaolach an tí.
agus sinn ag tarraingt buataisí geimhridh orainn féin as we remove our winter footwear
" Beidh coiscéim coiligh ag an oíche ar an lá anois agus sinn ag tarraingt buataisí geimhridh orainn féin le siúl faoi shioc is faoi shneachta.
cad é tá le gnothú ag Sinn Féin what have SF to gain
" Sin an fáth go bhfuil sé doiligh a oibriú amach cad é tá le gnothú ag Sinn Féin as vóta nó reifreann ar an teorainn a iarraidh.
céard tá ar bun ag Sinn Féin what SF are up to
" Ní thuigim céard tá ar bun ag Sinn Féin na laethanta seo ó thuaidh.
lenar thacaigh Sinn Féin which SF supported
" Briseadh na Teorann: ======= Táimse sách fada ar an saol seo is gur deacair dom dearmad a dhéanamh ar an gcogadh uafásach ó thuaidh lenar thacaigh Sinn Féin, i gcaitheamh an achair.
rachas Sinn Féin i ngleic le shall SF tackle
" Cén bealach a rachas Sinn Féin i ngleic le dearcadh na bunaíochta ó dheas? Cé na haicmí is na dreamanna is féidir libh tacaíocht a fháil ina measc? Bheadh an aicme oibre agus na daoine dífhostaithe ag réiteach libh, ach lucht an tsaibhris, feirmeoirí móra na Mí agus na Mumhan, abair, daoine a bhíodh le Cumann na nGaedhael i bhfad siar, céard fúthu siúd a mhealladh?** TÓC: Tá muintir na hÉireann coimeádach go leor, is dóigh.
más mian le Sinn Féin if SF wish to
" Agus más mian le Sinn Féin cearta comhghnéis a thabhairt isteach, déanadh siad sa straitéis don “Todhchaí Comhroinnte” é a luaithe agus is féidir.
gur eagla roimh Shinn Féin príomhspreagadh that fear of SF is the prime motivator
" Cinneadh an Choinbhinsiúin ============ Mar sin, is céim bheag chun cinn é an cinneadh seo ag An Coinbhinsiún ar an Bhunreacht ach aithním go bhfuil lámha salacha na polaitíochta ar obair agus gur eagla roimh Shinn Féin príomhspreagadh na bpáirtithe móra ó dheas agus iad ag plé na ceiste seo.
ar thoghchán tubaisteach Shinn Féin on Sinn Féin's disastrous election
" Féachann Robert McMillen siar ar thoghchán tubaisteach Shinn Féin an mhí seo caite.
le hairí Shinn Féin sa Tionól with Sinn Féin ministers in the Assembly
" Tá díomá ar go leor de phobal iarthar Bhéal Feirste le hairí Shinn Féin sa Tionól agus, mar a mhíníonn Robert McMillen, tá fiú na cairde is dílse a bhí acu go dtí seo sásta an páirtí a cháineadh.