Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
an iomarca eile too much else
" Níl sé dóchasach go nglacfar le moltaí an *Blueprint*, mar tá an iomarca eile ag tarlú sa Chumann agus gan dóthain daoine sa CLG buartha faoin iomáint.
an iomarca airde too much attention
" Tá daoine míshásta freisin go bhfuil an iomarca airde ag an rialtas ar an Iaráic, tír nach bhfuil ag bagairt ar an Astráil.
i bhfad an iomarca nirt excessive force
" Baineadh úsáid as an chleas céanna seo, is é sin ag cur stop leis an trácht, le linn agóidí frithchogaidh a bhí ar siúl i San Francisco le déanaí fosta; gabhadh na mílte mar gheall orthu agus cuireadh i leith na bpóilíní gur úsáid siad i bhfad an iomarca nirt.
nach ngoilleann an brú an iomarca air that the pressure doesn't bother him too much
" " Cé go bhfuil fadhbanna mar seo i gceist go leanúnach, tá sé i gceist ag Allen fanacht i bpost an phríomhfheidhmeannaigh ar feadh roinnt blianta ar a laghad agus is léir nach ngoilleann an brú an iomarca air.
an iomarca béime too much emphasis
" AÓF: Céard nach dtaitníonn leat sa cheol Gaelach? SR: Nuair a sheinntear an ceol rósciobtha nó nuair atá an iomarca béime ar an ornáidíocht seachas ar an gcroí atá sa cheol.
an iomarca too much
" Ach macasamhail go leor eilimintí eile den bheatha, is gá smacht a choinneáil ar bhia go pointe áirithe - is féidir le heaspa bia nó an iomarca de dochar a dhéanamh.
an iomarca too much
" Níl an Ghaeilge deacair ar chor ar bith, dar liom, nó b'fhéidir gur maith liom an teanga an iomarca.
ag brath an iomarca depending too much
" Is gnách go mbíonn comhlachtaí beaga ag brath an iomarca ar láidreachtaí na mbunaitheoirí - agus sin í an phríomhlaige a bhaineann leo.
an iomarca oibre too much work
" AÓF: An raibh an cúrsa deacair? HL: Bhí sé an-deacair! Ródheacair! Bhí an iomarca oibre le déanamh.
an iomarca acmhainní a chur ar fáil to provide too many resources
" Tá a lán rudaí úsáideacha in EasyReader ach tá an chuma air go bhfuil iarracht déanta an iomarca acmhainní a chur ar fáil i bpacáiste amháin.
an iomarca de tháirge amháin too much of one product
" I ngnó ar bith ní oireann sé an iomarca de tháirge amháin a chur ar an mhargadh ag aon am amháin, nó titfidh an praghas.
an iomarca breithiúnais too much judgement
" "Deirtear gur cheart do gach rud bheith anseo, agus nár cheart dúinn an iomarca breithiúnais a thabhairt orthu.
an iomarca geáitsíochta too much gesturing
" Is é sin, nuair a thosaíonn siad ag aisteoireacht agus ag déanamh an iomarca geáitsíochta leis an rud.
an iomarca frustrachais too much frustration
" Cuirim an ríomhaire ar siúl, fágaim é agus imím chun mo bhricfeasta a ithe agus na nuachtáin a léamh! Bheadh an iomarca frustrachais ag baint leis an obair sin níos déanaí sa lá nuair a bhíonn níos mó úsáideoirí ar líne," a deir sé.
an iomarca moille too much of a delay
" Tuigeann na seandálaithe céanna nach chun leas na seandálaithe an iomarca moille a chur ar a bhfostóirí.
an iomarca béime too much emphasis
" " Cé go bhfuil sé riachtanach smacht a choimeád ar chúrsaí gnó de shíor, rud a thuigeann Ray go maith sa phost atá aige faoi láthair, tá imní air go gcaillfidh an chruthaitheacht in Amharclann na Mainistreach má chuirtear an iomarca béime ar chúrsaí gnó.
an iomarca tráchta too much traffic
" Gluais • Glossary athinsintretelling ar dhlúthchuid de theagasc na Súifeach iad tráthwhich were once an integral part of the Sufis' teachings an iomarca tráchtatoo much traffic ar bíson tenterhooks sceitimínírapturous excitement ar leathadhwide open as mo shlíout of my way a stumpa amadáinyou out-and-out fool ar iasachton loan is baolachI'm afraid ag grágaílbraying go frascopiously thar fóirover the top taibhreamhdream brímeaning i do dhúiseachtawake cóisirparty scata leaideannaa crowd of lads óinseachfoolish woman ag tagairt domsareferring to me stuaicsullen appearance ní nach ionadhnot surprisingly truapity murach na mnáif it wasn't for the women Sall leis.
an iomarca béime too much emphasis
" Measaim, ag an tríú leibhéal fosta, go bhfuil an iomarca béime ar scrúduithe.
an iomarca gramadaí too much grammar
" Bhuel, ní raibh sé i bhfad go raibh mé in ísle brí mar gheall ar go raibh an iomarca gramadaí sa leabhar seo.
Braithimid an iomarca ar infheistíocht dhíreach iasachta. We depend too much on direct foreign investment.
" Braithimid an iomarca ar infheistíocht dhíreach iasachta.
an iomarca gramadaí too much grammar
" Bhuel, ní raibh sé i bhfad go raibh mé in ísle brí mar gheall ar go raibh an iomarca gramadaí sa leabhar seo.
an iomarca béime too much emphasis
" Measann sí go bhfuil sé tábhachtach cláracha mar seo a dhéanamh agus b’fhearr léi gan an iomarca béime a chur ar chláracha faisnéise.
ag súil leis an iomarca expecting too much
" AÓF: Is féidir leis an amhránaí a bheith i bhfoirm mhaith nó i ndrochfhoirm sna cúig nóiméad atá aige/aici leis an amhrán a chasadh, ach nach féidir le rudaí a bheith amhlaidh don mholtóir chomh maith céanna? An gceapann tú go mbíonn daoine ag súil leis an iomarca ó mholtóirí scaití, is é sin go mbeidís foirfe i gcónaí? LÓM: Aontaím leat ar fad.
an iomarca béime too much emphasis
" An aontófá liom go gcuireann daoine áirithe an iomarca béime ar an gcomórtasaíocht seachas ar an amhránaíocht? LÓM: Bhuel, b'fhéidir go mbraitheann sin ar na fáthanna atá ag daoine le bheith rannpháirteach - má ghlacann duine páirt i gcomórtas ar mhaithe le buachaint amháin, is minice díomá ar an duine sin ná a mhalairt.
an iomarca cluichí aontaobhacha too many one-sided matches
" Bhí críoch an-mhaith leis an mbliain de bharr na gcluichí leathchraoibhe agus craoibhe ach is gá a rá go raibh an iomarca cluichí aontaobhacha i gceist, is é sin cluichí ina raibh bearna mhór idir an dá fhoireann.
an iomarca botún too many mistakes
" Bhí cuid de na tráchtairí á rá go ndearna tacaithe ar an dá thaobh an iomarca botún agus nach bhféadfaí a rá gur sárchluiche a bhí ann dá bhrí sin, ach measaim féin go raibh an léamh sin ar an gcluiche fabhtach.
an iomarca measa too much respect
"an iomarca measa ag daoine ar, mar a deir siad, a intleacht.
an iomarca béime too much emphasis
" Ach botún atá éacsa a dhéanamh i gcás an té atá ag foghlaim i gcéin i mo bharúilse ná an iomarca béime a chur ar an teanga scríofa in ionad na teanga labhartha.
an iomarca seafóide too much drivel
" agus seans go bhfuil an ceart ag an té a déarfadh go bhfuil an iomarca seafóide sna meáin faoi chúrsaí spóirt nuair atá rudaí i bhfad níos tromchúisí ag tarlú sa saol.
an iomarca airde too much heed
" Ó thaobh an chláir féin, ní fiú an iomarca airde a thabhairt ar na criticeoirí, ar bhealach.
an iomarca dí too much drink
" Ní de bharr an iomarca dí amháin, deirimse leat.
an iomarca polaiteoirí too many politicians
" Tá sé ráite go minic go bhfuil an iomarca polaiteoirí san Astráil.
an iomarca mothúchán too much emotion
" Tá a ghuth binn anocht ach tá iomarca “chorus” ar an ngiotár, an iomarca canadh déanta aige sna háiteanna seo, an iomarca mothúchán sna hamhráin seo le bheith canta go leamh os comhair seisir nach bhfuil spéis dá laghad acu in aon ní seachas an burgar ina mbéal agus an bheoir ina lámh.
a bhlais an iomarca den phórtar who tasted too much porter
" Bhí fear áitiúil amháin a bhlais an iomarca den phórtar agus a thit ina chodladh roimh dheireadh na hoíche, a chloigeann leagtha ar an gcuntar aige.
an iomarca béime too much emphasis
" Agus an t-aistear fada sin déanta aige, d’fhiafraigh mé de an gceapann sé, ag breathnú siar, go ndearna an tÚdarás faillí sa teanga, go bhfuil an iomarca béime ar chruthú postanna le blianta fada.
an-iomarca spraoi too much fun
" An fhadhb ba mhó a bhíodh ag na mic léinn seo, dar liom, ná go mbíodh an-iomarca spraoi ar siúl acu.
an iomarca cláracha Béarla too many English language programmes
" ” Is minic a bhíonn lucht na Gaeilge ag gearán go mbíonn an iomarca cláracha Béarla ar TG4.
an iomarca béime to much emphasis
" ***AÓF: Cé nach leagaim féin an iomarca béime ar chomórtais, tá ag éirí go maith libh iontu le tamall anuas, nach bhfuil? Inis dom beagán faoin taobh sin de.
i bhfad an iomarca bád far too many boats
" Ach, faraor, bhí i bhfad an iomarca bád amuigh ar an sceir – bheadh imní ort go ndéanfadh an ollturasóireacht seo an-damáiste don sceir.
go raibh an iomarca á chaitheamh aige, that he was smoking too much,
" Cheapas i gcónaí go raibh an iomarca á chaitheamh aige, b’in an méid.
an iomarca airde a tharraingt orm féin to draw too much attention to myself
" Timpeall scór duine a bhí i gceist, cairde is mó óir níor theastaigh uaim an iomarca airde a tharraingt orm féin agus i ndáiríre níor thosaíos é ach ionas nach mbeadh orm aon airgead a chaitheamh ar mo raithneach féin.
an iomarca turasóirí too many tourists
" Bhí an tírdhreach iontach álainn agus fiáin, ní raibh an iomarca turasóirí ann agus bhí na daoine cairdiúil agus flaithiúil.
an iomarca coinníollacha too many conditions
" Ghlac mé leis an iomarca coinníollacha ar mhaithe le bheith foilsithe.
an iomarca stocaireachta. too much canvassing.
" Idir an dá linn, caithfidh siad uilig a chinntiú nach ndéanfaidh siad an iomarca stocaireachta.
gan an iomarca fuinnimh a úsáid. without using too much energy.
" Tá neart dúshlán teicniúil ann fós, áfach: breosla a dhéanamh is féidir a úsáid in eitleán ag airde mhór, slite a aimsiú chun na halgaí a shaothrú, an fómhar a bhaint agus an breosla a bhaint amach gan an iomarca fuinnimh a úsáid.
an iomarca tráchta too much traffic
" Faoi dheireadh tá glactha ag an gcathair leis go bhfuil an iomarca tráchta ar na sráideanna, agus táthar ag obair ar phleananna chun an trácht sin a mhaolú.
an iomarca focal too many words
" Ina measc, tá "Máirseáil Phaddy Clarke", válsa nó dhó nach bhfuil teideal orthu go fóill, amhrán beag grá nach bhfuil tite ar thalamh slán go fóill, amhrán eile faoi dhílseacht - a bhfuil an iomarca focal ann, sílim - agus amhrán eile atá róchosúil le "Everybody Hurts" le REM.
an iomarca too many
" Ach deir daoine áirithe go bhfuil an iomarca cúrsaí dá leithéid á reáchtáil faoi láthair – idir chúrsaí i nDún na nGall agus Gaillimh agus chéim nua san iriseoireacht agus sa Ghaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – agus nach mbeidh go leor fostaíochta ar fáil do na rannpháirtithe ina ndiaidh.
ag tógáil i bhfad an iomarca ama taking much too much time
" Labhair mé leis, agus uair éigin in 2002 thosaíomar ar an obair go hiomlán as an nua! Caithfidh mé a admháil gur tharla sé cúpla uair go rabhas ar tí éirí as toisc go raibh sé ag tógáil i bhfad an iomarca ama aon dul chun cinn a dhéanamh.
an iomarca daoine too many people
" Bhí Howard ina cheannaire ar an bhfreasúra ag an am, agus dúirt sé san agallamh gur mheas seisean – agus go leor daoine eile sa tír – go raibh an iomarca daoine ag teacht ar inimirce chun na hAstráile ón Áise.
i dtuilleamaí na ndeontas an iomarca. overly dependant on grants
" Margadh?An cheist is mó agus is bunúsaí, is dócha: an bhfuil pobal na Gaeilge (pé rud é sin) sásta nuachtán laethúil Gaeilge a cheannach? Léireodh taithí *Lá* agus *Lá Nua* nach bhfuil go leor acu sásta é a dhéanamh chun go mbeadh rath ar an nuachtán agus nach mbeadh sé i dtuilleamaí na ndeontas an iomarca.
an iomarca cumhachta too much power
" Mhaígh siad go mbeadh an iomarca cumhachta ag na polaiteoirí dá nglacfaí leis an gcur chuige seo, agus dá bhrí sin, vótáladh ina éadan.
an iomarca tráchta too much traffic
" Ach is é is measa ar fad ná mar gheall ar go bhfuil an iomarca tráchta ar na bóithre cheana féin – agus de bhrí gur feithiclí troma mar SUVanna iad cuid mhaith de na carranna – tá na bóithre féin ag titim as a chéile.
an iomarca ama too much time
" Tá 25 bliain imithe tharainn ó bhí meathlú i gceist sa tír seo agus dá gcaithfeá an iomarca ama ag léamh na nuachtán agus ag breathnú ar thuairiscí teilifíse, shílfeá nach raibh dóchas ar bith i ndán dúinn.
an iomarca eolais phríobháidigh too much private information
" Ach an maith an rud é go ndéanfar taifead leictreonach dár dturais ar fad? Agus go mbeidh muid "á leanúint" i mbunachar sonraí mór lárnach ar nós Big Brother? I Londain, tá an cárta Oyster tar éis an córas taistil a athrú go mór, ach tá go leor daoine buartha go bhfuil an iomarca eolais phríobháidigh á bhailiú mar gheall orthu de thairbhe an córas sin a bheith i bhfeidhm.
an iomarca airgid too much money
" Ach tá go leor daoine san Astráil den tuairim go bhfuil na rialtais náisiúnta agus stáit ag caitheamh an iomarca airgid ar spóirt éilíteacha cheana féin.
díobháil an iomarca mórtais ina ghlór no excess of pride
" Bhain mé an duais an bhliain sin” ar sé agus díobháil an iomarca mórtais ina ghlór.
An iomarca too much
" An iomarca taistil atá ar siúl agam faoi láthair.
an iomarca too much
" “Ná caith an iomarca ama ag breathnú ar an dteilfís, nó déanfaidh tú damáiste dod shúile” a deireadh mo thuistí liom agus mé ag fás aníos.
an iomarca too many
" Tá an iliomad cúiseanna ann a bheith saor ó pháistí, dar le Childfree: is mór an ceangal iad; tá an iomarca daoine ar domhan cheana agus tá brú rómhór ar na hacmhainní; níl fonn orm a bheith i mo thuismitheoir srl.
an iomarca anró too much hardship
" Ní shábháiltear mórán féir a thuilleadh mar go bhfuil an iomarca anró ag baint lena bhaint, lena shábháilt, lena stóráil.
i bhfad an iomarca far too many
" Bhí i bhfad an iomarca Meiriceánach ag maireachtaíl ar chreidmheas, go háirithe an t-airgead a mheas siad a bhí acu ina dtithe.
an iomarca too much
" **An Teicneolaíocht** Ar tharla an iomarca infheistíochta i réimsí eolaíochta agus teicneolaíochta in Éirinn le deich mbliana anuas? Níor tharla, ach caithfear an bhéim a leagan ar thaobh amháin de.
an iomarca too much
" Bhí daoine ann a déarfadh go raibh sé dírithe an iomarca ar chúrsaí Ghaeltacht Chonamara agus b’fhéidir gur cheart cinntiú, sa chéad nuachtán eile, go mbeidh fócas ar gach taobh tíre.
an iomarca too much
" com ach ní féidir liom scríobh an iomarca fúthu ar eagla go léadh an faighteoir faoi anseo.
an iomarca féir too much grass
" Tá sé fós den tuairim go mbeidh siad go léir “rooned” ag deireadh an dáin, ach an iarraidh seo de bharr *“bush-fires”* mar gheall ar an iomarca féir tar éis na báistí.
an-iomarca too much
" Ach anois tá an-iomarca tuisceana ar algartam *Google* agus tá an t-inneall seo faoi ionsaí ag na seoltóirí turscair is na scrábaire scáileáin agus is minic nach bhfaightear aon eolas feidhmiúil go dtí an dtríú nó an ceathrú leathanach.
cailleadh an iomarca losing too much
" Maítear go mbíonn leisce orthu dul i ngleic leis na fadhbanna sóisialta a eascraíonn go rialta as daoine a bheith ag cailleadh an iomarca airgid sna fearais chearrbhachais dá dheasca.
an iomarca an excess
" Tá ciúnas an bháis sa longlann anois agus an long dobháite ar ghrinneall na mara; tá sárpheileadóir, ar chlúití a scileanna ragairneachta ná a scileanna peile in amanna, ar shlí na fírinne mar gheall ar an iomarca fuisce agus fuair aicme oibre dílseach bás ina sluaite ag an Somme mar gheall ar impiriúlachas an gheilleagair.
an iomarca oibre too much work
" Ach oíche Nollag féin, bhí an iomarca oibre le déanamh le bacadh go rómhór le cúrsaí fealsúnachta.
Ní féidir an-iomarca béime a leagan ar it can’t be overstressed
" Ní féidir an-iomarca béime a leagan ar an tábhacht a bhaineann leis maidir le taighde léannta i raon disciplíni ná ar a lárnaí is atá sé i gcur chun cinn chultúr na hÉireann i gcoitinne.
gan an iomarca tiomantais without too much intensity
" Is ‘suí siar’ é in ionad a bheith mar ‘cromadh chun tosaigh’, rud a ligeann don úsáideoir brabhsáil gan an iomarca tiomantais ach fós féin a bheith, fágaim, mar chuid de phobal daoine gur spéis leo cúirtíní áille.
an iomarca too many
" Áiteanna iad sin a raibh an iomarca daoine i dtithe suaracha, gan uisce reatha agus gan séarachas don chuid is mó.
an iomarca too many
" Dá thoradh sin, dar le hUachtarán na hÚcráine, Viktor Yanukovich, agus a Rialtas, beidh ar an tír an iomarca costais arda a íoc amach anseo ar son soláthar fuinneamh ríthábhachtach.
an iomarca spóirt too much sport
" B’fhéidir go ndéarfadh daoine, ‘tá an iomarca spóirt agaibh’, nó ‘bíonn an iomarca ceoil agaibh’, ‘bíonn an iomarca cainte agaibh’, tá a dtuairimí féin ag daoine, ach tríd is tríd, agus gan ach an tsracfhéachaint déanta go fóill, tá sé thar a bheith dearfach.
an iomarca too much
" Cuireadh an milleán ar imreoirí, ar phlean an lucht bainistíochta, ar an gcineál ullmhúcháin, ar thuirse a bheith ar na himreoirí de bharr an iomarca traenála sna seachtainí roimh an chomórtas.
ag scaoileadh an iomarca cúl letting too many goals
" Tá Gaillimh ag feabhsú ach ag scaoileadh an iomarca cúl isteach agus ní móide go mbeidh an chuid eile sách maith le Páirc an Chrócaigh a bhaint amach ar 9 Meán Fómhair.
caitheadh i bhfad an iomarca ama too much time was spent
" Chiallaigh an méid sin gur caitheadh i bhfad an iomarca ama le ceithre bliana anuas ag fí driseacha cosáin i dtithe rialtais Mheiriceá nuair ba cheart a bheith ag tabhairt faoin ghéarchéim gheilleagair.
an iomarca sean-nóis too much traditional singing
" Agus í thiar, mar amhránaí ar éist sí le mórán sean-nóis? "Le fírinne, níor éist, ach mothaím i mo chorp é ar bhealach eicint, mothaím an chaointeacht sin ach caithfidh mé a rá nár éist mé leis an iomarca sean-nóis.
an iomarca lucht féachana too many viewers
" Ní léir go raibh aon pholasaí cinnte ná straitéis riamh ag an stáisiún maidir leis an nGaeilge ach a chinntiú nach gcaillfeadh an stáisiún an iomarca lucht féachana agus ioncam fógraíochta de bharr am craolta a thabhairt don ‘teanga náisiúnta’.
i bhfad an iomarca far too many
" Deir na saineolaithe go bhfuil i bhfad an iomarca daoine sa tír seo ag brath ar fhrithdhúlagráin.
an iomarca daoine róghortaithe too many people too hurt
" Smacht in Ionad na hAinrialach =========== Tá an iomarca daoine róghortaithe sa saol agus tá sciar líonmhar a gortaíodh agus a bhfuil laige éigin fanta iontu, nó go bhfuil goimh aisteach iontu ó shin.
Chuireadar an iomarca den saol they killed enough
" Chuireadar an iomarca den saol cheana féin, girseacha óga agus Aire Stáit féin ina measc, beannacht Dé orthu.
an iomarca fadhbanna eile too many other problems
"an iomarca fadhbanna eile ag déanamh imní dóibh, le bheith buartha faoi chás na bpobal sin, a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha acu leis na cianta.
an iomarca maorlathais agus cáipéisíochta excess bureaucracy and paperwork
" Más féidir a rá go raibh an iomarca maorlathais agus cáipéisíochta i roinnt mhaith comhlachtaí roimhe seo, bíonn easpa pleanála agus anord i gceist go minic sa lá atá inniu ann.
raibh an iomarca ama agam I had too much time
" Ach tar éis scaithimh tháinig amhras orm ceart go leor mar go raibh an iomarca ama agam le bheith ag smaoineamh orm féin.
an iomarca béime a chur ar stress too much
" Ní féidir liom an iomarca béime a chur ar an tionchar a bhíonn ag an mhothúchán seo orm nuair a imrím i bhfoireann mar cruthaíonn sé nasc le m’óige” a deir sé ar Highland Radio.
nach raibh an iomarca meacáin caillte aici she hadn’t lost too much weight
" Tháinig scéal amach tar éis do Spence éirí as a stailc ocrais go raibh an Seanadóir Patrick Brazeau ag magadh fúithi sa Dáil, go raibh amhras air gur dhiúltaigh sí bia le linn na stailce toisc nach raibh an iomarca meacáin caillte aici.
an iomarca ama imithe excess time passed
" Cén fáth sa mbreith a thug Aindrias Ó Caoimh ar dhúirt sé go raibh an iomarca ama imithe agus go raibh cuid den fhianaise imithe amú, fianaise a bhí faoi scáth na nGardaí? Tá ceist faoi Statute of Limitations le cásanna den chineál seo.
an iomarca de na Seanadóirí faoi cheangal ag na páirtithe too many of the Senators restrained by the parties
" (Chonaic mé le linn na díospóireachta ar Bhille na Gaeltachta Seanadóir ón bhfreasúra ag iarraidh córam agus é ag siúl amach é féin, tar éis dhó córam a iarraidh!) Ach ’sé an fhadhb is mó leis an Seanad ná go bhfuil an iomarca de na Seanadóirí faoi cheangal ag na páirtithe, agus in áit a n-intinn féin a dhéanamh suas faoi reachtaíocht nó leasú ar reachtaíocht, bíonn iachall orthu treoir a thógáil ón bpáirtí.
an iomarca smachta too much control
" Abhus, tá an iomarca smachta ag an rialtas ar na Seanadóirí.
dhein sé an iomarca he did too much
" Sin é an rud a bhain dó sa deireadh, dhein sé an iomarca.
an iomarca amhrais a bheith air i leith harbouring too much doubt about
" I ndáiríre, ní léir go ndearna sé botún ar bith ach gunna a bheith ina sheilbh agus an iomarca amhrais a bheith air i leith Martin.
an iomarca de ar siúl i gcomhthéacs airgid too much of it in a context of finance
" Tá athruithe agus tá plé ar siúl, ach tá an iomarca de ar siúl i gcomhthéacs airgid.
an iomarca ama ar chruth an chairr too much time on the car’s shape
" Deir an-chuid iriseoirí gluaisteán gur chaith Alfa an iomarca ama ar chruth an chairr, seachas ar an gcaighdeán.
mná a olann an iomarca women who drink too much
" “Tá fadhb an-mhór in Éirinn le mná a olann an iomarca, fir freisin, ach dhírigh muide ar mhná.
i bhfad an iomarca far too many
" An Conradh ==== Cé go mbeadh an-mhuinín agam as cumas agus as feidhmiúlacht Ard-Rúnaí an Chonradh, Julian de Spáinn, tá an CnaG ag iompar a dhóthain meáchain, le structúr millteanach místuama á choinneáil siar: 31 ball ar an gCoiste Gnó, i bhfad an iomarca le bheith feidhmiúil; na céadta craobh san eagraíocht, scór acu liostáilte i gContae na Gaillimhe amháin, ach fíorbheagán acu gníomhach.
i bhfad an iomarca leabhair cócaireachta far too many cookery books
" Taitníonn an chócaireacht go mór liom agus taitníonn an bia liom dá reir! Is breá liom a bheith ag turgnamh le cineálacha nua bia agus tá i bhfad an iomarca leabhair cócaireachta sa bhaile agam – dar fia! - níl sé greannmhar ná sláintiúil.
Ná lig an iomarca scil ort féin don’t pretend to be too au fez with the material
" Ná lig an iomarca scil ort féin, b'fhéidir.
an iomarca too much
" Ní mó ná sásta a bhí an dochtúir agus í ag caint faoin saol teicneolaíochta ag cur bac orthu a bheith amuigh faoin aer ó mhaidin go faoithin áfach: “Bíonn gasúir ag féachaint ar an iomarca teilifíse nó ar an ríomhaire agus an t-aon saghas spóirt a mbíonn taithí a imeartha acu ná ceann nach gcaithfidh siad bogadh as an chathaoir.