Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
sa tSiria in Syria
" Tá bratacha SAM agus na Breataine á ndó go rialta ag léirsithe frithchogaidh san Araib Shádach, sa tSúdáin, sa tSiria, sa Phalaistín, sa Libia, sa Liobáin, san Iordáin, san Iaráic, san Iaráin, in Éimín, san Ailgéir, agus san Éigipt.
an tSiria Syria
" Moladh sa tuarascáil, a scríobh coiste comhdhála ón dá pháirtí, go dtosódh na Stáit Aontaithe ag labhairt leis an tSiria agus leis an Iaráin, agus é mar aidhm ag na Stáit Aontaithe a dtrúpaí a tharraingt siar ar bhonn síochánta.
Shiria Syria
" Lastar ocht gcoinneal, ceann i ndiaidh a chéile thar thréimhse ocht lá, i gcuimhne ar an gcogadh a chuir na Macabaeigh ar arm rí Shiria, Antiochus IV, chun seilbh a fháil ar an Teampall in Iarúsailéim.
a aird ar Shiria its attention to Syria
" Le hanord agus ainrialtacht fágtha i ndiaidh na hidirghabhála “daonnúla” san Afraic Thuaidh, dhírigh FPI a aird ar Shiria.
lárionaid cumhachta agus tráchtála na Siria the Syrian centres of power and commerce
" Tá an cogadh ann féin athraithe, anois go bhfuil sé á throid sna cathracha móra seo, lárionaid cumhachta agus tráchtála na Siria idir chumhacht pholaitiúil agus mhíleata.
filleadh i mbun rialaithe na Siria return to ruling Syria
" Cibé rud a tharlóidh, má éiríonn le al-Assad filleadh i mbun rialaithe na Siria arís amach anseo, ní gan dúshlán a bheas sé.
dlíodóir ón tSiria a lawyer from Syria
" I 2002 tháinig Ghandi Mallak, dlíodóir ón tSiria, go hÉirinn in éineacht lena bhean.
faoi shíocháin sa tSiria about peace in Syria
" Ar an mbealach abhaile chuala go raibh an tOchtar, cuid de mhórtháirgeoirí airm an domhain ina measc, ag caint anois faoi shíocháin sa tSiria.
d'fheachtas buamála ar rialtas an tSiria for a bombing campaign on the Syrian government
" Go tapa, fiú, agus beag beann ar na Náisiúin Aontaithe! Thosaigh Meiriceá ag lorg comhghuaillithe láithreach a thabharfadh tacaíocht d'fheachtas buamála ar rialtas an tSiria, díreach mar a rinne ECAT sa tSeirbia i 1999.
uachtaránacht na Siria a bhaint amach gaining the presidency of Syria
" Cé gur fhás sé aníos beo bocht sna sléibhte os cionn na Meánmhara, dhreap Hafez dréimire an airm óna óige, agus d'éirigh leis uachtaránacht na Siria a bhaint amach le meascán de ghliceas agus den láimh láidir sna 1960aí agus na 1970aí, ag marú nó ag gabháil gach duine a sheas ina aghaidh.
ag éirí sách maith leis an tSiria S. was doing alright
" ! Faoin am seo, bhí ag éirí sách maith leis an tSiria pé scéal é.
tacaíocht seasta na Siria the constant Syrian support
" Ní raibh an dara rogha ag an tSiria ach seasamh ina aghaidh ionruathar Mheiriceá san Íaráic sna 2000aí, agus chuir tacaíocht seasta na Siria do Hezbollah olc ar Iosrael.