Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag iarraidh tuar trying to predict
" Is cearrbhachas amach is amach é an margadh airgeadais agus bíonn na trádálaithe ag iarraidh tuar an ardóidh nó an ísleoidh luach airgeadra tíre amháin in aghaidh airgeadra tíre eile.
ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin trying not to choke on her own goodwill (i.e. it's not genuine)
" " "Tá an t-ádh oraibh mar sin," arsa Nell agus í ag iarraidh gan í féin a thachtadh ar a dea-mhéin.
ag iarraidh a bheith ag áiteamh ar trying to persuade
" " Bhíodh Mac Coille agus iriseoirí eile sa tuaisceart ag iarraidh a bheith ag áiteamh ar a gcomhghleacaithe ó dheas cur i gcoinne na cinsireachta agus ba chúis mhór díomá dó nach raibh ach fíorbheagán acu sásta seasamh a ghlacadh ar an cheist.
ag iarraidh muid a shuimhniú trying to calm us
" Chaith na leaids cuid mhaith ama an chéad seachtain ag iarraidh muid a shuimhniú.
mar nach raibh mé ag iarraidh aird na dtablóidí Sasanacha a dhíriú air because I didn't want to draw the attention of the English tabloids to him
" Sa deireadh, níor scríobh mé an scéal mar nach raibh mé ag iarraidh aird na dtablóidí Sasanacha a dhíriú air.
ag iarraidh an tocht a cheilt trying to hide the emotion
" Praghas: €25 (clúdach crua)* Gluais • Glossary beathaisnéis údaraitheauthorized biography a dialanna pearsantapersonal diaries páipéir phríobháideachaprivate papers go dtí gur insealbhaíodh í ina hUachtaránuntil she was installed as President bailithe le chéilegathered together bhriseadh lárthéarmamid-term break ghuigh Patrick oíche mhaith ar gach duinePatrick bade everyone goodnight as go brách leisoff he went ina sámhchodladhsound asleep clagarnachclatter liúigh Patrick féinPatrick himself yelled den chosán bristeof the broken pavement foscadhshelter tolgcouch phléasc gloine fhuinneoga an doraisthe glass of the windows in the door exploded rinne lámhachánshe crawled dallógablinds leathorlachhalf an inch grúpa confachan angry group idirboth ag béiceachshouting casúrhammer tairnínails cláir adhmaidwooden boards gráscardisorderly mob bosca na bhfiúsannathe fuse box lúth na ngéagthe power in her limbs marbhintinneach le heaglamentally paralysed with fear crógachtbravery cinnireachtleadership fuaraigeantacool-headed ag síneadh na sreinge thart an coirnéalextending the chord around the corner ag stiúradh cúrsaí cosantadirecting defence matters as a támhnéal faitísfrom her trance of fear ag breith ar dhá chamángetting hold of two hurleys shín amach a cosshe extended her leg Baineadh tuisle as an bheirt acuBoth of them tripped a fhad a mhair an t-ionsaías long as the attack lasted i mbaol a mbáisin danger of being killed scanraithe as a mbeathascared to death trost na mbrógthe tramp of the shoes carr coimhthíoch bána strange white car go tráthrialtaregularly nach ndéanfadh Paddy iarracht teacht abhailethat Paddy wouldn't try to come home róchontúirteachtoo dangerous í ar a díchealldoing her best ag iarraidh an tocht a cheilttrying to hide the emotion leis an mhinicíocht raidió sinwith that radio frequency barúilidea gluaiseachtaímovements i bhfianaisein light of nach bhfuil an dara rogha aici ach a admháilthat she has no choice but to admit drogallreluctance an t-aon chosaintthe only protection
ag iarraidh éalú trying to escape
" Bhíothas ag tuar roimh an gcogadh go mbeadh na scórtha míle teifeach ag iarraidh éalú isteach san Iordáin ón Iaráic.
atá ag iarraidh a láthair a cheilt which is trying to hide its location
" Ach cruthóidh sé seo fadhbanna freisin - ní arm Mheiriceá amháin atá ag iarraidh a láthair a cheilt.
ag iarraidh an bhanríon a chosaint trying to protect the queen
" Nuair a chuaigh mé anonn le scrúdú a dhéanamh air, chonaic mé gur scaoth beach a bhí ann, iad ar fad i mbun a chéile, ag iarraidh an bhanríon a chosaint agus iad á bogadh go nead eile.
ag iarraidh páirtí úr a dhíol trying to sell a new party (to the public)
" Bheadh an dhébhríocht sin ina fadhb agus iad ag iarraidh páirtí úr a dhíol, más sin an rún atá ag na heasaontóirí.
ag iarraidh na rialacha a chur i bhfeidhm trying to enforce the rules
" Níl súile ar chúl a gcinn ag réiteoirí agus déanann siad botún ó am go ham, ach sa deireadh thiar níl siad ach ag iarraidh na rialacha a chur i bhfeidhm.
ag iarraidh raic as longbháití a bhailiú trying to harvest shipwrecks
" Tá gardaí cósta ann, a chuireadh isteach ar mhuintir na háite agus iad ag iarraidh raic as longbháití a bhailiú.
ag iarraidh cruthú trying to prove
" Agus baineann sin leis an choilíneacht droim ar ais, daoine ag iarraidh cruthú go raibh traidisiún fada litríochta againn.
ag iarraidh an dá thrá a fhreastal trying to do two things at once
" (Chítear dom go bhfuil Dodgson ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.
ag iarraidh tuilleadh looking for more
" Páirc an Chrócaigh: ar chóir í a chur ar fáil do spóirt eile? Ceist amháin faoi sin: cén chaoi a bhféadfaí cead a thabhairt do lucht rugbaí imirt ansin nuair nach dtugann siad ómós cuí do "Amhrán na bhFiann"? Ticéid: an praghas ró-ard (aontaím) agus faigheann na daoine míchearta iad i mí Mheán Fómhair (níl tuairim agam cén chaoi); rud eile: cá mbíonn na "*genuine supporters*" go léir an chuid eile den bhliain? An GAA: an "Grab All Association" - céard a dhéanann siad leis an airgead go léir a thagann isteach ag na cluichí móra gach bliain? Agus tá siad ag iarraidh tuilleadh ón rialtas! Peil Ghaelach: an dtuigeann éinne na rialacha? An bhfuil rialacha ann? Sampla: cóirigh an mhinicíocht a ardaíonn imreoirí an liathróid den talamh go neamhdhleathach gan saorchic ina gcoinne.
ag iarraidh dídine looking for refuge/shelter
" Nuair a theip ar na prátaí in Éirinn in 1845, thosaigh na teifigh ag teacht go Learpholl ar na báid ó Bhaile Átha Cliath agus Droichead Átha ag iarraidh dídine.
ag iarraidh teacht chucu féin trying to recover
" Tá cathracha agus bailte in áiteanna eile sa tír nach bhfuil go maith as ar chor ar bith, agus atá fós ag iarraidh teacht chucu féin i ndiaidh dheireadh ré an Chumannachais.
ag iarraidh iad a sheachaint trying to avoid them
" Bhí cuid mhaith den phobal a bhí i dteagmháil linn faoi strus de chinéal éigin, agus go minic bhíodh daoine san oifig ag iarraidh iad a sheachaint.
ag iarraidh éirí as trying to quit
" "Ní chaitheann 71% de muintir Learphoill tobac agus tá 70% de na caiteoirí tobac ag iarraidh éirí as," a dúirt sí.
ag iarraidh cuidithe looking for help
" Bliain amháin, bhí an Dr Conn McCluskey, duine de bhunaitheoirí Chumann na gCearta Sibhialta ó thuaidh, ag bailiú staitisticí ar an bhail a bhí ar Chaitlicigh sa Tuaisceart agus ní raibh sé ábalta duine ar bith a fháil ar an Lorgain a chuideodh leis - go dtí go ndeachaigh sé tigh Rodgers ag iarraidh cuidithe.
ag iarraidh dallamullóg a chur air trying to hoodwink him
" Is féidir cás láidir a dhéanamh nach dtiocfadh le Trimble sin a dhéanamh ar eagla go mbeadh poblachtánaigh ag iarraidh dallamullóg a chur air, ach creideann go leor go gcuireann sé le dearcadh s'acu nach mian le haontachtaithe cothrom na Féinne a thabhairt do náisiúnaithe.
ag iarraidh scéal mór a dhéanamh as trying to make a lot of it
" " Rogers: "Tá (an Seanadóir Edward) Kennedy ag iarraidh scéal mór a dhéanamh as.
ag iarraidh sárú ar an eagla trying to overcome the fear
" tabharfaidh mé a dhúshlánI'll challenge him scrogalllong thin neck á bodhradhdeafening her obair athleictritherewiring work meirgrust ag smúrthachtprowling around go teanntightly tiubhthick tréanstrong bolta righinstiff bolt i ngan fhios dóibhwithout them knowing lomnochttotally naked ar thóir rud éigin eileafter something else ar tí cnagadhabout to knock ag iarraidh sárú ar an eaglatrying to overcome the fear le neart a tola is a réasúinwith the strength of her will and her reason
ag iarraidh é a ruaigeadh as oifig trying to drive him out of office
" Ach má tá náisiúnaithe ag gáire agus iad ag breathnú ar Ian Paisley ag taisteal go Baile Átha Cliath den chéad uair riamh le cainteanna polaitíochta a bheith aige leis an Taoiseach - 30 bliain ó shin bheadh Paisley ag iarraidh é a ruaigeadh as oifig! - beidh orthu fanacht go dtí go bhfaigheann siad amach cad é tá rialtas na hÉireann sásta a ghéilleadh don DUP le hiad a choinneáil ar bord.
bhí sí ag iarraidh greim fáithime a choinneáil ar an sciorta she was trying to hold on to the hem of the skirt
" Bhí Dearbhall tamall ag déanamh sin nó bhí sí ag iarraidh greim fáithime a choinneáil ar an sciorta agus suí isteach san iarraidh amháin.
ag iarraidh teacht i bhfóir ar dhaoine trying to help people
" Bhí cuid acu a raibh an saol fágtha acu, tuilleadh as a gcéill le pian, daoine eile a bhí balbh leis an eagla, agus tuilleadh arís a bhí ag siortadh thart fríd chonamar an charráiste ag iarraidh teacht i bhfóir ar dhaoine nach raibh tarrtháil le déanamh orthu.
ag iarraidh mairstin air trying to live on it
" * Gluais • Glossary fríd ghloine dhorchathrough a dark glass smúidmist, murkiness bréagachfalse is annamhit is seldom mionrudaíminor things doiléirvague i sruth na éiginnteachtain the stream of uncertainty glas ceart na gcuibhreannthe correct green of the fields sin an tuigethat's why ag stánadh amachstaring out léanalawn ag croitheadh a gcinnshaking their heads íomhánnaimages iontassurprise machnamh ceartproper thinking scáileánscreen ag preabadhjumping bladhaire coinnlea candle flame eachtraíevents chan éthat's not it dá thairbhe sinbecause of that rudaí neamhiontachaunexciting, ordinary things ar bharr na mbeannon the cliff tops an lá fá dheireadhthe other day ag coimhéad ar thonnta ag briseadh go díbhirceachwatching waves breaking with ardour substaintsubstance dá dtitfeadh mo chorp de bharr na mbeannif my body fell from the top of the cliffs taoidetide fiúntasworth gníomhact nó a mhalairtor the opposite blaiseadhtaste gan rud ar bith bheith gnóthaithe agam as m’aistearwithout having gained anything from the journey fuaimeanna fánachaoccasional noises díoscadhcreaking coiscéimeanna folmhaempty footsteps stánadh fadaa long stare craos na tineadhthe roaring fire dromchlasurface cha dtig liomI can't cha dtig liom í á threorúI can't guide it déanaim iarracht a gciall a scaoileadhI try to release their meaning le rachtanna fiáinein wild fits seileogaspits sáthadh scinethe stabbing of a knife aonarachsolitary staidéarthalevel-headed teas an phaisinthe heat of passion breithbirth a cheiltto hide anáilbreath is annamhit is seldom fiúntachworthwhile dathanna seachantachaelusive colours goitsecome on, come here neadrachanests seanbhallógaíold ruins deifrehurry cha raibh faill aigehe hadn't the time contráiltewrong go brách síoraíever ag déanamh iontaiswondering i bpeannaireacht chruinn shlachtmharin accurate neat writing stócach ógyouth bodhardeaf pian a fhuilstinto suffer pain mo bheomy life lena dhornwith his fist le mé féin a chosaintto protect myself ní léimfinn amach as a bhealachI wouldn't jump out of the way cinneadhdecision cinntídecisions go fadálachslowly chan fhuil an cinneadh déantathe decision has not been made déanaim mo chac agus mo mhúnI defecate and urinate cuideachtúilhelpful athrú séasúrthe change of seasons de ghlanmheabhairoff by heart gialljaw gobachprotruding gruaig fhionnblond hair dóighiúlachtbeauty tarraingteachattractive rud inteachtsomething buaireamhsorrow ag bruidearnaighthrobbing coimhthíochstrange idir barra na gcrannbetween the tops of the trees ag iarraidh mairstin airtrying to live on it nimhneachsore bhlais mé an phianI tasted the pain tchíthear domhit seems to me go dianstrictly samhailimage mar nach bhfuil sé de dhánacht ionam a bheith éagsúilbecause I haven't got the guts to be different daonnachtaíhumanist an cine daonnathe human race bréanfoul an bréantas a cheiltto hide the foulness cumhráin bhréigefalse perfumes lofarotten gnásanna sóisialtasocial customs béasamanners seanseiteannaold sets ag foscladhopening ag scamhadhpealing creatlachframe-work creidbheáilto believe scigdhráma an tsaoilthe farce of life de réir mar atáthar ag dréimas is expected táirgíproducts caiteoir eiseamláireachexemplary spender lúcháireachjoyous teorainneacha luaisspeed limits ag cailleadh foighdelosing patience sceadamánthroat mo bhrú folamy blood pressure sciathánarm go hionraice is a thiocfadh liomas honestly as I could comhairleadvice díomádisappointment sólassolace lagmheasarthachtrather small amount ag tochailtdigging
ag iarraidh sochaí úr shíochánta shochma a chruthú who are trying to create a new peaceful placid society
" Nárbh fhearr labhairt lena macasamhail sa phobal náisiúnach, iad sin atá beo bocht, iad sin ar cuireadh cosc ar a gcultúr, iad sin atá ag iarraidh sochaí úr shíochánta shochma a chruthú? Nárbh fhearr foghlaim ón fhéinmhuinín úr i measc na náisiúnaithe an dóigh le dul i ngleic lena gcuid fadhbanna mar atá déanta in iarthar Bhéal Feirste, mar shampla.
Ní raibh mé ag iarraidh neamhaird a thabhairt ar I wasn't trying to ignore
" Ní raibh mé ag iarraidh neamhaird a thabhairt ar riachtanais dhaoine bochta na hAfraice Theas, ach chuaigh mé féin ansin ag lorg eolais agus taithí ar chaomhnú an chomhshaoil.
faoi shaothar ag iarraidh uafás agus alltacht an tsaoil a thuigbhéail struggling to understand the horrors and the terrors of the world
" Bhí sé faoi shaothar ag iarraidh uafás agus alltacht an tsaoil a thuigbhéail.
ag iarraidh a bheith ag fás trying to grow
" Ach táimid ag iarraidh a bheith ag fás.
ag iarraidh a n-aird a tharraingt ón éalú trying to distract their attention from the escape
" “Shíl siad go raibh tú ag iarraidh a n-aird a tharraingt ón éalú,” a dúirt sé liom ag magadh.
ag iarraidh capall rása a dhéanamh d’asal trying to make a race horse out of a donkey
" Is cur amú ama é bheith ag iarraidh capall rása a dhéanamh d’asal.
ag iarraidh aithris a dhéanamh trying to copy
" Bíonn sí ag iarraidh aithris a dhéanamh ar a deartháir mór an t-am ar fad.
ag iarraidh maithiúnais looking for forgiveness
" Freagra fuar a fuair sé, ámh, ní hamháin ón ghrúpa féin, ach ó dhaoine eile sa charráiste, duine acu ag iarraidh maithiúnais ón ngrúpa thar ceann an ógánaigh dhrochbhéasaigh.
ag iarraidh an dá thrá a fhreastal trying to do two things at once
" “Nuair a thosaigh na Trioblóidí dhírigh an chléir ar an dá thaobh aird an phobail ar Fhear Dia Mac an Ali mar eiseamláir dóibh siúd a bhí ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.
ag iarraidh a gcumhacht a laghdú trying to lessen their power
" Gach áit a mbreathnaíonn na Stáit Aontaithe, ní fheiceann siad ach naimhde atá ag iarraidh a gcumhacht a laghdú.
ag iarraidh aird a tharraingt air féin trying to draw attention to himself
" Ní chuirfeadh an saghas seo spéise i mic léinn ionadh orm dá mba léachtóir óg glas a bhí i gceist agus é ag iarraidh aird a tharraingt air féin agus dul chun cinn a dhéanamh sa saol acadúil.
ag iarraidh an t-ísliú céime a thabhairt dó trying to bring him down a notch
" Dá mbeadh duine eile ag iarraidh an t-ísliú céime a thabhairt dó, ní ghlacfadh sé leis.
ag iarraidh teacht chuige féin trying to recover
" Tá moill ar a tháirge nua, an A380, tá cúpla duine dá bhainisteoirí sinsearacha éirithe as a bpost, agus tá sé ar a dhícheall ag iarraidh teacht chuige féin.
ag iarraidh bealaí nua a chruthú trying to create new routes
" Fuair a lán den ghlúin sin bás ag iarraidh bealaí nua a chruthú.
cé go dtuigim dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh bogadh although I understand how the people who don't want to move feel
" Cad is fiú D Four a mhalartú le C Four? Sa chomhthéacs sin, is doiligh cur i gcoinne pholasaí Aire na Gaeltachta cuid d’Fhoras na Gaeilge a dhílárú go Gaoth Dobhair, cé go dtuigim dóibh siúd nach bhfuil ag iarraidh bogadh de bharr a gcuid teaghlach etc a bheith socraithe i mBaile Átha Cliath.
ag iarraidh a theacht ar chomhréiteach trying to reach a compromise
" Tá sé furasta go leor, ar ndóigh, rudaí a cháineadh ó na taobhlínte – mar a chruthaigh an DUP – ach is scéal eile ar fad é nuair atá freagracht ort agus tú i ndeabhaidh polaitíochta le do shean-namhaid agus sibh ag iarraidh a theacht ar chomhréiteach a shásódh an bheirt agaibh.
bhí mé ag iarraidh éalú ó na sluaite, I wanted to escape the crowds,
" Cé gur áit dheas é Cairns, bhí mé ag iarraidh éalú ó na sluaite, agus bhí Cape Tribulation foirfe dá leithéid.
ag iarraidh dul ar aghaidh sa saol. trying to get on in life.
" An dara glúin, an t-oideachas a bhí ag déanamh tinnis dóibh agus iad ag iarraidh dul ar aghaidh sa saol.
ag iarraidh mailís a chothú trying to cause trouble
" ” “Ní fios cé a chum,” a d’fhreagair an t-aire, agus í ag cuimilt sú dá smiog le cúl a doirn, “ach ar nós go leor eile de na dánta atá curtha síos do *ní fios cé a chum*, is *Brit* inteacht a scríobh – mac mioscaise inteacht a bhí ag iarraidh mailís a chothú i measc fheirmeoirí na hÉireann.
ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, I wasn't trying to show any disrespect,
" “An chéad rud a dúirt mé ná, agus ní raibh mé ag iarraidh aon drochmheas a léiriú, agus bhí ríméad orm glacadh le honóir iontach mar seo, ‘ach nach seanl*ads* is mó a bhíonn ag plé leis?’” Is é dúirt Liam ar ais ná go mb’fhéidir gur cheart do Thadhg breathnú ar a theastas breithe agus an dáta a sheiceáil! Cineál ambasadóra don Fhéile is ea Uachtarán an Oireachtais agus beidh Tadhg ag freastal ar na trí phríomhócáid: Oireachtas na Cásca i Leitir Ceanainn, bronnadh na nduaiseanna liteartha i mBaile Átha Cliath, agus Oireachtas na Samhna i gCathair na Mart.
ag iarraidh athchló a chur ar mo luathshaothair, wanting to reprint my early work,
" “Nuair a tháinig na foilsitheoirí Reed (foilsitheoirí fhoclóir agus litríocht Mhaoraise) chugam le gairid, mar sin, ag iarraidh athchló a chur ar mo luathshaothair, thapaigh mé an deis an rud a chur ina cheart faoi dheireadh.
ag iarraidh eolais fúmsa. looking for information about me.
" D’fhan mé cúpla oíche le cairde i mBaile Átha Cliath agus nuair a d'fhill mé ar ais go Learpholl fuair mé scairt ghutháin uathu ag rá gur thug an brainse speisialta cuairt orthu ag iarraidh eolais fúmsa.
ag iarraidh a shamhlú trying to imagine
" Ag an am, bhíos i gcónaí ag iarraidh a shamhlú cá raibh m’athair – bhíos ag ceapadh gur sa stiúideo teilifíse a bhí sé.
Bím ag iarraidh an t-amhrán a scaoileadh amach. I'm trying to let the song come out.
" AÓF: Nuair a bhíonn tú ag canadh céard leis a mbíonn tú ag éisteacht, taobh istigh de d'intinn féin? ENíC: Bím ag iarraidh an t-amhrán a scaoileadh amach.
ag iarraidh fáil réidh leis na teangacha dúchasacha trying to get rid of the native languages
" Ach bhí an Roinn Oideachais san ollscoil ar a dícheall ag an am ag iarraidh fáil réidh leis na teangacha dúchasacha agus ag iarraidh an daonra dúchasach a ghalldú.
ag iarraidh an daonra dúchasach a ghalldú. trying to anglicise the native population.
" Ach bhí an Roinn Oideachais san ollscoil ar a dícheall ag an am ag iarraidh fáil réidh leis na teangacha dúchasacha agus ag iarraidh an daonra dúchasach a ghalldú.
ag iarraidh deirce, looking for alms,
" San am atá le theacht, b’fhéidir go bhfeicfeadh muid an DUP agus Sinn Féin ag dul go Londain le chéile ag iarraidh deirce, *oops*, ag iarraidh laghdú i ráta na cánach corparáidí ar Gordon Brown.
tá mé ag iarraidh bheith glanta liom sul má thagann sí. I want to be gone before she comes.
" * *Sure*, níl aon chuma ocrais ormsa, is tá mé ag iarraidh bheith glanta liom sul má thagann sí.
ag iarraidh a dhéanamh amach trying to make out
" Ba mhaith liom a cheapadh go gcabhródh sé leo codladh na hoíche a fháil seachas a bheith ag dúiseacht i lár na hoíche ag iarraidh a dhéanamh amach cén bealach a sheinn sé a leithéid seo nó a leithéid siúd.
o bhfuiltear ag iarraidh dul i ngleic le cúpla ceann de na fadhbanna seo that an attempt is being made to tackle a few of these problems
" Ach is cúis dóchais bheith in ann a thuairisciú go bhfuiltear ag iarraidh dul i ngleic le cúpla ceann de na fadhbanna seo arís.
ag iarraidh a pháistí a thógáil ina aonar, trying to raise his children on his own,
" **An bob a buaileadh ar shaol na healaíne**Cuireadh céad síol na caimiléireachta i dtosach sa bhliain 1985 nuair a chuir Myatt, a bhí ag streachailt le go leor fadhbanna ina shaol pearsanta agus é ag iarraidh a pháistí a thógáil ina aonar, fógra san iris aorach Private Eye.
ag iarraidh teacht ar fhéinmheas agus ar fhéintuiscint trying to find self-respect and self-knowledge
" “Ní theastódh uaim bheith róthuathalach faoi sin ach, mar sin féin, an Léann Éireannach, litríocht na hÉireann, stair na hÉireann, is ionann ar bhealach an scéal sin agus scéal ana-chuid daoine ar fud an domhain agus iad ag iarraidh teacht ar fhéinmheas agus ar fhéintuiscint seachas an tuiscint atá i ndán dóibh de bhrí go ndeir daoine gur seo an tuiscint atá i ndán dóibh.
ag iarraidh ceolchoirm a eagrú dúinn. wanting to organize a concert for us.
" Duine tagtha chugainn ag iarraidh ceolchoirm a eagrú dúinn.
Cén fáth a mbeifeá ag iarraidh post a fháil ar an mbonn why would you want to get a job on the basis
" Cén fáth a mbeifeá ag iarraidh post a fháil ar an mbonn gur bean, nó gur fear, nó gur eachtrannach thú?”Is maith an rud é nach raibh an dearcadh céanna aige maidir le cuótaí agus é ag glacadh lena áit in UCD.
ag iarraidh na lipéid cheirníní a thréigean. (who) want to desert the record labels
" Níl mé ag rá, gan amhras, nach bhfuil cead ag ceoltóir a chuid ceoil a thaifeadadh agus a dháileadh ina bhealach féin agus, leis an bhfirinne a rá, níl fadhb ar bith agamsa leis na ceoltóirí atá ag iarraidh na lipéid cheirníní a thréigean.
Bhí sé ag iarraidh eagla a chur ar na vótálaithe, he wanted to scare voters
" Bhí sé ag iarraidh eagla a chur ar na vótálaithe, ag maíomh go ndéanfaí praiseach den gheilleagar dá dtoghfaí an freasúra.
tá sí anois ag iarraidh a slí bheatha a thabhairt i dtír trí scríbhneoireacht. now she is trying to make her living through writing
" Iarléiritheoir teilifíse le RTÉ atá inti agus tá sí anois ag iarraidh a slí bheatha a thabhairt i dtír trí scríbhneoireacht.
ag iarraidh a chruthú they wanted to prove
" Táthar i mbun tuairimíochta gurbh é ba chúis le cinneadh na Stát Aontaithe ceann dá satailítí féin a scrios ná go raibh siad ag iarraidh a chruthú go bhféadfaidís an rud céanna a dhéanamh le satailít namhad, dá mba ghá.
bím i gcónaí ag iarraidh mo chuid Fraincise a chleachtadh, I always want to practise my French
" Nach bhfeiceann siad go bhfuil conradh beag i gceist – duine a thabhairt ó A go B – agus nuair a bhíonn an conradh beag sin comhlíonta go mbíonn cead acu tú a robáil! Nuair a bhím i siopa, nó in san óstán, bím i gcónaí ag iarraidh mo chuid Fraincise a chleachtadh, agus cé go mbíonn Béarla ag gach duine ar fhoireann an óstáin de ghnáth, tá sé deas a bheith múinte agus iarracht a dhéanamh a dteanga a úsáid.
ag iarraidh oibriú amach trying to figure out
" Bíonn cuma chomh fríd a chéile orthu; bíonn cuma orthu, chóir a bheith, go bhfuil siad i bpian, ag iarraidh oibriú amach cad é faoi Dhia atá á rá agat.
a raibh sé ag iarraidh a bheith páirteach that he wanted to be a part of
" Ní fheadar an é sin an fáth a raibh sé ag iarraidh a bheith páirteach in “Work Experience” agus “Joy in the Hood”? An é go dtuigeann sé cás na n-íochtarán agus go dtuigeann sé go maith má tharlaíonn dóibh casadh áirithe ina saol go mbeidh bealach a leasa i ndán dóibh? “Mar is eol duit, tá gaolta agam in Éirinn, agus dúirt mé le mo thuismitheoirí gur dheas liom teacht anseo chun mo chuid oideachais a chríochnú.
Bhíothas ag iarraidh an chéad ghlúin eile a chothú. They was an effort to bring and the next generation
" Bhíothas ag iarraidh an chéad ghlúin eile a chothú.
ag iarraidh dul i mbun a ghnó trying to do it's business
" Níor sáraíodh aon dlí, ach deir daoine áirithe go léiríonn an eachtra seo go bhfuil easpa scileanna bainistíochta i gceist san FAI (dála Choiste Contae Chorcaí agus an IRFU?) agus go bhféadfadh an easpa seo deacrachtaí a chruthú agus an t-eagras ag iarraidh dul i mbun a ghnó ar bhealach cuí neamhspleách.
ag iarraidh éalú trying to escape
" Bhí an Conradh an-ghníomhach i Meiriceá Theas, áit a raibh na mílte ag iarraidh éalú ón mbochtanas uafásach.
Bhí sé ag iarraidh réaltaí a dhéanamh dínn, he wanted to make stars out of us
" Bhí sé ag iarraidh réaltaí a dhéanamh dínn, tá a fhios agat.
bhí Lunny ag iarraidh Planxty a thabhairt treo eile ar fad Lunny wanted to bring Planxty in a different direction altogether
" Treo nua le Moving HeartsAg deireadh na seachtóidí, bhí Lunny ag iarraidh Planxty a thabhairt treo eile ar fad agus cnaguirlisí agus dordghiotáir a bheith mar chuid d’fhuaim an ghrúpa.
Bhí sé ag iarraidh cuid bróg Christy a líonadh, he was trying to fill Christy's shoes
" Bhí sé ag iarraidh cuid bróg Christy a líonadh, rud a bhí fíordheacair, mar go bhfuil pearsantacht chomh láidir sin ag Christy ar an stáitse.
ag iarraidh foirfeacht a bhaint amach, trying to achieve perfection
" Bhí caidreamh maith eadrainn; dhéanadh sé iarracht bulaíocht a dhéanamh orm ach ní ligfinn dó ag an am chéanna! Mar sin, bhí an caidreamh an-sláintiúil!”Ós rud é gur duine é Lunny a bhíonn i gcónaí ag iarraidh foirfeacht a bhaint amach, an raibh sé féin dian ar cheoltóirí eile thar na blianta? “Go deimhin, bhí.
ag iarraidh mise a ghríosú chun cainte trying to entice me to talk
" Chuir siad líomhaintí sna haltanna a scríobh siad agus bhain siad casadh as an fhírinne, ag iarraidh mise a ghríosú chun cainte – b’in an aidhm a bhí acu.
ag iarraidh éalú wanting to escape
" Tháinig an CIA i gcabhair air agus é ag iarraidh éalú ón Tibéid sa bhliain 1959 (cé go gcreideann a lucht leanúna gur éalú diaga ab ea é).
bíonn siad ag iarraidh rud éigin a bhaint amach dóibh féin they are looking to get something for themselves
" Go hiondúil, nuair a léiríonn rialtais spéis i gcearta daonna i dtíortha eile, bíonn siad ag iarraidh rud éigin a bhaint amach dóibh féin – ola, ór, nó úráiniam, mar shampla.
ag iarraidh dialathas a chur i bhfeidhm trying to start a theocracy
" Ach is léir go bhfuil an DUP ag iarraidh dialathas a chur i bhfeidhm ó thuaidh.
ag iarraidh dul i bhfeidhm orm looking to influence me
" Bhí an próiseas an-phléisiúrtha ar fad mar den chéad uair riamh níor bhraith mé go raibh daoine eile ag iarraidh dul i bhfeidhm orm ná tionchar a bheith acu orm.
Bhí sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal he was trying to do two things at once
" Cá raibh Biffo le linn do na linnte a bheith ag líonadh? Bhí sé ag iarraidh an dá thrá a fhreastal, mar a dhéanfadh gobadán maith: ag coinneáil a chloigeann os cionn uisce agus ag déanamh a dhíchill gan a bheith fágtha ar an trá fholamh.
ag iarraidh bualadh le daoine nua wanting to meet new people
" "Tá cuid de na rannpháirtithe ag iarraidh bualadh le daoine nua agus tá cuid eile acu ag iarraidh aclaíocht a dhéanamh.
ag iarraidh an gnó a fhorbairt trying to develop the business
" Insím dóibh mar gheall ar an gcomhrá a bhí agam le fear na gruaige cataí duibhe in Mojo Records – go ndúirt sé liom go raibh samhradh an-dian acu sa siopa toisc go raibh an dollar lag i gcomparáid leis an euro agus go raibh Meiriceánaigh míshásta le praghas na gceirníní dá bharr; go mbraitheann sé go bhfuil íoslódáil ag baint de ghnó an tsiopa; go síleann sé go bhfuil sé deacair ceol Gaelach a íoslódáil, ach go bhfuil sé buíoch as sin nó bíonn tóir leanúnach ar an gceol Gaelach sa siopa dá thairbhe! Fágaim slán le Mark agus é ag rith chuig cruinnithe eile – fear iontach gnóthach is ea é anois agus é ag iarraidh an gnó a fhorbairt.
ag iarraidh fáil réidh le wanting to get rid of
" Agus ní hé pobal na Seoirsia amháin a bhí ag iarraidh fáil réidh le Shevardnadze, iar-Aire Gnóthaí Eachtracha an Aontais Shóivéadaigh.
ag iarraidh faid a chur idir iad trying to get away
" Bhí sciar mhaith de chúlbhinseoirí Fhianna Fáil ag baint na sála dá chéile ag iarraidh faid a chur idir iad agus a raibh beartaithe ag a gcomhleacaithe sa chomhaireacht.
ag iarraidh a chur ina luí ar trying to convince
" Le tamall anuas, tá nuachtán bolscaireachta na nuachoimeádach, The Weekly Standard, faoi stiúir William Kristol, ag iarraidh a chur ina luí ar phobal Mheiriceá go bhfuil baint idir na foghlaithe mara agus sceimhlitheoirí Ioslamacha.
ag iarraidh wanting to
" Ní iontas ar bith é go bhfuil an pobal ag iarraidh a fháil amach cad ba chúis leis an ghéarchéim gheilleagair.
ag iarraidh na déirce seeking alms
" Bhí seisear sa chlann agus théadh siad uilig amach ag iarraidh na déirce i lár na cathrach nuair a bhí siad óg.
ag iarraidh smacht trying to (get a) grip
" Bím ar an RnaG agus mo ríomhaire le mo thaobh ó mhaidin go faoithin lá an chomhairimh, ag iarraidh smacht a chur ar na huimhreacha a thagann chugainn as chuile chearn ar fud na tíre, le go mbeidh coiste saineolaithe an chláir agus na héisteoirí sa mbaile in ann ciall a bhaint as an eolas go léir.
ag iarraidh trying to
" “Blianta fada ó shin nuair a cuireadh ceist ar an taiscéalaí mór Sasanach, George Mallory, a bhí le bás a fháil ar Shliabh Everest, cén fáth a raibh sé ag iarraidh an sliabh a dhreapadh.
ag iarraidh trying
" Ní hamháin go rabhas ag teacht abhaile ó Mheiriceá, ach bhí mo chairde imithe chomh maith! (Dáithí ag gáire anseo) SMM: An raibh an doirseoireacht crua mar obair? DÓS: Bhí agus, shamhlóinn an rud céanna leis in Éirinn agus i Meiriceá, daoine ag iarraidh dul isteach, daoine fé aois, is rudaí mar san, ach ní raibh bruíonta, ní raibh aon achrann ann, fé mar a chífeá - SMM: - Bhíodar níos dea-mhúinte ná anso? DÓS: Is dóigh liom go raibh, mar chím daoine agus bíonn siad ag bruíon ar na sráideanna in Éirinn agus ní tharlódh sé sin i Meiriceá mar ní scaoilfeadh na gardaí leo.
ag iarraidh trying
" Ní dhéanann foireann Foinse aon leithscéal faoi gur togra gnó é atá ag iarraidh airgead a shaothrú.
ag iarraidh trying
" Céard atá na daoine idir sinn agus na firicí ag iarraidh a chur ina luí orainn faoi láthair? Tá siad ag rá go bhfuil feabhas ag teacht ar an ngeilleagar agus go bhfuil airm eithneacha na hIaráine, nach ann dóibh, ina bhagairt mhór ar an domhan trí chéile.
ag iarraidh wants
" Chun an sprioc sin a bhaint amach tá Frank Feighan ag iarraidh tosnú ar oileán beag i Maigh Eo agus é de rún aige an Ghaeilge a chur i mbéal na ndaoine i gCliara mar ghnáth-theanga laethúil an phobail! Cuireann sé iontas orm go bhfuil Fine Gael agus Frank Feighan ag glacadh leis gur sprioc réadúil é líon na gcainteoirí laethúla a mhéadú fá thrí sa fiche bliain den Stráitéis.
ag iarraidh seeking
" Cuireann Josh glaoch gan deor ag iarraidh cabhrach ar an tseanmháthair ná faca sé le blianta.
ag iarraidh seeking
" Nach mór an trua nach ndeachaigh an dúramán ar a ghlúine fadó os comhair Chroim Dhuibh nó Aonghus an Cheoil nó Bhadhbh an Bháis nó cibé dia fir nó bandia a aithníonn sé, ag iarraidh comhairle faoi bhealach a leasa agus leas na tíre chomh maith.
ag iarraidh an dá thrá a fhreastal trying to do too much
" Bhí Janus mar a bheadh gobadán na Róimhe ann – é ag iarraidh an dá thrá a fhreastal.
bhíothas ag iarraidh there was an attempt
" Deich mbliana ó shin agus mé ag obair do nuachtán in iarthar Bhéal Feirste, hiarradh orm scairt ghutháin a chur ar pholaiteoir Aontachtach ar Bhóthar na Seanchille le ceist a chur air an mbeadh sé sásta dá mbogfaí an balla síochána siar mar bhíothas ag iarraidh tuilleadh tithe ‘Caitliceacha’ a thógáil i gceantar Chluain Ard ach nach raibh an spás ann dóibh.
bhíothas ag iarraidh there was an attempt
" Dúradh gur chéim mhór chun cúil a bheadh anseo ag am nuair a bhíothas ag iarraidh stad a chur le meath na Gaeltachta.
ag iarraidh trying
" (Más spéis leat tuilleadh, féach *A Silver Saga* le Fiona Philpott agus leis an Ollamh James Graham-Campbell, 1990) Taisce Cuerdale ======== Chonaic mé taispeántas spéisiúil in Iarsmalann Learphoill i 1990 faoi Thaisce Cuerdale, cnuasach mór airgead Lochlannach a fuarthas i 1840, agus bhí mé ag iarraidh an áit ar fritheadh é a fheiceáil dom féin anois.