Chuirfeadh sé lán a chraicinn d'iontas ar Chian
it would really amaze/surprise Ciarán
Chuirfeadh sé lán a chraicinn d'iontas ar Chian dá gcuirfeadh Fiachra lá suime i gcúrsaí éadaigh nó faisin.
a lán ionad
a lot of centres
Dúirt David Neville, bainisteoir, nach raibh sin praiticiúil mar go mbíonn ranganna ag an choláiste in
a lán ionad.
a lán saghsanna éan
many types of birds
Tá an-chlú ar Chléire mar áit inar féidir
a lán saghsanna éan a fheiceáil agus is féidir eolas a fháil sa Réadlann, nó cúrsaí a dhéanamh leis an mhaor cónaithe, a bhfuil ainm an-fhóirsteanach air, Steve Wing.
a lán fuinnimh
a lot of energy
An fhidil, mar gur féidir leat
a lán fuinnimh a chur sa cheol leis an mbogha.
a lán slite
a lot of ways
Cén sórt meoin atá acu? Tá na lúthchleasaithe ag brath orthu in
a lán slite ach an bhfuil siad ag déanamh a leasa? Céard tá i ndán do na lúthchleasaithe amach anseo nuair a éireoidh siad as an spórt? Tuilleadh cur i gcéill agus uisce faoi thalamh b'fhéidir? Agus drochfhadhbanna sláinte níos déanaí is dóigh.
a lán fiosrúchán
a lot of enquiries
Faigheann siad
a lán fiosrúchán ó Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi shinsir daoine agus beidh na rollaí agus an chartlann uilig ar ríomhaire san ionad nua, agus beidh cartlannaí ann le cuidiú a thabhairt do chuairteoirí.
a lán aiseolais dhearfaigh
a lot of positive feedback
*"Fuair Coláiste na Tríonóide Baile Átha Cliath
a lán aiseolais dhearfaigh ó mhic léinn, go háirithe mic léinn a raibh disléicse orthu a bhí in ann a gcuid oibre (aistí a scríobh, mar shampla) a dhéanamh níos éasca.
a lán taitnimh
a lot of enjoyment
Bhain na daoine a bhí i láthair
a lán taitnimh as mo chuid ceoil, de réir dealraimh, agus tugadh cuireadh dom chuig seisiún a bhí ar siúl i dtábhairne Éireannach cúpla trathnóna in aghaidh na seachtaine.
ag brath ar a lán cuiditheoirí deonacha
depending on a lot of voluntary helpers
Mar sin, bíonn muid
ag brath ar a lán cuiditheoirí deonacha.
a lán custaiméirí breise
a lot more customers
Bhí RTÉ ábalta an *graffiti *a sheachaint, buíochas do Dhia, agus mar gheall ar an sárjab a rinne Jimmy Taig mar threoraí bhí píosa breá faoinár gcúrsa ar an teilifis agus fuair muid
a lán custaiméirí breise dá bharr.
a lán misnigh
great encouragement
Ghabh an tOllamh John Aston ó Ionad Sláinte Poiblí Learphoill buíochas le Maurice Mulcahy agus dúirt Andy Hull gur thug sé
a lán misnigh do SmokeFree Liverpool.
a lán iontas
a lot of wonders
Chonaic sé
a lán iontas ansin, an Taj Mahal ina measc.
a lán dea-thola
a lot of goodwill
Ar nós na Gaeilge, tá
a lán dea-thola ann i leith na hiomána i gCumann Lúthchleas Gael ach tá cur chuige ar iarraidh.
a lán Oráisteach
a lot of Orangemen
”
Is dócha go raibh mí-ádh ar Geraldine Judge, bean as Baile Átha Cliath a bhí páirteach sa chlár, go raibh
a lán Oráisteach ina gcónaí in aice léi.
a lán poblachtánach
a lot of republicans
*
“Nuair a bhíonn deacracht ag Sasana, bíonn deis ag Éirinn” – b’in an tuairim a bhí ag
a lán poblachtánach anuas trí na blianta, Brendan Behan ina measc (*Beo!* Eagrán 25, Bealtaine 2003) ach bhí a lán Éireannach eile sásta troid i bhfórsaí Shasana sa dara Cogadh Domhanda.
a lán fianaise luachmhaire
a lot of valuable evidence
Thóg sé cúpla lá ar na póilíní luach na n-íomhánna sin ar fad a thuiscint – ach anois tuigeann siad go bhfuil
a lán fianaise luachmhaire iontu.
a lán dóchais
a lot of hope
Dála na ndaoine i Smoke Free Liverpool, faigheann an Dr Kelly
a lán dóchais ó dhea-shampla na hÉireann agus cuireann siléig rialtas Shasana sa cheist seo díomá air.
ag baint lán a ndá súl as a raibh ag dul ar aghaidh
taking in everything that was going on
Shuífeadh siad ansin i rith na hoíche agus gloiní oráiste as a gcomhair agus gan bogadh astu agus iad
ag baint lán a ndá súl as a raibh ag dul ar aghaidh.
Dála a lán Éireannach
like a lot of Irish people
Dála a lán Éireannach aimsir an Ghorta, b'éigean dóibh an tír a fhágáil agus chuaigh siad anonn go hAlbain, áit ar rugadh James i Cowgate, Dún Éideann i Meitheamh 1868.
a lán stró
a lot of work/effort
Sábhálann blag
a lán stró – agus costas – toisc nach gá spás a fháil ar cíos ar an idirlíon nó ainm nua suímh gréasáin a chlárú.
a lán tacaíochta
a lot of support
Thuig sé, déarfainn, gur contae peile é Áth Cliath agus cé go dtugtar
a lán tacaíochta d’fhoirne an chontae san iomáint i bPáirc Pharnell, tríd is tríd is beag aird a thugtar ar an iománaíocht i mBaile Átha Cliath.
a lán eolais cúlra
a lot of background knowledge
Ach bhí an chuairt a thug mé ar Ronnie McCartney fíorluachmhar domsa mar fuair mé
a lán eolais cúlra agus bhí mé níb eolaí ar chúrsaí agus mé ag scríobh altanna ina dhiaidh sin.
a lán stró
a lot of work/effort
Sábhálann blag
a lán stró – agus costas – toisc nach gá spás a fháil ar cíos ar an idirlíon nó ainm nua suímh gréasáin a chlárú.
a lán físeán grinn
a lot of comedy videos
Tá
a lán físeán grinn foilsithe ag daoine cheana féin – cosúil leis na cinn a bhíonn le feiceáil ar chláracha físeán baile ar an teilifís (nó “home video show”).
a lán béime
a lot of emphasis
Chuir Airbus
a lán béime ar an A380 agus rinneadh faillí sna heitleáin níos lú a dhéanann siad a tháirgeadh.
a lán buanna
a lot of talent
Tá
a lán buanna ag an fhoireann; is ceoltóir é Stefan, mar shampla, is bean fuála í Margaret, a dhéanann cultacha stairiúla agus is réalteolaí é Mike.
a lán ceirdeanna agus trádála
a lot of crafts and trading
Ansin, tháinig Lochlannaigh, as Éirinn is dócha, agus rinne siadsan
a lán ceirdeanna agus trádála.
a lán fuinnimh a chur amú
to waste a lot of energy
Agus bíonn mórán cainte, go háirithe i Meiriceá, ar fhorbairt an eatánóil mar bhreosla malartach, cé nach bhfuil sé éasca eatánól a dhéanamh go héifeachtach agus gan
a lán fuinnimh a chur amú.
a lán brúnna
a lot of hostels
Tá
a lán brúnna sa chathair dóibh siúd nach bhfuil sparán mór acu.
a lán dílseoirí / faisistigh.
a lot of loyalists / fascists.
Ar ndóigh, ba thuairim chontúirteach í sin i Learpholl, áit a raibh
a lán dílseoirí / faisistigh.
a lán maorlathais
a lot of bureaucracy
Thug mé cuairt air i mí na Nollag 1985, tar éis
a lán maorlathais a bheith ann ón phríosún roimh ré.
a lán áiteanna suimiúla
lots of interesting places
Tá an teach sin i seilbh scoile anois, ach is féidir cuairt a thabhairt air ag an deireadh seachtaine i mí Mheán Fómhair, nuair a bhíonn cead isteach saor in aisce go dtí
a lán áiteanna suimiúla in Albain (www.
móide a lán bonn eile,
plus a lot of other medals,
I gcás iarimreora amháin, JJ Bairéad a bhuaigh bonn uile-Éireann i 1962 agus ar bhuaigh a athair roimhe trí cinn
móide a lán bonn eile, tharraing sé siar boinn a athar as Músaem Pháirc an Chrócaigh mar agóid i gcoinne amhrán náisiúnta Shasana a bheith á chasadh ag an gcluiche.
a lán imeachtaí
a lot of events
Caithfidh tú a bheith cúramach – d’ól mé braon beag, ansin léigh mé fógra ar an bhalla a dúirt gur phurgóid láidir an saghas sin uisce!
**
a lán imeachtaí**In aice leis an seomra caidéil, tá foirgneamh tarraingteach a dtugtar The Pavilion air.
a lán earcach
a lot of recruits
Le fada anois, tá
a lán earcach á bhfáil acu in áiteanna mar Learpholl, bailte a bhfuil fadhb dífhostaíochta iontu, agus is minic mac nó iníon ag leanúint athar nó dearthár isteach sa chathlán céanna.
a lán láithreán campála
a lot of campsites
Bhí
a lán láithreán campála sa tSír - cuid mhór acu nach raibh ach na háiseanna ba bhunúsaí iontu - agus tógadh corrtheach saoire sa cheantar fosta.
a lán trádstóras folamh agus tréigthe
a lot of empty and abandoned warehouses
Ar an chéad dul síos, bhí
a lán trádstóras folamh agus tréigthe sa cheantar agus cuireadh tús leis an obair athfhorbartha le hiad a atógáil mar árasáin agus oifigí.
a lán tionscal
a lot of industries
Ag tús an fichiú haois, bhí
a lán tionscal i Lìte - tógáil bád, déantús rópaí, trádáil fíona agus adhmaid ina measc.
pléadh a lán ceisteanna suimiúla
a lot of interesting questions were discussed
Ba é téama na comhdhála idirnáisiúnta seo ná iompar poiblí agus saoránacht chathrach agus
pléadh a lán ceisteanna suimiúla lena linn.
nuair a d'fhill a lán imreoirí ar Éirinn
when a lot of players returned to Ireland
"Tháinig deireadh leis an chlub John Mitchels
nuair a d'fhill a lán imreoirí ar Éirinn ag tús na mílaoise le postanna a fháil,” a deir Conal.
a lán poiblíochta
a lot of publicity
Níl an bhainis seo luaite i leabhar Belchem, cé go bhfuair sí
a lán poiblíochta nuair a nocht Craobh Learphoill de Chonradh na Gaeilge leacht cuimhneachán i Meán Fómhair 1993 san eaglais inar phós siad.
a lán fostaithe
a lot of employees
Ba chara mór é fosta ag
a lán fostaithe de chuid BBC – go háirithe acu siúd a raibh baint acu le hAonad na Gaeilge, agus ag cuid mhór daoine eile i saol na Gaeilge i gcoitinne.
a shúile lán fíona drithligh,
his eyes full of sparkling wine
Bhíos cinnte go raibh an oíche caillte againn gur dtí gur chas Shea chugam,
a shúile lán fíona drithligh, agus dúirt sé go raibh sé in am dúinn filleadh ar an stiúideo le luí isteach ar an obair.
imrítear a lán spórt éagsúil
a lot of various different sports are played
Sa chéad dul síos, tá daonra an-bheag in Éirinn agus
imrítear a lán spórt éagsúil sa tír.
a lán maorlathais
a lot of bureauracracy
Tá
a lán maorlathais ag baint le próiseas mar seo, rud atá ag cur moille ar an tionscadal.
a lán rudaí suimiúla
a lot of interesting things
Tá
a lán rudaí suimiúla agus drámata ag tarlú sa spás os cionn na hÉireann.
a bhí faoi lán seoil
which was in full swing
Meastar gur chuir sé bac ar an bpróiseas athmhuintearais
a bhí faoi lán seoil ag deireadh na haoise seo caite idir Bundúchasaigh na hAstráile agus na dreamanna eile sa tír.
a lán stró,
a lot of effort,
B'fhéidir gurb é sin an rud is fearr faoin eolas agus faoin gcomhairle seo ar fad atá ar fáil ar an idirlíon: is féidir linn a bheith ag foghlaim ó na botúin atá déanta ag daoine eile agus na fadhbanna a tháinig chun cinn agus iad i mbun oibre sa teach a sheachaint – rud a shábhálann
a lán stró, agus níos mó airgid.
a lán cosúlachtaí
a lot of similarities
Tá
a lán cosúlachtaí idir dualgais an ghobharnóra stáit agus dualgais an ard-ghobharnóra, agus mar sin de táthar ag súil go bhfuil an taithí chuí bainte amach aici lena dualgais a chur i gcrích go héifeachtach ag an leibhéal náisiúnta.
a lán cinntí nua
a lot of new decisions
Dá nglacfaí le Conradh Liospóin, dhéanfaí
a lán cinntí nua ar bhonn Vótáil Tromlaigh Cháilithe (i.
a lán tacaíochta
a lot of support
Chinn Howard go mbeadh fórsaí Astrálacha páirteach sa chomhfhórsa in ainneoin nach raibh
a lán tacaíochta don ionradh le sonrú i measc mhuintir na hAstráile faoin am sin.
a lán taighde
a lot of research
I ndiaidh di
a lán taighde a dhéanamh, chuir Roche clár oideachais faoi chúrsaí shíochána le chéile agus thug sí cuairt ar chaoga scoil timpeall na tíre ag déanamh cainteanna mar gheall ar chúraí núicléacha.
a lán cuairteoirí
a lot of visitors
Bím ar bharr sléibhte i dtíortha éagsúla go rialta, in áiteanna a mbíonn
a lán cuairteoirí iontu agus brú ar an talamh dá bharr – Snowdon agus Beinn Neibhis, mar shampla.
ar a lán slite
in many ways
Caithfear a rá gur eagraíocht nuála a bhí i nGael Linn san am, (nílim á rá nach bhfuil i gcónaí), ach siar san am sin, fadó, bhí siad chun cinn
ar a lán slite maidir le teicneolaíocht na linne a úsáid ar mhaithe le cuspóirí dá gcuid a bhaint amach i réimsí an cheoil, na scannánaíochta agus an spóirt trí mheán na Gaeilge.
ar a lán údar
for many reasons
Ní hí an tréimhse a bhfuilimid anois ann faoi láthair an t-am ba deise riamh, ar ndóigh,
ar a lán údar.
dála a lán daoine
like a lot of people
Fidléir ab ea a athair fosta,
dála a lán daoine eile den ghlúin sin sa cheantar agus thosaigh Séamus ag foghlaim na huirlise nuair a bhí sé óg.
a lán fianaise
a lot of evidence
Tá
a lán fianaise againn a thugann le fios, má chruthaíonn tú na gnéithe sóisialta, timpeallachta, cultúrtha maraon leis an ngeilleagar, ag an am céanna, eascróidh forbairt fadtéarmach agus nuálaíocht amach as.
lán seoil a
pace, full steam
Bhí feachtas fuilteach na mbuamaí cairr faoi
lán seoil a fhad is bhí Sealadaigh an IRA ag díriú ar "spriocanna eacnamaíochta" mar dhea - pubanna, siopaí, bancanna, etc.
a lán calaoisí
a lot of fouling
B’fhéidir gur thug foireann Chill Chainnigh aird ar leith ar Dan mór le teann faitís roimhe!
Díol spéise an méid atá le rá ag Ó Seancháin faoi imreoirí Chill Chainnigh: “Tá iománaithe Chill Chainnigh difriúil: cuireann siad a lámha timpeall do mhuiníl; imríonn siad camán an chéile chomhraic seachas an sliotar; déanann JJ Delaney
a lán calaoisí, téann sé in airde ar do dhroim agus éiríonn leis éalú gan phionós a fhulaingt”.
Cailleadh a lán ainmhithe
a lot of animals died
Cailleadh a lán ainmhithe agus rinneadh dochar millteanach do bhonneagar na habhantraí.
a lán reatha trastíre
a lot of cross-country running
Bhínn ag déanamh
a lán reatha trastíre freisin ar scoil agus bhuaigh mé Craobh na hÉireann faoi 16 bliain i 1976.
is fiú a lán taithí seachas lúth
experience is worth a lot rather than fitness
Ach ag leibhéal níos ísle
is fiú a lán taithí seachas lúth.
a lán nithe eile
a lot of other things
Bhí deacrachtaí againn ó thaobh tithíochta, ó thaobh sláinte agus ó taobh
a lán nithe eile.
a lán lónta
a lot of munitions
Thosaigh an Blitz faoin am sin agus sprioc thábhachtach a bhí i Learpholl don Luftwaffe mar tháinig
a lán lónta tríd an chalafort.
a lán earcach
a lot of recruits
Ach i mbliana bhí feachtas ar an idirlíon in aghaidh an mhórshiúil, eagraithe ag scaiftí mar an English Defence League (EDL), BNP, an tOrd Buí agus iarshaighdeoirí ón *Reisimint Kings*, a faigheann
a lán earcach sa cheantar seo.
a lán oifigeach de dhíth
a lot of officers needed
30am mar d'inis na poilíní don lucht eagair go mbeadh
a lán oifigeach de dhíth ag an chluiche sacar *Everton v Sunderland* ag 12.
Fáiltíodh roimh a lán acu
a lot of them were welcomed
Fáiltíodh roimh a lán acu áfach, idir óg is aosta, fuar marbh.
a lán suime
a lot of interest
Ba léir go raibh
a lán suime ag muintir na háite san ábhar, mar bhí orm ticéad a fháil don chruinniú roimh ré agus bhí an halla mór lán go doras.
lán a dhíchill
its level best
Scríobh a chomhghleacaí Frank Griffin ná raibh i gceist san acht seo ach geallúint teibí go ndéanfadh Rialtas na hÉireann
lán a dhíchill chun aontacht pholaíochta agus gheilleagair an Aontais Eorpaigh a bhaint amach.
a lán taistil déanta
had done a lot of travelling
Aontaím léi, ár ndóigh, ach bhí sé go maith an tuairim chéanna a chloisteáil ó bhean a raibh
a lán taistil déanta aici ar fud an domhain.
a lán fianaise
plenty of evidence
Tar éis blianta de thaighde, tá
a lán fianaise ann a thugann le fios go n-imríonn an aimsir tionchar nach beag ar an dhuine.
a lán Sínise
a lot of Chinese
– Tá brón orm mar tá
a lán Sínise i mo chloigeann faoi láthair agus tá meirge dá réir ar mo chuid Gaeilge faoi láthair, mar sin, ní féidir liom .
lán na súl a bhaint as
gawking at
Cosúlacht eile: sa gcéad bistro ar sheas mé ann tar éis dom
lán na súl a bhaint as an taispeántas, céard a bhí ar siúl ann ach cluiche rugbaí i gcorn Heineken.
a lán botún
a lot of mistakes
**
BD Tá ’fhios agam go ndéanaim
a lán botún i mo chuid abairtí ach tuigeann daoine atá líofa cad tá á rá agam.
a lán buanna ag
has a lot of talents
Tá
a lán buanna ag Brian Ó Drisceoil mar imreoir rugbaí – tuiscint, scil, diongbháilteacht, luas – ach thar aon ní eile, is í an chrógacht an tréith is suntasaí a bhaineann leis dar liom.
chun lán an tsúil a bhaint as
to take a good look at
Ba bheag am a bhí againn, áfach,
chun lán an tsúil a bhaint as na radharcanna galánta.
Ghlaoigh a lán acu isteach ar
a lot of them rang in to
Ghlaoigh a lán acu isteach ar cláracha ar BBC Radio Merseyside - iarmhianadóirí ó bhailte áitiúla mar St Helens, Bold agus Newton le Willows, iardhugairí ó Learpholl agus Bootle agus iaroibrithe cruach ón chruachchearta ag Shotton, thar an teorainn sa Bhreatain Bhig.
a lán oilithreach Críostúil
a lot of Christian pilgrims
Agus meallann an Camino de Santiago
a lán oilithreach Críostúil fosta mar is eol do lucht féachana na sraithe a rinneadh le Rónán Mac Aodha Bhuí (RnaG) ar TG4.
a lán bóithríní agus cosáin
a lot of lanes and paths
Cé go bhfuil
a lán bóithríní agus cosáin faoin tuaith, idir na sráidbhailte agus feirmeacha, ní bhíonn aon fhógra orthu de ghnáth, a chur in eol duit go bhfuil siad ann, nó cá dtéann siad.
Maireann a lán
many survive
Maireann a lán de na hamhráin seo, ar nós ‘Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair’ a scríobh Proinsias Ó Maonaigh agus a cheol The Johnstons.
a lán inspreagadh duit
much inspiration for you
“An bhfuil
a lán inspreagadh duit ansin, i gcomórtas le Gleann?” a d’fhiafhraigh mé de.
cúngaithe a lán
narrowed a lot
Is dóigh liom go bhfuil an córas oideachais
cúngaithe a lán go dtí scrúduithe.
Tá sé dearúdta ag a lán daoine
a lot of people have forgotten
Tá sé dearúdta ag a lán daoine.
a lán staraithe
a lot of historians
Ní raibh iontas orm a fheiceáil nach raibh foinsí Gaeilge i leabharliosta Belcham, agus sin fadhb atá ag
a lán staraithe in Éirinn féin, fiú amháin, mar atá mínithe ag Breandán Delap i mBeo na míosa a chuaigh thart.
bhuamair a lán cluichí caide ann
we won a lot of games there
Cúrsaí Oideachais
======
**CB: An mbainis sásamh as do laethanta ar scoil?**
DÓC: Bhaineas ana-shásamh as mo laethanta sa bhunscoil i Scoil Naomh Eirc agus
bhuamair a lán cluichí caide ann! Ní fhéadainn a rá gur thaitin an mheánscoil chomh mór san liom ach is blianta deacra iad na déaga.
beidh eagla ar a lán gan glacadh leis
many will be afraid to take it
Tá altra mhór mhíofar - Stáit Aontaithe Mheiriceá - á thabhairt dúinn, mar sin
beidh eagla ar a lán gan glacadh leis.
le mo lán dhícheall a dhéanamh
to do my level best
Sa bhliain atá amach romhainn, leanfaidh mé
le mo lán dhícheall a dhéanamh ar son leas agus fónamh mhuintir na hÉireann, abhus anseo sa mbaile, agus i gcéin, agus tá mé ag súil go mór leis an gCuairt Stáit ar na comharsana agus ar na cairde is gaire dúinn sa Ríocht Aontaithe i mí Aibreáin.
a lán ábhar pearsanta ar iasacht
a lot of personal material on loan
Tá
a lán ábhar pearsanta ar iasacht óna dheirfiúr Barbara Mc Narry agus bhí sé corraitheach na litreacha a scríobh an peileadóir óg chuig a theaghlach i mBéal Feirste a léamh.
Fuaireas a lán tacaíochta
I got great support
Fuaireas a lán tacaíochta ó mo Dhaid agus ó mo mháthair agus mé ag teacht aníos.
tréithe is dual don a lán
traits of many
Gártha molta an tslua bhaile ina chluasaibh, níorbh é an fuadar báire, ná an buaileam sciath, ná an féinghlóire, ná an cruas fearaíoch,
tréithe is dual don a lán, a bhí le sonrú ann.
Cé go mbeadh fonn ar a lán daoine
although a lot of people would
Cé go mbeadh fonn ar a lán daoine gearán a dhéanamh maidir leis an leagan Gaeilge ar chomhartha, níl aon oifig lárnach ann le cumhachtaí dlíthiúla chun an cheist a láimhseáil.
déarfadh a lán
a lot (of people) would say
Níl ann ach amadán an bhaile a
déarfadh a lán daoine leat.