Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
ar aon tuairim of the same mind
" Agus muid ag druidim le 2018, tá sé suimiúil go bhfuil na Sasanaigh agus na hÉireannaigh ar aon tuairim sa chás seo agus go bhfuil na haontachtaithe ina n-aonar.
ar aon tuairim of the same opinion
" Agus an rud a dúirt sí ná 'Mura rachadh sé amach, chuirfinn amach é!' Bhí siad ar aon tuairim go hiomlán faoi shaoirse na tíre agus faoi chúrsaí Gaeilge.
ar aon tuairim of the same opinion
" Tá na turasóirí, na hinimircigh agus bunadh na cathrach ar fad ar aon tuairim faoi rud amháin: go minic i Nua-Eabhrac, nuair is gá duit dul, ní féidir leat dul! Níl an chuma ar an scéal go dtiocfaidh aon athrú ar chúrsaí in 2004.
ar aon tuairim liom of the same opinion as I am
" Déarfainn go mbeadh gach uile dhreapadóir óg ar aon tuairim liom.
ar aon tuairim of one mind
" Cé nach bhfuil na saineolaithe ar aon tuairim maidir le sanasaíocht an fhocail ‘Berber,’ deir cuid acu gur ón bhfocal Laidine ‘barbarian’ a shíolraíonn sé.
ar aon tuairim agreed
" Cé nach bhfuil na saineolaithe ar aon tuairim maidir le sanasaíocht an fhocail ‘Berber,’ deir cuid acu gur ón bhfocal Laidine ‘barbarian’ a shíolraíonn sé.
bheadh ar aon tuairim would be of similar view
" ”* (Ar ndóigh is iomaí duine a bheadh ar aon tuairim le sin anois i bhfianaise an praiseach a rinne muid dár gcóras baincéireachta le traidfil blianta anuas!) Ach fán am ar thug Blair faoin phróiseas síochána bhí athruithe móra tagtha ar dheisceart na hÉireann, idir gheilleagar agus dul chun cinn i gcúrsaí cultúir is spóirt: *“In the space of a few years it was no longer the backward old South that was looked down upon, but the North.
ar aon tuairim le tátal in agreement with the conclusion
" An Staidéar Teangeolaíoch ============= **SMM: An bhfuil tú ar aon tuairim le tátal an Staidéir Teangeolaíochta a mhaíonn gurb é teann a dícheall go seasfadh an Ghaeltacht fiche bliain eile?** DMFh: Shuigh muid uilig suas nuair a chonaic muid sin, ach caithfidh mé a rá, mar fhear Ghaeltachta, gur dhúirt sé an rud a shíl mé féin, agus go leor eile, a bhí ag tarlú ins na ceantair Ghaeltachta, go bhfuil an teanga faoi bhrú ins an Ghaeltacht.
ar aon tuairim of one mind
" Conas a réiteodh? Nil éinne anseo ar aon tuairim faoi rud ar bith – daoine ar an eite chlé, daoine ar an eite dheis, daoine sa lár, creidmhigh, ainchreidmhigh, na seanscoilteanna go léir a bhí ann le linn na Seanré, táid ann i gcónaí.