Pota Focal Intergaelic
Scríobh focal Gaeilge nó Béarla. Type a word in Irish or English.
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
cé is moite den bháisteach except for the rain
" Bhí Elisa den tuairim go raibh an tír go hálainn, "cé is moite den bháisteach, an ghaoth agus an ceo!" Bhí meascán ann ó thaobh aimsire de i mí Iúil, ach cé go raibh sé dian in amanna, níor chaill sí féin ná a cara Sara Cerrutí lá ar bith de shé lá an chúrsa, rud atá neamhchoitianta.
cé is moite den except for
" Ach tá an scéal ag athrú go tapa agus, cé is moite den Chumann Lúthchleas Gael (CLG), is beag trácht a chloisfeá anois ar an spórt amaitéarach in Éirinn.
cé is moite de dhornán beag eisceachtaí iomráiteacha apart from a handful of famous exceptions
" Chomh fada siar agus is cuimhin liom féin, tá lagiarrachtaí na nÉireannach ag na Cluichí Oilimpeacha (cé is moite de dhornán beag eisceachtaí iomráiteacha ar nós Ronnie Delaney, Michael Carruth, John Treacy, Dr.
cé is moite de na laethanta saoire apart from the holidays
" * Gluais • Glossary dul i dtaithí arget used to seanmóirsermon léachtaíreadings gnáthchomhráordinary conversation chomh tuirseach is a bhínnhow tired I used to be luasspeed sruth caintea stream of words foighneachpatient botúinmistakes séiplíneachchaplain bosca faoistineconfession box ag éisteachthearing confessions eascainíswearing iarrachtattempt leithreastoilet sna Flaithisin Heaven seálshawl sa Nigéirin Nigeria deoisediocese gáneed ualachburden misneachhope leictreachaselectricity cuisneoirífridges cadhnrabattery a bheadh le luchtúwhich would have to be charged gineadóirgenerator go han-spárálachvery sparingly scannán an-mholtaa highly-praised film deontasgrant bolgánbulb mionrud éiginsome small thing le caoi a chur airto repair it m'airdmy attention draíochtmagic a d'ardaíodh mo chroíwhich used to lift my heart a chuaigh i bhfeidhm go mór ormthat really made an impression on me spioradáltachtspirituality achrannquarrelling aighnisdisputes tuairimí láidrestrong opinions pearsantachtaí láidrestrong personalities in árach a chéileat loggerheads Ghoill naimhdeas mar sin go mór ormthat sort of hostility really upset me chruthódh séit would prove turas na croisethe stations of the cross an CarghasLent aisteachstrange gníomh creidimhan act of faith ráiteasstatement briathar Déthe word of God béimemphasis trí chéilein general gannscarce comaoineachcommunion fireann nó baineannmale and female an-ghar don nádúrvery close to nature do bhaol a mbáiteto the danger of being drowned scór ógánachtwenty young men a bádhwho were drowned truamhéalachheart-breaking strompthastiff ina baclainnon her arm mothúcháinemotions ar tír móron the mainland ag cur láimhe ina mbás féincommitting suicide d'aireofáyou would feel bádrowning sciobadh na farraigethe sea's snatching sólássolace i gcréin the soil i ngaineamh na cillein the sand of the grave faraoralas uaigneas imeachtathe loneliness of departure cé is moite de na laethanta saoireapart from the holidays a fhilleann go lánaimsearthawho return on a full-time basis de cheal postanna feiliúnachadue to a lack of suitable jobs ábhair acadúlaacademic subjects
Cé is moite de apart from
" Cé is moite de "Imreoir na Bliana", níl aon ghradam níos fearr ná réalta.
Cé is moite de except for
" Cé is moite de phóca anseo is ansiúd i gContaetha na Mí, na hIarmhí, Ros Comáin, Mhaigh Eo, an Dúin agus go mór mór in Aontroim, is fásach iomána é tuaisceart na tíre.
cé is moite de except for
" Bhí an-díomá orm féin agus ar mhórán eile, le fírinne, cé is moite de mhuintir Chorcaí, nuair a theip ar Phort Láirge an bua a fháil ar Chorcaigh i gcluiche leathcheannais iomána na hÉireann.
cé is moite de cheathanna troma apart from heavy showers
" Ar ábharaí an tsaoil, tháinig agus d’imigh an spéirling oíche Déardaoin, agus cé is moite de cheathanna troma, bhí an aimsir cineálta go leor, go háirithe ar an Domhnach don chríoch.
Cé is moite den Aire Éamon Ó Cuív apart from Minister Éamon Ó Cuív
" Cé is moite den Aire Éamon Ó Cuív agus na Teachtaí Dála Joe Higgins agus Aengus Ó Snodaigh, ba léir nach raibh mórán ullmhúcháin déanta ag na hionadaithe a cuireadh os comhair an tslua.
cé is moite de apart from
" Ní hamháin sin, ach is beag contae eile a bhfuil an bua sin acu – cé is moite de Thír Eoghain sa pheil agus Corcaigh agus Port Láirge san iomáint, ach tá laigí eile ag baint leis na contaetha sin nach bhfuil ag baint, go soiléir, le Ciarraí nó ag Cill Chainnigh.
Cé is moite den teaghlach, aside from, except for, the family
" Cé is moite den teaghlach, is é an t-oideachas an crann taca is tábhachtaí ó thaobh inmharthanacht na teanga de.
cé is moite de except for
" Cé go n-éiríonn leis na húdair ar fad stíl shothuigthe neamhacadúil a úsáid, locht eile a gheobhainn ar an saothar ná go bhfuil na húdair ar fad bainteach leis an saol acadúil cé is moite de Bhreandán Delap agus de Liam Ó Muirthile – ar eagarthóir nuachta le TG4 agus file iad faoi seach.
cé is moite de other than
" Tháinig corradh is 455,000 mac léinn idirnáisiúnta chun na hAstráile anuraidh le freastal ar chúrsaí éagsúla, agus saothraíonn seirbhísí oideachais níos mó ná aon táirge onnmhairithe eile, cé is moite de ghual agus d’amhiarann.
cé is moite de apart from
" Tá sé suimiúil, cuir i gcás, gur carachtar é Drácula in níos mó scannáin ná aon charachtar eile, cé is moite de Sherlock Holmes.
cé is moite de apart from
" Le 12 bhliain anuas, cé is moite de bhriseadh beag, le linn dó a bheith ina Aire Sóisearach sa Roinn Talamhaíochta, is air atá an fhreagracht faoin nGaeltacht.
Cé is moite den apart from
" " Cén t-iontas mar sin gur léirmheas thar a bheith fábhrach don chuid is mó atá déanta ar cheantair Ghaeltachta na tíre? Cé is moite den chur síos lom atá déanta ar chorr-áit ar nós An Rinn i bPort Láirge, nach nochtaítear aon tuairim maith nó olc faoi, ba léir go raibh na húdair thar a bheith tógtha le formhór na gceantar Gaeltachta.
cé is moite apart from
" Tá Willie an-mhór leis na tiománaithe tacsaí i Luimneach, fiú más é an t-aon rud mór atá ag baint leis (cé is moite dá chroiméal) (agus sciar na vótaí a fhaigheann sé gach uair a bhíonn toghchán ann) (agus méid a uirísle).
cé is moite de apart from
" Ní mhúintear an Ghàidhlig ar chor ar bith sa ghnáthchóras scolaíochta in Albain, cé is moite de chorr eisceacht.
Cé is moite de apart from
" Cé is moite de chorrthagairt do Dhubhghlas de hÍde, níl trácht ar ghréasán sóisialta an Chonartha a raibh dlúthbhaint aici leis.
cé is moite de apart from
" “Níl fhios ag aon duine, cé is moite de mo bheirt iníonacha a bhfuil cónaí orthu i gcathair Lyon, go bhfuil mé ar an ngannchuid,” a dúirt Alain atá seasca bliain d’aois agus a bhfuil cónaí air gar do Marseille.
cé is moite de apart from
" Tá formhór na ndaoine i ngach stát agus críoch, cé is moite de Queensland, ina fhabhar chomh maith.
cé is moite apart from
" Tá fearas cearrbhachais ar fáil go forleathan sna clubanna sóisialta agus sna tithe tábhairne fud fad na tíre, cé is moite d’Iarthar na hAstráile, áit nach bhfuil siad ar fáil ach amháin sa chasaíne.
cé is moite de apart from
" Tá a fhios a’m go dtáinig na daoine in RTÉ isteach ar an rud chomh luath is a bhí sé – an chuid is mó acub, cé is moite de Charlie Bird a bhíonns ag déanamh gaisce anois ach a d’éirigh as an gceardchumann mar gheall go raibh muid ag dhul á dhéanamh.
Cé is moite de other than
" Cé is moite de Heston Blumenthal, ní dóigh liom go mbeidh a leithéid á thairgeadh i bpríomhbhialann na cruinne go luath! Sin ráite tuigim go maith cén fáth gur thug NASA faoina leithéid de thaighde: éiríonn na spásairí braon den ghnáthbhia spáis.
cé is moite d’abairtín fánach amháin apart from one tiny wee phrase
" Sách dona agus mar bharr ar an donais is i mBéarla, cé is moite d’abairtín fánach amháin, a bhí an bhileog faoi Matt Carthy a scaipeadh ar thithe anseo i nGaeltacht Chonamara.
cé is moite de aside from
" Ach, cé is moite de chluichí CLG, an féidir le lucht leanúna an spóirt in Éirinn a bheith ag súil le gaiscíocht ar bith eile sna míonna atá amach romhainn?