Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag breacadh síos taking down
" "Bhíodh mo leabhair agus mo phinn luaidhe agam i gcónaí nuair a bhíos óg, ag breacadh síos na rudaí a chonaic mé timpeall orm," a deir sí.
ag breacadh an lae at daybreak
" ) D'éirigh liom mo mhálaí a aimsiú san aerfort an lá dár gcionn agus bhuail mé bóthar ag breacadh an lae suas go Kumasi.
ag breacadh síos nótaí writing down notes
" Bhí Mac Gearailt an-deas agusthairg sé an rud a dhéanamh an athuair ach buíochas le Dia bhí mé taréis bheith ag breacadh síos nótaí i bhfoirm luathscríbhneoireachta,nós a bhí agam ó rinne mé staidéar ar an iriseoireacht i gColáiste naTráchtála i Rathmines".
ag breacadh dialainne writing a diary
" Cuid acu ag ithe ceapairí faoi theas na gréine, cuid eile ag breacadh dialainne nó ag tógáil grianghraf.
ag breacadh síos mo chuid smaointe writing down my thoughts
" Bhí mé lánsásta cúpla lá a chaitheamh ag pleanáil agus ag breacadh síos mo chuid smaointe agus ansin .
ag breacadh dawning
" Tá deireadh tobann ag teacht leis an chleachtas a bhí ar bun le blianta fada anuas agus tá ré úr na héiginnte ag breacadh dóibh.
bhínn ag breacadh I used to jot down
" Fad is a bhí mé ina bhun sin, bhínn ag breacadh síos nótaí ar feadh na mblianta.
Bhí fuadar fúthu ag breacadh rosc catha they were busy writing slogans
" Bhí fuadar fúthu ag breacadh rosc catha ar ghiotaí cartchláir agus ag péinteáil aghaidheanna a chéile.
ag breacadh roinnt de na smaointe a rith leis jotting down some of the thoughts that occurred to him
" Cad é a chiallaíonn sé a bheith faoi riail an bhunreachta? Bhí Robert McMillen ag breacadh roinnt de na smaointe a rith leis le tamall anuas.