Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
tá mé ar an dé deiridh agat I'm at the end of my wits with you
" "Treabh fríd an chomad sin anois," arsa seisean, " nó tá mé ar an dé deiridh agat.
Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh When you give up your rights for security, you wind up having neither
" Chun casadh a bhaint as cuid focal duine de "aithreacha bunaithe na tíre": Nuair a ghéilleann tú do chuid ceart ar mhaithe leis an tslándáil, ní bhíonn ceachtar agat sa deireadh".
ar an dé deiridh on its last legs
" Cén fáth ar bunaíodh é? Bhí an seanchóras oideachais trí mheán na Gaeilge ar an dé deiridh ag an am.
ar an dé deiridh on his last legs
" An mhí seo caite, scríobh mé fán bharúil a bhí ann go raibh David Trimble ar an dé deiridh, foighid caillte ag Baile Átha Cliath leis agus fiú Londain ag éirí éiginnte fá cheannaireacht s'aige ar a pháirtí féin agus ar phróiseas na síochána go ginearálta.
ar deireadh in the end
" Dúirt mé leis go ndéanfainn mo dhícheall agus ghlac sé liom ar deireadh.
ar an dé deiridh about to die out
" Tá an trosc ar an dé deiridh: dá nglacfaí le comhairle na n-eolaithe ní bheadh cead oiread is ceann amháin a thabhairt i dtír i mbliana.
an meall is mó ar deireadh last but not least
" Agus an meall is mó ar deireadh: tá drogall ar na Gearmánaigh a admháil gur chlis ar an gcóras a rabhadar chomh bródúil sin as.
ní raibh ar thús nó dheireadh Joan all Joan thought about
" De réir mar ba chuimhne le hAifric é, ní raibh ar thús nó dheireadh Joan ach aclaíocht agus spórt an uair sin.
ar deireadh thiar thall at long last
" Tá creidiúint mhór ag dul do na gardaí - ar deireadh thiar thall, a deir tú, agus an ceart ar fad agat - as fiosrúchán mall a dhéanmah chomh foighdeach sin.
go maith chun deiridh ar an chuid eile way behind the others
" Ní raibh mórán ar an liosta, ach go dtí an lá inniu bhí Dónall go maith chun deiridh ar an chuid eile.
ag baint deireadh dúile do tharrtháil de chineál ar bith giving up all hope of any sort of rescue
" Nuair a bhí Fionntán ag baint deireadh dúile do tharrtháil de chineál ar bith, dúirt Ruán: "Sílim go n-aithním an focal ar fheoil ansin - feoil rósta.
ar an dé deiridh on its last legs
" I gcomparáid le gníomhaíocht an IRA le 35 bliain anuas, is léir don dall go bhfuil an paramíliteachas ar an dé deiridh.
ar an dé deiridh at death's door
" Samhlaigh an fear nó an bhean bhocht, ar an dé deiridh, ag rá i nguth lag: “Is mór an trua nár chaith mé níos mó ama le mo chomhghleacaithe.
Tá réiteach agamsa ar dheireadh I have a solution for everything
" Tá réiteach agamsa ar dheireadh,” arsa Pól.
ar an dé deiridh on his last legs
" Cúig bliana ar aghaidh, agus Milosevic ar an dé deiridh, bhíodar fós ag treabhadh leo.
ar an dé deiridh on their last legs
" Ach cibé rud faoin atógáil nó faoi smacht a chur ar fhás phoipíní an chodlaidín féin, is léir do chách gurb é an feachtas míleata in éadan na dTalabanach - na Talabanaigh sin a bhí ar an dé deiridh ceithre bliana ó shin, a maíodh san am – an cúram is práinní agus is marfaí atá ag arm Cheanada ann.
agus go bhfuiltear ag smaoineamh ar dheireadh a chur leis ar fad. and that ending it completely is being considered.
" Tragóid Is é an feall é, dar liom , gur ligeadh Comórtas Chorn an Bhóthair Iarainn i ndearmad beagnach agus go bhfuiltear ag smaoineamh ar dheireadh a chur leis ar fad.
deireadh a chur ar fad leis an ólachán to put an end to drinking
" Go bhfios dom, níl sé mar aidhm ag na Gardaí deireadh a chur ar fad leis an ólachán agus mholfainn dóibh discréid a léiriú san ghné seo dá bhfeachtas.
nach bhféadfaí na teangacha a bhí ar an dé deiridh a athbheochan that the languages that were moribund could not be revived
" ”Bhí Krauss ar dhuine de na daoine a bhunaigh an tIonad Teangacha Dúchasacha agus chuir sé féin agus a chomhghleacaithe rompu teangacha Alasca a dhoiciméadú mar gur mheas siad nach bhféadfaí na teangacha a bhí ar an dé deiridh a athbheochan gan taifead maith a bheith ar fáil díobh.
ar an dé deiridh. on its last legs.
" Naoi mbliana d’anró is easpa a bhí ann agus an ghluaiseacht dhaonlathach ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an gcóras cumannach a bhí ar an dé deiridh.
ar an dé deiridh on its last legs
" Ní fada ó rinne Royal Bank of Scotland (banc a bhí ar an dé deiridh scór bliain ó shin) an táthcheangal is mó i stair na baincéireachta nuair a cheannaigh siad ABN Amro ar $99.
i bhfad chun deiridh ar Romney féin who was far behind Romney himself
" Níor lú an t-iontas a bhí orthu nuair a d'éirigh sé as an rás, ag géilleadh don mhinistir Baisteach Mike Huckabee a bhí i bhfad chun deiridh ar Romney féin agus ar an móriarrthóir, John McCain.
chinn sí ar dheireadh tragóideach a chur lena saol. she decided to tragically end her life.
" Ní raibh sí in ann an sciolladh a fhulaingt níos mó agus chinn sí ar dheireadh tragóideach a chur lena saol.
ar deireadh thiar, in the end
" Déanann rialtas na hÉireann faillí i Lios na gCat ach cuidíonn brú na rialtas idirnáisiúnta le feachtas an phobail agus ar deireadh thiar, géilleann an rialtas dó agus fógraítear go gcaomhnófar Lios na gCat mar pháirc náisiúnta.
chun deiridh ar an tsean-namhaid. behind the old enemy
" Le fiche bliain anuas, tá lámh in uachtar i ndiaidh a bheith ag na hAstrálaigh ar an mBreatain, ach amháin an iarraidh seo nuair a chríochnaigh siad chun deiridh ar an tsean-namhaid.
ar an dé deiridh giving its last gasp
" Bhí an stíl ar an dé deiridh an uair sin, gan aon duine óg á chleachtadh.
ar deireadh eventually
" Is í a ngnáthaonaracht a thugann slánú agus iomlánú don mbeirt, agus tré chumhacht shlánaithe na healaíne, slánaítear sinne - an lucht féachana - ar deireadh.
ar an dé deiridh on the way out
" D'fhan sé sa bhaile, ach seans gur léiriú é sin go bhfuil a thodhchaí rialtais ar an dé deiridh.
ar deireadh finally
" Bhain mé ceann scribe amach ar deireadh, Baile Átha Luain, i gcroílár na hÉireann, áit a bhfuair mé féin agus an rothar an traein ar ais go Baile Átha Cliath.
ar deireadh finally
" Bodach na Saoirse Bréagaí Agus nárbh í an ghlúin sin páistí, ar ball, a leanfadh Ostarach eile go leaca fuara Ifrinn, agus tharstu? Ní ardaíonn Haneke an cheist sin sa scannán a bhain an Palme d’Or i Cannes ar deireadh dó i mbliana.
ar deireadh getting nowhere
" Is deas an rud é dar liom, sos a ghlacadh ón tsaol atá i gcónaí faoi dheifir (agus i gcónaí ar deireadh dá réir), agus ár n-intinn a dhíriú orthu siud a chuaigh romhainn agus ar an tionchar a d'imir siad orainn, nó ar an ghrá a thug siad dúinn.
ar an dé deiridh on (its) last legs
" Chualamar na scéalta céanna fiche uair: go bhfuil an Ghaeilge ar an dé deiridh mar theanga phobail sa Ghaeltacht, go bhfuil deighilt mhór idir pobal labhartha Ghaeilge na Gaeltachta agus lucht Gaeilge na cathrach, agus gur orthu siúd, Gaeilgeoirí na mbailte, a bheidh todhchaí na Gaeilge ag brath.
ar deireadh thiar thall eventually
" Ní éileodh duine nár fhág Boca Canasta riamh a leithéid de chúnamh ar na húdaráis, ach de bharr na taithí a fuarthas i mBostún, iarradh cabhair ar an rialtas agus géilleadh ar deireadh thiar thall, don éileamh.
Ar deireadh finally
" Is í an cheist atá ar bhéal gach duine, cén fáth a ndéanfadh gasúr a leithéid? Ar deireadh, an scéal faoi bhean naoi mbliana is trí scór d’aois agus cónaí uirthi i gceap árasán in Épinay-sous-Sénart, baile atá gar go maith do Pháras.
ar an dé deiridh on her last legs
" Is ar éigean gur luadh ceist na Gaeltachta le linn an fheachtais toghcháin, cé go bhfuil sí ar an dé deiridh, ach pléadh ceist na Gaeilge éigeantaí sa gcóras oideachais.
ar an dé deiridh on his last legs
" Mhaígh dlíodóir cosanta Hicks, Major Michael Mori, a ceapadh ag Roinn Cosanta SAM, go raibh Hicks ar an dé deiridh faoin am agus go nglacfadh sé le haon chúiseamh le héalú ón gcruachás ina raibh sé dá bharr.
Tháinig an cóiste ar deireadh the bus came finally
" Tháinig an cóiste ar deireadh le mé a thabhairt ar ais chuig an stáisiún mór gaisciúil, agus ní fada go raibh mé ar an Thalys, siúl 250 ciliméadar san uair faoin traein chéanna soir i dtreo Bonn na Gearmáine arís.
tiocfaidh rud éicint as ar deireadh something will come of it finally
" Má chuirfimid le chéilí, tiocfaidh rud éicint as ar deireadh agus go mbeadh rud éicint fágtha thiar ag an dream óg le coinneáil ag imeacht.
mb’fhéidir go bhfuil bláth ag tíocht faoi dheireadh ar maybe about to bloom at last
" Is ábhar dóchais, don té atá ag santú síochána, go mb’fhéidir go bhfuil bláth ag tíocht faoi dheireadh ar an lus a cuireadh nuair a shocraigh Sinn Féin éirí as an gcogaíocht agus dul le polaitíocht.
Ar deireadh finally
" Ar deireadh, cé acu atá ceart: leatham nó leath ama? Leathphingin nó leath pingne, leathphunt nó leath puint, leathdhoras nó leath dorais? Tá mearbhall orm leath an ama ach is ag leatham a bhíonn sos nach ea?
ag cuimhneamh ar dheireadh a chur lena ballraíocht considering terminating its membership
" Bhí údar teannais eile idir na tíortha le linn thréimhse Kiernan abhus mar go raibh Éire ag cuimhneamh ar dheireadh a chur lena ballraíocht sa Chomhlathas agus í ag bogadh i dtreo na poblachta.
tá deireadh a ré ar ghort an bhaile its end time is not far off
" Nuair nach bhfuil idir lámha ag impireacht an iarthair ach marú ar mhaithe lena córas coigistithe amábhair agus cead píblínte, bíodh nach bhfuil na comharthaí soirt air féin go feiceálach, tá deireadh a ré ar ghort an bhaile.
oiread na fríde eatarthu ar deireadh nothing between them at the end
" Ní bheidh oiread na fríde eatarthu ar deireadh, cúilín nó dhó cheapfainn.
ar deireadh finally
" An Comhrá Binse ====== “Níochán carrannaí,” a deirimse ar deireadh.
Gaeilge ar an Scáileán Faoi Dheireadh Irish on the screen(s) at last
" Gaeilge ar an Scáileán Faoi Dheireadh ================== **SMM: Chonaic tú na 1970aidí agus na 80aidí nuair nach mbíodh ach leath uaire an chloig Ghaeilge ar an teilifís in aghaidh na seachtaine sa samhradh.
Tig an Fhírinne Amach ar Dheireadh the truth must out in the end
" Tig an Fhírinne Amach ar Dheireadh ============ Ach ní leor a bheith ag gearán - bhí orm fianaise a fháil chun a chruthú go raibh Gaeilge ag formhór na nÉireannach a tháinig i dtír i Learpholl sa 19ú aois.
nó tá deireadh ar fad caillte or it has lost all (purpose)
" Ní féidir foras mar sin géilleadh don Bhéarla nó tá deireadh ar fad caillte.
ar deireadh thiar thall finally
" Agus ar deireadh thiar thall an mbainfeadh an riail seo amach an aidhm atá léi, mar atá, líon na n-inimirceach atá ag cur fúthu sa Bhreatain go neamhdhleathach a laghdú? Beartais Imirce a Scarann Teaghlaigh ================= Tá riail eile i bhfeidhm sa Bhreatain, ó mhí Iúil na bliana seo caite, nach ligeann do shaoránach Briotanach páirtí ó thír lasmuigh den Aontas Eorpach a thabhairt chun cónaí sa Bhreatain, mura bhfuil tuarastal bliantúil £18,600 ar a laghad ag an saoránach sin.
mbeifeá ar leathchluais ag an deireadh you’d be senseless in the end
" D'fhéadfá do dhinnéar a ithe ar ag an gcaoi seo gach lá más maith leat, ach seans maith go mbeifeá ar leathchluais ag an deireadh! Measaim féin go ndírítear ar ghnéithe diúltacha na heisimirce go rómhinic sna meáin, um Nollaig ach go háirithe - gur sinne 'glúin na heisimirce', imirce daoine oilte, briseadh croí máithreacha na tíre a fágtar inár ndiaidh srl.
ar lá deiridh the other day
" Bhí siúlóid mhór eile aniar as an Spidéal ar lá deiridh a fhad le hoifigí Roinn na Gaeltachta sna Forbacha.
Ar deireadh finally
" Ar deireadh feictear domsa go bhfuil daoine ag glacadh céimeanna, go bhfuil coistí pleanála teanga ag teacht chun cinn sa Ghaeltacht, go bhfuil an pobal féin ag glacadh seilbhe ar an teanga.
beidh deireadh linn ar fad we’re finished
" Is fíor go bhfuil díomá orainn, ach má fhaigheann an tsoiniciúlacht an lámh in uachtar ar an dóchas, beidh deireadh linn ar fad.
ag cur deireadh le lúb ar lár ending a loophole
" B’é an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Brendan Howlin, a rinne an cinneadh agus maíodh gur ag cur deireadh le lúb ar lár sa chóras a bhíothas.
m’alt deiridh seolta ar aghaidh my last article sent of
"m’alt deiridh seolta ar aghaidh agam ’uig eagarthóir Ghaelscéal, le foilsiú san eagrán deiridh den nuachtán seachtainiúil Ghaeilge.
an gcló deiridh a buaileadh ar the latest bout of printing
" Saint agus easpa saibhris a thugann orthu cloí leis an chóras reatha agus leis an gcló deiridh a buaileadh ar nótaí páipéir faoi ainm an dollair, níl ann ach ceist ama go dtige an crú ar an tairne.
ar an dé deiridh finished, on its last legs
" Tamall gairid ó shin, bhí an chuma ar an scéal go raibh an nuachtán (i)Lá Nua(/i) ar an dé deiridh.
súil ar an saothar deiridh seo a look at the latest piece of work
" Chaith John-Paul Mc Carthy súil ar an saothar deiridh seo.
ar an chinneadh deireadh a chur leis at the decision to end
" Amharcann Breandán Delap ar an chinneadh deireadh a chur leis an Ghaeilge mar ábhar scrúdaithe i Sasana.
Thig an fhírinne amach ar deireadh the truth must out
"Thig an fhírinne amach ar deireadh’ a bhí mar sheanfhocal sa teanga seo chomh maith le teangacha eile.