Pota Focal Intergaelic
Gluais TíHouse Glossary Gluais Beo!Beo! Glossary TeasárasThesaurus BriathraVerbs
Caith do shoc amach Stick your nose (front of car) out
" "'Dhia a mhic, cén mhoill atá ort? Caith do shoc amach ansin anois, nó beidh muid anseo go dtiocfaidh thiar aniar," arsa a athair agus iad ag iarraidh fáil ón fhobhóthar go dtí an príomhbhóthar agus ghluaisteáin ag siosarnaigh thart leis mar a bheadh an diabhal ann.
chaith an breitheamh an chúis sin amach the judge threw out the charge
" Bhí Elsie Doyle, ball eile den Derry Club, sa chúirt i Learpholl le Cubbon agus Watt agus d’admhaigh sí gur bhailigh sí airgead i Learpholl don UVF, ach chaith an breitheamh an chúis sin amach, mar dúirt sé nach raibh an UVF ina eagraíocht thoirmiscthe ag an am sin! Scairt ó na póilíní Go gearr tar éis do m’alt a bheith i gcló i *Labour and Ireland*, fuair mé scairt ghutháin ó na póilíní agus iad ag rá gur mhian leo labhairt liom faoi m’alt agus teacht chuig mo theach leis sin a dhéanamh.
caite amach and spent
" Cumhacht Iontach ===== Shíothlaigh an ghaoth, thit na bláthanna; canann an éanlaith, dorchaíonn na sléibhte – sin is cumhacht iontach an Bhúdachais ann Bothán === Im’ sheanbhothán trí sheomra d’éiríos aosta, caite amach.
i ndiaidh dom a bheith caite amach after I had been thrown out
" Tusa a sheas liom i ndiaidh dom a bheith caite amach sa dorchadas; tusa a chreid ionam nuair a bhí lucht an lagmhisnigh ag bagairt orm; tusa a choinnigh an lóchrann lasta nuair a bhí dúluachair gheimhreadh shaol na polaitíochta ag reo mo chroí istigh i lár mo chléibh; tusa a thug Enda Álainn Aoibhiúil orm nuair a bhí iriseoirí eile ag magadh fúm agus ag scríobh fúm go scigiúil agus ag spochadh.
caitheadh amach were thrown out
" Thosaigh an patrún tar éis an toghchán i 1932, nuair a caitheadh amach Cumann na nGael, an páirtí polaitíochta a bhunaigh an stát, le háit a dhéanamh don fhórsa nua polaitíochta a bhí fáiscthe le chéile ag De Valera as an dream ba réadúla nár ghlac leis an gConradh i 1922 agus a chreid go mb’fhearr a bheith istigh sa Dáil ná taobh amuigh dhó.
caitheadh amach were thrown out
" Thosaigh an seanphatrún tar éis an toghchán i 1932, nuair a caitheadh amach Cumann na nGael, an páirtí polaitíochta a bhunaigh an stát, le háit a dhéanamh don fhórsa nua polaitíochta a bhí fáiscthe le chéile ag De Valera as an dream ba réadúla nár ghlac leis an gConradh i 1922 agus a chreid go mb’fhearr a bheith istigh sa Dáil ná taobh amuigh dhó.
amach as dorchadas an chéid seo caite out of the darkness of the last century
" Ní hionann cuimhne a bheith agat agus tú a bheith spreagtha chun gnímh ar son na córa ach is mithid dúinn fá dheireadh thiar dul i ngleic leis na tromluithe atá ag crá daoine agus muid ag sleamhnú go malltriallach amach as dorchadas an chéid seo caite.
i ndiaidh a bheith caite amach as has been thrown out
" Is cuma liom cén páipéar nó iris: Time Magazine nó an Boston Globe nó an Chicago Tribune fiú, fhad is nach gá dom fanacht le Beo Ar Éigean! Is í an deacracht atá agam, a Shanta, ná go bhfuil Leamh Ó Cuinneagáin i ndiaidh a bheith caite amach as a phost le hÚdarás na Galltachta.
go gcaithfí ise amach that she’d be throw out
" Dúirt sí gur thaitin an saol san Áras go mór léi, ach mura mbeadh an leipreachán ann go gcaithfí ise amach.
Finscéal eile a chaitear amach go tráthrialta another myth regularly thrown out
" Finscéal eile a chaitear amach go tráthrialta ná an tairbhe a bhíonn ag an fheirm gaoithe do mhuintir na háite.
caitheadh amach as were thrown out of
" Tá buíon nua ceannairceach (atá chomh hantoisceach sin gur caitheadh amach as Al-Qaeda iad!) ag eagrú in iarthuaisceart na hIaráice agus ag máirseáil ar Bhagdad.
chaith an chuach áirithe sin an Sasanach amach that cuckoo threw the English out
" Ráiteas Balfour ===== Ní eisceacht amach is amach í an Phalaistín ach tá sé sách eisceachtúil gur ghabh an Sasanach an tír i ndiaidh titim Impireacht na nOtamánach 1922 agus gur bhronn sé ar an dream eile é, aisteach go leor, cúig bliana roimhe sin, 2 Samhain 1917! Bhí lucht Sióin ceaptha a bheith ag roinnt na tíre, an British Mandate for Palestine, más fíor don Sasanach agus do na Náisiúin Aontaithe, ach chaith an chuach áirithe sin an Sasanach amach ina riabhóg léana gan mórán achair agus chrom ar a rogha rud féin a dhéanamh láithreach.