Pota Focal Intergaelic
baog | bíol | bíos | bog | brog
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bíogtha stirred
" Gan mac an éin bheo ag cur isteach ar cheachtar againn ach ag goradh ár mbonnachaí os comhair gríosach bhreá chlochmhóna agus chaon duine againn bíogtha ag an gclár teilifíse a bhí ag ceiliúradh Oíche Chinn Bliana na mílaoise ar fud an domhain.
folach bíog hide-and-seek
" folach bíog, cos istigh, caitheamh le marc .
ar nós gasúirín a mbeadh folach bhíog ar siúl aige like a little child playing hide and go-seek
" Ansin chuaigh sé ar chúl géige, agus sheas sé comhthreomhar leis an ngéag, ag breathnú i leith faoi rún, mar a mheas sé, má mheas, ar nós gasúirín a mbeadh folach bhíog ar siúl aige.
agus a bhíogann an tsúil and which catches the eye
" Dúirt Enrique Juncosa, feighlí an taispeántais, gurb é a bhí sa saothar seo *“poetic amalgamation of found and constructed objects”* a spreagann an intinn agus a bhíogann an tsúil agus is mar sin a ardaíonn Cross díospóireacht dhúshlánach ar ábhair éagsúla ar nós pholaitíocht na n-inscní.
bhíog mo chroí startled me
" Ar ndóigh, ní stopann Deaidí na Nollag ag tabhairt cuairt ort agus tú sna fichidí, agus cheannaigh mé rud nó dhó dom féin fosta, mar sin! Ba é an chéad rud a bhíog mo chroí, nuair a rinne mé iarracht gach rud a dhingeadh isteach sa chás.
bhíogadh to rouse
" Dúirt Lorraine Mullaly, Stiúrthóir le Open Europe nach raibh ann ach píosa grinn gan aon chontúirt ann – go díreach an rud a bhí de dhith ar an Aontas Eorpach le rudaí a bhíogadh ina ndúiseacht.
bhaineann bíogadh which startle
" An féidir leis an matamaitic í a dhriogadh dúinn i bhfoirm dhíreach shimplí, foirmle a shlogann uimhreacha ar thaobh amháin di agus a chuireann os ár gcomhair amach radharc an rós ag bláthú, nó splanc an chló thintrí? Mar is léir ó na híomhánna ríomhghinte atá ar fáil ar an idirlíon, tá an cumas sin ann gan amhras, agus anuas air sin tá íomhánna á ndéanamh anois le cruthanna iontu nár shamhlaigh duine riamh, íomhánna a bhaineann bíogadh asainn lena gcuid áilleacht aduain.
Bíogadh is Bogadh starting up and moving
"Bíogadh is Bogadh Faoin Reophointe ================ De réir mar a bhí sé ag teacht in am don cheol, ba léir nach mbeadh mórán i láthair.
bhíog an domhan the world leapt
" Mullán cloiche a phléasc ón talamh aníos nuair a bhíog an domhan fadó fadó.
Bhí an ghealach ag imirt folach bíog the moon was playing hide and seek
" Bhí an ghealach ag imirt folach bíog linn ar chúl na scamall.
Caithfear bíogadh ó chainteoir go chéile one must jump from speaker to speaker
" Caithfear bíogadh ó chainteoir go chéile, maolú siar i dtreo an cheoil agus a bheith ag teannadh isteach is amach le ceamaraí ar chaon taobh le chéinne a choinneáil leat.
rud a bhíog croí an lucht féachana something which woke up the audience
" Roghnaigh Schama agallamh corraitheach le Sigmund Freud ar an mBBC ó 1938 mar sheoladh isteach don chéad chlár aige, rud a bhíog croí an lucht féachana.
Ní stopann mo ghlúin de bheith ag bíogadh my knee doesn’t stop jerking
" Ní stopann mo ghlúin de bheith ag bíogadh in am ar bith.
Bhíog mé I perked up
" Bhíog mé, mar is dóigh liom gur siosmaideach an dearcadh é sin i ré a mbítear ag moladh luí le teicneolaíocht in éineacht le droim láimhe a thabhairt do ‘chultúr’, amhail is a rá nár theagmhaigh cultúr agus an teicneolaíocht lena chéile sa saol riamh roimhe seo.