Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Beartaíodh ar an ainm seo this name was decided upon
" Beartaíodh ar an ainm seo chun an comhthéacs Albanach-Éireannach a léiriú mar aon le neamhsheicteachas an chlub.
in ainm is a bheith ar dualgas supposed to be on duty
" Dúirt O’Dowd go raibh sé ag ól ag am a bháis i dteach leanna i Leifir i gcuideachta garda eile, Pádraig Mulligan, a bhí in ainm is a bheith ar dualgas ag an am.
in ainm is dul ar an aer supposed to be broadcast
" Ach, má cheapann tú go raibh an tslí ar léiríodh na hÉireannaigh agus na Caitlicigh sa chlár míchuí, agus nár cheart do Chaitliceach as “drochpháirt d’Éirinn”, Liam Neeson, bheith páirteach ina leithéid de chlár, smaoinigh air seo: Bhí an eipeasóid seo de chuid *The Simpsons *in ainm is dul ar an aer i mí an Aibreáin.
in ainm is a bheith ar dualgas supposed to be on duty
" Dúirt O’Dowd go raibh sé ag ól ag am a bháis i dteach leanna i Leifir i gcuideachta garda eile, Pádraig Mulligan, a bhí in ainm is a bheith ar dualgas ag an am.
ghlaodh sé as a ainm ar gach aon duine he would name every single person
" Agus thagadh sé isteach an dara lá agus ghlaodh sé as a ainm ar gach aon duine des na trí fichid sin.
agus gur báistíodh ainmneacha aite ar na carranna bochta and that the poor cars were christened strange names
" Is cinnte nach bhfuil na figiúirí seo ach go measartha (agus gur báistíodh ainmneacha aite ar na carranna bochta), ach is leor iad le mórán gearrthuras laethúil a dhéanamh.
in ainm is a bheith ar fáil go flúirseach supposed to be widely available
" ” Is cinnte nach é Hirst an t-aon ealaíontóir atá faoi ionsaí ag na falsaitheoirí - tá na céadta prionta bréagach de shaothar na n-ealaíontóirí Chagall, Miró agus Dalí in ainm is a bheith ar fáil go flúirseach ar an mhargadh ealaíne.
áit ar bheannaigh sé de réir ainm do chuile dhuine san áit. where he greeted everyone in the place by name.
" I ndiaidh an agallaimh chuaigh muid go dtí bialann phlódaithe, áit ar bheannaigh sé de réir ainm do chuile dhuine san áit.
dírithe ar ainm an bhaile a athrú focused on changing the name of the town
" Bhí an feachtas dírithe ar ainm an bhaile a athrú ón leagan oifigiúil Gaeilge – An Daingean – go dtí leagan dátheangach Dingle Daingean Uí Chúis.
ainm a baistíodh ar name give to
" Bhí sé sin soiléir go fiú ón ainm a baistíodh ar an phlean.
ar a ainm ar an leac chuimhneacháin at his name on the commemorative plaque
" Bhí Steven Gerrard féin naoí bliana d’aois, ag freastal ar Acadamh Learpholl FC, nuair a chaill sé a chol ceathrar agus i dtiomnú dó ina dhírbheathaisnéis, déanann sé cur síos ar an dóigh go bhféachann sé ar a ainm ar an leac chuimhneacháin ag Anfield gach uair a théann sé ansin le cluiche a imirt: *“A shiver runs down my spine.
ar an té gan ainm on the nameless person
" ) Chas Rossa an cúiseamh trom faoi ‘chinedheighilt’ thart ar fad, go snasta agus i mbeagán focal, ar an té gan ainm a scríobh an t-alt san IT.
an t-ainm atá baistithe agam ar mo fhoireann the name I’ve called my team
" Na Slaiseadóirí Chun Páirce ============== ‘Slaiseadóirí’ an t-ainm atá baistithe agam ar mo fhoireann.
darbh ainm Ar Fheabhas called Excellent
" Anuas ar sin, tá forlíonadh nua oideachais darbh ainm Ar Fheabhas á fhoilsiú ag an Irish Independent an lá céanna.
mar ainm ar na críocha céanna feasta the name of the same territory from that point
" Thuar Cheiro go bhfillfeadh na Giúdaigh ar an bPalaistín agus go mbeadh Iosrael mar ainm ar na críocha céanna feasta.
tánn sibh imithe in ainm an diabhail ar fad you’re gone to blazes entirely
" Bhí ocht mbliana imithe is gan aon chraobh buaite ag Ciarraí, mar sin n’a’ héinne a bhuailfeá leo ar thaobh na sráide, déaraidís “tánn sibh imithe in ainm an diabhail ar fad, “níl aon mhaith ionaibh”, “ní bhuafadh sibh ar éinne” is mar sin de.
bhí m'ainm féin ar an gclár my name was on the program
" Agus bhí m'ainm féin ar an gclár an oíche áirithe seo le mil na héigse a dháileadh ar an bpobal idir dhá dhreas ceoil.
beidh ainm in airde ar shall be known
" Ach rachaidh fós, agus beidh ainm in airde ar Dic Jones i seacht gcríocha na héigse.
an t-ainm galánta atá baistithe ar the grandiose name given to
" ‘*Functioning Bilinguals*’ an t-ainm galánta atá baistithe ar na postanna seo.