Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bladair cajolery
" Tá mé bréan de na brealláin bhradacha agus a gcuid bladair faoin bhligeardaíocht idir an bheirt bhómán sin Micí Mac Corr-thigh agus Roy Rogers Ó Catháin," a deir Balor an Buaiceálaí faoi lucht na meán cumarsáide nach bhfuil a dhath ar bith eile acu le scríobh nó le labhairt fá dtaobh de ach beirt iarpheileadóirí.
neart bladair plenty of blattering
" Cloisfear neart bladair faoin bhfeachtas sin ó pholaiteoirí áitiúla san iarthar idir seo agus lár na bliana seo chugainn, aimsir na dtoghchán áitiúil.
Bladair smart talk
" Seo mar a bhí scríofa: Réaltaí an Oireachtais ========= - Seisiún Ceoil le Meaití Jó Shéamuis agus Johnny Óg Connolly - Lúibín le Ray Mac Meánaois agus Joe Lena Ó Doornail - Seisiún Amhránaíochta le Gearóid Ó Mórghuth & Emer de Barra - Damhsa ar an Sean-Nós ar Bhairille le Brains Ó Cuinneagáin - Agallamh Beirte le Ray Mac Meánaois agus Joe Lena Ó Doornail - Tuilleadh Ceoil le Meaití Jó, Johnny Óg, Ray agus Gearóid - Ranganna Gaeilge Uladh le Joe agus Ray - Ranganna Gaeilge Bhaile Átha Cliath le Gearóid & Emer de Barra - Ranganna Seana-Ghaeilge Chonamara le Meaití Jó agus Johnny Óg - Ranganna Gaeilge Nua Mheiriceá le Brains Ó Cuinneagáin - Ranganna Bladair le Joe, Ray, Mí, Fá, Só, Lá… “In ainm Chroim!” arsa Balor leis féin, “Seo tromluí cinnte.
cuid mhaith bladair a fair bit of waffle
" Bhí cuid mhaith bladair, go háirid ó thaobh ceannairí an pháirtí, faoi céard a dhéanfaidís nuair a thiocfaidís isteach sa rialtas, ach nuair a thángadar isteach i rialtas, a mhalairt ar fad atá tarlaithe agus níor sheas siad leis na bunphrionsabail a mheas mise a bhí tábhachtach.
in ainneoin a bhladair despite all his bombast
" Go deimhin chuir an tAire Gaeltachta ag an am, Éamonn Ó Cuív, brú ar an gComhdháil éirí as an obair seo, obair ar cheart a bheith ar siúl ag a Roinn féin ó cheart ach ní raibh sé de mhisneach ag Ó Cuív, in ainneoin a bhladair faoin nGaeilge, dul in éadan na bhforbróirí ina dháilcheantar féin.