Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ag teacht chun aibíochta reaching maturity
" Gnó ann féin atá sa turasóireacht ghníomhaíochta le tamall anuas agus de réir mar atá sí ag teacht chun aibíochta tá dream i nDún na nGall ar a seacht ndícheall ag díriú isteach ar lucht ceoil, seanchais agus staire a mhealladh go hiardheisceart an chontae.
ag teacht chun aibíochta reaching maturity
" Gnó ann féin atá sa turasóireacht ghníomhaíochta le tamall anuas agus de réir mar atá sí ag teacht chun aibíochta tá dream i nDún na nGall ar a seacht ndícheall ag díriú isteach ar lucht ceoil, seanchais agus staire a mhealladh go hiardheisceart an chontae.
aibíocht maturity
" Sin é an lá, sílim, a tháinig TG4 in aibíocht.
Easpa aibíochta lack of maturity
" Easpa aibíochta is cúis leis an easpa tuisceana seo – daoine a bhfuil meon suarach acu, a cheapann go gcaithfidh siad gach pingin a fháil agus gach cinneadh a smachtú iad féin.
aibíochta maturity
" Tabhair trí nó ceithre bliana breise aibíochta chuig Saoirse agus cuir an bheirt acu ar an aon scáileán amháin, leis an scriptscannán is leis an stiúrthóir ceart, agus d’ardófaí tinte ealaíne eatarthu, deirimse leat.
aibíocht maturity
" Ach má tá an léithe luath ort agus tú ag dul in ‘aibíocht’ nó in aois, is féidir gur cuimhin leat go ndearna arm na hAirgintíne ionradh ar oileáin creagacha san Atlantach Theas in Aibreán na bliana 1982.
aibíocht shocair solid maturity
" Tá idir sholas agus scáil sa dá phríomhcharactar ban – rud a thaispeánann aibíocht shocair an léiritheora.
tugtha chun aibíochta brought to fruition
" Fómhar luath beart umhlaíochta sa Gháirdín Chuimhniúcháin tugtha chun aibíochta.
aibíocht perfection
" Tá siad i mbarr a sláinte agus a n-aclaíochta i gcónaí agus más dada é is ag dul i bhfeabhas agus in aibíocht atá siad ar nós an fhíona mhaith, gan aon lagú ná maolú tagtha ar a gcuid imeartha ná ar a ndúil sa choimhlint agus sa bhua.
bean na haibíochta the mature woman
" Mhínigh bean na haibíochta dúinn nach raibh sí in ann tathaint ar an bhean óg fanacht agus tuilleadh cainte a dhéanamh léi, gur dhúirt sí go labhródh sí faoina cuid deacrachtaí lena cairde.