Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cá bhfios cad é a thiocfas chun cinn who knows what will emerge
" Ach má bhíonn mí eile mar mhí Dheireadh Fómhair ann, cá bhfios cad é a thiocfas chun cinn le linn tríocha lá na Samhna.
cá bhfios who knows?
" Ach cá bhfios cé chomh fada is a mhairfidh an taitneamh atá le baint as an saghas sin cumarsáide? Agus nílim ag caint ar cheisteanna morálta - tá fadhb níos mó ná sin ag teacht chun cinn anois: fógraí.
Cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: who knows what will emerge
" Cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: d’fhéadfadh sé tarlú go gcuirfidh daoine áirithe rompu an teanga a fhoghlaim de thoradh iad a bheith spreagtha ag an tsraith.
Ach cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: but who knows what will emerge
"Ach cá bhfios céard a thiocfaidh chun cinn: d'fhéadfadh sé tarlú go mbuafadh Hansard deilbhín órga eile ag an Kodak Theatre amach anseo.
cá bhfios, who knows
" Tá a fhios agam go mbeidh Mark breá sásta agus cá bhfios, seans go mbeidh Muzu ar an suíomh is mó dáilte ceoil an t-am seo an bhliain seo chugainn.
Cá bhfios dom how would I know
" Cá bhfios dom go n-oibreodh mo dhangal san áit iargúlta seo.
Cá bhfios who knows
cá bhfios who knows
" Bhí dul amú ar na daoine seo cheana, agus gach seans go mbeidh dul amú arís orthu – ach cá bhfios.
cá bhfios who knows
" Mar sin, beidh sé tamall fada sula bhfeicfidh Peter Robinson an rud atá a mholadh aige, bíodh sé mar ionsaí ar an earnáil Chaitliceach nó bíodh sé ina fhís de thodhchaí ina mbeidh Caitlicigh agus Protastúnaigh ag foghlaim taobh lena cheile - agus cá bhfios - ina mbeidh foirne contae CLG plódaithe le Protastúnaigh óga nach bhfuair deis na cluichí Gaelacha a imirt sa chóras deighilte oideachais!
cá bhfios dúinn who knows
" Is ainmhithe iad atá an-ghnóthach tráth an ama seo, agus cá bhfios dúinn cé chomh suimiúil is atá siad i ndáirire go dtí go gcasfaimid orthu? An cnádán, níl sé forleathan in Éirinn agus caithfidh tú aghaidh a thabhairt amach ó dheas lena fheiceáil.
cá bhfios dúinne how do we know
" Ní fada go loiscfear a sciatháin mhaiseacha: cá bhfios dúinne nach bhfuil a fhios sin aige, freisin?" — Pádraic Ó Conaire Tá cáil bainte amach ag Henri Charrière ar fud an domhain de bharr an leabhair, Papillion, a scríobh sé faoi gach rud a tharla dó agus é i ngéibheann i gcarcair i nGuáin na Fraince.
cá bhfios who knows
" Tá an mhian sin gnóthaithe anois aici agus cá bhfios nach é an sméar mullaigh a bheas ar an scéal an bonn óir a bhuachan?
Cá bhfios who knows
" Arbh í Ériu a mbanríon? Cá bhfios ach mothaím go láidir an nasc sin idir mo cheantar dúchais inniu agus bunadh na háite san aimsir anallód.
Cá bhfios who knows
" Cá bhfios cén drochscéal ar Barack Obama atá á choinneáil siar le foilsiú roimh lá an toghcháin? Ní bheidh sé thart go mbeidh sé thart.
Cá bhfios who knows
" Cá bhfios nach gceannófá ceann díobh seo leanas, nua nó ar athláimh, i siopa nó ar stainnín mhargaidh áitiúil éigin.
Cá bhfios dúinn how do we know
" Más Dona Apple, is Measa Spotify ================= Cá bhfios dúinn, b’fhéidir gur gineadh an scéal i bhfocal fánach ó Willis faoi na difríochtaí idir ceirníní agus tomhaltas ceoil comhaimseartha, ach má tá fadhb ag Willis lena leithéid beidh sé trína chéile faoi Spotify.
cá bhfios who knows
" Thug siad éarlamhacht go fial d’ealaiontóirí ar nós Masaccio, Brunelleschi, Donatello, Fra Angelico, Botticelli chomh maith le Leonardo da Vinci agus Michelangelo agus gan an tacaíocht sin, cá bhfios an mbeadh a leath den saothar taibhseach lonrach a d’fhág na healaíontóirí sin ina ndiaidh le feiceáil inniu againn.
Cá bhfios nach mbeinn perhaps I might
Cá bhfios who knows
" Agus Corn an Domhain 2014? ============= Cá bhfios cén fhaid eile a mhairfidh an t-achrann sa Bhrasaíl, ach muna n-éiríonn le rialtas na tíre cur ina luí ar an bpobal go bhfuiltear dáiríre leis na moltaí feabhas a chur ar sheirbhísí iompair, sláinte, oideachais agus póilíneachta, is féidir brath air go dtarlóidh corraíl den chineál céanna le linn Chorn Domhanda na bliana seo chugainn.
Cá bhfios i ndáiríre who knows really
" Cá bhfios i ndáiríre an mbeidh Snowden, lena thrí ríomhaire glúine lán le rúin Mheiriceá, fós beo, agus maidir le hÉirinn mar thír dídine, fág marbh é.
Cá bhfios who knows
" Cá bhfios, b’fhéidir go gceannófá seoid!
Cá bhfios cathain who knows when
" Cá bhfios cathain a líonfaidh teicneolaíocht bearna i do shaol? De réir Dlí Lucht Pluaise Kaku (Spiegel)(http://www.
cá bhfios who knows
" Is ráiteas ciúin fochomhfhiosach é agus cá bhfios nach é an ráiteas ciúin fochomhfhiosach is cumhachtaí ar fad.
cá bhfios who knows
" Féach é agus cá bhfios nach mbuailfidh splanc Tindrí tusa leis?
Cá bhfios dúinn how do we know
" Ach in earnáil seo na scáileanna is an chur i gcéill, cé tá ag seiftiú, cé nach bhfuil; cad tá fíor, cad tá bréagach? Cá bhfios dúinn na freagraí, agus an cuma le héinne na ceisteanna sa chéad dul síos? In ainneoin ghnás an genre agus clisteacht an uisce faoi thalamh, ní thiomáintear ‘American Hustle’ tríothu siúd a imirt orainn - an rud is annamh is iontach.
Cá bhfios who knows
" *’ Grá? Tiomantas creidimh? Mírún …? Cá bhfios….
Cá bhfios who knows
" Cá bhfios nach bhfeicfidh tú an duine céanna faoi cheann deich, nó fiche bliain ina dhiaidh sin agus cuma i bhfad níos fearr air.
cá bhfios who knows
" Marach gur fhága an Direánach Árainn cá bhfios an mairfeadh cuimhne air inniu? Marach blianta Bhaile Átha Cliath, cá bhfios an bhfaigheadh sé céim oinigh ón ollscoil? Filí sin Cheredigion, Dic Jones ina measc, níor fhág siad an áit, bhí siad dílis don fhód dúchais, níor shín siad sciathán an deoraí.
Cá bhfios an t-am who knows the time
" Cá bhfios an t-am agus an dua a caitheadh lena dhéanamh agus é anois thart ar an leanbh go suaimhneach.
Cá bhfios who knows
" Cá bhfios nach mar dheartháireacha d’Étaoin Ní Ailpín a bheidh aithne amach anseo ar Sheán Óg, Setanta, Aisake Faga ar Theu Ó hAilpín.
cá bhfios nach bhfuil an ceart agat who knows you may be correct
" Má shíleann tú gur domhan mór dána atá amuigh ansin, cá bhfios nach bhfuil an ceart agat?! Tá contúirtí móra i saol na teicneolaíochta aitheanta faoi am seo mar is eol do Roseanne Smith.