Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
scríbhneoir cónaithe writer in residence
" Chaith Cathal trí bliana mar scríbhneoir cónaithe in Ollscoil Chúil Raithín agus in Ollscoil na Banríona idir 1992-95 agus ansin sé mhí i mbun an phoist chéanna i nGaillimh i 1996, an bhliain chéanna a ceapadh é mar bhall d'Aos Dána.
mhaor cónaithe resident warden
" Tá an-chlú ar Chléire mar áit inar féidir a lán saghsanna éan a fheiceáil agus is féidir eolas a fháil sa Réadlann, nó cúrsaí a dhéanamh leis an mhaor cónaithe, a bhfuil ainm an-fhóirsteanach air, Steve Wing.
ina dteach cónaithe in their home
" Bhí bratach – trídhathach na Spáinne agus na focail “International Brigade” inscríofa air – á hiompar acu a rinne Lola go speisialta don ócáid ina dteach cónaithe i Neasden, Londain.
cónaithe resident
" Bhí damhsa le fáil ann i gcónaí – bhí comhlacht bailé cónaithe san amharclann, ach ar an 19ú de Bhealtaine 1909, croitheadh comhluadar ealaíne Pháras nuair a tháinig an Ballet Russes chun na hamharclainne don chéad uair.
cónaithe residential
" Sínigh amháin, is cosúil, atá sa ghnó seo, agus déarfainn gur fhoghlaim siad a dtiomáint i sléibhte na Síne freisin - tiománann siad ar nós an diabhail! Tír Fuinidh – Luí na Gréine Ba ar an "Sunset" a bhí mo thriail - ceantar cónaithe ciúin ar chósta thiar na leithinse, agus dá réir sin an t-ainm, ar ndóigh.
chun cónaithe to live
" An Cur Chuige Cheisteach Arbh í iníon an Dochtúra a leag an bobghaiste dó, mar díoltas as a mí-úsáid fána láimh? Tá an Dochtúir i gcaidreamh fuarghnéis leis an mbean chabhrach bhocht, a tháinig chun cónaithe leis tar éis bhás a mhná i luí seoil.
cónaithe residency
" Tá formhór na ndaoine easáitithe seo gan ceadanna cónaithe is fostaíochta.
theach cónaithe home
" Tá breis agus ceithre bliana is fiche ann ó fuadaíodh Brian Keenan taobh amuigh dá theach cónaithe i mBéiriút agus é ar a bhealach chun na hoibre i dtús mhí Aibreáin 1986.
chun cónaithe to live
" Chuaigh sé fein chun cónaithe sna Stáit Aontaithe ar bhonn fadtéarmach.
cead cónaithe residency permits
" An tSaoránacht mar Chosaint sna Nóchaidí ============= Thugadh an Stát cead cónaithe in Éirinn sna nóchaidí d’inimircigh ar saolaíodh leanaí dóibh sa tír seo, ba chuma an lasmuigh nó laistigh den dlí a bhí na hinimircigh seo ina gcónaí.
teach cónaithe homestead
" Maíonn an dream a thacaíonn go láidir le fuinneamh gaoithe nach bhfuil bun ar bith leis an imní seo, ach tá siad ann i measc an lucht leighis a cheapann gur chóir achar de roinnt ciliméadar a fhágáil idir muileann mór gaoithe agus teach cónaithe.
chead cónaithe residence permit
" D’eisigh an tAontas Eorpach Treoir i 2004 mar gheall ar chead cónaithe i gcomhair íospartaigh na gáinneála.
cead cónaithe a eisiúint issue a residency permit
" Ach faoin Treoir (2004) seo, ní gá do bhallstáit an Aontais cead cónaithe a eisiúint ach ar feadh tréimhse ghairid ama.
sula bheartaigh sé é féin a chrochadh ina theach cónaithe before he set about hanging himself
" Cineál billet-doux do thírdhreach ildaite an American Midwest ab ea *The Pale King*, an leabhar a d’fhág Wallace ar a bhórd cúpla nóiméad sula bheartaigh sé é féin a chrochadh ina theach cónaithe i gCalifornia.
teacht go dtí a theach cónaithe istoíche to come to his home at night
" Cúpla bliain ó shin, thug Hogan cead do dhlíodóirí teacht go dtí a theach cónaithe istoíche chun cruachás linbh tinn a chur trína chéile.
láimh leis an teach cónaithe next to the house
" Bhí ceann acu san eaglais i Llanwenog, Ceredigion, láimh leis an teach cónaithe a bhí againn féin tráth.
nuair a shroich sé an tigh cónaithe when he reached home
" (Cheannaigh John Cleese éan breá ach nuair a shroich sé an tigh cónaithe ba léir dó go raibh sé tar éis bás a dh’fháilt go tobann.
Amhránaí Sean-Nóis Cónaithe Sean-Nós Singer-in-Residence
" Tá Áine Ní Dhroighneáin as an Spidéal i gConamara díreach ceaptha mar Amhránaí Sean-Nóis Cónaithe in Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.