Tá an oiread sin de chloigeann mhór orm
I'm so forgetful
Tá an oiread sin de chloigeann mhór orm nár smaointigh mé ar throllaí a bheith liom," arsa Seán.
snasta an oiread sin
so polished
Tá na boscaí méadaithe agus dromchla an chopair
snasta an oiread sin gur féidir leat d'íomhá féin a fheiceáil ann go soiléir.
an oiread sin
that much
AÓF: An gciallaíonn sé seo ar fad nach bhfuil Altan ar an mbóthar
an oiread sin faoi láthair?
MNM: Ó, ní chiallaíonn.
ina scriostar an oiread sin postanna
in which so many jobs are destroyed
Níl aon tír eile san Eoraip
ina scriostar an oiread sin postanna in aghaidh na bliana is a scriostar sa nGearmáin.
beidh an oiread sin de thallann uirthi
she'll have such a fit
"Caithfidh sí í féin síos ar an urlár, agus
beidh an oiread sin de thallann uirthi go dtabharfá mionna go raibh sí sna smeachanna deireanacha.
an oiread sin spéise léirithe
so much interest shown
Bhí a céad taispeántas ealaíne aici i mí Lúnasa na bliana seo agus d'éirigh léi a cuid canbhás a dhíol ar $1,500; ó shin i leith, áfach, tá
an oiread sin spéise léirithe ina pictiúir gur féidir léi anois suas le $15,000 a shaothrú orthu.
an oiread sin dá lucht labhartha
so many of its speakers
(Is mór an trua nach mbíonn úsáid na Gaeilge mar chuid lárnach den ócáid phoiblí náisiúnta seo, ócáid a d'fheilfeadh go mór d'úsáid na teanga agus
an oiread sin dá lucht labhartha gafa leis na cluichí Gaelacha.
bhí an oiread sin de chleachtadh ag Gráinne uirthi
Gráinne was so used to her
B’fhéidir go sílfeadh strainséir gur droch-chomhartha sin ach
bhí an oiread sin de chleachtadh ag Gráinne uirthi agus gur thuig sí an difear idir gnúsachtach amháin agus an ceann eile agus ba seo ceann a dúirt: “Rachaidh mé ach ná bí ag dúil liom sult a bhaint as”.
an oiread sin foirgneamh
so many buildings
Ach nuair a bhíonn tú sa chathair, toisc go bhfuil
an oiread sin foirgneamh timpeall ort, ní fheiceann tú an spéir ghruama sin.
Bhí an oiread sin de dhriopás air
he was in such a hurry/nervous state
Bhí an oiread sin de dhriopás air agus é ag déanamh ar an doras go ndeachaigh sé thar a chois agus leonadh an murnán aige.
a ndearnadh an oiread sin dochair
that so much damage was done
Bhí 43,000 duine ina gcónaí i Darwin, ceann de na cúiseanna
a ndearnadh an oiread sin dochair.
an oiread sin mothúchán
so many emotions
Níl éacht ar bith eile a chothaíonn
an oiread sin mothúchán leis an stailc ocrais.
an oiread sin muiníne
so much confidence
Ní dóigh liom go bhfuilimse ag déanamh aon dochar don traidisiún, sin é an príomhrud, agus fhad is nach bhfuil aon dochar á dhéanamh agam, táim ana-shásta!”
Tá sí breá sásta leis na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar an albam go dtí seo ach an raibh sí neirbhíseach agus imníoch faoin mhéid a déarfadh na criticeoirí?
“Ní rabhas riamh neirbhíseach ag léamh léirmheasanna agus mé le Danú, mar tá
an oiread sin muiníne agam as an ngrúpa.
an oiread sin measa
so much respect
Agus bhí
an oiread sin measa ar an saothar sin san Ostair féin ag an am gur beag nach raibh sé ina léiriú ar an dóigh ar mhian leis na hOstaraigh go bhfeicfeadh tíortha eile an domhain iad – sofaisticiúil, maisiúil, nua-aoiseach.
an oiread sin cnaipí le casadh agus le brú
so many buttons to turn and to bush
Sa seomra suí chrom sé go staidéarach os comhair an chórais cheoil,
an oiread sin cnaipí le casadh agus le brú, focail greanta os a gcionn, fuinneoigíní breactha le figiúirí beaga—bhain sé scil as tamall sular shleamhnaigh tarraiceán go mall as agus log ciorclach ann, áit ar leag sé an dlúthdhiosca go cúramach.
an oiread sin aitheantais
that much recognition
Is daoine iad an dream a luaigh sé atá ag saothrú leo ar son na teanga le fada agus nach bhfuil
an oiread sin aitheantais faighte acu agus is dócha go bhféadfaí an rud céanna a rá faoi Risteard féin.
an oiread sin draíochta
so much magic
Dar liomsa nach gá an charraig a dhreapadh – tá
an oiread sin draíochta ag baint leis an áit agus an méid sin le tuiscint fúithi gur leor sin.
an oiread sin seod
so many jewels
Tá
an oiread sin seod istigh ann gur doiligh do dhuine ar bith an áit a fhágáil i ndiaidh dó dul fríd na doirse Seoirseacha mar is ann atá croí an cheoil dhúchais ag preabadh, ó Horslips go Bridie Gallagher, ó Tony MacMahon go hEnya, ó na ceoltóirí taistil go dtí na cheolfhoirne móra.
Cén fáth a bhfuil an oiread sin ráchairte ar an chlár,
why is the programme so popular,
Cén fáth a bhfuil an oiread sin ráchairte ar an chlár, a d’fhiafraigh mé de Nicholas.
ní léirítear an oiread sin dá shaothar in Éirinn.
not much of his work is staged in Ireland.
Is scríbhneoir thar a bheith tábhachtach é Schiller i litríocht na Gearmáine ach
ní léirítear an oiread sin dá shaothar in Éirinn.
an oiread sin béime
so much emphasis
AÓF: Cén fáth go leagann ceoltóirí áirithe
an oiread sin béime ar bhogha maith a bheith acu? Nach é an veidhlín féin is tábhachtaí?
NB: Tá an bogha ar a laghad chomh tábhachtach céanna leis an veidhlín.
an oiread sin clampair
so much commotion
Nárbh é sin an t-imreoir céanna a raibh
an oiread sin clampair faoin gcaoi ar caitheadh chun talaimh é go dleathach le linn cluiche a imríodh i gcoinne na hAstráile faoi rialacha idirnáisiúnta an fómhar seo caite?
Fadhbanna leis an gcóras
Ach is í an fhadhb is mó atá ag CLG ná seasamh na n-imreoirí, na mbainisteoirí agus na n-oifigeach i leith na rialacha agus an chórais smachta.
oirníodh an oiread sin sagart ina chuideachta
some many priests were ordained along with him
Tháinig sé ar an saol sa bhliain 1897 agus
oirníodh an oiread sin sagart ina chuideachta i Má Nuad sa bhliain 1925 nach raibh go leor oibre le fáil acu i bparóistí na hÉireann.
an oiread sin anainn
that much pineapple
Is deoch mhilis dhonn é L&P, atá cosúil le Lilt ach gan
an oiread sin anainn inti.
an oiread sin airgid
so much money
Ach ag an am céanna, mar gheall ar go raibh
an oiread sin airgid le caitheamh ag an gciste in aon iarracht amháin, thiomáin sé rátaí na saoroibrithe in airde ar fad ar fad – ceamaradóirí, eagarthóirí, stiúrthóirí srl.
an oiread sin brú orthu.
so much pressure on them.
”Ó thaobh TG4 é féin de, bíonn sé deacair a bheith cáinteach faoi chomh híseal is atá a mbuiséid, a deir Irial, ach tá léiritheoirí ag éirí cáinteach anois toisc go bhfuil
an oiread sin brú orthu.
an oiread sin gearán
so many complaints
Coláiste Odious Gael a bheas mar láthair ag an halla damhsa nó ní bheidh an Coláiste in úsáid níos mó de thairbhe
an oiread sin gearán a rinneadh faoi dtaobh den mhí-iompar a bhíonn ag dul ar aghaidh ann.
an oiread sin daoine
so many people
In áiteanna áirithe sa Pholainn, bhí fonn vótála ar
an oiread sin daoine go raibh easpa páipéar ballóide ar fáil agus ba ghá na hionaid vótála a choimeád ar oscailt níos déanaí ná an t-am a bhí socraithe.
nach bhfuil an oiread sin cur amach agam
I am not that familiar with, knowledgeable about
”
Caithfidh mé a admháil nach raibh sé i gceist agam ar dtús léirmheas a scríobh ar an saothar seo – níor shíl mé go mbeinn cáilithe lena haghaidh mar gheall ar
nach bhfuil an oiread sin cur amach agam ar chúrsaí filíochta.
an oiread sin brú
so much pressure
Ceacht tábhachtach atá san eachtra seo do chomhlachtaí idirlín go ginearálta, ach bíonn
an oiread sin brú ar sheirbhísí áirithe idirlín airgead a shaothrú dá scairshealbhóirí go bhfuil gach seans ann go ndéanfaidh comhlachtaí eile na botúin chéanna arís amach anseo.
an oiread sin tionscadal eile
so many other projects
“Iarradh orm an jab a dhéanamh den chéad uair anuraidh agus bhí leisce orm glacadh leis mar go raibh
an oiread sin tionscadal eile idir lámha agam,” ar sé.
nach raibh an oiread sin leabhar neamhfhicsin
that there weren't that many Irish language non-fiction books
Ní luaithe mé ag gearán
nach raibh an oiread sin leabhar neamhfhicsin ar fáil i nGaeilge agus seo chugam anois ceann eile – *Dúirt Bean Liom* (Coiscéim, €7.
Mar gheall ar go bhfuil an oiread sin spéise á léiriú ann,
because there is so much interest being shown in it
Mar gheall ar go bhfuil an oiread sin spéise á léiriú ann, ní haon ionadh é go bhfuil comhlachtaí agus eagraíochtaí móra gnó san fhíorshaol – Reuters, Nike agus Sony, cuir i gcás – ag teacht i dtír ar an fheiniméan, agus tá leithéidí úinéirí dánlann ealaíne agus ealaíontóirí i measc iad siúd ar mian leo a gcuid féin den ghnó a bheith acu.
dhá oiread an méid sin.
twice that amount
"
Measann siad go gcailleann na híobartaigh £850 an duine ar an meán, ach go minic, cailleann daoine aosta
dhá oiread an méid sin.
agus an oiread sin léitheoirí
and that many readers
Ní féidir "dul chun cinn" a thabhairt air sin,
agus an oiread sin léitheoirí fós ag léamh nuachtán ar an mbealach traidisiúnta.
an oiread sin béime
that much emphasis
Polasaithe eagarthóireachtaNí dóigh liom gur féidir le nuachtán a thugann "nuachtán náisiúnta" air féin
an oiread sin béime a chur ar scéalta Tuaisceartacha i gcónaí.
In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán
despite the fact that not that much interest was shown in the film
Níor caitheadh ach €100,000 ag déanamh an scannáin - suim airgid nach n-íocfadh as na costais lónadóireachta ar an gcuid is mó de na scannáin a léirítear in Hollywood!
In ainneoin nár léiríodh an oiread sin spéise sa scannán nuair a taispeánadh é ar an bhfód dúchais i dtosach, bhuaigh an stiúrthóir, John Carney, gradam ag an Sundance Film Festival i 2007.
thug sé an oiread sin inspioráide dom
it gave me that much inspiration
Dúirt an chéad fhear a luadh: “Chonaic mé scannán beag dar teideal *Once* le gairid agus
thug sé an oiread sin inspioráide dom nach gcuirfeadh sé isteach orm mura mbeinn in ann scannán eile a fheiceáil ar feadh an chuid eile den bhliain.
an oiread sin spéise
that much interest
Níor caitheadh ach €100,000 ag déanamh an scannáin - suim airgid nach n-íocfadh as na costais lónadóireachta ar an gcuid is mó de na scannáin a léirítear in Hollywood!
In ainneoin nár léiríodh
an oiread sin spéise sa scannán nuair a taispeánadh é ar an bhfód dúchais i dtosach, bhuaigh an stiúrthóir, John Carney, gradam ag an Sundance Film Festival i 2007.
ag tnúth an oiread sin
looking forward that much
Agus mar sin ní rabhas
ag tnúth an oiread sin leis an dlúthdhiosca seo.
an oiread sin teagmhála
very much contact
Thiocfaí a rá nach mbíodh
an oiread sin teagmhála idir na heagraíochtaí Gaeilge in Éirinn agus gluaiseacht na teanga sna Stáit Aontaithe, i gCeanada nó i dtíortha eile roimhe seo.
an oiread sin machnaimh agus oibre
so much thought and work
“Tá
an oiread sin machnaimh agus oibre i ndiaidh a bheith déanta ar an gclár seo gur ait liom go mbeidh sé le feiceáil, faoi dheireadh thiar thall, i gceann cúpla lá.
bhí an oiread sin eagla air
he was so frightened
Seoladh bagairtí báis chuige féin, bagraíodh ar a bhean
chéile agus ar a pháistí agus sa deireadh,
bhí an oiread sin eagla air gurbh éigean dó Léim a Mhadaidh a fhágáil.
an oiread sin rialacha
not too many rules
Níl
an oiread sin rialacha ag baint leis an chóras, ach tá gach uile cheann de na moltaí thíos iontach tábhachtach:
- Bíodh na dea-rúin féin iomlán míréasúnta.
scartha an oiread sin
so split
Bí ag caint ar bhailchríoch a chur ar scéal - *unfinished business!*
Sracadh na Dála
=========
Beidh coimhlintí sa chéad Dáil eile idir Sinn Féin agus Fine Gael mar tá an dá pháirtí
scartha an oiread sin ó thaobh idé-eolaíochta de, ach beidh sé suimiúil a fhail amach cad é mar a throidfidh Fianna Fáil in éadan Shinn Féin agus iad ag roinnt na hidé-eolaíochta céanna.
an oiread sin focal iasachta
so many foreign words
)
Bhi ionadh orm
an oiread sin focal iasachta a fheiceáil sa tSeapáinis.
an oiread sin
so much
Ní hiontas é go bhfuil
an oiread sin páipéarachais cruinnithe ag an Uigeannach a bhí ina léachtóir ollscoile ar feadh i bhfad go dtí gur roghnaigh sé bealach na polaitíochta.
an oiread sin sonais
such happiness
Mar atá a fhios againn, ba iad Tuatha Dé Danann a bhunaigh an Phoblacht i 1921 nuair a spréigh siad púdar draíochta ar chuid mhór d'Éirinn, éacht a chruthaigh
an oiread sin sonais agus só go raibh na Sasanaigh deasa in ann filleadh chun an bhaile!
Ach níor bhain an smúit draíochta cuid de thuaisceart na tíre amach agus d'éirigh na daoine ansin feargach agus thosaigh ag bualadh a gcomharsana, daoine macánta a shíl gur leo an áit.
nach mbeidh an oiread sin
there won’t be as many
**SÓC: An mbíonn drámaí Gaeilge ar siúl agaibh ar bhonn bliantúil?**
JG: Bíonn de ghnáth ach ar nós gach eagraíocht, bíonn blianta ann agus bíonn a lán ar siúl agus blianta eile
nach mbeidh an oiread sin.
an oiread sin
as much as that
Bhí duine de na daoine is sinsirí sa pháirtí, Alban Maginness, páirteach sna cainteanna a tháinig ar an tsocrú agus ainneoin gur chinn a comhghleacaí SDLP, Alex Atwood a raibh cúram fhorbairt Girdwood air agus é ina Aire sa Roinn Forbartha Sóisialta, gur cheart go mbeadh 220 teach tógtha ar an suiomh - do Chaitlicigh amháin, is cosúil - ní thógfar
an oiread sin tithe ach níl a fhios ag aon duine cá mhéid go fóill.
an oiread sin eachtraí aisteacha
so many strange incidents
Tá
an oiread sin eachtraí aisteacha, aduaine, éagsúlacha i ndiaidh tarlú in Éirinn le mí anuas go bhfuil Balor an Bhéil Bhinn ag dul thart mar a bheadh madadh an dá eireaball ann, é idir dhá chomhairle (nó dhá chomhairle dhéag, b’fhéidir) faoi na scéalta a gcaithfidh sé a shúil nimhe orthu an iarraidh seo.
an oiread sin
so much
Meabhraím ar na chéad daoine a leag cos sa taobh seo agus ar chuir a áilleacht faoi dhraíocht iad
an oiread sin gur fhan siad ann agus thóg clann ann.
nach bhfuil an oiread sin Gaeilge aige
who doesn’t have a lot of Irish
Rinne cara liom,
nach bhfuil an oiread sin Gaeilge aige, iarratas ar TG4 le hairgead a fháil chun clár a dhéanamh.
Ní haoibhinn an ceol é sin ach an oiread
that’s not nice to hear either
Ní haoibhinn an ceol é sin ach an oiread toisc gur chruthaigh an t-aitheantas dleathach sin deacrachtaí ilghnéitheacha don choimcne Gaelach.
Tá an oiread sin ag titim amach
so much is happening
An Fuadar nach bhFeictear
==========
Tá an oiread sin ag titim amach i saol Julie gurbh éigean di beirt a fhostú le cuidiú léi cúrsaí gnó a láimhseáil, cúrsaí a théadh sí i ngleic leo í féin roimhe seo.
an oiread sin isteach air
(disturbed) him so much
Tháinig an scríbneoir Charles Dickens ar na freascónna seo agus é ar cuairt sa Róimh i 1846 agus chuir na híomhánna foréigin seo
an oiread sin isteach air gur scríobh sé:
“A leithéid de bhrúidiúlacht agus d’uafás, ba dhoiligh le héinne a shamhailt ina chuid brionglóidí, fiú dá mbeadh muc iomlán ite aige dá shuipéar agus í amh.
nach mbeadh an oiread sin deifir orthub é sin
they wouldn’t be in such a rush
Daoine a cheap go raibh an teoiric go maith ach i ndáiríre, dá dtiocfadh sé chuige go raibh orthub a gcuid maoine a roinnt amach le daoine a bhí níos measa as,
nach mbeadh an oiread sin deifir orthub é sin a dhéanamh.
níl an oiread sin dúile agam sa chluiche as féin
I’m not greatly enthused by the game itself
Maidir le sacar Shasana,
níl an oiread sin dúile agam sa chluiche as féin.
an oiread sin páistí thall
so many children over there
Nach bhfuil feachtas ar siúl agat sna Stáit Aontaithe mar go bhfuil
an oiread sin páistí thall ag titim i bhfeoil? Caidé a thugtar ar an fheachtas sin?**
Michelle: Bhuel tá feachtas ag Barack a bhfuil No Child Left Behind air, a Bhaloir.
an oiread sin spéise
so much interest
Sin an fáth go mbíonn
an oiread sin spéise nuair a sheoltar iPhone nó iOS nua: déanfaidh na feabhsúcháin difríocht inbhraite sa saol laethúil.
ar mharaigh sé an oiread sin daoine
he killed so many people
An Mheánaicme
======
Ach ba é an líne ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm ná an freagra a thug saighdiúr de chuid an Khmer Rouge nuair a fiafraíodh de cad chuige
ar mharaigh sé an oiread sin daoine.
chuir mé an oiread sin béime san abairt seo
I noted this sentence so much
Cad chuige ar
chuir mé an oiread sin béime san abairt seo?
Mar ba é ceannlíne cead leathanaigh an *Irish News* an lá sula bhfaca mé an dráma ná “*Loyalist killers 'targeted middle-class Catholics.
ní raibh an oiread sin cúlra ná taithí dráma ag gach duine
not everyone had that amount of drama experience or background
Nuair a thosaigh Kalanna a gcuid ceardlann, “
ní raibh an oiread sin cúlra ná taithí dráma ag gach duine – ní raibh ach beirt i mbun íomhá, agus taithí faisnéise is mó a bhí acu”.
an oiread sin ar meisce
so drunk
An raibh an BBC i mBéal Feirste
an oiread sin ar meisce gur chaill gach tuairisceoir dá chuid an scéal faoi mharú Roseanne Mallon, máthair mhór 74 bliana d’aois, go raibh baint ag an ghléas airm lenar maraíodh í le sé cinn de mharuithe eile, go raibh sé mar chuid den lastas a thug an spiaire Briotanach, Brian Nelson, go hÉirinn.
Agus an oiread sin againn
as so many of us
Agus an oiread sin againn ag teacht le chéile mar chairde, ní mór dúinn cuimhneamh ar dhaoine atá faoi strus, daoine atá ina n-aonar, nó daoine atá scartha uathu siúd is ansa leo.
a thug an oiread sin anró orainn
which gave us so much hardship
Cuideoidh sé seo, tá súil agam, leis an tsochaí agus leis an ngeilleagar seo ’gainne a bhogadh ar aghaidh ón leagan amach
a thug an oiread sin anró orainn agus a bhrúigh an oiread sin íobartha orainn.
a bhrúigh an oiread sin íobartha orainn
which forced so much suffering on us
Cuideoidh sé seo, tá súil agam, leis an tsochaí agus leis an ngeilleagar seo ’gainne a bhogadh ar aghaidh ón leagan amach a thug an oiread sin anró orainn agus
a bhrúigh an oiread sin íobartha orainn.
an oiread sin de
so many of
Tá leithscéal ag Balor a bheith ag ceiliúradh fhéile dhorchadas na bliana agus é ina phágánach chruthanta agus ina Fhomhórach dílis, ach cén leithscéal atá ag
an oiread sin de mhuintir na hÉireann nach bhfuil sásta an focal Nollaig féin a úsáid níos mó? Tá nósanna cainte Mheiriceá ag teacht isteach in Éirinn ar cosa in airde.
abairt a bhfuil an oiread sin doiléire
a sentence so indistinct
“Tá fíordhul chun cinn déanta againn ar cheist na mórshiúlta agus ar an am atá thart,” arsa Haass, Dé hAoine, “ach ‘we shall see where we come out on flags’ -
abairt a bhfuil an oiread sin doiléire inti go bhfuil sí do-aistrithe ach is léir gurb í ceist na brataí an ceann is doréitithe.
bhfuil an oiread sin saoirse againn
we have so much freedom
An rud is ansa liom faoi Bheoga ná go
bhfuil an oiread sin saoirse againn mar cheoltóirí ó thaobh tionchair agus stíle de.
an oiread sin
(not) so much
**CMacS: Sula bhfuair tú an post cén sórt eolais a bhí agat ar Ghael Linn mar eagraíocht?**
AÓC: Ní raibh
an oiread sin eolais agam ar obair Ghael Linn.
d’inis sé an oiread sin dúinn
he told us so much
Chan fhaca mise, mar a dúirt mé, script teilifíse riamh agus ní raibh a fhios agam an dóigh le dul ina bhun, ach
d’inis sé an oiread sin dúinn ag an tús agus an dóigh le scripteanna a scríobh.
an oiread sin staire
so much history
Is breá liom na daoine, na dathanna, agus tá
an oiread sin staire ag baint leis an Iodáil.
ag tabhairt an oiread sin airde
giving that much attention
Ach níl muintir na tíre seo
ag tabhairt an oiread sin airde ar an reifreann cinniúnach atá ag teacht chun cinn, mar a mhíníonn Breandán Delap.
an oiread sin rudaí maithe
that many good things
Ach más fíor sin, cén fáth nach bhfuil
an oiread sin rudaí maithe ag tarlú? Pléann Robert McMillen an scéal.
an oiread sin teagmhála
very much contact
Roimhe seo, ní raibh
an oiread sin teagmhála idir lucht ghluaisteacht na Gaeilge in Éirinn agus pobail na teanga thar lear.