Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
bolscaireachta propaganda
" "Tá sé doiligh dánta polaitiúla a scríobh gan dul i mbaol agus i mbannaí na bolscaireachta.
t-ábhar bolscaireachta publicity material
" Tá cuid mhaith den dream sa cheantar seo a bhí ina mbaill den pháirtí éirithe as anois agus níl an t-ábhar bolscaireachta chomh feiceálach is a bhíodh ar na sráideanna.
ábhar bolscaireachta publicity material
" Smaoinaigh ar an ábhar bolscaireachta frithchiníoch a chuirfeadh sé ar fáil.
bolscaireachta baothánta foolish propaganda
" "Níl ann ach cuid mhór bolscaireachta baothánta gur ar saoire a bhí mé," a mhaíonn Fear na Súile Nimhe.
a gcuid bolscaireachta féin their own propaganda
" "Ba é an botún bunúsach a rinne na Meiriceánaigh ná gur chreid siad a gcuid bolscaireachta féin," a déarfas duine eile.
feachtas bolscaireachta propaganda campaign
" Ach ní raibh focal faoin sárú sin go dtí gur thosaigh feachtas bolscaireachta na Meiriceánach anuraidh.
bolscaireachta publicity
" Ceist: céard le haghaidh staid nua mar mura bhfuil sé i gceist na foirne is fearr a chur ag imirt inti? Maidir le slua a mhealladh, níor mhiste roinnt bolscaireachta a dhéanamh.
neart bolscaireachta plenty of publicity
" Tá do chéad chruinniú eile le haerlíne mhór ráthúil ionsaitheach, a bhfuil clú agus cáil orthu agus a dhéanann neart bolscaireachta mar gheall ar a bpraghsanna ísle.
bolscaireachta propaganda
" Is dócha, do na daoine nár thaitin neamhspleáchas na hÉireann leo, gur phíosa bolscaireachta é.
easpa bolscaireachta lack of publicity
"easpa bolscaireachta sa chathair (i gcomparáid leis an iarracht a rinneadh i mblianta tosaigh an stáisiúin).
leas bolscaireachta propaganda use
" Beag beann ar na fíricí dobhréagnaithe nach raibh moráltacht d’aon chineál ag roinnt leis na cúiseanna le haghaidh an Chogaidh Mhóir agus gur chuir Québec i gcoinne an Choinscríofa sa dá Chogadh Dhomhanda, baineann Rialtas Cheanada leas bolscaireachta as íobairt a chuid saighdiúirí le cur in iúl do phobal Cheanada go bhfuil comhstair náisiúnta acu.
ag déanamh bolscaireachta doing publicity
" Ní raibh mé ag iarraidh bheith ag déanamh caidrimh phoiblí, ag déanamh bolscaireachta do rudaí nár chreid mé iontu.
san ábhar bolscaireachta in the publicity material
" Is éard a deirtear san ábhar bolscaireachta don “Hand Analysis Intensive” seo ná: “Learn what your hand shape, palmar lines, and finger prints reveal about who you are, what makes you do what you do, and what will help you to experience more fulfillment and purpose in your life.
ábhar bolscaireachta, publicity material,
" Chomh maith leis sin, bhí go leor daoine óga, ar de bhunadh na hÁise iad, ag obair ar son Maxine McKew – ag scaipeadh ábhar bolscaireachta, ag bualadh ar dhoirse agus mar sin de.
feachtas bolscaireachta a promotion campaign
" Is éard atá i gceist le Leabhar Power ná feachtas bolscaireachta a cuireadh ar bun chun leabhair Ghaeilge a chur chun cinn.
foilseachán bolscaireachta na heite deise. the right wing's propaganda publication.
" Níl ann i ndáiríre ach foilseachán bolscaireachta na heite deise.
ghléas bolscaireachta propaganda device
" Bhain Hitler leas as cluichí na bliana 1936 mar ghléas bolscaireachta do na Naitsithe agus mar ardán le forlámhas an chine Airiasaigh a léiriú (cé gur chruthaigh Jesse Owens a mhalairt!) Rinne an Éigipt, an Iaráic agus an Liobáin baghcat ar Chluichí Melbourne sa bhliain 1956 de bharr ionradh Iosrael ar Éigipt.
díobháil bolscaireachta lack of publicity
" ** **Micheál Martin **(Leatosaí ar dheis): Is iad baill na foirne tosaithe, de ghnáth, a tharraingíonn poiblíocht orthu féin agus ní bheidh díobháil bolscaireachta ar phríomhthaidhleoir an tíre agus reifreann ar Chonradh Liospóin ar na bacáin.
lucht bolscaireachta propagandists
" Ar an gcéad dul síos, níl aon bhunús leis an leithscéal a thug lucht bolscaireachta Iosrael go raibh na hionsaithe ag freagairt do na roicéid gan mhaith de dhéantús baile a scaoil Hamas ar dheisceart Iosrael - cuid den talamh a goideadh i 1948 mar chuid den glanadh eitneach inar chaill suas le 800,000 Palaistíneach a gcuid tithe agus gabháltas.
bolscaireachta aontaobhaigh one-sided reporting
" “Mholfainn do gach duine an fhírinne a aimsiú i measc chastacht na polaitíochta agus na bolscaireachta aontaobhaigh,” ar sé.
bolscaireachta propagandist
" Le tamall anuas, tá nuachtán bolscaireachta na nuachoimeádach, The Weekly Standard, faoi stiúir William Kristol, ag iarraidh a chur ina luí ar phobal Mheiriceá go bhfuil baint idir na foghlaithe mara agus sceimhlitheoirí Ioslamacha.
feachtas bolscaireachta propaganda campaign
" (- Le briseadh croí a deirim go gcaithfear géilleadh) A luaithe a bhí an Fhrainc faoi chois, chuir an Wehrmacht tús le feachtas bolscaireachta inar iarradh ar phobal na Fraince glacadh le forlámhas fórsaí na Gearmáine agus cabhrú leo aghaidh a thabhairt ar an sean-namhaid, An Ríocht Aontaithe.
bolscaireachta publicity
" Tá cáil i bhfad is i ngearr ar Beckham ní hamháin i ngeall ar a chumas peile, ach a bhuíochas go háirithe don chóras margaíochta, bolscaireachta agus fógraíochta a bhaineann go dlúth le spórt sa domhan forbartha ar na saolta seo.
bolscaireachta propaganda
" Tá feachtas Rousseff ach go háirithe ag baint leasa as an ngné sin: *“Dilma Presidenta!”* a fhógraíonn bratacha agus lamhnáin na bolscaireachta.
leas bolscaireachta publicity benefit
" Mar a rabhthas ag súil leis, thug gach ar labhair sa díospóireacht teasmholadh do chrógacht agus d’fhulaingt na saighdiúirí – ní dhiúltaíonn aon pholaiteoir don deis leas bolscaireachta a bhaint as íobairt na saighdiúirí! Mar a rabhthas ag súil leis freisin, thug an príomhaire agus ceannaire an fhreasúra araon, Tony Abbott, tacaíocht láidir don mhisean san Afganastáin.
bolscaireachta propaganda
" Tá a fhios ag Rialtas Shasana go bhfuil a lán daoine de bhunadh Éireannach ar Mersyside agus go bhfuil a lán dífhostaíochta anseo fosta agus tá siad breá sásta iad a earcú sna *Irish Guards*, áit a mbeidh siad ‘i measc cairde’, de réir na bolscaireachta.
bolscaireachta duibhe black propaganda
" Agus líon a suíochán sa Dáil méadaithe fá thrí tá briseadh fríd suntasach déanta ag an pháirtí ainneoin na cáinte macánta agus na bolscaireachta duibhe ina éadan.
seift bolscaireachta a propaganda trick
" I ndeireadh báire, ní raibh ann ach seift bolscaireachta do scaothaire eile.
bladar bolscaireachta bland propaganda
" Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil sa gcaint faoi *“highly educated workforce”* ach bladar bolscaireachta, le hollchomhlachtaí Meiriceánacha a mhealladh le lonnú in Éirinn.
Feachtas daingean caolchúiseach bolscaireachta a constant calculated campaign of pr
" Feachtas daingean caolchúiseach bolscaireachta atá ar bun aige ó shin.
a lucht bolscaireachta his pr people
" Bhí an searmanas féin, gabháil an leithscéil, stiúrtha go mion (an chaolchúis thuas) ag a lucht bolscaireachta.
ina gcuid bolscaireachta in their advertising
" Cén obair a dhéantar san eagras ó lá go lá? Bímid i dteagmháil le heagrais eile agus daoine aonair, comhlachtaí agus ionaid siopdóireachta ag iarraidh iad a spreagadh chun an Ghaeilge a úsáid ina gcuid comharthaí, ina gcuid bolscaireachta, srl.
cogadh bolscaireachta a propaganda war
" Agus na cimí nua sin sáite anois sa chóras Briotanach seo, thosaigh cogadh nua láithreach, cogadh faoi thalamh, cogadh bolscaireachta, agóidíochta agus urlabhra.
taispeántas mór bolscaireachta faisisteach a big fascist propaganda exhibition
" Thuig Benito Mussolini an méid sin agus bhain sé féin leas as an Biennale le taispeántas mór bolscaireachta faisisteach a dhéanamh sna 30í.
an luach bolscaireachta the propaganda worth
" Bhí tuiscint an-mhaith ag na Naitsithe ar chumhacht na healaíne agus ar an luach bolscaireachta a ghabhann léi.
ag déanamh bolscaireachta doing publicity
" Bhí an triúr ag déanamh bolscaireachta do scannán nua, *The Monuments Men*, atá dírithe ar bhuíon ón Dara Cogaidh Domhanda a bhí freagrach as saothar ealaíne, a ghoid na Naitsithe, a aimsiú agus a shaoradh, nuair a dúirt Clooney, go mbeadh sé cui agus cóir (agus iad ag caint faoi ealaín chreachta) dá dtabharfadh Iarsmalann na Breataine an saothar sin ar ais do phobal na Gréige.
ndéanfaí mairtírigh bolscaireachta den bheirt acu the two of them would be made into martyrs
" Cheap sé go ndéanfaí mairtírigh bolscaireachta den bheirt acu dá bhfaighfidís bás sa Bhreatain, agus d’fhonn é sin a sheachaint, thug Jenkins le fios go príobháideach d’idirdhealaithe cléireacha go mbéadh sé sásta iad a bhogadh go Béal Féirste níos déanaí dá nglacfaidís le leachtanna láithreach bonn baill.
bolscaireachta propaganda
" Tá ról fíorthábhachtach ó thaobh bolscaireachta de ag an stáisiún teilifíse Arabach Al-Jazeera i gCogadh na hIaráice, mar a mhíníonn Uinsionn Mac Dubhghaill.