Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
faoi choimirce under the auspices of
" Cathain a bunaíodh Gaillimh le Gaeilge agus cé a bhunaigh é? Bunaíodh Gaillimh le Gaeilge i 1987 faoi choimirce Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
faoi choimirce under the auspices of
" I measc an tsaothair a bheidh ar taispeáint, beidh péintéireacht ó Ollscoil an Tríú hAois, *installation* ó thionscadal a thosaigh an dánlann le hionad áitiúil ban agus saothar ar páipéar a tháinig ó dhaoine atá ag obair faoi choimirce an Bhoird Shláinte sa chathair, atá ceangailte le fada leis an dánlann ar scéimeanna den chinéal seo.
faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála under the auspices of the World Trade Organisation
" Beidh sraith nua cainteanna ag tosú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála sa bhfómhar, agus beidh an cheist seo ina cnámh spairne idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe ann.
faoi choimirce under the auspices of
" Tráthúil go leor a bhí "The Raw Bar" agus suim pholaitiúil á cur sa cheol traidisiúnta; tá fochoiste faoi choimirce na Comhairle Ealaíon bunaithe anois ag an Aire Ealaíon, Spóirt agus Turasóireachta John O'Donoghue, Coiste Speisialta na nEalaíon Traidisiúnta.
faoi choimirce an rialtais under the auspices of the government
" Má éiríonn leis an Bille um Chlúmhilleadh a achtú, bunófar Comhairle Preasa neamhspleách, nach mbeadh faoi choimirce an rialtais.
faoi choimirce under the auspices of
" Cuimhnigh nach raibh Wisconsin aitheanta fiú mar “territory” (sé sin, dúiche faoi choimirce na Stát Aontaithe) go dtí 1836, agus aithníodh é mar stát den chéad uair in 1848.
faoi choimirce under the auspices
" I ndomhnach, tá sé ag teacht chun solais anois gur goideadh nó gur scriosadh go leor den airgead a chuir gnáthinfheisteoirí faoi choimirce na mbancanna agus na gcomhlachtaí airgeadais.
faoi choimirce under the auspices
" " Scríobh sé seo d'ainneoin cúig chraobh a bheith ag obair faoi choimirce Choiste Cheantair Learphoill de Chonradh na Gaeilge, ach réitíonn an ráiteas seo le tuairimí Corrigan, is dócha.
choimirce auspices
" Fógraíodh Dara Poblacht na Turcastáine Thoir faoi choimirce an Aontais Sóivéadaigh i 1944, ach i 1949 rinne Páirtí Cumannach na Síne réigiún Síneach de arís.
faoi bhrat under the flag/auspices
" Ní iontas ar bith é go bhfuil éad ina measc leis an méid atá bainte amach ag náisiúntóirí faoi bhrat an Chumann Lúthchleas Gael.
scáth auspices
" Bhí sé ina bhall de mhóriarracht idirnáisiúnta a cuireadh le chéile faoi scáth na Náisiún Aontaithe chun déileáil leis na fadhbanna iomadúla a d’eascair as an líon mór teifeach a d’fhág Ruanda tar éis an chinedhíothaithe.
faoi scáth under the auspices
" Cé nár bhain na forais trasteorainn le téarmaí tagartha An Bord Snip Nua, luaitear ina dtuarascáil go raibh próiseas ar siúl ag Feidhmeannacht Thuaisceart Éireann agus ag a gcomhghleacaithe abhus, faoi scáth na Comhairle Aireachta Thuaidh-Theas, le dul i ngleic le caiteachas na n-eagraíochtaí trasteorainn.
faoi scáth under the auspices
" Ghnóthaigh na hOileáin Mhic Cùga stádas neamhspleách sna 1960í, cé go dtagann siad faoi scáth na Nua-Shéalainne fós i dtaobh gnóthaí eachtracha agus gnóthaí cosanta.
faoi chúram under the auspices
" Cúbtha Siar ó Theas is ó Sholas ================== Cuid de na daoine a tháinig chuig dinnéar na Nollag faoi chúram Barka, bhí sé chomh fada ó bhí siad i gcomhluadar le daoine eile nach raibh sé de mhisneach acu dul thar an táirseach.
faoi chúram na sainaicmí creidimh éagsúla under the auspices of the various distinct religious congregations
" Ritheadh reachtaíocht sna sé choilíneach roimh neamhspleáchas a chuir toirmeasc ar státchabhair do na scoileanna príobháideacha, scoileanna a bhí faoi chúram na sainaicmí creidimh éagsúla.
faoi scáth under the auspices
" Múinteoireacht Mheasartha ============= An chéad chéim ná súil ghéar a leagan ar chúrsaí múineadh na Gaeilge i Meiriceá, agus rinneadh sin in Ollscoil Notre Dame anuraidh nuair a eagraíodh comhdháil faoi mhúineadh na Gaeilge faoi scáth Fhoras Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach san Ollscoil sin.
faoi bhrat na síochána under the auspices of peace
" Faitíos ba bhun le seasamh seo na Rúiseach, faitíos nach raibh i moltaí idirghabhála an Iarthair ach cleas chun a gcuid cumhachta sa réigiún a leathnú faoi bhrat na síochána, cumhacht a d’úsáidfí ina gcoinne arís amach anseo.
a tháinig le chéile faoi scáth which convened under the auspices
" A Chur Bealach an Gharraí =========== Mhol an mheitheal saineolaithe idirnáisiúnta a tháinig le chéile faoi scáth Fiontar DCU chun comhairle a chur ar an Rialtas roimh dhréachtadh Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge go mbeadh dhá ábhar éagsúla Ghaeilge ins an Ardteist.
faoi choimirce under the auspices
" Trí dul i gcomhairle le Comhaltas na Mac Léinn sna coláistí éagsúla, d’fhéadfaí pacáiste tacaíochta a chur ar fáil a chuirfeadh ar chumas chuile coláiste Oifigeach Siamsaíochta Ghaeilge a earcú, ar a mbeadh sé mar chúram air/uirthi ócáidí sóisialta is siamsaíochta a eagrú go rialta do chainteoirí Gaeilge sa choláiste, faoi choimirce Chomhaltas na Mac Léinn.
faoi stiúir under the auspices
" Thosaigh comhdháil i mBaile Átha Cliath faoi stiúir an Mary Robinson Foundation in éineacht le Rialtas na hÉireann i lár na míosa seo.
sraith a bhunú faoi scáth start a league under the auspices of
" Is féidir le duine ar bith sraith a bhunú faoi scáth Fantasy Premier League agus cuireadh a thabhairt do dhaoine eile tíocht isteach ar an tsraith leat.
faoi choimirce under the auspices
" Is sliocht as comhrá an t-alt seo, comhrá a eagraíodh mar chuid de thogra dar teideal Mná na nDéise atá ar siúl ag Catherine Foley faoi scéim sparánachta d’ealaíontóirí faoi choimirce Ealaín na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon.
faoi choimirce under the auspices
" An rud atá ag tarlú sa bPolainn anois, is ionann é nach mór agus an rud a tharla nuair a cuireadh na fleánna ceoil ar bun in Éirinn faoi choimirce Chomhaltas Cheoltóirí Éireann sna 1950í.
faoi choimirce na Náisiún Aontaithe under the auspices of the United Nations
" Áit a mbíodh iomrá le misin na saighdiúirí Ceanadacha faoi choimirce na Náisiún Aontaithe, tá sé ag dul i gcion ar phobal Cheanada de réir a chéile go bhfuil athrú suntasach ar ról a airm, a scríobhann Pádraig Ó Siadhail i Halifax na hAlban Nua.